Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
má théann cúrsaí chun donais if the situation gets worse
" "Ach má théann cúrsaí chun donais, beidh imní orm a bheith i Nua-Eabhrac.
Chuaigh an scéal chun donais things got worse
" Chun donais ======= Chuaigh an scéal chun donais ag deireadh na míosa.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, fiú dá mbeadh an bua ag plean Ibarretxe i reifreann, tá sé fógartha cheana féin ag Alava, ceann de na trí chúige i dTír na mBascach, nach mbeadh siad sásta bheith páirteach in aon chor i dtír a bheadh neamhspleách ón Spáinn.
ag dul chun donais getting worse
" " Ach an dóigh léi go bhfuil caighdeán an oideachais ag dul chun donais, toisc go bhfuil níos mó daoine ag freastal ar an ollscoil na laethanta seo? "Is dócha go bhfuil deacrachtaí againn," a deir sí.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, tugtar le fios go raibh ar a laghad beirt sásta bás a fháil in onóir iad siúd a bhásaigh rompu, cé go raibh a fhios go maith acu nach raibh seans faoin spéir go mbainfidís na cúig éileamh a bhí á lorg acu amach.
mar bharr ar an donas to make matters worse
" Agus, mar bharr ar an donas, theip glan ar an fhoireann Cheanadach a roghnaigh Gretzky do Torino nuair a chreid pobal Cheanada go ngnóthóidís an bonn óir.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, chaill siad go leor dá gcuid urlabhraithe ba shinsearaí agus ba chumasaí.
athrú chun donais change for the worse
" Má bhíonn athrú chun donais ar an aimsir sna sléibhte sin, bíonn sé fíochmhar.
imithe chun donais gone to the dogs
" “Cad tuige a bhfuil tú ag gearán?” a d’fhiafraigh mé de Laoch na Litríochta i ndiaidh dó an lagar turais a chur de le cúpla bairille pórtair, agus seo mar a d’fhreagair sé: “Tá an fhéile sin imithe chun donais ar fad,” a d’fhreagair sé.
Mar bharr ar an donas, On top of on that
" Mar bharr ar an donas, bhí clampar sna meáin chumarsáide an mhí seo caite – gan trácht ar anbhá i measc daoine nach bhfuil ach ceadúnas sealadach tiomána acu – nuair a d’fhógair an tAire Iompair, Noel Dempsey, nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint a thuilleadh ach amháin dá mbeadh tiománaí láncháilithe in aice leo.
Mar bharr ar gach donas, to make matters worse,
" ”* Mar bharr ar gach donas, táthar ag maíomh fosta go bhféadfadh mairteoil na Brasaíle a bheith ina bagairt do shláinte dhaonna, líomhain atá séanta go láidir ag na Brasaíligh.
Mar bharr ar an donas, On top of all of that
" Mar bharr ar an donas, bíonn nuachtáin ag déanamh tagartha don “phíolóta”, rud a léiríonn nach dtuigeann siad go mbíonn beirt i gceist.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, dá bhoichte an tír is ea is mó talaimh a chaithfidh an rialtas a chur ar leataobh don fhiadhúlra chun iasachtaí nó cúnamh airgid a fháil ón mBanc Domhanda agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" ” Spealadh Mór an Aonú Aois is Fiche Mar bharr ar an donas, is cosúil go ndéanfaidh ‘calaois’ de chuid Paulson cúrsaí eacnamaíochta níos measa fiú.
mar bharr ar an donas to make matters worse
" Agus mar bharr ar an donas, dar le Gates, “.
mar bharr ar donas to make matters worse
" Agus mar bharr ar donas, aontaíonn an tAE leo.
imithe chun donais worsened
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
mar bharr ar donas as ill-luck would have it
" Triomach eolais mar bharr ar donas.
Mar bharr ar an donas as a crowning misfortune
" Mar bharr ar an donas, tá fadhb an iomarca meáchain go dona i measc na hóige san Astráil freisin.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, chaill an 15 faoin gcéad seo sa bhreis ar 40 faoin gcéad den airgead a cailleadh sna meaisíní.
ghéarchoir chun donais sharp downturn
" Airgeadra Láidir ag Lagan Onnmhairiú ============== Tá borradh suntasach le sonrú faoi thionscal mianadóireachta na hAstráile le blianta beaga anuas, ach go háirithe i dtaca le gual agus le hamhiarann, in ainneoin an ghéarchoir chun donais sa gheilleagar ar fud an domhain fhorbartha.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Ceangal na Saorthrádála ============= Mar bharr ar an donas, níl BlueScope in inmhe dul in iomaíocht le cruach allmhairithe taobh istigh den Astráil.
Mar bharr ar an donas to put the tin hat on it
" Mar bharr ar an donas, níor fheac bean chéile Keating a glúin nuair a bhuail sise leis an mBanríon cúpla uair.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, léirigh na pobalbhreitheanna freisin go gcuirfí go mór le tacaíocht don pháirtí dá mbeadh Kevin Rudd ar ais ina cheannaire.
Mar bharr ar an donais to make matters worse
" Féach a bhfuil ar bun ag an Rialtas seo leis an Straitéis a chur i bhfeidhm: Údarás na Gaeltachta a fhágáil gan airgead; diúltú a thabhairt do Ghaelcholáistí tosnú in áiteacha a bhfuil éileamh ar mheánoideachais trí mheán na Gaeilge: deireadh curtha le Scéim Labhairt na Gaeilge agus gan tada a chur ina áit! Na Portáin ag Cruinniú Timpeall ar an gCorpán ==================== Mar bharr ar an donais tá Dinny Mc Ginley ag ceapadh go bhféadfaí ceantair nua a aithint mar cheantair Ghaeltachta.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Dall ag a gClaontacht Féin =========== Mar bharr ar an donas, is é ‘Bosporus’, ainm chaolas Iostanbúl, a thug údaráis na Gearmáine ar an meitheal bleachtairí a bhí i mbun an fhiosrucháin.
mar bharr ar gach donas if things were bad enough
" Agus mar bharr ar gach donas, bhí ar an Uachtarán Sarkozy a admháil le pobal na Fraince ag deireadh 2011 nach dtiocfadh fás faoi gheilleagar na Fraince le linn 2012.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, tá an-deis ag creachadóirí ar líne, péidifiligh ina measc, dul i dteaghmháil leo ar na suímh siúd.
Mar bharr ar an donas if things weren’t bad enough
" Mar bharr ar an donas, ní bheidh cead acu aon obair a dhéanamh agus beidh siad ag brath go hiomlán ar shochar leasa shóisialta dá bhíthin sin.
Mar bharr ar an donas dóibh to really make matters worse for them
" Mar bharr ar an donas dóibh, tá lucht an ionsaithe den bharúil go bhfuil achan eolas, nó gar dó, ag a namhaid ar theicneolaíocht a gcuid ladrann.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, tá tionchar thar na bearta ag an gCeallach ar an dóigh a dhéanann bunáite muintir na hAstráile meas ar cháil na nGael abhus anois.
mar bharr ar an donas to cap it off
" Caidé a thugann tú ar bhurgar de chuid Tesco a thit isteach sa BBQ agus atá dóite? Black Beauty! Níl caill ar bith ar bhurgair Tesco, ach b’fhearr liom féin My Lidl Pony! Agus mar bharr ar an donas: Tá an oiread sin ocrais orm go dtiocfadh liom capall a ithe – Imigh leat chuig Tigh Tesco agus faigh burgar duit féin! Hó! Hó! Hó! Agus ós ag caint dúinn ar dhaoine a bhíonn ag gáire os ard, gearradh 5% de phinsean na nIarthaoiseach i mbliana, ach síleann Balor go mbeidh siad in ann na heachbhurgair de chuid Tesco a sheachaint, agus go mbeidh siad in innimh a gcuid burgar a cheannach in áit inteacht eile.
mar bharr ar an donas to make matters worse
" Níl cosáin againn a thuilleadh ach sidewalks; bíonn muid ag tiomáint ar highways anois, seachas ar bhóithre; tá deireadh leis an bhriseadh lárthéarma agus half-term anois againn (gan trácht ar sheimeastar nó séimhse); níl bonnóga againn níos mó ach cupcakes; agus, mar bharr ar an donas, is gairid uainn deireadh leis an Nollaig féin nó tá caint ar na holidays ag éirí níos coitianta in aghaidh na bliana.
imithe chun donais worsened
" Le blianta beaga anuas, tá cúrsaí imithe chun donais do theaghlaigh nach bhfuil ioncaim a ndóthain acu chun íoc as a bhfiacha pearsanta agus mar thoradh, tá 54% dá gcliaint céasta ag tearc-rochtain fuinnimh.
mar bharr ar an donais to crown the misfortune
" Sách dona agus mar bharr ar an donais is i mBéarla, cé is moite d’abairtín fánach amháin, a bhí an bhileog faoi Matt Carthy a scaipeadh ar thithe anseo i nGaeltacht Chonamara.
I ndonas a théann worsen
" I ndonas a théann fadhbanna Alina agus í ag cur fúithi sa mhainistir ghruama, a bhfuil cuma na hinstitiúide uirthi.
ag dul chun donais getting worse
" In ainneoin go bhfuil plódú tráchta ag dul chun donais in Éirinn, bíonn drogall ar Éireannaigh úsáid a bhaint as a rothair, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
ní ligfimid do dhonas an domhain bhradaigh we won’t allow mundane badness
" Tá rudaí deasa le déanamh againn sa tsaol a deir Robert McMillen agus, má tá ciall againn, ní ligfimid do dhonas an domhain bhradaigh dul idir sinn agus sonas an tsaoil seo.
nach chun donais ná chun nimhe for the worst and for the rancour
" Tá Bearnaí Ó Doibhlin ag súil nach chun donais ná chun nimhe a rachfas saoirse cainte mar gheall ar leasú an Bolt Clause i reachtaíocht na hAstráile.