Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
murlán an dorais the door-knob
" " Idir an tábla agus an doras bhuail taom millteanach faitís Antóin agus ann ach go dtiocfadh leis a lámh a chur le murlán an dorais.
ar leic an dorais againn on our doorstep
" Ní thiocfaí sibh a fhágáil gan chomhluadar lá Nollag agus sibh ar leic an dorais againn, anois an dtiocfaí?" Ní raibh cónaí ar Dervla agus Daire sa tsráid seo ach le cúpla mí anois agus cé go raibh aithne shúl acu ar go leor de na comharsana ní raibh cuma ar aon duine go raibh faill cainte aige.
Isteach ar an fhuinneog came in the window (note 'ar' not 'fríd'); 'isteach fríd an fhuinneog nó doras' literally means 'through', as in breaking through the window or door.
" Isteach ar an fhuinneog a tháinig sé, is cosúil, agus chan anuas an simléir agus bhí ocras ar dóigh air fosta, nó níor fhág sé grabhróg den bhia a fágadh fána choinne ina dhiaidh," arsa Máire agus aoibh an gháire uirthi.
Lig Emma uaithi an doras Emma let the door go
" Lig Emma uaithi an doras agus phóg Lillian Nell ar an leathcheann.
Ní raibh a raibh fán doras All of the stuff by the door
" Ní raibh a raibh fán doras ag cur lá buartha ar Derek agus mheas sé nár cheart dó a bheith ina ábhar buartha ag duine ar bith a raibh fios gnaithe aige agus iad ag tarraingt ar theach faire.
ar leic an dorais acu in their own backyard
" Mar sin féin, le linn turais phríobháidigh ar an ionad, dúirt oifigigh gur cheart do bhunadh Nua-Eabhrac a bheith bródúil go bhfuil ionad cuimhneacháin den scoth agus den dearadh is déanaí ar leic an dorais acu.
béal dorais next door
" Gheobhadh Dónall lóistín béal dorais.
sa darna doras domh two doors away from me
" Agus tá sí trí bliana déag agus ceithre scór! "Bhí sé d'ádh orm ansin go raibh Caitlín Ní Dhomhnaill, a bhfuil clú agus cáil uirthi sa lá atá inniu ann, sa darna doras domh.
sa doras againn nearby
" Is cinnte gur ceantar é ar fiú saoire a chaitheamh ann, agus ainneoin nach bhfuil muid cois trá, tá tránna Charraig Fhinne agus Mhullach Dearg sa doras againn.
doirse caocha blind, walled-up doors
" "Mhol mé dó cúpla milliún euro a chomharthú fá choinne doirse úra a chur isteach i dtithe polaiteoirí: doirse caocha, gan boscaí litreacha ar bith, sa dóigh nach mbeidh féicheamhain ábalta seansonraisc a sheachadadh fríd na doirse agus muid i mbéal na Nollag.
rinne sí ar dhoras an ionaid siopála she headed for the door of the shopping centre
" " Léim Aoife amach agus rinne sí ar dhoras an ionaid siopála.
béal dorais next door
" Bhí a racht thairis anois agus dá mbeadh an t-ádh uirthi theithfeadh sé anois agus thitfeadh sé ina chnap codlata ar an tolg béal dorais.
a chuas isteach an doras when I went in the door
" "An chéad cheist a chuireadar chugam nuair a chuas isteach an doras ná, 'An bhfuil aon Ghaeilge sa rud seo? *Because if there is, I'm outta here*.
na comharsana béal dorais the next-door neighbours
" De ghnáth ar maidin! Ach is aoibhinn liom a bheith ag seinnt tar éis meán oíche agus bíonn na comharsana béal dorais ag gearán.
phléasc gloine fhuinneoga an dorais the glass of the windows in the door exploded
" Praghas: €25 (clúdach crua)* Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President bailithe le chéilegathered together bhriseadh lárthéarmamid-term break ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight as go brách leisoff he went ina sámhchodladhsound asleep clagarnachclatter liúigh Patrick féinPatrick himself yelled den chosán bristeof the broken pavement foscadhshelter tolgcouch phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded rinne lámhachánshe crawled dallógablinds leathorlachhalf an inch grúpa confachan angry group idirboth ag béiceachshouting casúrhammer tairnínails cláir adhmaidwooden boards gráscardisorderly mob bosca na bhfiúsannathe fuse box lúth na ngéagthe power in her limbs marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear crógachtbravery cinnireachtleadership fuaraigeantacool-headed ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters as a támhnéal faitísfrom her trance of fear ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys shín amach a cosshe extended her leg Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted i mbaol a mbáisin danger of being killed scanraithe as a mbeathascared to death trost na mbrógthe tramp of the shoes carr coimhthíoch bána strange white car go tráthrialtaregularly nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home róchontúirteachtoo dangerous í ar a díchealldoing her best ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency barúilidea gluaiseachtaímovements i bhfianaisein light of nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit drogallreluctance an t-aon chosaintthe only protection
a d'aimsigh eochair an dorais sin who found the key of that door
" Láidir go fisiciúil ======= Cé go bhfuil córas an chúldorais againn le roinnt blianta anuas, agus Craobh na hÉireann buaite uair amháin ag foireann a d'aimsigh eochair an dorais sin (Uíbh Fhailí i l998), ní dóigh liom féin go stopfaidh aon fhoireann eile Tiobraid Árann nó Cill Chainnigh i mbliana ó Chraobh na hÉireann a bhaint amach (seachas má chastar ar a chéile iad roimh an gcluiche ceannais, dar ndóigh).
bhuail sí an doras ar an ursain she banged the door-frame
" "Ivan, gabh amach as an leaba sin leat! Go bhfóire Dia ort má chaithim a dhul síos chugat," arsa a mháthair agus bhuail sí an doras ar an ursain.
dhún an doras de phlab he slammed the door
" " Thug Colm féachaint fhiata air, d'fhág an seomra agus dhún an doras de phlab ina dhiaidh.
ó leac a dhorais féin from his own doorstep
" B'éigean do Bruce an ruaig a chur ar bheirt iriseoirí ón *Daily Mail *ó leac a dhorais féin.
na toghcháin áitiúla ar leic an dorais the local elections around the corner
" Fágann sin na comhairleoirí bochta áitiúla ag plé le scéimeanna míthaitneamhacha táillí a chuirfidh múisiam mór ar an bpobal, díreach agus na toghcháin áitiúla ar leic an dorais.
dia na ngeataí is na ndoras the god of gates and doors
" "Tig sé ó Janus, dia na ngeataí is na ndoras, a raibh dhá aghaidh air.
go ndeireadh an tseanbhean béal dorais that the old woman next door used to say
" D'aithin mé cuid mhór de na nathanna agus thuig mé cén fáth go ndeireadh an tseanbhean béal dorais, 'he pulled down a story' nuair a chuala mé 'tharraing sé anuas scéal' i nGaeilge.
go leic an dorais againn féin to our own doorstep
" Bhí gach duine in aghaidh na cinedheighilte san Afraic Theas, ach an túisce is a tháinig siad go leic an dorais againn féin, d'éiríomar sprionlaithe, agus ceachartha agus just fucking barbartha i ndáiríre.
ar leac an dorais on the door-step
" Mar seo a bhí sé: ar leac an dorais romham, bean ag damhsa, bean ag bualadh bos agus i lár báire bean ar fheadóg, ag séideadh tamall sular shín sí í don damhsóir agus thosaigh ag damhsa í féin agus ina dhiaidh sin ag bualadh bos nó go bhfaigheadh an bhean eile an fheadóg, agus ar aghaidh agus ar aghaidh mar sin, gach duine ag babhtáil, feadóg, damhsa, bualadh bos, deich nóiméad gan stad, déarfainn, ach mise agus cúrsaí ama.
rinne sí ar an doras she headed for the door
" "Agus cé a dhéanfadh a háit?" "Cé go díreach," arsa Deirdre agus thiontaigh sí ar a sáil agus rinne sí ar an doras.
ann ach gur bhain sí an doras den bhalla she nearly took the door off the hinges
" "Bhéarfaidh mise ubh agus muiceoil duit," arsa Síle agus chaith sí péire na *Marigolds *air, thiontaigh a droim leis agus ann ach gur bhain sí an doras den bhalla.
phlab sé an doras he banged the door
" Agus, ós ag caint ar an bhfear fada atáim, níor ceart dúinn dearmad a dhéanamh, ach an oiread, gur dhiúltaigh de Valera dídean a thabhairt do Ghiúdaigh a bhí ar a dteitheadh ó scrios na Naitsithe, agus gur phlab sé an doras ina n-aghaidh.
dhoras isteach portal
" "Tá meath mór ag teacht ar chóras cumhachtach na scoileanna paróiste a d'fhás céad go leith bliain ó shin ó gheoiteonna na n-inimirceach, ar dhoras isteach sa tsochaí Meiriceánach é do na milliúin agus ar fhoinse cumhachta gan teorainn, beagnach, é d'institiúid na Eaglaise Chaitlicí," a scríobh Jim Dwyer le gairid sa New York Times.
chomharsa bhéal dorais next-door neighbour
" Dhún na nGall” ann agus is é a chomharsa bhéal dorais ná “An tUasal Mícheál Mac Gabhann, An Trá Bhán, Baile Beag, Co.
chomharsa bhéal dorais next-door neighbour
" Dhún na nGall” ann agus is é a chomharsa bhéal dorais ná “An tUasal Mícheál Mac Gabhann, An Trá Bhán, Baile Beag, Co.
gurbh ann ach gur chuala siad cloigín an dorais that they almost didn't hear the door-bell
" Bhí siad sáite an oiread sin sa chomhrá gurbh ann ach gur chuala siad cloigín an dorais an tríú huair.
doirse na ngnátheitleán the doors of the regular planes
" (Ní raibh doirse na ngnátheitleán sách leathan le cloigeann Joe a ligean isteach.
agus Síle ag déanamh ar an doras as Síle was making for the door
" “Ná bí i bhfad anois, a Shíle, tá deifre orm leis,” arsa Máire agus Síle ag déanamh ar an doras.
doras cúil back door
" Cé go raibh an teocht i bhfad faoin reophointe, chaith Emil uair an chloig roimh an mbéile ag dul isteach agus amach doras cúil an tí, agus faoi dheireadh rug mo chaidéis orm.
doirse cré-umha bronze doors
" Is fiú go mór am a chaitheamh ansin ag féachaint ar na doirse cré-umha a rinne Andrea Pisano i 1336 agus Lorenzo Ghiberti i 1402.
is féidir leo bailiú leo amach an doras they can leave
" Muna bhfuil siad sásta a bheith ag éisteacht le Gaeilge, is féidir leo bailiú leo amach an doras.
go mbeidís an doras chuige isteach that they'd come in his door
" Thuig sé go mbeidís an doras chuige isteach, lá éigin, luath nó mall.
go raibh an teach béal dorais ligthe that the house next door was rented out
" Chuala siad go raibh an teach béal dorais ligthe anois agus go mbeadh comharsanaigh úra acu.
cnag ar an doras knock on the door
" Trasna na sráide liom go teach Phádraigín—cnag ar an doras, cas an eochair agus do chéad fáilte isteach am ar bith.
óna chomharsa bhéal dorais from its next-door neighbour
" Chomh luath is a bhí an teorainn trasnaithe agam, bhraith mé go raibh an tírín beag seo go hiomlán difriúil óna chomharsa bhéal dorais.
leis an chomharsanach béal dorais with the next-door neighbour
" Dáimh leis an chomharsanach béal dorais Tá naisc chasta pholaitíochta idir tuaisceart na hÉireann agus Albain agus, iontach go leor, tá dáimh ag náisiúnaithe agus ag aontachtaithe araon leis an chomharsanach béal dorais.
béal dorais next door
" Nuair a bhí mise i mo ghasúr, is dóigh go raibh thart ar dheich dteach fhichead ar an mbaile agus bhí chuile theach acu sin, ach teach s’againne agus an teach béal dorais, ar mhúinteoirí iad freisin, beo ar an talamh nó ar an bhfarraige.
go dtí gur chnagamar ar an doras until we knocked on the door
" Ní hamháin sin ach go raibh coinne eagraithe aige le hathair Simon agus go rabhamar chun bualadh isteach chuig Simon maidin Dé Sathairn! Níor chreid mé é go dtí gur chnagamar ar an doras agus cé a d’oscail é ach Crowe féin! Bhí mé dhá bhliain déag, lán de cheol nua, *rock ’n’ roll*, stáisiúin bhradacha raidió Bhaile Átha Cliath – Radio Dublin Two-Five-Three, Big-D Radio, Radio 257 – *punk*, na Sex Pistols, Johnny Rotten agus ár mbanna Éireannach, Bhleá Cliathach féin, na Boomtown Rats – cúigear buachaillí a bhí dána, réabhlóideach, torannach.
na doirse Seoirseacha the Georgian doors
" Tá an oiread sin seod istigh ann gur doiligh do dhuine ar bith an áit a fhágáil i ndiaidh dó dul fríd na doirse Seoirseacha mar is ann atá croí an cheoil dhúchais ag preabadh, ó Horslips go Bridie Gallagher, ó Tony MacMahon go hEnya, ó na ceoltóirí taistil go dtí na cheolfhoirne móra.
doras uathoibríoch automatic door
" Bhí scuaine mhór ag stad an bhus agus nuair a osclaíodh doras uathoibríoch an bhus cé a bhí ina sheasamh ansin, réidh le dul i mbun foréigin, ach *skinhead* agus suaitheantas de chuid an NF á chaitheamh aige.
trí dhoras leictreonach through an electronic door.
" B’éigean dúinn siúl trí dhoras leictreonach agus isteach linn.
Gabhfaidh mé amach an doras cúil. I'll go out the back door.
" (*Ag dul amach an doras cúil*) Gabhfaidh mé amach an doras cúil.
dá gcnagfainn ar dhoras tí if I knocked on the door of a house
" Mar is iondúil ar shráideanna Mheiriceá, ní raibh éinne eile thart, agus bhí a fhios agam cén freagra a gheobhainn dá gcnagfainn ar dhoras tí ag míniú gur scaoileadh liom.
ón teach béal dorais, from the house next door,
" Bhí sé druidte, áfach; de réir fógra, bhí an eochair le fáil ón teach béal dorais, ach ní raibh duine ar bith sa teach sin.
sa teach béal dorais, in the house next door,
" Tá taispeántas maith faoi Hugh Miller sa teach béal dorais, áit ar chaith sé féin agus a bhean Lydia trí bliana.
doirse na grúdlainne doors of the brewery
" Gach Aoine, idir 5 -7 pm, osclaítear doirse na grúdlainne chun seans a thabhairt don phobal an bheoir a bhlaiseadh mar a thagann sé díreach, nach mór, as an dabhach.
dul thar thairseach an dorais go over the threshold
" Agus teach príobháideach i gceist, ní féidir le heagraíocht nó áisíneacht stáit dul thar thairseach an dorais le háitiú ar mhuintir an tí gur chóir dóibh Gaeilge a labhairt.
ag cnagadh ar an doras knocking on the door
" Níorbh fhada gur tháinig “Ros na Rún” ag cnagadh ar an doras agus na léiritheoirí sa tóir air le páirt Liam a ghlacadh sa sobalchlár.
lán go doras full to the door
" Bhí an Teach é féin lán go doras agus cuireadh suas scáileáin mhóra lasmuigh den fhoirgneamh ionas go mbeadh an slua mór a bhí cruinnithe ansin in inmhe an díospóireacht a fheiceáil.
doras cúil an chairr the back door of the car
" Is féidir linn Barry Whyte a thabhairt air, cé nárbh é sin a ainm i ndáiríre! D’oscail sé doras cúil an chairr agus léim mé isteach, agus ar aghaidh linn chuig ár gceann scríbe.
shín an múinteoir a lámh chuig cluas an dorais. the teacher extended his hand to the door handle
" Sheinneas an ríl go réasúnta maith agus nuair a chríochnaíos, shín an múinteoir a lámh chuig cluas an dorais.
ar leic an dorais on the door step
" Cé go bhfuil sí i bhfad i gcéin inár n-aigne, níl Manainn ach ar leic an dorais againn i ndáiríre.
nuair a pléascadh an doras isteach. when the door burst in
" Bhí na Sínigh ar phionta uimhir a deich agus bhí an Cór ar véarsa seasca is a trí d’amhrán tríocha is a ceathair nuair a pléascadh an doras isteach.
doras cúil an stiúideo damhsa back door of the dance studio
" Tháinig na póilíní orainn agus go tobann d'oir sé domh nár thuig siad mo chuid Fraincise! Tá mé ag déanamh go bhfuil ádh an tosaitheora iontach tábhachtach agus tú ag imirt Boules nó bhí mé iontach maith aige, agus bímse *cat* go maith ag cluichí liathróide go hiondúil! Tá sé tábhachtach dul amach le dath na gréine a fháil más Aixois thú, mar sin, agus bomaite saor agam i rith an lae, d'éalaínn amach doras cúil an stiúideo damhsa agus “ghlacainn grian” mar a deir muintir na háite.
gcomharsana béal dorais next door neighbours
" Cé gur thaitin ár gcéad chúrsáil go mór linn, chuaigh sé i gcion go han-mhór orm a bhoichte is atá na tíortha beaga seo in ár réigiún, ár gcomharsana béal dorais.
béal dorais next door
" Dódh sconsa adhmaid ár gcomharsan béal dorais, ach múchadh an tine sular shroich sé na tithe.
comharsanacht béal dorais the next neighbourhood
" Lucht rac is roll nó na *Rock’n’Rollers* ansin sna seachtóidí agus sna ochtóidí, nó duine ar bith a bhí ag iarraidh a bheith réchúiseach nó ‘*hip*’ – bhog siad go dtí an “*Village*” nó go comharsanacht béal dorais, Chelsea, agus rinneadh siombailí díofa de mhodh maireachtála Nua-Eabhrac.
béal dorais next door
" Léirmheas na Míosa ‘*Let the Right One In*’ (2008) Kare Hadebrant OskarLina Leandersson EliPer Ragner Hakan Johan Soderqvist CeolHotye van Hoytem Ceamara Tomas Alfredson Stiúrthóir Suite i mbruachbhaile suarach i Stockholm sna luathochtóidí, is scéal fíorshímplí ar shlí amháin é ‘*Let the Right One In*’ faoi bhuachaill óg dhá bhliain déag a thiteann i ngrá leis an chailín nua a bhogann isteach béal dorais.
béal dorais next door
" D'fhógair Obama go seolfadh sé mórchuid de na saighdiúrí san Iaráic ar aghaidh chun na hAfganastáine chun an tír sin a smachtú, go háirithe agus an Phacastáin béal dorais ag titim as a chéile freisin.
dhoirse doors
" Chuaigh mé thart ag cnagadh ar dhoirse i mBÁC ansin agus chuaigh mé a fhad leis an Irish Press ag an am.
béal dorais next door
" ‘*Trick or treat*’, ar seisean agus nocht an stócach béal dorais seo a aghaidh go dradgháireach liom, a starrfhiacla ag glioscarnach go bréagbhagarthach orm.
chun an dorais chugham to my door
" Taitníonn sé liom gur féidir glaoch ar pizza agus tagann sé chun an dorais chugham anso! An sort san ruda.
ar leac an dorais on the door step
" Tá an tSionainn ar leac an dorais againn; tá na comharsana is fearr ar domhan againn; agus is breá linn gach nóiméad a chaitheann muid ann.
béal dorais next door
" Cloisim coismeigeanna beaga ar an urlár sa seomra béal dorais, an doras ag oscailt is ansin na cosa sin ag damhsa leo síos an staighre.
Comharsa béal dorais a next door neighbour
" Comharsa béal dorais a chuir fios orthu sa deireadh.
ar leic an dorais acu right beside them
" Ag croílár an scannáin tá pobal Ros Dumhach agus cúigear fear a chaith 94 lá sa phríosún toisc gur dhiúltaigh siad gan cur isteach ar an ollchomhlacht idirnáisiúnta ola Shell agus iad ag iarraidh píplíne gháis ardbhrú a leagan ar leic an dorais acu, go deimhin, an píopa a leagan tríd a gcuid talún.
dhoras door
" Inseoidh mé daoibh: Agus gach iriseoir sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar an Taoiseach nua, bhí siad ag scríobh isteach chuig ceanncheathrú Fhine Gael, nó ag bualadh ar dhoras theach an cheannaire, nó ag cur téacsanna gan stad chuig cairde dá gcuid i gcúirt na Léine Goirme.
béal dorais next door
" Ba cheart go mbeadh imní Tel Aviv mar gheall ar an gcaillteanas de dheachtóir cairdiúil béal dorais maolaithe beagáinín, áfach, sa bhfíric go bhféadfadh ElBaradei comhoibriú leis na páirtíní Iosrael go léir atá ag ICG.
doras cúil backdoor
" Áit stairiúil atá ann, agus ag Caisleán Cluny chonaic mé bollán, nó bró, in aice leis an doras cúil.
maor dorais bouncer(s)
" ‘Fáilte go Disco Paradise,’ arsa duine den seachtar maor dorais a bhí romhainn.
an cur ó dhoras a fháil being refused
" Sin an fáth go bhfuil an díoma agus an fhearg chomh mór sin orthu i ndiaidh iad an cur ó dhoras a fháil ó David Cameron.
sa doras at the door
" Chonaic mé bean sa doras agus cluais uirthi.
Gíoscán agus bualadh doirse squeaking and slamming
" Gíoscán agus bualadh doirse, siopaí á ndúnadh.
an doras isteach coming in the door
" Chonaic sí mise an doras isteach.
doirse na hiarsmalainne the museum doors
" Osclaíodh doirse na hiarsmalainne Titanic *‘The Maritime Museum of The Atlantic’* i Halifax, iarsmalann a mhaíonn an taispeántas is mó d’iarsmaí adhmaid ón soitheach cáiliúil.
béal dorais neighbouring
" Rinceann an Aviva agus na tithe bardais béal dorais i mbaclainneacha magúla a chéile.
comharsan béal dorais next door neighbour
" Is é an rud is measa a rinneadh riamh ná deontas Gaeltachta a thabhairt do dhuine nach bhfuil Gaeilge ar a chumas agus comharsan béal dorais le cumas cainte gan aon deontas a fháil.
dúnadh doirse an tSeanaid air the doors of the Senate were closed to him
" Cuireadh riocht liteartha ar a chuid fuinnimh agus ar a chuid uabhair, agus nuair a dúnadh doirse an tSeanaid air, d’oscail sé Seanad liteartha eile ina cheann, an foras láidir bríomhar sin a fheictear ina úrscéalta ar Burr, Jefferson, Lincoln agus FDR.
comharsana béal dorais next door neighbours
" Is comharsana béal dorais iad an Pholainn is an Úcráin, agus sular bhain an Pholainn ballraíocht den AE amach, bhí saorchead isteach go dtí an Pholainn ag muintir na hÚcráine.
ina sheasamh ar an tairseach i ndoras an árthaigh standing in the doorway of the capsule
" Laochra an Alltair ====== Nuair a chonaic mé Baumgartner ina sheasamh ar an tairseach i ndoras an árthaigh, chuir sé Neil Armstrong i gcuimhne dom.
ag cnagadh ar dhoirse geilleagair knocking on the economic doors
" Idir an dá linn, tá cumhachtaí nua mar an tSín agus an India ag cnagadh ar dhoirse geilleagair an domhain thiar.
an doras amach de réir a chéile gradually retreats out the door
" Cúlaíonn clann, comharsain agus an ceol féin an doras amach de réir a chéile.
an doras tosaigh ar oscailt le hurchair the front door open with bullets
" Dé hAoine an 14ú Nollaig, 2012, agus ranganna díreach tosaithe ag bunscoil Sandy Hook i Newtown, Connecticut, phléasc gunnadóir an doras tosaigh ar oscailt le hurchair agus mharaigh príomhoide agus siceolaí na scoile ar an toirt.
ndruidtear an doras the door is closed
" “Measaim gurb é an rud atá á rá ag Misean Oirthear Bhéal Feirste nach teach pobail é seo a dtiomáiníonn daoine chuige gach Domhnach agus a n-imíonn siad uaidh nuair atá an tseirbhís thart agus go ndruidtear an doras go dtí an Domhnach dár gcionn.
ag doras otharlainne at a hospital entrance
" Mheabhródh sé do dhuine fear de chuid an NCT ag gearradh scornach saighdiúra ag doras otharlainne i Libia agus ag baint an chloiginn de, ní a mheabhródh cluasa bainte de mhuintir Vítneam ag saighdiúirí Mheiriceá, cloigne bainte de mhuintir na Cóiré ag Sasanaigh, cloigne bainte de mhuintir na hAilgéire ag Francaigh, agus folt agus plaitín bainte de chéadmhuintir Mheiriceá ag an fhear gheal srl.
bhuail an drong an doras isteach the gang flooded in the door
" Níor luaithe an chéad leathscór pionta ólta aige nuair a bhuail an drong an doras isteach.
ag bualadh ar dhoirse na hEorpa gach uile lá beo knocking on the doors of Europe every day
" Tá na mílte eile mar iad ag bualadh ar dhoirse na hEorpa gach uile lá beo.
róláidir le coinneáil ó dhoras to strong to keep out of the mix
" Tá an Léann Ceilteach rólag sa nGearmáin áfach leis an traidisiún sin a chaomhnú feasta, agus tá an Béarla róláidir le coinneáil ó dhoras.
na sluaite i mbéal an dorais ann crowds ‘out the door’
" An Domhnach a ndeachaigh mise ann, bhí na sluaite i mbéal an dorais ann, agus oiread eile ag seasamh ar chois ar a chéile istigh.
aire a thabhairt don doras pay attention to the door
" Agus má tá rath mór ar an gcóisir, agus má bhíonn doirseoir uait, is féidir le Raspberry Pi aire a thabhairt don doras agus tú gnóthach i mbun gloiní a líonadh is ar uile (Speaker Deck)(https://speakerdeck.
an doras isteach coming in the door
" Duine díobh sin, Tomás, bhí sé ag obair i siopa leabhar Ystwyth ar an mbaile i rith an tsamhraidh, agus nuair a chonaic sé an doras isteach mé, is i nGaeilge a bheannaigh sé dom.
teacht chomh fada le doras na háite to come anywhere near us
" De réir úinéara na háite in agallamh le The Northern Standard, bhí sé an-churtha amach faoi: ‘Dá mbeadh sé ar eolas agam an cineál comórtais a bhí i gceist leis - ní ligfinn cead ar bith leo teacht chomh fada le doras na háite.
ar leic an dorais acu on their doorstep
" Chomharthódh a leithéid go bhfuil cúltaca ag muintir na Gaeltachta, ar leic an dorais acu i nGalltacht na hÉireann.
doirse gloine eatarthu glass doors between them
" Crúcaí agus ursain ollmhóra darach, trí cinn os cionn a chéile, agus doirse gloine eatarthu ocht dtroithe ar airde.
plódaithe go doras jammed to the ceiling
" Agus mar a leanann an oíche an lá, i ndiaidh ruaille buaille ó dhaoine ar suim leo saoirse chainte, aistarraingíodh an cosc agus, seó nár díoladh ach beagán ticéad, bhí sé plódaithe go doras le linn an dá léiriú an tseachtain seo caite.