Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a dhréachtú to draft
" Cuireadh coiste ar bun chun rialacha a dhréachtú don Dublin Hurling Club a bhí ar tí a bhunaithe.
a rinne na leasuithe a dhréachtú who drafted the reforms
" I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí an t-oideachasóir Giuseppe Bertagna, duine den dream a rinne na leasuithe a dhréachtú.
a dhréachtú to draw up
" Mar thoradh air sin, tosaíodh ar bhille nua leabhail a dhréachtú.
dréachtú drafting
" ) Agus ní ceart go bhfágfaí dréachtú an chomhpholasaí nua i lámha ionadaithe an tionscail, státseirbhísigh sa mBruiséil agus polaiteoirí a ghéillfeas go héasca d'éilimh na n-iascairí má cheapann siad go bhfuil vótaí ann.
cáipéisí a dhréachtú draft documents in Irish
" Dúirt an tuairisc go gcaithfeadh comhairlí Thuaisceart Éireann glacadh le hiarratais scríofa agus bhéil i nGaeilge, glacadh le húsáid na Gaeilge i ndíospóireachtaí comhairle, cáipéisí a dhréachtú i nGaeilge agus fir/mná teanga a fhostú.
dréachtaithe drafted
" Tá an chuid is mó den bhuntaighde déanta aige agus ceithre chaibidil dréachtaithe aige go dtí seo ach tá sé idir dhá chomhairle faoin teanga arbh fhearr an saothar a scríobh inti.
i ndréachtú pholasaithe trádála an Aontais in the drafting of the Union's trade policies
" Ina dhiaidh sin féin is coiste fíorthábhachtach agus cumhachtach atá ann, agus baint lárnach aige i ndréachtú pholasaithe trádála an Aontais.
á dhréachtú being drafted
" Is mór an náire, sa chomhthéacs sin, nár déanadh aon phlé ceart ar Thuarascáil Morris sa Dáil ón am a foilsíodh é, go fiú agus Bille an Gharda Síochána á dhréachtú faoi láthair.
á dhréachtú being drafted
" Is mór an náire, sa chomhthéacs sin, nár déanadh aon phlé ceart ar Thuarascáil Morris sa Dáil ón am a foilsíodh é, go fiú agus Bille an Gharda Síochána á dhréachtú faoi láthair.
a dhréachtú to draft
" Is ar an Roinn Cumarsáide, Mara, agus Acmhainní Nádúrtha atá an fhreagracht maidir le polasaí na hÉireann a dhréachtú i dtaca le dáileadh chomharthaí craolacháin digiteacha.
a dhréachtú to draft
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
Dhréachtaigh drafted
" org/) Dhréachtaigh siad Bille Cearta Ogoni a d’éiligh ceart sóisialta is eacnamaíochta mar aon le cóir ó thaobh na timpeallachta de.
dhréachtaigh drafted
" Ba é Lewis “*Scooter*” Libby a dhréachtaigh an óráid mhí-ionraic maidir le hairm ollscriosúla na hIaráice a thug Colin Powell do na Náisiúin Aontaithe ar an 5 Feabhra, 2003.
dhréachtaigh drafted
" Is iad sin an clár a dhréachtaigh an Coiste Náisiúnta Frithbheartaíochta (Conseil National de la Résistance - coiste inar cuimsíodh na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla sa Fhrainc a chuir i gcoinne na Naitsithe) i Márta 1944 agus ina leagtar síos bunphrionsabail an stáit nua, agus Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe ar glacadh leis i 1948.
a dhréachtú to draft
" Ar bhealach, táimidne, ar nós DeValera sa bhliain 1937, ag amharc ar an bhileog ghlan agus muid ag féacháint le cruth na poblachta úire a dhréachtú.
dréachtaithe drafted
" Chuir Oifig an Ombudsman fógraí sna nuachtáin go luath ina dhiaidh sin ag lorg aighneachtaí agus gheall siad don Roinn go mbeadh an dara scéim dréachtaithe acu roimh an Fhómhar sin.
a bhí freagrach as dréachtú an bhille who was responsible for drafting the bill
" Ba é Alfred Deakin, an tArd-Aighne, a bhí freagrach as dréachtú an bhille agus labhair seisean faoin gcontúirt a bhainfeadh le hinimirce ón Áise.
siocair gur dréachtaíodh é i ré eile because it was drafted in another era
" Ach dálta achan rud eile, tá nithe áirithe de nach bhfuil fóirsteanach do shochaí ilchultúir an lae inniu siocair gur dréachtaíodh é i ré eile.