Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
doineann stormy weather
" Ach má leanann an doineann ar feadh na míonna an geimhreadh seo, agus gan an deis chéanna acu a bheith ag spraoi amuigh faoin aer, beidh siad istigh sa teach agus beidh an-bhrú ann an teilifiseán a chur ar siúl níos minicí ná ba cheart.
doineann stormy weather
" " As go brách leis an scódaí súgach ansin, suas fá chósta thiar na hÉireann, fríd na tuillte agus na stoirmeacha, fríd an anfa agus an doineann ar dlúthchuid iad de shamhradh gruama na hÉireann.
soineann is doineann fair and foul weather
" Bheadh sé ag gearradh chuile lá fómhair, agus geimhridh, soineann is doineann, cé is móite den Domhnach, mar a rinne sé leis an liachtaí seo bliain, mura n-iarrfaí obair níos cruóige air.
doineann stormy weather
" Caithfidh sé nach n-aithnítear doineann ar lá insealbhaithe mar bheart frith-Mheiriceánach - fós!.
doineann stormy weather
" " "Agus é ag caitheamh anuas ar lucht an IRA bíonn sé ag tarcisniú sceimhlitheoirí bochta a chaith oíche i ndiaidh oíche amuigh faoin doineann, iad sioctha ag an sioc agus leathbháite ag an fhearthainn fhuar, i bhfad óna dteaghlaigh agus óna dteallaigh, ag pleanáil robáil an bhainc le go mbeadh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir; í ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith; agus na meirligh a bheith ní hamháin Gaelach ach saor chomh maith.
doineann foul weather
" Ach, ar na saolta deireanacha seo níl dabht ar bith ach go bhfuil sé ag éirí níos deacra na séasúir a aithint óna chéile, rud a fhágann muid gan a bheith ábalta gléasadh mar is cóir fá choinne doininne ná soininne, ná fiú an doineann a aithint ón soineann, nó an bhó riabhach a aithint ón bhó mhire in amanna; rud a fhágann fosta go bhfuil cuid mhór aicídí úra ag teacht inár dtreo, agus mórán acu anseo cheana féin.
fá choinne doininne ná soininne, for foul or fair weather
" Ach, ar na saolta deireanacha seo níl dabht ar bith ach go bhfuil sé ag éirí níos deacra na séasúir a aithint óna chéile, rud a fhágann muid gan a bheith ábalta gléasadh mar is cóir fá choinne doininne ná soininne, ná fiú an doineann a aithint ón soineann, nó an bhó riabhach a aithint ón bhó mhire in amanna; rud a fhágann fosta go bhfuil cuid mhór aicídí úra ag teacht inár dtreo, agus mórán acu anseo cheana féin.
traenáil i ndoineann agus i soineann. training in hail and shine.
" Agus bainisteoir, captaen, cathaoirleach nó roghnóir ag labhairt ag seisiún traenála roimh chluiche mór, d’úsáidtí tagairtí a thuigfeadh gach duine: rudaí faoin ngeansaí, faoin bparóiste agus faoin traenáil i ndoineann agus i soineann.
doineann foul weather
" Níl dabht ar bith faoin dá phríomhfhoinse comhrá i measc mhuintir na hÉireann an samhradh seo, mar atá na Cluichí Oilimpeacha sa tSín agus an doineann sa bhaile.
doineann inclement weather
" Tabhair do Chaesar an mhéid atá ag dul do Chaesar agus tabhair do Dhia an mhéid atá ag dul do Dhia! Grád: C - Éamon Ó Cuív (An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) Éirithe leis na heagrais Ghaeilge a shábháil a bheag nó a mhór ón doineann agus an bhróg ag teannadh orainn.
doineann bad weather
" Shhhh! Don iarthaoiseach iarghaoiseach Garret Mac Gearailt thabharfainn fiacla úra – foireann iomlán acu – sa dóigh go mbeadh daoine in ann corrfhocal eile a thuigbheáil ag teacht amach as a bhéal seachas ‘duairceas agus doineann agus gruamacht’ agus ‘deich mbliana eile ar a laghad’.
doininne stormy weather
" Ní raibh sé deacair a shamhlú chomh gaofar is a bheadh sé anseo i rith doininne mar gur beag nár séideadh an bheirt againn ar shiúl.
uile bréan bailithe dubh dóite den doineann all completely fed up with the bad weather
" B’ionadh liom an t-athrú tobann a tháinig ar chuile dhuine i mo thimpeall, de phreib – dreacha marbha orthu, smut in áit sonais, míchéadfa in áit suaimhnis, iad uile bréan bailithe dubh dóite den doineann.
Ní féidir doineann ar leith no singular type of bad weather
" Ní féidir doineann ar leith a chur síos don athrú aeráide, ach chuir an spéirling Sandy, a bhuail Oir-Thuaisceart na Stát Aontaithe le gairid, daoine ag smaoineamh ar an fhíor-dhrochaimsir, atá, de réir cosúlachta, ag tarlú níos minice ná cheana.
dúshlán na doininne tough times
" Ní mar sin a bhí cúrsaí thiar sa bhliain 1946 nuair a thug an chéad ambasadóir agus a bhean chéile dúshlán na doininne ar an taobh seo domhain.
an doineann the bad weather
" Níorbh fhada uainn an doineann agus bhí muid ag iarraidh oiread is a thiocfadh linn a dhreapadh sula dtiocfadh cuil ar an lá.
ainneoin na doininne despite the inclement weather
" Is mó an teist ar lucht eagraithe an dúshláin nár gortaíodh oiread is duine amháin ar na cnoic ainneoin na doininne.
tríd na cnoic agus an doineann through the hills and bad weather
" Iadsan a bhí ag streachailt 24 ciliméadar tríd na cnoic agus an doineann, gan aon éalú acu ón bháisteach nó ón síobadh gaoithe, agus mé féin tar éis lá grianmhar a chaitheamh ag siúl tríd an Pharc Natural de la Serra Gelada sa Spáinn! Tá an pháirc seo ar an Chosta Blanca, idir Benidorm agus Albir, sa limistéar Valencia agus tá sé cóngarach go maith do Alicante, áit a bhfuil aerphort idirnáisiúnta ann, le heitiltí saor de chuid Ryanair agus Easy Jet gach lá.
nach réiteach ar an doineann í an síorthógáil continual building would settle the bad spell (of weather)
" Shílfeá nár fhoghlaim muid ceacht ar bith ón ghéarchéim airgeadais reatha sa mhéid is nach réiteach ar an doineann í an síorthógáil.
doineann foul weather
" Tá an doineann seo atá ann faoi láthair ag tabhairt go leor aicídí léi chun ár n-oileáin bhig álainn agus tá na zheimers uafásacha – galar arb é a shainchomhartha ná díchuimhne – ina measc.