Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dtromchodladh duairc a heavy, gloomy sleep
" Cloisim i mo chloigeann anois é, an t-uaillmhaíomh macallach úd a dhúisíonn iad siúd atá tar éis an geimhreadh a chaitheamh ina dtromchodladh duairc.
duairc gloomy
" Cén fáth ansin gur chuir mé romham an Camino de Santiago de Compostella a shiúl mar shaoire? Nach bhfuil an saol sa bhaile duairc agus dian go leor gan cur leis an duairceas agus an phian trí breis agus 20 ciliméadar a shiúl sa teas, faoin ngrian, le mála mór ar mo dhroim le mo chuid balcaisí agus bia an lae ann.
duairce gloomy
" Ach caithfear an cheist a chur na laethanta duairce faiteacha seo: céard a tharlódh in Éirinn dá dtarlódh tubaiste mhór ag Sellafield? Ceist í seo a chuir an tArd-Aighne, Ruairí Ó Brádaigh, nuair a sheas sé suas sa gcúirt idirnáisiúnta sa Háig an mhí seo caite.
duairc morose
" "Inseoidh mé an scéal díreach mar a thagann sé isteach i mo chrúb, gan cur leis ná baint de!" Seo daoibh anois sliocht as dialann dobhartha, doilbhir, duairc an Aire Chráite, Chraiceáilte, Chonfaigh: (nóta ón eagarthóir: Feicfidh sibh leis na lúibíní thíos gurbh éigean dúinn cinsireacht a dhéanamh ar roinnt de na focail dána a tháinig chugainn díreach ón chrúb iomráiteach sin.
dhuairc bleak
" Tar éis siúl suas an staighre álainn grástúil sa chéad ghrád agus ansin síos go dtí na buncanna cúnga sa tríú grád, agus fuaimeanna an ama agus na háite i mo chluasa, ba é an dúshlán ná feiceáil cé chomh fada is a d'fhéadfainn mo lámh a fhágáil brúite ar bhloc mór millteach leac oighir - a bhí ag an teocht nó an fuacht ag a raibh an t-uisce agus na cnoic oighir an oíche dhuairc sin a ndeachaigh an long mhaorga go tóin poill.
spéartha duairce scamallacha gloomy cloudy skies
" Mar sin, ar thoghadh Polannaigh mar Phápa i 1978 bhí sé mar a bheadh solas gréine ag taitneamh ar an tír tar éis blianta de spéartha duairce scamallacha.
spéartha duairce scamallacha gloomy cloudy skies
" Mar sin, ar thoghadh Polannaigh mar Phápa i 1978 bhí sé mar a bheadh solas gréine ag taitneamh ar an tír tar éis blianta de spéartha duairce scamallacha.
máthair dhuairc phiúratánach a dour puriticanical mother
" ** **Cúlra Bergman**Mac ministir ab ea Bergman, agus bhí máthair dhuairc phiúratánach aige.
Súim isteach an t-atmaisféar duairc, I absorb the gloomy atmosphere,
" Súim isteach an t-atmaisféar duairc, cuirim figiúirí uamhnacha uafáis de ghlanmheabhair.
duairc gruama morose and gloomy
" Saor-Phreispitéireach cartúnach a bhí ann, é duairc gruama lán fuatha do dhaoine nár aontaigh sé leo.
gruama agus duairc gloomy and pessemistic
" Is minic a bhíonn an sean-*cliché* sin le cloisteáil mar gheall ar fhuirseoirí a bheith gruama agus duairc nuair nach mbíonn an *persona* poiblí i gceist.
duairce gloom
" B'shin cúis duairce Mikey, infheisteoir ar Wall Street a tháinig isteach chuig an ngruagadóir maidin Dé Sathairn seo caite.
duairce gloomy
" Seo daoibh anois, más ea, smaointe doimhne, duairce, domhaiseacha eagarthóir na liarlóige leimhe leibidí seo: Balor: Den chéad uair riamh tá an deis agam agallamh a chur ar eagarthóir Beo Ar Éigean!, ach fós tá mé cinnte nach gcuirfidh tú an sliocht seo ar bharr an leathanaigh bhaile.
duairc dark, gloomy
" Is cuma cén leagan a roghnaíonn tú, is duairc an todhchaí atá i ndán do na heagrais dheonacha Gaeilge! Thig a bheith cinnte, áfach, faoi athrú amháin atá i ndán do shaol na Gaeltachta.
duairc morose
" Bím ag machnamh go minic mar sin, ar mo dhílseacht i dtaca leis an phróiseas seo, agus an bhfuil, díomaite den timpeallacht a shábháil, easpa dreasachta ann an iarracht seo a dhéanamh? Éadáil an Ghaoith Chuaigh mé ’na bhaile deireadh seachtaine amháin an samhradh seo agus, greannmhar go leor, níor thit mé isteach i mo ghnáthiompraíocht fhrithshóisialta –faisean atá agam nuair a phillim ar an teach s’againne – ag spadántacht thart fá’n teach ionas go bhfuil mé sé bliana déag arís le dearcadh duairc ar an saol, míchomhoibrithe, agus mé i mo chrá croí, an dóigh a bhíodh nuair a chónaigh mé sa teach fadó shin.
duairc dur
" Ní thig léi grá ná mothú a léiriú go poiblí – síorchaiteoir righin duairc atá inti, fuinte as cúngacht na gcaogadaí duairce.
duairc dúr dark and gloomy
" Is fada íomhá ag lucht an aineolais den Ghaeilgeoir mar dhuine duairc dúr gan aoibh ar leasc leis a bheith ag magadh faoi féin nó faoi éinne eile.
duairc gloomy
" Léaró Dóchais: Mayawati Ní dubh duairc ar fad atá scéal an mhionlaigh líonmhair seo, áfach.
duairc gloomy
" Tá rogha cinniúnach le déanamh ag muintir na hÍsiltíre ar an 9 Meitheamh: aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna i sochaí na tíre faoi cheannas dhuine a chreideann san ilchultúrachas ach a thuigeann na deacrachtaí a bhaineann leis, nó aghaidh a thabhairt ar thodhchaí a bhreathnaíonn thar a bheith duairc.
duairc, gruama gloomy and sad
" Agus, leis sin, tá athrú meacain tagtha ar na scéalta, iad ag éirí duairc, gruama – scéal i ndiaidh scéil.
an té ba dhuairce the greatest pessimist
" Bhí muid ag súil le greadadh ach ní thiocfadh leis an té ba dhuairce a thuar go gcaillfeadh muid a oiread sin suíochán.
bhí cuma dhuairc ar an áit seo the place looked gloomy
duairc gloomy
" ’Sé an lasc dubh bacailite, sreangán cas ar sileadh uaidh, meafar duairc na mblianta sin domhsa.
duairc gloomy
" Bhí Laoch na Litríochta dubhaigeanta, dúlionnach agus duairc an mhí seo a chuaigh thart, de thairbhe cainte gan stad gan staonadh faoi dhrochstaid na tíre.
an tuar duairc úd that gloomy prediction
" Tá cúig bliana caite ó deineadh an tuar duairc úd sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, nach mairfeadh an teanga mar rogha-theanga an phobail níos mó ná fiche bliain mura nglacfaí céimeanna ar leith le dul i ngleic leis an mheath.
an dtiocfaidh an tuar fán tairngreacht dhuairc whether the gloomy prophesy shall come into being
" Is le linn do shealsa mar Phríomhfheidhmeanach mar sin a chinnteofar cinniúint na Gaeltachta agus an dtiocfaidh an tuar fán tairngreacht dhuairc a rinne údair an Staidéir Chuimsithigh.
Má ghlactar leis an tuar duairc if one accepts the bleak forecast
" An bhfuil aon mhuinín againn go mbeidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta in ann don chúram dúshlánach atá leagtha orthu ó thaobh na pleanála teanga sa Ghaeltacht más aon teist é an cás seo? Má ghlactar leis an tuar duairc a rinne an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge go bhfuil an baol ann nach bhfuil ach idir cúig bliana déag agus fiche bliain fágtha ag an Ghaeilge mar roghatheanga an phobail (agus go bhfuil cúig bliana de sin imithe cheana féin) an bhfuil muid dóchasach go mbeidh a dhóthain fuadair faoin Roinn leis an phleanáil teanga a thabhairt go ceann scríbe?
fógra duairc a gloomy announcement
" In áit ghnáthphictiúirí na coileáin óga i mbun oibre ag cabhrú le daoine faoi mhíchumas, bhí fógra duairc ann.
an domhan laethúil chomh duairc daily life as gloomy
" Is éard atá á rá ag Muingu ná seo: Tá Ceaușescu imithe, tá an euro i bhfeidhm mar airgead reatha, ach tá an domhan laethúil chomh duairc agus chomh leatromach agus a bhí riamh, é ar maos le saint, cruálacht agus an dúshaothrú ceannann céanna agus a bhí ann faoin seanchóras.