Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i ngan fhios dá dtuismitheoirí without their parents knowing
" D'fhéadfaidís í a choinneáil i dtaisce i reoiteoir mór i ngan fhios dá dtuismitheoirí a choinneodh friseáilte í agus fuar crua sa gcaoi nach santódh gadhair, cait ná luchain í.
ionas go mbeadh a fhios ag a dtuismitheoirí so that the parents would know
" Cuireadh bileoga abhaile le daltaí scoile ar fud dheisceart Chonamara ionas go mbeadh a fhios ag a dtuismitheoirí conas teacht ar an gcomhartha teilifíse, a bhí ag teacht ó bharr Chnoc Mordáin.
go scarfaidís a dtuismitheoirí óna chéile that they would separate the parents from each other
" Shocraigh na mic go scarfaidís a dtuismitheoirí óna chéile ionas go dtiocfadh an solas isteach.
ag ligean dá dtuismitheoirí letting their parents
" In 2005, thug an ciniceas agus an fhuarchúis an svae leo agus d'fhan lear mór vótálaithe óga sa bhaile, ag ligean dá dtuismitheoirí agus dá seantuismitheoirí PiS a thoghadh chun an Sejm.
dtuismitheoirí parents
" org) agus freastalaíonn idir ceathrar agus ochtar páistí air, gach Satharn, in éineacht lena dtuismitheoirí.
dtuismitheoirí parents
" Daoine iad a tháinig (nó ar tháinig a dtuismitheoirí nó a seantuismitheoirí, fiú amháin) chun na tíre ag lorg oibre agus a d’fhan.
cearta na dtuismitheoirí the parents’ rights
" Dar leis an bhfeachtas atá ar bun ag AITHEANTAS (Glór na nGael, Conradh na Gaeilge, Foras Patrúnachta agus Comluadar), sáraíonn an cinneadh seo cearta na dtuismitheoirí, cearta teanga na bpáistí féin, agus téann sé glan in aghaidh bheartais an Rialtais maidir leis an nGaeilge a chothú.
mhian na dtuismitheoirí the parents’ wish(es)
" Is ar mhian na dtuismitheoirí a sheasann an dualgas ansiúd.
dtuismitheoirí parents
" An Fhírinne Throm ========= D’eisigh an Dochtúir Lyn Roberts, príomhfheidhmeannach an Heart Foundation, ráiteas i dtaca leis an ngéarchéim seo le déanaí inar mhaígh sí go raibh fadhb an rómheáchain chomh dona i measc na glúine óige go raibh an chontúirt ann nach mairfidís chomh fada lena dtuismitheoirí.
a dtuismitheoirí their parents
" Os rud é go raibh siad 17 bliana d'aois ag an am, bhí ar a dtuismitheoirí foirm cheada a shíniú.
dearcadh na dtuismitheoirí áitiúla the local parents view
" Bhí an méid seo le rá sa suirbhé: 'Is é cuspóir an tsuirbhé seo ná dearcadh na dtuismitheoirí áitiúla a fháil maidir leis an ngá atá le cineálacha scoileanna breise sa cheantar seo.
ar an bhonn go bhfuil a dtuismitheoirí inniúil ar on the basis of their parents being capable
" Ní cheadófar feasta tosaíocht a thabhairt do dhaltaí ar an bhonn go bhfuil a dtuismitheoirí inniúil ar an Ghaeilge.
bhíodh ár dtuismitheoirí bochta dár dtiomáint our poor parents were always driving us
" Is sárcheoltóir í mo dheirfiúr Bríd freisin, agus bhíodh ár dtuismitheoirí bochta dár dtiomáint timpeall na tíre chuig ócáidí ceoil, nó fleadhanna, nó chuig ranganna ceoil i gcónaí.