Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dráma aonair one man show
" Is féidir é sin a rá go cinnte faoin dráma aonair le Diarmuid de Faoite, "Pádraic Ó Conaire".
dráma páise passion play
" Tá sé mar aidhm aige dráma páise a chur ar siúl ar shráideanna na Gaillimhe agus seó a fhorbairt don stáitse ina mbeadh ceol traidisiúnta, neart gluaiseachta agus cultacha ildaite, díreach cosúil leis an chineál ruda a dhéanann an compántas Macnas ar an tsráid.
drámaí a dhaltaí his students' plays
" Le linn dó bheith ag múineadh ranganna drámaíochta i gceantar Bhaile Munna, ghlaoigh sé ar an Axis le ceist a chur: ar theastaigh uathu drámaí a dhaltaí a chur ar an ardán san ionad.
dráma trítheangach tri-lingual play
" Dála na plaice féin ar an leacht, is dráma trítheangach é seo, i nGaeilge, Breatnais agus Béarla, agus tá sé ar camchuairt an mhí seo sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn (dátaí le fáil thíos).
dráma grinn suímh sit com
" Ach tarlaíonn neart rudaí greannmhara fosta – b’fhéidir gur cheart dom sobaldráma nó dráma grinn suímh a scríobh.
i ndráma fuilteach na dTrioblóidí in the bloody Troubles play
" Dar ndóigh, i gCalm seo na nDoldrama ina bhfuil tuaisceart na hÉireann suite, níor léim polaiteoirí ar an ardán a bhí fágtha ag an IRA i ndráma fuilteach na dTrioblóidí.
drámaí clasaiceacha agus nua-aoiseacha, classical and modern plays,
" Léiríonn Rough Magic drámaí clasaiceacha agus nua-aoiseacha, chomh maith le drámaí nua Éireannacha.
na drámaí is clúití the most famous poems
" ” Ar na drámaí is clúití dar scríobh Bob Welch, tá *Protestants*, saothar a “cheiliúrann coincheap Protastúnach na saoirse agus an tslí ar athraigh sí an bealach a mbíonn daoine ag smaoineamh sa domhan thiar.
Chuaigh an dráma go mór i bhfeidhm ar Collins the play had a big impact on Collins
" Chuaigh an dráma go mór i bhfeidhm ar Collins nuair a chonaic sé é sa Tricycle ar Kilburn High Road agus thosaigh sé ag iarraidh na cearta a cheannach ón scríbhneoir le scannán a dhéanamh de.
ar dhráma é, which was a drama,
" Rinne Tom scannán eile a stiúradh dar teideal Hush-a-Bye Baby, ar dhráma é, agus tá seans ann go stiúrfaidh sé scannán bunaithe ar leabhar de chuid Séamus Deane, a bhfuil Reading in the Dark mar theideal air, san am atá romhainn.
an dráma the drama
" “Bhuel, chonaic mé an dráma é féin in Amharclann an Tricycle - an áit is fearr ar domhan le hé a fheiceáil - agus bhí mé faoi dhraíocht ag an lucht féachana.
gur chuid den dráma iad, that they were part of the audience,
" Is dráma é atá thar a bheith go maith, ach, anuas air sin, ag pointe amháin bhí an chuma ar an lucht féachana gur chuid den dráma iad, gur bhraith siad ceangal fisiciúil, chóir a bheith, leis an scéal a bhí á insint ar an ardán.
Ní hionann dráma ardáin Murphy agus an scannán. Murphy's stage play and the film are not the same.
"Ní hionann dráma ardáin Murphy agus an scannán.
Rinne mé an chéad rogha ar an dráma a cheannach I optioned the drama
"Rinne mé an chéad rogha ar an dráma a cheannach ceithre bliana ó shin, agus dúirt mé le Jimmy go raibh mé ag iarraidh mo scéal féin a dhéanamh de.
dráma trí ghníomh three act play
" Mar shampla, tá cóip agam féin den dráma trí ghníomh *An tSnaidhm*, a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1910.
bheith páirteach i ndráma amháin ar a laghad to participate in one play at least
" Bheartaigh mé go mbeadh caoi ag gach dalta ceol uirlise agus amhránaíocht a fhoghlaim, chomh maith leis an churaclam agus shocraigh mé go mbeadh deis ag gach dalta a bheith páirteach i ndráma amháin ar a laghad, ar an ardán.
ba shuaithinsí sna drámaí éagsúla most remarkable in the various dramas
" Le linn tréimhse na coimhlinte géire idir foireann peile Átha Cliath agus foireann peile Chiarraí a mhair ar feadh deich mbliana ó 1975 go dtí 1985, bhí Páidí Ó Sé ar na pearsana ba mhó agus ba shuaithinsí sna drámaí éagsúla a thit amach aon uair a casadh an dá fhoireann ar a chéile.
le linn bhuaicphoinnte an dráma seo during the drama's climax
" Agus é ag déanamh achainí ar an athair mór sa spéir é a fhuascailt ón gciapadh Rómhánach, lig sé screadanna uafásacha as le linn bhuaicphoinnte an dráma seo.
dráma na Páise seo this drama of the Passion
" Cúpla bliain i ndiaidh dráma na Páise seo, fuair tionscnamh eile ó Chorcadorca an lámh in uachtar fiú ar aisteoireacht spleodrach D’Aughton.
sula bhfaca mé an dráma before I saw the drama
" Cad chuige ar chuir mé an oiread sin béime san abairt seo?
Mar ba é ceannlíne cead leathanaigh an *Irish News* an lá sula bhfaca mé an dráma ná “*Loyalist killers 'targeted middle-class Catholics.
ní raibh an oiread sin cúlra ná taithí dráma ag gach duine not everyone had that amount of drama experience or background
" Nuair a thosaigh Kalanna a gcuid ceardlann, “ní raibh an oiread sin cúlra ná taithí dráma ag gach duine – ní raibh ach beirt i mbun íomhá, agus taithí faisnéise is mó a bhí acu”.
fiacha an dráma féin do the play’s own homage to
" Is iomaí gné sa dráma seo a dhéanann nasc daingean idir na haisteoirí agus an lucht féachana: fiacha an dráma féin do thraidisiún scéalaíochta a ritheann ó William Carleton go Séamus Ó Duilearga, an bhéim ghrámhar a chuirtear ar chairdeas leochaileach na bhfear, mar aon le greann tobann na tuaithe.
síolraíonn cumhacht an dráma seo as this play’s power stems from
" Ach i ndeireadh na dála, ní foláir a rá go síolraíonn cumhacht an dráma seo as cúngacht na bpearsantachtaí ilghnéitheacha sa tigh tábhairne.