Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níos doicheallaí more inhospitable
" Táthar níos doicheallaí leo i saol comhaimseartha na hÉireann.
doicheallach unwelcoming
" Ní raibh fonn air fanacht in áit a mbeifí doicheallach roimhe agus thug sé aghaidh ar Bhaile Mhúirne ar dtús.
go doicheallach unwillingly
" B'in an seans do Ghascar féin agus thapaigh sé an deis críoch a chur le clampar an fhathaigh shalaigh; sháigh sé a chlaíomh go feirc ina cheann agus thit an Broím Soghluaiste marbh go doicheallach.
fáilte dhoicheallach cold welcome
" Ní nach ionadh mar sin gur fáilte dhoicheallach a cuireadh roimh leabhar O'Rawe i bhfianaise na drochpoiblíochta ar fad atá faighte ag an ghluaiseacht le cúpla mí anuas.
fáilte dhoicheallach cold/churlish welcome
" Tá an costas maireachtála ró-ard, ní féidir brath ar an aimsir, tá damáiste as cuimse déanta don chomhshaol agus ní chuirtear ach fáilte dhoicheallach roimh thurasóirí i go leor áiteanna sa tír.
doicheallach unwelcoming
" ” Deir Muireann go raibh a comhghleacaithe san Institiúid beagáinín doicheallach, go háirithe Brian Ó Cuív, a bhí “an-seanfhaiseanta”, dar léi.
doicheallach unwelcoming, inhospitable
" Seo cúis mhaith eile gur cheart dúinn fáilte a chur rompu, seachas bheith doicheallach rompu mar atá daoine áirithe in Éirinn.
idir chroíúil agus dhoicheallach, both hearty and inhospitable,
" In 2005 a tugadh "Another Place", an t-ainm cnuasaitheach atá ar na céadta deilbh múnlaithe ar chorp Gormley féin, ar an suíomh cois farraige ina bhfuil siad suite, agus is fáilte, a bhí idir chroíúil agus dhoicheallach, a chuir bunadh na háite rompu.
doicheallach independent
" Déagóirí atá éirithe dúr, stalcánta, doicheallach.
dhoicheallach reluctant
" Deir sé gur thug ceannaire an pháirtí an chluas bhodhar dá chuid tuairimí agus gur fáilte dhoicheallach a chur a chuid comhleacaithe roimhe.
doicheallach standoffish
" Í mealltach, doicheallach, ionramhálach d’réir mar a iarrann an script uirthi.
fáilte fhuar dhoicheallach a cold reluctant welcome
" Má shíl Balor gur fáilte fhuar dhoicheallach a fearadh roimhe, níor chuir sé as dó beag ná mór.
fáilte dhoicheallach a cold welcome
" Thug an Príomh-Aire, Julia Gillard, teasmholadh don tuarascáil, ach b’fhacthas dom nár chuir sí ach fáilte dhoicheallach roimh na moltaí faoin gcaiteachas breise.
comharthaí doicheallacha ‘keep off’ notices
" Is fada sin, ó na sconsaí le sreang deilgneach agus na comharthaí doicheallacha atá breactha ar fud na tíre seo.
Freagra Mall Doicheallach a slow reluctant answer
" Freagra Mall Doicheallach ========= Ach is dócha gurb iad na hoilbhéimeanna faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí is mó a chuir míghnaoi ar an tréimhse a chaith Benedict mar phápa.
Cuireadh fáilte dhoicheallach roimhe he received a cold reception
" Cuireadh fáilte dhoicheallach roimhe i dtús báire, ach ba léir go raibh an mianach ceart ag Kiernan a chuspóir dúshlánach a bhaint amach.
doicheallach roimhe opposed to
" Ach bhí go leor sa státsheirbhís doicheallach roimhe: ‘*These proposals come from a sort of fantasy land*,’ a scríobh Rúnaí an Rialtais chuig an Taoiseach ar an 1 Márta, 1983, sular foilsíodh an cháipéis.
doicheallach roimh chumhacht a roinnt reluctant to share power
" Ni nach ionadh mar sin go mbeadh an páirtí a bhunaigh sé doicheallach roimh chumhacht a roinnt le untermenschen Caitliceacha.
bheith doicheallach do to be grudging towards
" Ní thógann sé ach feirmeoir amháin a bheith doicheallach do chuairteóirí agus tá dochar déanta don gheilleagar áitiúil.
doicheallach unwelcoming
" Mar a mhínigh duine den phobal sin do Liz Curtis, áfach, tá go leor de mhuintir Bhéal Feirste doicheallach go maith rompu.
níos doicheallaí more inhospitable
" Cuireadh fáilte mhór roimh Tony Birtill agus a chomhchnocadóirí i nGleann Cholm Cille ach tá daoine áirithe sa tír, feirmeoirí go háirithe, níos doicheallaí roimh thurasóirí.