Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dofheicthe invisible
" Shiúil mé thart timpeall ar na gairdíní galánta, ansin chuaigh mé trasna na teorann - atá dofheicthe anois - go Contae Liatroma.
dofheicthe invisible
" Mná a bhí inár measc, ach dofheicthe mar go raibh siad salaithe i súile na heaglaise agus an phobail.
chóir a bheith dofheicthe nearly invisible
" Tá púdar meafarach chóir a bheith dofheicthe a chlúdaíonn achan duine, achan smaoineamh, achan ghné de shaol na Sé Chontae agus tá foireann sacair OWC na tíre mar a gcéanna.
dofheicthe invisible
" Sa traidisiún sin, ba iad na daoine fásta sa teach, gléasta mar Pelznickel agus féasóg orthu go minic, a thug taispeántas scanrúil Oíche Nollag nuair a bhí na páistí go fóill ina suí agus ba é an Christkindlen, a bhí dofheicthe, a d’fhag na bronntanais i rith na hoíche.
den chiníochas dofheicthe of the invisible racism
" Sin sampla amháin den chiníochas dofheicthe nach féidir méar a leagan air.
Is aoi dofheicthe é He is an invisible guest
" Is aoi dofheicthe é ag ár gcóisirí dinnéir, a mbíonn a chuid tuairimí á bplé go fíochmhar inár measc.
dofheicthe invisible
" Is sa chruth beagnach dofheicthe seo atá formhór mór an phlaistigh, agus deirtear go bhfuil uisce ina mbíonn na cáithníní seo cosúil le “anraith ceimiceach”.
inmheánach dofheicthe invisible internal
" Deir Luke Syson, coimeádaí Dánlann Náisiúnta Londan, gur le linn na tréimhse seo a d’fhorbair da Vinci an nasc idir an eolaíocht agus an phéintéireacht agus gur chreid sé ‘gurb í an tsúil agus an rud a chonaic tú an tslí is cumhachtaí leis an saol a bhrath agus gur chuidigh sé seo le cur síos a dhéanamh ar achan rud a bhí infheicthe chomh maith leis an rud inmheánach dofheicthe sa phéintéireacht.
dofheicthe invisible
" Níor foilsíodh saothar na bhfilí seo lena linn agus bhí siad dofheicthe ar feadh céad bliain dá bharr.
Níl ann ach gráinnín dofheicthe gainimh ar thrá an dóláis it’s just an unseen sand particle on the shore of dejection
" Níl ann ach gráinnín dofheicthe gainimh ar thrá an dóláis.