Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
drochshaol bad life
" Agus de réir thuarascáil an Choimisiúin, bhí drochshaol ag a bhformhór, in ainneoin na cabhrach a tugadh dóibh.
Ag teitheadh ón Drochshaol fleeing from the 'Famine'
" Ag teitheadh ón Drochshaol Lucht dídin an Drochshaoil ab ea an chuid is mó acu, agus cé gur lean cuid mhaith acu ar aghaidh isteach faoin tír agus go tíortha thar lear, go mór mór go dtí Na Stáit Aontaithe, d'fhán na mílte i Learpholl fosta.
Lucht dídin an Drochshaoil 'Famine' refugees
" Ag teitheadh ón Drochshaol Lucht dídin an Drochshaoil ab ea an chuid is mó acu, agus cé gur lean cuid mhaith acu ar aghaidh isteach faoin tír agus go tíortha thar lear, go mór mór go dtí Na Stáit Aontaithe, d'fhán na mílte i Learpholl fosta.
an Drochshaol The Famine
" Bhuail an Drochshaol, tógadh an barr agus ligeadh milliún Gael chun bás den ocras tríd an tír.
Drochshaoil famine
" An tarlú is mó i saol na hÉireann san 19ú aois dar ndóigh ba ea blianta an Drochshaoil.
mbliain seo an drochshaoil this famine year
" Cén fáth mar sin gurbh ábhar iontais go bhfuil siúlóidí Oráisteacha ina thosaíocht ag an DUP i mbliain seo an drochshaoil 2009?
Drochshaol ‘Famine’
" Nuair a mhol Conradh na Gaeilge i Learpholl cuimhneachán cuí a eagrú ar an Drochshaol i 1997, bhí Ian ina rúnaí don choiste agus nochtadh dealbh iontach de chuid Éamonn Uí Dhochartaigh sa chathair i 1998.
Drochshaol the Famine
" Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh a fhios againn céard a thug sinn go dtí an pointe seo, go dtuigfimis an Drochshaol, Cogadh na Talún, Éirí Amach na Cásca, Titim Gheilleagair 1929 agus 1999.
Drochshaol hunger, hard life
" ‘Deireadh leis an Drochshaol’ ================= Ach sula dtaga sé chuige sin, tá tréimhse ceithre bliana roimh Rousseff.
Drochshaoil Great Hunger
" Tá cosúlacht idir úsáid na fola sin agus putóg dhubh na hÉireann, sílim, agus más buan mo chuimhne, d’óltaí fuil na bó anseo in Éirinn le linn an Drochshaoil chomh maith.
le linn an Drochshaoil during the Great Hunger
" Cruthaíodh an chuid is mó den slad a ‘tharla’ le linn an Drochshaoil, mar a cruthaíodh oiread sin tubaistí eile in Éirinn agus thar lear.
i mblianta an drochshaoil in bad times
" Sin an fáth go gcreideann sé, i mblianta an drochshaoil, go bpillfidh polaiteoirí ar an seanmhúnla.
Drochshaoil ‘Great Famine’
" Ar ndóigh, tháinig na mílte Éireannach go Ceanada le linn an Drochshaoil agus tugadh tearmann dóibh anseo i dToronto.
Drochshaoil the Great Hunger
" Is ábhar suntais iad na ginealaigh a ndearna sí taighde cúramach orthu agus an tslí inar phós daoine ón bpobal buanlonnaithe baill den Lucht Siúil, go mór mór i ndiaidh an Drochshaoil.
Drochshaol ‘Famine’
" Ba dhíol suntais an saothar poiblí a chruthaigh sé agus tá samplaí de le feiceáil sa chuimhneachán ar Shéamas Ó Conghaile agus An Crann Óir atá suite i gcroílár Bhaile Átha Claith, an dealbh a rinneadh do chomóradh 500 bliain na Gaillimhe ar an Fhaiche Mhór, an cuimhneachán ar an Drochshaol i Westchester, Nua-Eabhrac agus ar an imirce chun an Oileáin Úir i nDoire Cholm Cille.
Drochshaoil the Great Hunger
" Ainmneacha Éireannacha atá scríofa ar na leaca uaighe, daoine a chuaigh ar imirce i rith agus i ndiaidh an Drochshaoil.
Drochshaol Great Hunger
" A bhFuil Romhainn ========= Scéalta tharainn na teipeanna go léir, Cionn tSáile, an Drochshaol, díothadh na teanga, drochíospairt ar leanaí lenár linn féin, agus díol na tíre anuraidh san áireamh, ach sinn an leon a leigheas: Ní hí an ainnis is measa linn a bheith thíos go deo, ach an tarcaisne a leanann é nach leigheastar an leon.
am an Drochshaoil the Great Hunger
" Glactar leis go bhfuil saol na heisimirce athraithe go mór don imirceoir féin ó d’imigh na milliúin Gael ar an bhád bhán go Meiriceá agus go Ceanada in am an Drochshaoil.
oidhreacht an Drochshaoil the resonance/inheritance of the Great Hunger
" Higgins, mar gheall ar oidhreacht an Drochshaoil i Meiriceá le déanaí, agus rinne sé tagairtí freisin d’fheiniúlacht stairiúil na hÉireann agus don tsaorántacht.
Drochshaol ‘Famine’
" Is coimhlint í seo a théann go smior i bpobal na hÉireann de thairbhe an dearcadh fadbhunaithe atá againn i leith úinéireacht talún, dearcadh a d'eascair cuid mhaith ón Drochshaol, ó Chogadh na Talún agus ónár n-oidhreacht iarchóilíneach.
in uachtar roimh an Drochshaol supreme before the Great Hunger
" Is cosúil gurb é an intinn a bhí ag an Donnabhánach go gcaithfeadh daoine an Ghaeilge a scaoileadh uathu le háit a dhéanamh don Bhéarla, an teanga a theastaigh le dul chun cinn a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe! Trí dhiúltú do na logainmneacha a bhí ar bhéal na ndaoine, rinne an Donnabhánach a chuid féin, chun caidhp an bháis a bhualadh ar an nGaeilge sa gcuid mhór den tír ina raibh an Ghaeilge in uachtar roimh an Drochshaol.
an ré gan scríobh sin roimis an Drochshaol that non-writing era before the Famine
" Agus eisean an t-aon scoláire sinsearach Éireannach le fiche bliain anuas beagnach a chur ceisteanna tábhachtacha mar gheall ar an mbearna leathan sin a sheasann os comhair an 20ú aois agus an ré gan scríobh sin roimis an Drochshaol.
an leacht cuimhneachán an Drochshaoil the ‘Famine’ commemorative plaque
" Ba é an chéad rud a rinne sé sa cathair ná fleasc bláthanna a leagan ag an leacht cuimhneachán an Drochshaoil i ngairdín Naomh Luke in éineacht leis an Ard-Mhéara Sharon Uí Shúilleabháin agus leis an Chomhairleoir Wendy Turner.
i rith an Drochshaoil during the Great Hunger
" 3 milliún Éireannach a tháinig go Learpholl i rith an Drochshaoil, agus ár ndóigh ‘feidhmniú fórsaí an mhargaidh’ an leithscéal a bhí ag Rialtas Shasana ag an t-am sin chomh maith.
Choiste Cuimhneacháin an Drochshaoil the Great Hunger Commemoration Committee
" Bhí siad gníomhach ar Choiste Cuimhneacháin an Drochshaoil anseo ó bunaíodh é i 1994 agus ní raibh ionadh ar dhuine ar bith anseo Proinsias Mac Íomhair a fheiceáil ar chéad leathanach an Irish Times (22/11/2012) ina sheasamh taobh thiar d’Uachtarán na hÉireann, Mícheál D.
leacht cuimhneacháin an Drochshaoil the Great Hunger memorial stone
" Ó hUiginn, nuair a leag se fleasc ag leacht cuimhneacháin an Drochshaoil.
aimsir an Drochshaoil during the Great Hunger
" Iasachtaí Fáin agus Gaeilge na hÁite =========== Sa dara haois déag, le linn do Gruffydd ap Cynan a bhí ina thaoiseach i Gwynedd, bhí trácht lucht éigse agus lucht ceoil anall ó chúige Laighean, agus níos faide anall, aimsir an Drochshaoil casadh Gaeilgeoirí ar an bhfear siúil George Borrow sna sléibhte.
an tréimhse roimh an Drochshaol the period prior to the Great Hunger
" Tabhair faoi deara gurbh é seo an tréimhse roimh an Drochshaol.
ag teitheadh ón Drochshaol fleeing the Great Hunger
" ” De réir leacht cuimhneacháin ag Clarence Dock, Learpholl, tháinig 1,300,000 Éireannach i dtír ansin 1845-52, ag teitheadh ón Drochshaol in Éirinn, go mór mór ón iarthar - áiteanna mar An Clár, Corcaigh, Gaillimh, Ciarraí, Maigh Eo agus Sligeach.
in am an Drochshaoil at the time of the Great Hunger
" Ar an dea-uair, tá leabhair scríofa ag beirt de na dídeanaithe a tháinig trí Learpholl in am an Drochshaoil agus a chuir fúthu i Lancashire: Mícheál Dáibhéid (1846-1906) agus Marcas Ó Roighin (1844-1940) , beirt a bhí bródúil i gcónaí as a dteanga dhúchais agus a thug tacaíocht do Chonradh na Gaeilge nuair a bunaíodh é 1893.
as an Drochshaol from the Great Hunger
" Eascraíonn an t-imeartas focal, *Poorhouse*, as an Drochshaol agus buailtear é le cás comhaimseartha na hÉireann agus síorchúlaithe geilleagair.
bhí an drochshaol ar were having a bad time
" Ó bhí na Tóraithe agus na tiarnaí talún i réim ar feadh cuid mhór den naoú haois déag, bhí an drochshaol ar na daoine bochta, agus gan deis acu an talamh a shaothrú.
le linn an Drochshaoil during the Great Hunger
" Seo an téacs: > “Tógadh an leacht seo i gcuimhne na 241 deoraí Éireannach a cailleadh ar an toabh (sic) thiar thuaidh d’Ile agus í ar an bhealach ó Dhoire Cholmcille go Québec Ceanada, le linn an Drochshaoil, fuarthas 108 corpán mná agus páiste a mbunús (63 acu faoi bhun 14 bliana d’aois agus 9 naíonán) agus cuireadh iad faoi mhacaire glas na trá báine, mar a luíonn siad inniu faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin bhuan Chríost.
Drochshaoil ‘famine’
" Bhí Tony Birtill ag caitheamh súil siar na blianta ar Learpholl an Drochshaoil nuair a chas an t-iriseoir teilifíse, Donal Mac Intyre, air ar na mallaibh.