Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Dosaen a dozen
" Agus cá mhéad dráma ar chum sé ceol fána gcoinne? Dosaen? Scór? Níl a fhios aige.
dosaen amhrán grinn a dozen humourous songs
" Tá cuid mhaith cumtha agat thar na blianta, nach bhfuil? CÓD: Tá dosaen amhrán grinn cumtha agam le tríocha bliain.
cúpla dosaen bealach a few dozen routes
" Measann Boeing nach bhfuil ach cúpla dosaen bealach ar domhan a bhfuil go leor paisinéirí orthu chun A380 a líonadh – ó Londain go Nua-Eabhrac, go Tóiceo nó go Singapore, mar shampla – agus go bhfuil eitleáin níos lú oiriúnach do roinnt mhaith de na bealaí eile.
ar a laghad dosaen uair at least a dozen times
" Anois, níl aon tuairim agamsa faoi cheol ach bhí Pat i gcónaí ag seinnt (ón uair a chuireas aithne cheart air sa mheánscoil) agus cén fáth nach mbeadh gig ag teastáil uaidh – bia, deoch, leaba don oíche, grian is girseacha na Spáinne? Ach, focann *hell*, ghlaoigh mé isteach chuige ar a laghad dosaen uair agus fiú agus mé ina theannta ar feadh dhá uair an chloig agus cnapáin ollmhóra raithní caite againn, bhíodh sé fós ag rá ‘b’fhéidir’ nó ‘níl mé cinnte an oirfeadh mo chuidse ceoil don tábhairne seo.
dosaen duais a dozen prizes
"dosaen duais bainte aige as a shaothar, agus scór leabhar foilsithe aige.
breis is dosaen teideal eile more than a dozen other titles
" Mura bhfuil ach líon an-teoranta ar fad cainteoirí Gaeilge ina gcónaí i mbaile faoi leith, cur i gcás, cad is fiú don siopadóir spás a chur ar leataobh do nuachtán Gaeilge (gan trácht ar spás suntasach) nuair a bhíonn breis is dosaen teideal eile – as Éirinn, Sasana agus oirthear na hEorpa – le díol aige go laethúil? Mar sin, tagann an cheist chun cinn: an bhfuil aon mhargadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge? Mar iar-eagarthóir ar nuachtán Gaeilge, is oth liom a admháil nach measaim go bhfuil.
tuairim is dosaen about a dozen
" “Sular osclaíodh Cultúrlann Uí Chanáin, bhí tuairim is dosaen rang againn sa tseachtain agus corradh le 200 dalta ag foghlaim iontu.