Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cré dhonn brown soil
" Maureen Murphy, staraí an tionscadail, a raibh a cuid glún agus a láimhíní clúdaithe le cré dhonn nuair a chas mé léi.
ba ramhra donna fat brown cows
" Tá cuma gharbh ar an talamh, ach bhí ba ramhra donna ar féarach anseo is ansiúd agus laonna leo.
gclúdaigh dhonna in brown envelopes
" "Is cuimhin liom an t-airgead i gclúdaigh dhonna a sheol siad abhaile chuig a dtuismitheoirí agus a dteaghlaigh.
abhainn ghléigeal dhonn clear brown river
" Radharc aoibhinn a bhí ann: na crainn gléasta i nduilleoga úra, an sceach gheal faoi bhláth, agus clocha méithe phálás an easpaig agus abhainn ghléigeal dhonn ag rith fúthu.
donn an ispín fhriochta the brown of the fried sausage
" Agus Tír Eoghain – nach bhfuil an lámh dhearg mar shuaitheantas acu, mar atá againn féin? Nach muidne a bhí bródúil nuair a chonacthas an lámh dhearg in airde ar fud Pháirc an Chrócaigh lá an chraobhchluiche! Lámh Dhearg abú! Agus amharc ar na dathanna a chaitheann na himreoirí: dearg agus bán, agus dath gorm ar fhobhríste gach aon duine de na himreoirí – dearg, bán is gorm: dathanna na Ríochta Aontaithe – na dathanna is ansa le gach dílseoir beo nó marbh (seachas oráiste, dar ndóigh – agus ór bhonn an phuint sterling, agus dubh an Guinness, agus donn an ispín fhriochta, agus liath luaith gheansaí Celtic i ndiaidh a loiscthe.
donn báite mousy brown
" Cineál donn báite an dath atá ar do ghruaig anois; tógfaidh na himireacha an dath agus beidh tú i do bhean úr.
Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn the Lovely Maiden with the Curly Brown Hair
" Thit mé i ngrá le girseach álainn – ba í ábhar gach aon dáin: Ba í Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn is Péarla an Bhrollaigh Bháin, Ach nuair a luaigh mé fáinne is bainis, arú chaill sí ciall is brí.
trátaí donna brown tomatoes
" Ispíní donna, bagún donn, tosta donn, tae donn, caife donn, trátaí donna, arán bán! 9.
deoch mhilis dhonn a sweet brown drink
" Is deoch mhilis dhonn é L&P, atá cosúil le Lilt ach gan an oiread sin anainn inti.
dath donn nádúrtha natural brown colour
" Ach seo ceist: caidé atá contráilte leis an snaoisín? Má tá daoine ag iarraidh stuif a chur suas a srón, nach dtiocfadh leo an snaoisín a úsáid? Agus mura bhfuil dath donn nádúrtha an snaoisín maith go leor dóibh, nach dtiocfadh leo é a dhéanamh bán? Má táthar in ann an bradán agus an breac a thairgeadh ar dhathanna éagsúla anois, gan trácht ar an phráta féin, nach dtiocfadh leo an rud céanna a dhéanamh leis an snaoisín? Tá stair uasal ársa ag an snaoisín sa tír seo.
don saol mór is don domhan donn to one and all
" Is léir don saol mór is don domhan donn go bhfuil an cultúr gaelach go mór faoi bhláth in Éirinn faoi láthair, go bhfuil spreacadh úr éigin ann.
cáis dhonn brown cheese
" “Brunost” nó cáis dhonn a itheann siad don bhricfeasta.
donn brown
dath donn ar brown coloured
" Sin mar a bhí sé nuair a d’phill mé anseo i Mí Meithimh agus d’oscail mé na cuirtíní ar maidin; shíl mé go raibh mé an Fómhar linn go fóill mar bhí dath donn ar dhuilliúr na gcrann agus nuair a shiúil mé síos an bóthairín bhí duilleoga faoi mo chois.
leathan agus donn dorcha wide and dark brown
" Tá an abhainn leathan agus donn dorcha, agus líonann an dufair na bruacha.
is beag a thuigeann Donna little does D. realise
" Tugann Caoi Ruda Caoi Ruda Eile ============== Gineann cruachás láidreacht sa duine agus is beag a thuigeann Donna nuair a thacaíonn sí le feachtas chun stad a chur le loiscneoir áitiúil go bhfuil a saol ar tí athrú.
Lena gcraiceann donn with their dark skin
" Lena gcraiceann donn agus lena gcanúint so-aitheanta, is furasta iad a aithint as daoine eile agus leithcheal a dhéanamh orthu.