Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
drochiompar bad behaviour
" **PM:** Ach thig leis an Bhord Póilíneachta aon drochiompar a stopadh.
maitear drochimirt nó drochiompar ar an bpáirc bad play or bad behaviour on the pitch is pardoned
" Béim ar dhea-thréithe ======= An ghné eile den chultúr ná go maitear drochimirt nó drochiompar ar an bpáirc d'imreoirí an-éasca, go mór mór i gcás imreoirí cáiliúla.
drochiompar bad behaviour
" Dhéanfadh sé maitheas d’urlabhraithe Fhine Gael agus an Lucht Oibre smaoineamh air seo sula n-eisíonn siad ráiteas béalchráifeach eile ag cur na freagrachta maidir le drochiompar i measc na nGardaí ar Fhianna Fáil amháin.
drochiompar misbehaviour
" Pléisiúr mór a bhí ann Peter Crouch a fheiceáil ag scóráil in aghaidh Manchester United i gCorn an FA ar an 18 Feabhra, go mór mór mar gur lá breithe Gary Neville a bhí ann; cúisíodh eisean as drochiompar nuair a chuaigh sé thar fóir leis an cheiliúradh os comhair lucht leanúna Liverpool in Old Trafford i mí Eanáir.
as drochiompar because of bad behaviour
" Níor bhuail sé duine ar bith, ní hionann is an chuid eile acu, ach an té a tharraing aird air féin as drochiompar, d’íocfadh sé ar bhealach eile.
ndrochiompar misbehaviour
" Thug an Astráil an-chabhair d’fhórsaí míleata na hIndinéise faoin mbeartas, agus níl aon dul as ach go raibh cuid de na fórsaí Indinéiseacha a fuair traenáil abhus páirteach i ndrochiompar sa Tíomór Thoir.
drochiompar improper behavior
" De dheasca na heagla atá orthu roimh ionnarbadh bíonn drogall orthu drochiompar fostóra nó pá faoi bhun an íosphá, mar shampla, a chur in iúl do na húdaráis, rud a thuigeann fostóirí go maith.
drochiompar bad behaviour
" Tá polaiteoirí de chuid an fhreasúra ag cur an-bhrú ar an rialtas maidir le drochiompar i measc bhaill den Gharda Síochána ach is iadsan a thug ardú céime do chuid de na Gardaí a bhfuiltear in amhras orthu faoi láthair, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail.
drochiompar bad behaviour
" Measann Colm Mac Séalaigh nach bhfuil an toil i gCumann Lúthchleas Gael le déileáil le foréigean agus drochiompar ar an bpáirc imeartha.
ní leigheasfar scéal an drochiompair the matter of bad behavior in sport shall not be altered
" Is mithid croitheadh éicint a bhaint as na húdaráis spóirt, dar le Colm Mac Séalaigh, nó ní leigheasfar scéal an drochiompair sna spóirt.