Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
drochbhail bad condition
" Ceaptar go bhfuil ar a laghad 3,000 de na caoirigh tar éis bháis agus go bhfuil drochbhail ar chuid mhaith de na cinn atá fós beo.
drochbhail bad circumstances
" Mar sin féin, ní féidir a shéanadh gur cúis imní an-mhór é fós do roinnt mhaith daoine an drochbhail atá ar go leor de ghnáthmhuintir na hIaráice.
in ainneoin na drochbhaile a bhí uirthi despite the bad condition she was in
" Thóg cabhlach na hAstráile an bád, an Minasa Bone, amach in uiscí idirnáisiúnta in ainneoin na drochbhaile a bhí uirthi, agus cuireadh i dtír ar cheann d'oileáin na hIndinéise í.
drochbhail bad condition
" Easpa eolais, easpa tuisceana, díograis na hóige agus mar sin is cúis leis an drochbhail atá ar chuid mhaith peileadóirí a bhí ag imirt sna 1970í agus na 1980í luatha.
drochbhail bad treatment
" Ach go bé snípéirí de chuid an IRA (mharaigh siad triúr agus maraíodh ball amháin dá gcuid) thabharfaí an drochbhail chéanna ar an cheantar is a tugadh ar Bombay Street agus ar shráideanna eile a dódh go talamh le linn laetha luatha na dTrioblóidí.
drochbhail bad condition
" Ar an 10 Lúnasa, chonaic mé John Connolly, garmhac James Connolly, ag labhairt ar RTÉ faoin drochbhail atá ar 16 Sráid an Mhúraigh i mBaile Átha Cliath, an cheanncheathrú dheireanach in Éirí Amach na Cásca.
drochbhail bad circumstances
" “Nuair a smaoiníonn tú ar an drochbhail a bhí ar dhaoine mar Paddy Kavanagh, agus daoine mar sin, dá mba rud é go raibh a leithéid ann bheadh saol níos compordaí acu agus dínit éigin.
ní raibh sí i ndrochbhail. she wasn't in a bad state, a critical condition
" Cé go raibh a cos gortaithe go dona, ní raibh sí i ndrochbhail.
tugadh drochbhail orm I was badly treated
" Braithim gur cuireadh cuid mhór brú orm agus gur tugadh drochbhail orm agus go mbítí ag tabhairt le fios gur bhain lochtanna an chláir liomsa.
an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne the bad condition in which the Irish language movement has been left
" ***Fógraíocht trí Ghaeilge: an cosc atá curtha uirthi ag an fheidhmeannas ó thuaidh:*** Le linn ghéarchéim *Lá Nua*, tugadh le fios dúinn an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge.
an drochbhail atá ar an bhfoirgneamh the bad state of the building
" Chuir mé an t-eolas ar fad i dtoll a chéile mar gheall ar an drochbhail atá ar an bhfoirgneamh faoi láthair agus faoi na costais ar fad a bheadh i gceist dá bhfanfaimis ansin.
bíonn drochbhail air it is in a bad state
" I sráidbhaile amháin ar thug mé cuairt air, cuir i gcás, níl ach bóthar amháin ar ar féidir teacht agus imeacht agus bíonn drochbhail air le linn shéasúr na báistí.
Tig leo a drochbhail a bheith orthu they can be in bad condition, run-down
" Tig leo a drochbhail a bheith orthu agus a bheith contúirteach agus bíonn go leor daoine gan dídean ar na sráideanna, go háirithe thart ar an stáisiún bus agus an stáisiún traenach.
a raibh drochbhail air who was in a bad condition
" “Cuid ghoilliúnach eile den chlár is ea scéal gasúir óig a raibh drochbhail air agus muid i mbun scannánaíochta.
drochbhail a bad state
" ‘An scríobh ar an leic, ní buaine ná an lámh do chuir’ - “Sna seanlaethanta, d’úsáid muid péint shaor” a dúirt sé ag míniú go raibh drochbhail ar shaothar Vrubel mar gheall air seo.
drochbhail ar in a bad state
" Ach faraor, fágann siad drochbhail ar an dtimpeallacht.
drochbhail a bad state
"drochbhail ar fad ar na nuachtáin i Meiriceá faoi láthair.
dhrochbhail bad condition
" Dul ar lár, i do bheatha! Is féidir an lár a bhaint amach i bhfeithicil faoi thiomáint ceithre roth, cé go bhfuil sé deacair taisteal in aice an locha de dheasca na n-aibhneacha atá faoi thuile agus dhrochbhail na mbóithre cré.
Drochbhail bad condition(s)
" Cad a bhí taobh thiar de bhunú an CLG a chuidigh leis na bunaitheoirí pobal na tíre a mhealladh chuige agus a choinneáil dílis dó suas go dtí an lá inniu féin? An Drochbhail Is gá cúrsaí na tíre sa dara leath den 19ú aois agus an bhail a bhí ar mhuintir na hÉireann a mheas.
drochbhail ill-treatment
" Dar leis an eagraíocht, Animal Aid, tá drochbhail á cur ar chapaill i dtionscal na rásaíochta capall.
drochbhail a bad state
" Is ríshoiléir ón staidreamh thuas go bhfuil drochbhail ar theangacha bundúchais na hAstráile, ach níl an scéal caillte go huile is go hiomlán.
drochbhail bad shape
"drochbhail ar fad ar scéal airgeadais an stáit agus beidh orthu ciorruithe ollmhóra a chur i bhfeidhm.
drochbhail a cuireadh dóibh abuse they suffered
" Ní mar sin a tharla sé ar ndóigh - níor tairgíodh dóibh ach iniúchadh teoranta ar pháipéarachas an cháis, á stiúradh ag an abhchóide sinsireach Desmond da Silva, QC - agus tá Geraldine Finucane agus a beirt mhac, John agus Michael agus a hiníon, Katherine ar buile go fóill faoin drochbhail a cuireadh dóibh, agus ní nach ionadh.
de bharr an drochbhail because of the poor condition
" Rinneadh an cónascadh le scoil Chill Chartha i ’68, de bharr an drochbhail a bhí ar scoil s’againn féin.
Fágfaidh an drochbhail seo this poor state of affairs
" Fágfaidh an drochbhail seo nach mbeimid i gcumas an tírdhreach a chaomhnú agus an fuinneamh in-athnuaite a shaothrú.
as an drochbhail ina bhfuil siad for their dire circumstance
" Ach i ndiaidh iad an lasair a chur sa bharrach lena 40,000 bileog, tá an DUP agus an UUP dóite ag an phléasc a tháinig mar thoradh ar an ghníomh dhíchéillí agus tá siad go hiomlán in aimhréidh, an UUP ach go hairithe faoi stiúir Mike uafásach Nesbitt agus an locht á chur orthu sin ag an aicme oibre as an drochbhail ina bhfuil siad.
drochbhail poor condition
" In agallamh cuimsitheach do Beo!, labhair sé le Breandán Delap faoi staid na litríochta agus na foilsitheoireachta Gaeilge, faoi cheol tíre na Gaelachta, faoin chlár conspóideach faisnéise Fairytale of Kathmandu agus faoin drochbhail atá ar dhrámaíocht na Gaeilge faoi láthair.