Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh that no-one ever wore
" Lena chois sin, bí cinnte go ndéarfaidh siad go bhfuil siad dubhthinn ag amharc ar an chnap éadaí atá ina luí fán teach nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh.
nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh that no-one ever wore
" Lena chois sin, bí cinnte go ndéarfaidh siad go bhfuil siad dubhthinn ag amharc ar an chnap éadaí atá ina luí fán teach nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh.
de dhroim an domhain off the face of the earth
" Sin mar a cuireadh in iúl dhom féin go raibh an t-ionad do chuairteoirí a bhfuil Ceol mar ainm air le himeacht de dhroim an domhain sul i bhfad.
de dhroim oíche overnight
" D'iompaigh na Cúbaigh ina bPoblachtaigh de dhroim oíche nuair a chuir Reachtas Clinton an buachaill Elian Gonzales ar ais go Cúba.
a bholg buailte thiar ar a dhroim extremely thin
" Bhí sé caol fada, a bholg buailte thiar ar a dhroim agus scead liath os cionn an dá chluais aige.
bhí an droim síos leis he had a sore back
" Faoin am a bhí an seomra sin glanta aige bhí an droim síos leis agus bhí sé ag tabhairt buíochais do Dhia nach raibh dualgas ghlanadh an leithris airsean.
tá mo ghoile thiar ar mo dhroim I'm absolutely starving
" "Éist, tá mo ghoile thiar ar mo dhroim.
Ar fhleasc a dhroma on the flat of his back
" Ar fhleasc a dhroma a bhí fear na súile nimhe, é buailte amach ar fad le halltacht, le hiontas agus le huafás go raibh Údarás na Galltachta chomh hamaideach agus chomh doscaí agus gur cheap siad Leamh Ó Cuinneagáin mar Chathaoirleach.
Beidh an droim síos linn Our backs will be killing us
" "Beidh an droim síos linn roimh dheireadh an lae.
thug siad droim láimhe they turned their back on
" Bhí na vótóirí ag iarraidh go dtiocfadh athrú ar chúrsaí agus thug siad droim láimhe don chomhrialtas de chuid na ndaonlathaithe sóisialta agus na liobrálach a bhí ag rith na tíre le hocht mbliana anuas.
gheasa droma draíochta inviolable magic spells
" Chuir sé faoi gheasa droma draíochta mé gan rud ar bith a rá fá dtaobh de seo.
ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe that we would turn our back on an enlarged Europe
" Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe? Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
mo mhála droma a dearadh go heolaíoch my scientifically designed rucksack
" Ach b'fhéidir go raibh sé níos éasca orthu siúd ná ar mo leithéidse, le mo ghlóthach ceatha agus glóthach speisialta do m'aghaidh, mo *factor 60*, mo thaos fiacla, mo spéaclaí gréine, mo stocaí agus bútaí siúil, mo bhríste siúlóide speisialta le pócaí agus zipeanna speisialta, mo mhála droma a dearadh go heolaíoch, agus na *plasters *speisialta do na spuaiceanna.
de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht because they're turning their back on their heritage
" Creideann sí go láidir san aos óg agus tá sí den tuairim gur botún mór é a bheith ag tromaíocht orthu agus ag tabhairt amach dóibh de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht.
bheadh an droim loitthe agam my back would be damaged
" Cibé, ní thiocfadh liomsa ualach mar sin a iompar - bheadh an droim loitthe agam.
Thiontaigh sí a droim léi she turned her back on her
" Thiontaigh sí a droim léi agus chrom ar an obair.
ar shlat a ndroma flat on their back (drunk)
" Nuair a bhí bunús na mac léinn eile ar shlat a ndroma ag cóisir inteacht, bhí Joan ansin agus ní ligfeadh sí deoir amháin biotáilte nó leanna thar a béal.
uachtar a dhroma the top of his back
" Bhí fear agus bean lena thaobh amhail is dá mbeidís ag coinneáil a chloiginn díreach nó ag cuachadh pilliúr faoi uachtar a dhroma nó faoina mhuineál.
gheasa droma draíochta inviolable magic spells
" Chuir a chuid dlíodóirí mé fá gheasa droma draíochta gan insint daoibh an rud a tharla dó.
dhroim ridge
" Ansin shiúil muid suas ar dhroim creagach, agus bhí radharc iontach ann trasna páirceanna geala glasa agus fána leo go dtí an fharraige, iad lán de bhláthanna fiáine.
ag iompó nathanna cainte droim ar ais turning phrases back to front
" Is breá leis bheith ag iompó nathanna cainte droim ar ais nó bunoscionn nó spraoi a bheith aige leo.
coilíneacht droim ar ais' reverse colonialism
" "Thug Muiris Ó Laoire (teangeolaí as Ciarraí) ainm iontach suimiúil air: 'coilíneacht droim ar ais'.
de dhroim an domhain off the face of the earth
" Gan a bheith ag iarraidh leatrom a dhéanamh ar aon saghas eile ceoil, is ceart a lua nach n-imeodh *ballet *nó *opera *de dhroim an domhain ar fad dá dteipfeadh orthu in Éirinn.
gur thug cuid mhaith de na daoine seo droim láimhe leis an Ghaeilge that most of these people abandoned the Irish language
" Is fíor fosta gur thug cuid mhaith de na daoine seo droim láimhe leis an Ghaeilge nuair a bhain siad Meiriceá amach, mar bhí a fhios acu go maith gurbh é an Béarla teanga na tíre, agus gurb é a bheadh á labhairt ag bunús na ndaoine a chuaigh ann rompu.
Ní bhíonn a dhath thuas ar a dhroim ach dubh he wears absolutely nothing else but black
" Ní bhíonn a dhath thuas ar a dhroim ach dubh.
i ndiaidh dó droim láimhe a thabhairt don ailtireacht after he had turned his back on architecture
" As Napoli ó dhúchas é Clemente agus tháinig sé chun cinn ar dtús sna seachtóidí i ndiaidh dó droim láimhe a thabhairt don ailtireacht, a raibh sé ag déanamh staidéir uirthi sa Róimh, le díriú isteach ar an phéintéireacht agus ar an fhilíocht.
cé go raibh a goile thiar ar a droim although she was starving
" Rinne Hannah mar a hiarradh uirthi ach, cé go raibh a goile thiar ar a droim, chomh luath agus bhris sí buíocán na huibhe tháinig samhnas uirthi.
sínte ar chlár a dhroma stretched on his back
" Agus Bod sínte ar chlár a dhroma, thuig an chosmhuintir go raibh géarchéim chosanta ann.
Droim na dreancaide the flea's back
" Droim na dreancaide, mar a thugainn fadó ar an domhan mór seo, shiúil mé é agus nach iomaí ceird eile a bhí le foghlaim agam agus atá fós.
Tá mo ghoile thiar ar mo dhroim I'm really starving
" "Tá mo ghoile thiar ar mo dhroim nó níor ith mé greim ó tháinig an mhaidin.
thug Cudahy droim láimhe leis an tsagartóireacht Cudahy opted against the priesthood
" Ach nuair a bhí cinneadh le déanamh aige faoi phost, thug Cudahy droim láimhe leis an tsagartóireacht agus d'éirigh leis post a bhaint amach ag múineadh na fealsúnachta i gColáiste Bhostúin.
gheasa droma draíochta inviolable magic
" Ar nós Labhraí a labhair leis an chrann sin fadó Chinn Balor ar chogar a chur i gcluais *Beo!* Tá Balor bocht faoi gheasa droma draíochta gan an scéal seo a *repeatáil* le duine ar bith beo.
easpa cnámh droma lack of backbone
" Dar liom, léirigh na húdaráis easpa misnigh agus easpa cnámh droma agus iad ag plé leis an scéal seo ar fad.
ar chaol a droma on the small of her back
" Bhí fáinne beag a raibh cloch dhearg crochta as ag caochadh i bpoll an imleacáin agus nuair a shiúil sí thart leis, bhí tatú ar chaol a droma fosta.
aighneas Dhroim Cria the Drumcree dispute
" Bhí aighneas Dhroim Cria faoi lánseol, mar shampla, agus an Cháisc dár gcionn síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta.
curtha de dhroim seoil subverted, ruined
" Deamhan athrú sa mhéid sin, is dóigh, ach mura ngníomhaíonn CLG go luath ar son na hiomána, beidh pé dul chun cinn a rinneadh le cúig bliana fichead anuas curtha de dhroim seoil.
droim láimhe a thabhairt leis an gcogadh to give up war
" Is impí é orainn ar fad glacadh le ceachtanna an chogaidh; droim láimhe a thabhairt leis an gcogadh agus aghaidh a thabhairt ar an tsíocháin.
thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe he ignored to a long-established principle
" Ach bhain an tAire McDowell mí-úsáid as a phost agus thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe sa tír seo - go mbíonn duine neamhchiontach go dtí go gcruthaítear a mhalairt.
go bhfuil siad le droim láimhe a thabhairt le spriocanna Phrótacal Kyoto that they intend ignoring the Kyoto Protocol targets
" Mar shampla, is airteagal de chuid an Pháirtí Coimeádaigh é go bhfuil siad le droim láimhe a thabhairt le spriocanna Phrótacal Kyoto agus teacht ar réiteach Ceanadach.
droim láimhe a thabhairt don fhoréigean to turn their back on violence
" Ní aithneodh dílseoirí sean-Kingstown, mar a bhíodh, an *Irish Times* anois mar atá! Creideann an *Times *go dtugann faicsean Adams/McGuinness an deis is fearr do phoblachtánaigh droim láimhe a thabhairt don fhoréigean, chun go mbeidís mar chuid den réiteach, in ionad bheith gafa laistigh de chiorcal seasc na faidhbe.
a chasfaidh a ndroim ar a gcreideamh who will turn their back on the religion
" Ní dóigh liom go bhfuil mórán Caitliceach a chasfaidh a ndroim ar a gcreideamh díreach mar gheall ar an scannán *The Da Vinci Code* a fheiceáil.
thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe he ignored a long-established principle
" Go deimhin, thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe sa tír seo – go mbíonn duine neamhchiontach go dtí go gcruthaítear a mhalairt.
Droim rite steep ridge
" Droim rite atá ann go Punta Penia, ag 3,343 méadar an pointe is airde ar Marmolada, ach ní raibh muid ábalta na radharcanna a fheiceáil tríd an cheo.
go gcuirfí an rialtas de dhroim seoil. that the government would be thwarted.
" Dúirt Frank Bainimarama, ceannaire an airm, nach mbeadh aon ghlacadh leis an reachtaíocht sin agus dá leanfaí ar aghaidh leis go gcuirfí an rialtas de dhroim seoil.
ar fhleasc a dhroma lying flat on his back
" Bean mhaith ghasta í an grátachán a d’fhág Mickey Stoned ar fhleasc a dhroma – í féin chomh crua le Carraig Ghiobráltair.
droim láimhe a thabhairt do Chomhaontú Chill Rimhinn. to turn their backs on the Saint Andrews Agreement.
" ) Tá an eagraíocht armtha seo ag moladh do dhaoine droim láimhe a thabhairt do Chomhaontú Chill Rimhinn.
ar fhleasc a dhroma stretched out on his back
" “*Blíp*! *Blíp! Blíp!* a Bhaloir,” ar sise go magúil, lách, carthanach, agus í ag síneadh Laoch na Litríochta ar fhleasc a dhroma le buille beag an-mhailíseach dá ciotóg.
a droim liom her back to me
" Ní fhaca mé í ach uair amháin, a droim liom agus í ag imeacht lena lucht tacaíochta i ndiaidh di feiceáil nach raibh ach 2% den vóta céad rogha aici.
mar chnámh droma as the back-bone
" Breathnaítear go hamhrasach ar eaglais na Mormannach go fóill i Meiriceá, agus is cinnte nach dtaitneoidh sé le gnáth-Chríostaithe, atá mar chnámh droma an Pháirtí Phoblachtánaigh.
ar dhroim capall on horseback
" Chinn mé ar iarracht a dhéanamh teacht ar ais anseo ar bhonn níos fadtéarmaí agus d’éirigh liom post (gan íocaíocht, ach nach cuma!) a fháil le comhlacht a eagraíonn *safaris* ar dhroim capall ar an Nyika Plateau, i dtuaisceart na tíre.
plódaithe le turasóirí mála droma, full of back-packing tourists,
" De ghnáth, bíonn lár an bhaile plódaithe le turasóirí mála droma, agus bíonn corr-réalta scannáin nó rac-cheoil ag spaisteoireacht ina measc freisin.
Oráistigh Dhroim Cria the Drumcree Orangemen
" Bhí Oráistigh Dhroim Cria ag éileamh cainteanna le bunadh Bhóthar Gharbh Achaidh, dream ar dhiúltaigh siad labhairt leo ar feadh 13 bliana nó mar sin.
droim á tabhairt againn ar an másailéam. turning our backs to the mausoleum.
" Bogaimid i dtreo an phríomhbhóthair, droim á tabhairt againn ar an másailéam.
Droim Conrach Drumcondra
" Beidh trí dháilcheantar nua sa tír: Oileán Thoraí (cúig shuíochán), Droim Conrach i mBaile Átha Cliath (seacht suíochán) agus Baile Bhúirne (trí stól).
Nuair a tugadh droim láimhe don chóras cumannach when communism was rejected
" Nuair a tugadh droim láimhe don chóras cumannach i 1989, níor cuireadh aon phionós orthusan a rialaigh an Pholainn le linn an chumannachais.
a bheadh in ann droim láimhe a thabhairt do chinntí a ghlacann Tithe an Oireachtais. who could turn their backs on decisions made of the Houses of the Oireachtas
" Níl aon amhras ach go bhfuil sciar den phobal buartha faoi a thuilleadh flaithiúnais a ghéilleadh don Eoraip le go mbunófaí "ollstát" a bheadh in ann droim láimhe a thabhairt do chinntí a ghlacann Tithe an Oireachtais.
traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí a tradition which turns it back on the old understandings
" Traidisiúnta? Ní dócha é, ach seans mór gur ag cruthú traidisiún nua atá siad féin, traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí agus leis na seaneiseamláir ar shochaí.
go raibh droim láimhe á thabhairt do choinníollacha teanga a leag siad féin síos do thithe úra i nGaeltacht na Rinne. that language conditions laid down by themselves for new houses in the Ring Gaeltacht were being ignored.
" Go deimhin léiríonn cáipéisí inmheánacha de chuid na Comhairle Contae gur chuir sí in iúl d’fheidhmeannaigh ón rannóg pleanála i 2006 gur mheas sí go raibh droim láimhe á thabhairt do choinníollacha teanga a leag siad féin síos do thithe úra i nGaeltacht na Rinne.
droim láimhe a thabhairt don fhoréigean to turn back on violence
" Céim mhór chun cinn sa phróiseas síochána ab ea é, a léirigh go rabhthas toilteanach droim láimhe a thabhairt don fhoréigean agus go rabhthas sásta aghaidh a thabhairt ar shochaí nua shíochánta a chruthú.
droim láimhe a thabhairt leis an Ghaeilge to turn their backs on Irish
" Bheadh sé níos fusa ansin feoil is iasc a dhéanamh díobh siúd a bhfuil míchumas foghlama orthu i ndáiríre agus na daoine a bhfóireann sé dóibh droim láimhe a thabhairt leis an Ghaeilge mar ábhar.
safari ar dhroim capaill horseback safari
" Chaith mé cúig mhí ag obair le comhlacht arb é a ghnó ná safari ar dhroim capaill a chur ar fáil in Nyika National Park – an pháirc is mó de na cúig pháirc náisiúnta sa tír – agus sé mhí ag obair in óstlann cois locha i mbaile ar a dtugtar Nkhata Bay.
i measc thurasóirí mála droma among backpackers
" Tá cáil ar an mbaile seo i measc thurasóirí mála droma mar áit a bhfuil atmaisféar réchúiseach, rogha leathan lóistín agus daoine cairdiúla, suimiúla agus cineálta.
le droim láimhe a thabhairt leis an homaighnéasachas. to turn their backs on homosexuality.
" Ar ndóigh, ní hí Iris amháin atá den tuairim láidir gur féidir daoine a spreagadh le droim láimhe a thabhairt leis an homaighnéasachas.
cnámh droma backbone
" Go deimhin, bhí an turasóireacht ina cnámh droma ag geilleagar Mhanann ar feadh nach mór céad bliain ón mbliain 1830 amach nuair a cuireadh tús leis na báid ghaile ó Learpholl.
cinneadh droim láimhe a thabhairt le comhlachtaí ceirníní feasta. a decision to turn their backs on record companies henceforth
" ” Sa deireadh, níor cuireadh an t-albam *Dance the Devil* amach go dtí 1999 agus ansin, ar chasadh na mílaoise, rinne The Frames cinneadh droim láimhe a thabhairt le comhlachtaí ceirníní feasta.
i nDroim Conrach in Drumcondra
" Ba rud neamhchoitianta go leor é sin ag an am do mhuintir na Gaeltachta ach ba ann a chaith sé tamall i gcomhluadar Jimí Fheilimí nó mhac Sheamás Uí Ghrianna, ag ól sa Cat and Cage i nDroim Conrach.
ar a ndroim, on their back
" Os rud é go n-iompraíonn formhór na n-oilithreach an beagán éadaí agus riachtanas eile a thugann siad leo ar a ndroim, is de réir praiticiúlachta, seachas faisin, a roghnaíonn siad a mbíonn ina gcuid málaí.
cnámh droma (in-athnuaite) renewable back bone
" Don Taoiseach is mian liom go dtabharfaí ranganna deaslabhartha agus aoibh phléisiúrtha; do Mhary Harney vaicsín acmhainn grinn (saor in aisce ar ndóigh); ticéad chuig The Lion King don Tánaiste; bachall mhór don Phríomh-Aoire le smacht a choinneáil ar na cúlbhinseoirí, do Mhary O'Rourke cárta leighis óna nia, conradh úr do Inda Kinny, cnámh droma (in-athnuaite) do John Gormley, roinnt iarrthóirí le dealramh do Shinn Féin, bliain gan tubaiste don HSE, leac cuimhneacháin do na PDs, splanc céille do Chonor Lenihan agus téipeanna Buntús Cainte do Mhichael Ring.
an scian sa droim the knife in the back
" Is dócha gurbh é seo an scian sa droim a bhí i gceist ag Harris.
An droim láimhe a thabhairt to turn one's back on people
"An droim láimhe a thabhairtIs léir go mbraitheann Harris gur geall le géarleanúint an t-iompar seo.
droim ar ais vice versa
" Ach ansin, droim ar ais, buailfidh taom díoma thú go mbeidh ort aghaidh a thabhairt amach arís ar turas éigin eile.
thurasóirí mála droma back packers
" Tá na feirmeoirí seo ag brath le tamall anuas ar thurasóirí mála droma as tíortha éagsúla leis an bhfómhar a shábháil, agus níl taithí ag formhór na dturasóirí ar an gcineál oibre seo.
droim sléibhe mountain ridge
" Chas muid ar ár gcara Glynn, an ball den fhoireann a d'aimsigh na coirp, nuair a bhí muid ar an droim sléibhe Crib Goch cúpla lá i ndiaidh an timpiste.
ceann ar dhroim a chéile one after another
" Baineann sé seo le gach gné den saol Mheiriceánach, ach tá sé níos feiceálaí ná riamh anois agus sinn ar maos san oiread sin fadhbanna, ceann ar dhroim a chéile.
ní droim ar ais é not the other way around
" Is as muintir na háite iad féin a thiocfaidh an fhorbairt agus ní droim ar ais é, is é sin, ní as an bhforbairt a thiocfaidh muintir na háite chun cinn.
de dhroim an tsaoil into the grave
" Is ceann de fáthanna móra eile a scuabtar daoine de dhroim an tsaoil é sin.
Ar dhroim sin on top of (all) that
"Ar dhroim sin uile, chuir lucht dlí al Megrahi na céadta leathanach a mhaíonn a neamhchiontacht ar shuíomh idirlín speisialta níos lú ná coicís ó shin: http://www.
dhroim surface
" Is fiú a lua chomh maith go bhfuil an dearcadh ann gur gránna an radharc iad go feiceálach ar dhroim na talún agus go gcuireann an torann a dhéanann na muilte isteach ar dhaoine agus ar ainmhithe araon.
droim láimhe walking papers
" An rud atá ar a chúl, is é atá i gceist leis an leagan Béarla faoin mbean ar tugadh droim láimhe dí, ‘a woman scorned’.
de dhroim an tsaoil of the face of the earth
" Ós rud é go bhfuil cuid mhór daoine mar sin ar m’aithne, an cóir dom iad ar fad a cheangal dá chéile agus tonna cloch a cheannach ó Roadstone, nó an mbeadh sé ceart go leor i súilibh Dé dá síobfadh an coirpeach óg dífhostaithe de dhroim an tsaoil iad nuair a bheas sé réidh leis an tiománaí bus? A Phápa agus a Iris, a chairde na páirte, is agaibhse atá na freagraí a chuirfidh suaimhneas ar m’anam.
ar dhroim an domhain in the wide world
" Áirítear go bhfuil tuairim is 200 milliún duine ag cur fúthu i dtíortha nach a dtíortha dúchais iad sa lá atá inniu ann agus is féidir talamh slán a dhéanamh de gur beag tír ar dhroim an domhain nach bhfuil an imirce seo dulta i gcion air.
droim ar ais right around, back to front
" Roth Mór 40 Bliain ======== Mhair an streachailt ar feadh 40 bliain, arsa Bernie, ag toiseacht amach mar fheachtas chun cearta sibhialta a bhaint amach, a d'iompaigh ina fheachtas míleata do chearta náisiúnta ach atá iompaithe droim ar ais arís.
droim láimhe a thabhairt to abandon
" ' Rachadh sé dian go maith ar Fhine Gael droim láimhe a thabhairt do ghné thábhachtach den straitéis agus iad i gcumhacht go háirithe má thug siad a mbeannacht dó agus iad sa fhreasúra.
thugann droim láimhe refutes, doesn’t use
" Agus feictear domhsa go bhfuil dhá bhua ar leith riachtanach don té a thugann droim láimhe don mbealach inste traidisiúnta.
tugadh droim láimhe do was rejected
" Craobhscaoilim an tuairim sin, ag cur san áireamh éagóir shraitheach na bliana seo caite nuair a tugadh droim láimhe do ‘Das weisse Band’, le Haneke, agus don sárshaothar ‘Un Prophete’ a rinne Jacques Audiard.
droim ghainimh a sandbank
" Ach ag féachaint arís air le linn siúl cladaigh, tá sé fós chomh casta – carraig anseo, dumhach ansiúd, droim ghainimh in áit eile.
droim láimhe refusal
" Ar bhonn áitiúil, thug comhairleoirí áirithe droim láimhe do mhianta na ndaoine a thogh iad nuair a rinne siad athchriosú ar thalamh ghlas ar mhaithe le tríocha bonn airgid.
droim láimhe refusal
" Ach thug an tAire Tionscail, Tráchtáil agus Fuinnimh, Des O’Malley, droim láimhe don mholadh.
thug sé droim láimhe he affronted, turned down
" Léiriú é ar a charachtar is dóigh go bhfuil an grianghraf áirithe sin sa leabhar aige nuair is údar náire agus aiféala aige ó shin gur thug sé droim láimhe dá bhainisteoir.
taobh thiar de dhroim behind the backs
" Agus (dúras) nach raibh mise sásta dul taobh thiar de dhroim daoine a chur isteach i bPairlimint na hEorpa mé le caint rúnda d’aon tsaghas.
thugais droim láimhe you turned away from
" An raibh aon eachtra amháin i gceist nó ar shraith tarlúintí a thit amach a chinn gur thugais droim láimhe don chreideamh i saol iarbháis, nó don chreideamh ann féin?** SÓhU: Bhíos sna Stáit Aontaithe nuair a bhí an cogadh ar siúl go tréan.
dhroim back
" D'íocas an t-airgead le strainc agus bhaineas Illinois amach le mo dhroim ina chruit an mhaidin dár gcionn.
casadh a dhroim leis turning away from him
" Are you coming for a cuppa tae”*, ag casadh a dhroim leis agus ag siúl uaidh suas an ché, *“come on, ya fecker ye, you’ll come up for a cuppa tae”.
cnámh droma spine
" Clann an Uisce ======= Mar is eol daoibh, b’iad na hamfaibiaigh na chéad ainmhithe le cnámh droma a tháinig i dtír chun maireachtaint ar thalamh na cruinne.
droim back
" Forbrófar círín ar an droim agus ar an eireaball le linn am an ghoir agus feictear dathanna an-gheala air faoin am seo chomh maith.
nDromanna mountain ridges
" Siúl na nDromanna =========== Ach bhí muid tiomanta dul suas Carn Dearg agus mar sin, d'éirigh muid go luath an mhaidin dár gcionn agus d'fhill muid ar ais go Gleann Beannchuir.
droim ar ais vice versa
" B'fhéidir go n-oibreodh rud amháin i mBéal an Mhuirthead is nach n-oibreodh sé anseo agus an rud céanna droim ar ais.
mála droma a backpack
" Sa chéad dul síos tá mála droma de chuid mhná óige a bhí i measc na ndaoine óga a thagann go rialta as Éirinn le bliain nó dó a chaitheamh san Astráil.
ar dhroim a mháthar on its mother’s back
" Fanann an rón beag leis an máthair agus snámhann sé thar na tonnta ar dhroim a mháthar, dá bhrí sin, ní móide go ngortófar é má fhanann sé lena mháthair.
faoi gheasa droma draíochta enthralled
" Ach tá Balor Bocht faoi gheasa droma draíochta ag an eagarthóir Ó Slua Muirí gan a bheith ag scríobh faoi Bhanríon Shasana (eagarwhore: .