Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fréamhacha doimhne deep roots
" Nach ait an mac an saol! An fhadhb ná go bhfuil go leor de na comhlachtaí Meiriceánacha agus comhlachtaí eachtranacha go ginearálta ag úsáid na tíre seo mar láthair táirgíochta saor, seachas a bheith ag cur síos fréamhacha doimhne tré chonarthaí do thaighde agus d'fhorbairt a thabhairt do na fochomhlachtaí anseo.
níos doimhne deeper
" Bhí mé ag samhlú páistí ag teacht chuige ar thuras scoile i mí an Mheithimh, daoine a bhí aineolach ar an gceol roimhe sin ag imeacht leo agus tuiscint níos doimhne acu ar an traidisiún.
teagmháil níos doimhne a deeper contact
" Tá go leor dá shaothar fágtha oscailte, rud a chuireann brú ar an bhreathnóir dul faoi chraiceann na bpíosaí chun teagmháil níos doimhne a dhéanamh leis na sonraí atá de dhlúth agus d'inneach iontu.
níos doimhne deeper
" Agus ar aon nós téann fadhbanna Fhine Gael i bhfad níos sia agus níos doimhne ná fadhbanna sa gceannasaíocht.
níos doimhne deeper
" Tá cosúlachtaí go leor idir Éire agus na Stáit Aontaithe, go háirithe ó thaobh na teanga de (in ainneoin an bhéarlagair), ach feictear dom go bhfuil difríochtaí radaiceacha i gceist chomh maith, ar leibhéal níos doimhne cultúrtha.
fréamhacha doimhne deep roots
"fréamhacha doimhne aige, agus tamhan láidir freisin.
níos doimhne ná deeper than
" Tá a fhios ag an saol mór go dtéann cuid rútaí Bhalor siar i bhfad isteach i gceo na staire agus síos go domhain isteach i gcréafóg Thoraí, níos doimhne ná Poll na Raithní ann agus níos doimhne fiú ná roinnt poll clúiteach eile ar an oileán ársa.
níos doimhne deeper
" Is taispeántas é a mheallann isteach níos doimhne agus níos doimhne thú, gan fios agat cad é a bheas le feiceáil timpeall an chéad choirnéal eile.
níos doimhne deeper
" Tar éis tamaill thosaigh mé ag gabháil isteach níos doimhne sa scéal go dtí gur chinn mé ar thumadh isteach ar fad ann.
trinsí doimhne cosanta deep defensive trenches
" Gearradh trinsí doimhne cosanta an tráth sin thart ar sheasaimh dhaingne sa ghaineamh, cuireadh buíonta de threallchogaithe a sceimhliú na ndámh léinn is na meán cumarsáide, de réir cuid de na tuairiscí, agus rinneadh imshaol na litríochta a nimhiú le gás marfach na n-idé-eolaíochtaí, dar le daoine áirithe.
eolas níos doimhne deeper knowledge
" Tar éis bheith ag taisteal mar sin, bheadh neart grianghraf agam - ach bhí mé ag iarraidh eolas níos doimhne a fháil agus, dá bhrí sin, thuig mé gur ghá dom fanacht níb fhaide in áiteanna, gan bheith ag rith i gciorcail.
ar dhóigh níos doimhne in a deeper way
" Ní chuirfidh an treoir áirithe seo mórán le híomhá na caoinfhulainthe san eagraíocht dhomhanda agus cuirfear na sagairt ar homaighnéasaigh iad agus atá ag feidhmiú san eaglais cheana féin go mór faoi bhrú agus beidh orthu dul i bhfolach ar dhóigh níos doimhne sa tsochaí.
smaointe doimhne deep thoughts
" Bíonn go leor frustrachais i gceist agus iad ag iarraidh na smaointe doimhne seo a chumadh i nGaeilge chun ceist a fhreagairt nó chun bheith ag caint leis an duine taobh leo.
línte doimhne deep lines
" Bhí línte i ngach áit air, a éadan, línte doimhne ag síorathrú timpeall ar na súile, ar an mbéal agus é ag meangadh, na malaí seasta amach, bán, scrobarnach ribí sna polláirí, i bpoill na gcluas, línte ar na méara freisin, an muineál, gach áit.
níos doimhne more deeply
" Labhair mé le daoine áitiúla go bhfuil cáilíochtaí acu i ngnéithe éagsúla den ghnó sin agus shocraigh muid breathnú isteach sa scéal níos doimhne.
farraigí doimhne deep seas
" “Le croí mór maith, agus gan cuimhneamh orm féin, agus ní chreideann daoine é sin anois, scríobh mé chuici agus dúirt, ‘Bí cinnte go bhfuil tú in ann a theacht ar chomhairle neamhspleách a threoróidh tú trí na farraigí doimhne seo.
ag tochailt níos doimhne digging deeper
" Muid ag tochailt níos doimhne isteach i gcultúr na treibhe diamhaire Ainu seo.
speisialtóireacht agus oiliúint níos doimhne specialisation and a deeper kind of training
"speisialtóireacht agus oiliúint níos doimhne ag teastáil i ngach réimse den oideachas anois agus ní heisceacht ar bith í an Ghaeilge.
níos doimhne deeper
" Níor mhaith liom dul níos doimhne sa scéal.
Dá mbeadh fonn ar dhuine amharc níos doimhne, if one wanted to take a deeper look,
" Dá mbeadh fonn ar dhuine amharc níos doimhne, d'fheicfeadh sé gur nocht Dunne a anam chomh maith.
ag tochailt níos doimhne digging deeper
" Chomh maith leis sin, beidh Phoenix ag baint samplaí den chré atá ina luí ar dhromchla an phláinéid i dtosach, agus ag tochailt níos doimhne de réir a chéile.
ag dul níos doimhne i bhfiacha going deeper into debt
" Le deich mbliana anuas tá daoine ag dul níos doimhne i bhfiacha agus is é sin an laige is mó atá i ngeilleagar na tíre seo.
níos doimhne deeper
" Tá níos mó taithí ag na sléibhteóirí thíos in Albain le coinníollacha geimhridh ach le sléibhte níos airde agus sneachta níos doimhne, tá contúirt mhór eile acu ansin- maidhmeanna sneachta.
níos doimhne deeper
" Sílim go bhfuil bun níos doimhne agus níos leithne ar an fhadhb.
doimhne deep
" Ar bharr gach cófra, i ngach seomra, bhí bábóga poircealláin ag stánadh orainn - an rabhamar ag cur isteach orthu? Súíle dorcha doimhne acu - an rabhadar crosta nár tugadh cuireadh dóibh chuig an bhféile? Ar theastaigh uatha go rachadh muid a chodladh le go bhfillfidís ar a gcuid spraoi? Breis agus 400 milliún albam díolta aige le linn a shaoil.
doimhne depth
" Éiríonn le Ó Dubháin inchreidteacht agus doimhne an charachtair a thabhairt slán go háirithe agus é i lár argóna faoi chúrsaí grá lena pháirtí, Nuala.
níos doimhne deeper
" Bhí spéis aige a bheith ag tochailt níos doimhne ná sin, le go scaoilfeadh sé saor lena chuid scuaba péinte na scéalta dúrúnta a bhí faoi cheilt sa tírdhreach.
níos doimhne deeper
" ”* Ach maidir leis an réabadh agus an marú a tharraing na muirthéachtaí síochánta anuas ar mhuintir an Mhéanoirthir i mbliana, ní miste breathnú níos doimhne ar alt a scríobh Lewis i 1992 dar teideal *“Rethinking the Middle East.
tuigse níos doimhne a deeper understanding
" Inné agus Inniu ======= Ach ag breathnú siar ar stair na 26 Chontae, cé a dearfadh go raibh lucht eagair an Chúnaint contráilte fá Riail Dúchais agus Riail na Róimhe? Nach bhfuil an stát ó dheas ag caitheamh uathu le scor bliain anuas na laincisí a chuir Eaglais na Róimhe orthu leis na céadta bliain? Nach raibh an ceart ag Carson agus Craig sa mhéid sin? Sin an fáth go bhfuil na cuimhneacháin atá romhainn ó thuaidh chomh tábhachtach céanna ó dheas is a bheas siad ó thuaidh mar, tá súil agam, fáiscfidh díospóireachtaí astu a threoróidh muid i dtreo tuigse níos doimhne as an stair agus go mbeidh muid ag breathnú ar imeachtaí iaróige, mar a déarfadh TG4, le súil eile.
scagadh níos doimhne a greater inspection
" Is feidhmiúil a leithéid i dtíortha eile ar an bhonn gur fiú go mór go ndéanfadh daoine le saineolas uathúil scagadh níos doimhne ar reachtaíocht de chuid na Parlaiminte.
na mothúcháin doimhne the deep feelings
" Tá an stair sin - agus na mothúcháin doimhne a théann ina chuideachta - go daingean in aigne na ndaoine atá ina gcónaí sa cheantar.
dordghlórtha doimhne deep base voices
" Ag a naoi a’ chlog an oíche sin, aníos trí chláracha an urláir, céard a chloisfinn ach dordghlórtha doimhne buíon fear ag fonnadóireacht sa mbeár.
chun tuiscint níos doimhne a thabhairt daoibh to give you a deeper understanding
" Acmhainní ==== Má tá sé i gceist agat tabhairt faoin dtogra seo i dteannta duine óg is fiú go mór Google Earth chun tuiscint níos doimhne a thabhairt daoibh ar chruth na cruinne agus ar a háit sa gCosmas ar an gcéad dul síos.
ag titim níos doimhne san abar sinking more in the mire
" Meath Abhus & Feabhas Thall ============= San áit a bhfuil na Sé Chontae ag titim níos doimhne san abar, tá feabhas ag teacht ar chúrsaí sa Bhreatain.
níos doimhne agus níos daingne deeper and more reinforced
" Is dócha gur ag trácht ar an Anti-Partition League agus an feachtas idirnáisiúnta a bhí ar bun ag Seán Mc Bride, mar Aire Gnothaí Eachtracha, a bhí de Blaghd nuair a scríobh sé i 1955 go mbíonn ‘ár gcuid Frith-Chríchdeighilteoirí de shíor ag déanamh a ndíchill go neamh-choinfheasach chun na hAondachtóirí agus na Náisiúntaigh a scarúint níos faide óna chéile agus chun an críchdheighilt a fhágaint tríd is tríd, níos doimhne agus níos daingne ná mar a bhí riamh!’ I bhfocla eile chuile uair a ardaíonn náisiúntóirí an cheist faoi Éire a athaontú, daingnítear i measc na bProtastúnach ó thuaidh an meon faoi léigear is cúis lena bhformhór mór a gcuid Éireannachais a shéanadh, amhail is gur cosaint é sin ar a dtraidisiúin mar Phrotastúnaigh, de shliocht na gcóilíneach.
níos doimhne arís deeper still 

" Áilleacht na Teanga ======== Áilleacht na teanga a mheallann í a deir sí, ach tá sé níos doimhne arís.
nuair a chuathas beagán níos doimhne sa scéal when the matter was looked into some more
" “Meas tú,” adeirimse, “nach é an Béarla an Rúisís nua?” Bhí tost ann an uair sin agus nuair a chuathas beagán níos doimhne sa scéal, b’éigean don náisiúntóir Moldávach a dhul i muinín na Rúisise.
ceisteanna doimhne deep questions
" Is ceisteanna doimhne iad sin a bhfuil na fealsúna mór le rá ag dul i ngleic leo leis an céadta, dar fia leis na mílte bliain anuas.
bunfháthanna níos doimhne deeper basic reasons
" Ar an drochuair, tá bunfháthanna níos doimhne taobh thiar den chliseadh agus tá an baol ann nach bhfuil sa tsocrú is deireanaí ach sos.
léiriú níos doimhne a deeper understanding
" Is Tábhachtaí Ceist an Ocrais ná Aon Ní =============== Tugann na staidrimh léiriú níos doimhne ar ghéarchéim na bhfiacha pearsanta agus ar acmhainní an teaghlaigh.
créachtaí doimhne caillteanas mar sin deep wounds of a loss like that
" Dar leo, ní féidir créachtaí doimhne caillteanas mar sin a leigheas ach gur féidir le Féileacáin tacú leis an teaghlach chun an méala a láimhseáil ar an dóigh is fearr agus is féidir.
fréamhacha Ceanadacha doimhne deep Canadian roots
" Nuair a tháinig oifigigh ó pháirtí liobrálach Cheanada aniar aduaidh ar Ignatieff ina oifig i Harvard i 2004, cheap siad go bhféadfaidís príomhaire a dhéanamh de Ignatieff féin ós rud é go raibh fréamhacha Ceanadacha doimhne aige.
léargas i bhfad níos doimhne a much deeper insight
" A bhuíochas ar an teicneolaíocht atá anois ar fáil, is féidir le físiriseoirí léargas i bhfad níos doimhne a fháil ar a mbíonn faoi chaibidil acu ina gcuid cláracha faisnéise, dar le Alex Hijmans