Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoi dhorchadas in darkness
" Nuair a bhíonn an samhradh thart, bíonn na tithe sin faoi dhorchadas.
ag feadaíl sa dorchadas whistling in the dark
" Bíonn daoine ag feadaíl sa dorchadas.
dorchadas an gheimhridh the darkness of winter
" Ansin, le ríomhaire glúine cois tine, is féidir linn dul siar ar bhóithrín na smaointe agus dorchadas an gheimhridh ag bailiú timpeall orainn agus smaoineamh ar aghaidh go dtí an samhradh atá romhainn.
tríd an dorchadas through the darkness
" Chonaic mé a choiscéimeanna ag an droim ar a cúig a chlog agus lean mé ar aghaidh tríd an dorchadas.
sa dorchadas in the dark
" Bhain mé Whitchurch amach sa dorchadas agus bhí lúcháir orm Neill agus an carr a fheiceáil ansin.
ag lonrú dhorchadas na hoíche. lighting up the darkness of the night.
" Ach i ndiaidh dúinn bheith tagtha abhaile go dtí ár dteach féin, chuaigh mé i dteannta mo chairde go dtí reilig ár mbaile chun iontas a dhéanamh de na coinnle go léir ag lonrú dhorchadas na hoíche.
go raibh eagla air roimh an dorchadas that he was afraid of the dark
" Maidir leis an albam nua, chuala mé scéal faoi Jim Coleman, deartháir le Michael Coleman, go raibh eagla air roimh an dorchadas agus nár thaitin sé leis riamh a bheith ag imeacht ina aonar ó theach go teach san oíche ag seinm ceoil.
chun an dorchadas a scaipeadh. to drive away the darkness.
" Bíonn babhtaí againn ar fad a bhíonn dorcha agus deacair agus is guí nó paidir an t-amhrán seo go mbeadh an mhaitheas agus an grá atá inár gcroí láidir go leor chun an dorchadas a scaipeadh.
an dorchadas, the darkness,
" Ansin, tháinig an dorchadas, ar a dtugtar *Te Pō*.
coinnítear sa dorchadas é he is kept in the dark
" Bhuel, ar nós an bheacáin, coinnítear sa dorchadas é agus cothaítear é le cuid mhór seanchaca.
sa dorchadas, in the dark
" Tá *pop memorabilia* iontu fosta, mar aon le paidrín plaisteach atá lonrach sa dorchadas, ar iarsma é a bhaineann lena óige Chaitliceach.
i ndorchadas na hoíche, in the dark of night
" Nuair a leasaíodh na comharthaí bóthair le dul i bhfóirstean don dlí úr chuathas i mbun péinteála i ndorchadas na hoíche, rud a d’fhág na comharthaí ar fad ina ngráin súl.
ar fhórsaí an dorchadais on the forces of darkness
" Ina chuid leabhar nua-Naitsíoch, maíonn Serrano go bhfuil Hitler ag fanacht san Antartach, agus go bhfillfidh sé gan mhoill leis an gcogadh deireanach a fhearadh ar fhórsaí an dorchadais – na Giúdaigh.
dorchadas dark
" Sea, is é a bheas againn feasta, fuacht agus dorchadas: tréithe an bháis.
dorchadais of darkness
" Ní minic sna scannáin, nó sa litríocht, anois go smaoiním air, a thagann duine ar Mhaimeó a thugann dúshlán Lady Macbeth mar aingeal baineann an uabhair – mar bhanphrionsa scanrúil an dorchadais.
dorchadas dark
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
faoi dhorchadas in the dark
" Ghearr muid síos Gleann Ballach, tríd an sneachta domhain agus faoi dhorchadas.
i néal an dorchadais in a cloud of darkness
" Cén seórt sochaí atá forbartha againn, nuair gur féidir le seirbhísí sláinte na tíre seo cúigear ban, atá ag mothú faoi bhrú agus atá i néal an dorchadais, a bhogadh ó ghnáthsheomra oscailte in otharlann isteach i seomra eile atá faoi ghlas, agus iad brúite isteach i gcomhluadar ban eile? Níl spás fágtha idir na leapacha agus tá orthu uilig leithreas agus cithfholcadh amháin a roinnt.
in ann léamh, ar neamhcead don dorchadas able to read despite the dark
" Go háirithe na leabhair ficsean eolaíochta sin - a thiarcais, nach iad atá mór! Is fiú freisin an feidmhchláirín *iOS*, go háirithe má bhíonn tú ag campáil mar beidh tú in ann léamh, ar neamhcead don dorchadas fiú amháin.
amach as dorchadas an chéid seo caite out of the darkness of the last century
" Ní hionann cuimhne a bheith agat agus tú a bheith spreagtha chun gnímh ar son na córa ach is mithid dúinn fá dheireadh thiar dul i ngleic leis na tromluithe atá ag crá daoine agus muid ag sleamhnú go malltriallach amach as dorchadas an chéid seo caite.
i ndorchadas na foraoise in the sylvan darkness
" I gcás ar bith, i bhfianaise na deacrachta ar fad a bhain d’Éirinn le cúpla seachtain anuas, agus de bhrí go raibh páirt nach beag ag an Bhanríon Angela sa scéal sin, chinn Balor ar chuairt a thabhairt uirthi ina caisleán saoire i ndorchadas na foraoise i sléibhte na Baváire.
Thit dorchadas na hoíche it became dark as night
" Síobadh Fiáin ===== Thit dorchadas na hoíche ag a ceathar, agus b'shin an t-am a thugamar faoi deara nach raibh gach rud ina cheart: bhí soilse agus gléasanna aibhléise an tí ag faiteadh an t-am ar fad.
tar éis strachailt i ndorchadas an having struggled in the dark of
" Seo fís gach blagadóir bia: tar éis strachailt i ndorchadas an “blagosphere” go n-aithneofar thú agus go dtarraingeofar thú amach i solas geal an chlú agus mórcháile.
Meandar beag amháin eile sa dorchadas one second more in the dark
" Meandar beag amháin eile sa dorchadas, is las mé an lampa a bhí ar mo cheann.
dorchadas teannadh isteach ort the dark (having) closed in on you
" Mura bhfuil tú cúramach, thig leis breith ort, do chur faoi smacht agus ní fheicfidh tú an an domhan taobh amuigh choíche arís i ndiaidh don dorchadas teannadh isteach ort.
ar chathaoireacha sa dorchadas on chairs in the dark
" Shuigh na haisteoirí Tadhg Hickey, George Hanover agus Daniel Reardon ar chathaoireacha sa dorchadas, agus sula bhfad, ba léir gur choda difriúla d’inchinn duine amháin ab ea iad, inchinn a bhí lán le cuimhní cinn truamhéileacha agus lúcháireacha.
codarsnacht láidir idir solas agus dorchadas a strong contrast of light and dark
" Pictiúir dhubha agus bhána atá iontu, le cúlra monacrómach agus codarsnacht láidir idir solas agus dorchadas iontu.
bheith ag ceiliúradh fhéile dhorchadas na bliana to celebrate the annual dark festival
" Tá leithscéal ag Balor a bheith ag ceiliúradh fhéile dhorchadas na bliana agus é ina phágánach chruthanta agus ina Fhomhórach dílis, ach cén leithscéal atá ag an oiread sin de mhuintir na hÉireann nach bhfuil sásta an focal Nollaig féin a úsáid níos mó? Tá nósanna cainte Mheiriceá ag teacht isteach in Éirinn ar cosa in airde.
fá scáth dorchadas oíche under dark of night
" N’fheadar an col ceathrar é, nó uncail, b’fhéidir, le David Neligan, ‘*The Spy in the Castle*’? B’eisean Oifigeach Ceannais Faisnéise an Dublin Guard Brigade in Arm an tSaorstáit i dTrá Lí - an fear a roghnaigh an naonúr cime poblachtach a cuireadh go Baile Ua Síoda fá scáth dorchadas oíche an 7ú Márta 1923.