Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Dá dhonacht é an tAontas Eorpach bad as the EU is
" Dá dhonacht é an tAontas Eorpach, áfach, tá an scéal níos measa sna Stáit Aontaithe.
ag brath ar dhonacht na calaoise a bhí déanta aige depending on how bad the foul that he had committed was
" Chuirtí pionós breise ansin ar imreoir, ag brath ar dhonacht na calaoise a bhí déanta aige (imirt chontúirteach, buille le dorn nó camán, agus araile) Má bhí imreoir ar fionraí, sheas sé sin i gcás aon sórt cluiche a raibh an t-imreoir i dteideal imirt ann – ní raibh aon eisceacht i gceist.
ag dul chun donachta getting worse
" An bhfuil tugtha faoi deara ag Ó Coileáin go bhfuil an caighdeán ag dul chun donachta? Na mic léinn is fearr atá ann inniu, “táid gach pioc chomh maith”, dar leis, leis na mic léinn ab fhearr a bhí ann daichead bliain ó shin.
a dhonacht how bad
" Is cinnte go mbeidh na figiúirí seo as dáta sula gcuirtear an t-alt seo i gcló, ach is fiú breathnú orthu cionn is go dtugann siad léargas ar a dhonacht is atá an scéal: sa bhliain 2006 tháinig fás de 6.
chun donachta worsen
" Tá an geilleagar ag crapadh thart timpeall orainn, agus de réir na réimhaisnéise is déanaí a d’fhoilsigh an Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta (CAI), is chun donachta níos túisce ná a mhalairt a bheas sé amach anseo agus go ceann fada go leor.
a dhonacht how bad
" Níl aon amhras ach go bhfuil rudaí go holc, ach más é an t-aon rud a chluinimid achan lá ná a dhonacht is atá gach rud, bí cinnte de go rachaidh rudaí in olcas i bhfad níos gaiste ná mar a rachfaidís dá mbeadh dearcadh níos cothroime againn ar an scéal.
ar dhonacht because of how bad
" Níl siad in ann na scéalta uafáis a chreidiúint, ar dhonacht na scéalta.
dhonacht bad
" Ní maith liomsa Máire ná Pádraig ná na páirtithe lena mbaineann siad ach dá dhonacht í Máire is measa liom Pádraig.
a dhonacht how bad
" Ní hé a méid a chuirfeadh brón ort ach a dhonacht is a shuaraí is atá an saol iontu.
a dhonacht how bad
" au/) Eisíodh an tuarascáil is déanaí ón gCoimisiún ar na mallaibh, leis an teideal Overcoming Indigenous Disadvantage, agus léirigh sí arís a dhonacht is atá caighdeán maireachtála na muintire dúchais: *Across virtually all the indicators in this report, there are wide gaps in outcomes between Indigenous and non-Indigenous Australians.
Dá dhonacht é bad and all as it is
" Dá dhonacht é, is fearr ann ná as é.
a dhonacht how bad
" Is dócha nach cuimhin le cuid mhór den lucht vótála a dhonacht is a bhí cúrsaí sa tseirbhís phoiblí roimh 1997.
a dhonacht how bad
" Sna sála ar sin, léirigh Tuarascáil Harris (féach an nasc) a foilsíodh in Iúil na bliana 2006 a dhonacht is a bhí caighdeán na Gaeilge i mbunscoileanna na tíre.
Ach a dhonacht but bad and all
" Ach a dhonacht is atá an tír, nílimid gan dóchas fós.
a dhonacht how bad
" Is oilbhéim é seo agus deir Ervine go bhfuil sé ag iarraidh aird a dhíriú ar a dhonacht is atá sé sna ceantracha seo.
dá dhonacht no matter how bad
" Tá roinnt réimsí de ghníomhaíocht an duine níos tromchúisí ná a chéile ar ndóigh agus dá dhonacht agus dá chontúirtí Pléasc Oileán Faoide againn féin, is aicme ar leith tubaiste na stáisiúin eithneacha a scaoil salachar marfach le gaoith le dhá ghlúin anuas agus an roinnt sin acu a phléasc agus a mharaigh na mílte sa timpeall.
Chun donachta a chuaigh an scéal matters deteriorated
" Chun donachta a chuaigh an scéal, faraor.
A dhonacht despite the bad (status)
" A dhonacht is atá stádas na dteangacha dúchais, níl an scéal gan léaró dóchais, áfach, agus d’fhógair Leabharlann Stáit New South Wales (NSW) tionscnamh tábhachtach nua ar na mallaibh a chuideoidh go mór le marthanacht roinnt de na teangacha.
a dhonacht how bad
" Is éasca dearmad a dhéanamh ar a dhonacht is a bhí an scéal ag Caitlicigh i dTuaisceart Éireann.
a dhonacht how bad
" Léirigh Gonski a dhonacht is atá an mhíchothromaíocht sna scoileanna abhus.
a dhonacht how bad
" Meitheal Taighde ======= Rinne coiste de chuid Sheanad na hAstráile fiosrúchán ar stádas, ar shláinte agus ar mharthanacht an chóála anuraidh agus léiríonn an staidreamh a cuireadh faoi bhráid an choiste a dhonacht is atá cúrsaí.
an donacht a bhain leis badness attaching to
" Rinneadh iniúchadh ar fud an domhain ar bhailiúcháin bhréige éadaí agus ar an donacht a bhain leis na heagraíochtaí a bhí i gceannas orthu.
A dhonacht is no matter how bad
" A dhonacht is atá cúrsaí rialtais i gCabúl, tá siad i bhfad níos measa in Uruzgan.
De dheasca dhonacht due to the bad
" De dheasca dhonacht an earraigh is an tsamhraidh, tá brú níos mó ná riamh ag teacht ar fheirmeoirí.
a dhonacht how bad
" Léiríonn scéal na bhfeirmeacha gaoithe a dhonacht is atá an rialtas áitiúil in Éirinn.
rachaidh sé chun donacht it’ll get worse
" Anois an t-am le leasú a dhéanamh, nó rachaidh sé chun donacht’.
ag dul chun donachta ar fad going berserk entirely
" Tá lucht na ngunnaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag dul chun donachta ar fad le scaoll is le cosaint gan chéill.
a dhonacht is a thig le scéal na díbirte how bad expulsion cases can be
" Léiríonn Alan Desmond san alt seo a dhonacht is a thig le scéal na díbirte a bheith nuair a thugtar cead a gcinn do roinnt de na comhlachtaí príobháideacha atá i mbun na hoibre.
ag faire ar an donacht a bhuail watching the bad luck which struck
" Bhí Gráinne Campion ag faire ar an donacht a bhuail foireann Chiarraí, gortú an Gooch, Colm Cúipéir.