Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bainid aoibhneas as an duilliúr they take delight from the leaves
" Ach na Seapánaigh, glacann siad grianghraif de chrainn agus ní gá go mbeadh an crann ar fad ann; bainid aoibhneas as an duilliúr, dathanna á dtréigean, glas, buí, dearg, órga.
duilliúr greenery
" Bainfidh an duilliúr seo go léir i measc na coincréite agus an asfailt i Battery Park City geit as cuairteoirí.
duilliúr leaves, greenery
" Tá sé chóir a bheith faoi cheilt go hiomlán ag an duilliúr agus tá féar ag fás ar an díon freisin.
an duilliúr úr the new leaves
" Tá an sabhaircín agus lus an chromchinn ag damhsa sa leoithne; tá na huain óga ag damhsa ar na bánta; tá an duilliúr úr ag damhsa ar ghéaga na gcrann; tá an magairlín meidhreach ag damhsa ar na méilte; tá Bertie an Bodach ag damhsa ó ghéarchéim go héigeandáil; tá Peewee Flynn agus an Half Leper Ó Leath Lobhair ag iarraidh damhsa amach ar dhoras an Bhinse Fhiosraithe, agus - Dia idir muid agus an t-olc - tá Balor na Súile Nimhe ag damhsa thart istigh sa phluais.
duilliúr leaves
" Ach is mí fhriseáilte, íocshláinteach, athbhríoch í mí seo na Bealtaine, dar le laoch na litríochta: an t-am a dtagann duilliúr ar na crainn agus bláthanna ar na sceacha, an t-am a dtosaíonn suán na beatha ag sníomh aníos arís fríd a chuid féitheacha.
duilliúr leaf
" Tá an sabhaircín agus lus an chromchinn réidh le damhsa sa leoithne; tá na huain óga réidh le damhsa ar na bánta; tá an duilliúr úr istigh sna bachlóga réidh le damhsa ar ghéaga na gcrann; tá an magairlín meidhreach réidh le damhsa ar na méilte; tá Balor Builiúil ag damhsa le bamba agus dírathú; agus tá ceannairí na tíre ag damhsa iomlán an bhealaigh isteach i dTeach na nGealt.
duilliúr foliage
" Deacair a chreidiúint gur imigh an duilliúr breá a mhaisigh i rith an tsamhraidh iad agus go bhfuil na duilleoga anois ag lobhadh ina screamh salachair.
duilliúir foliage
" Le teacht an duilliúir agus na dea-aimsire, bíonn aoibh eile uirthi agus meallann ceol na n-éan agus an solas uaine isteach ann mé.
dhuilliúr foliage
" Bua an cheoil sin ná nithe a bheith á gcur abhaile orainn go tréan, nithe nach bhféadfadh an intleacht amháin a chur in iúl go brách: >Cnónna capaill ar chraobh faoi dhuilliúr donn.
chrann gan duilliúr a leafless tree
" ‘Nuair a thig an chuach ar chrann gan duilliúr, díol do bhó is ceannaigh arbhar’ a deirtí in am amháin.
dhuilliúr foliage
" Sin mar a bhí sé nuair a d’phill mé anseo i Mí Meithimh agus d’oscail mé na cuirtíní ar maidin; shíl mé go raibh mé an Fómhar linn go fóill mar bhí dath donn ar dhuilliúr na gcrann agus nuair a shiúil mé síos an bóthairín bhí duilleoga faoi mo chois.
ar dath duilliúr na giúise the colour of pine leaves
" Bhí an dearadh ar dath duilliúr na giúise.
duilliúr leaf
" IN Éimin, is tionscal mór atá sa khat, druga spreagúil a dhéantar ón duilliúr a bhíonn ar sceach atá an-chosúil le crann an bhosca – boxplant.
duilliúir ghlas ar gach craobh green foliage on every tree
" Ó chósta na Boisnia soir faoin tír, lean an bóthar gleann fairsing, torthúil a raibh oráistí ag fás go slaodach ann, scoth na créafóige fúthu, agus uisce mór ó na sléibhte anuas ag cur duilliúir ghlas ar gach craobh.
duilliúr leaves
" Bhí muid ar strae: crainnte ag clúdach radharc na habhann orainn; an ghaoth ins an duilliúr ag coinneáil fuaim agus boladh an uisce uainn.
duilliúr a sceitheann an choill foliage which is shed
" Thuig sé trí rud: cuireann na préamhacha srian le creimeadh na talún; bíonn foscadh faoi chraobh ó sceo na gaoithe agus ó dhó na gréine; agus is leasú créafóige atá sa duilliúr a sceitheann an choill sa bhfómhar.
duilliúr foliage
" Itheann an cóála duilliúr na gcrann eoclaipe, ach tá sé fíorbheadaí ó thaobh a aiste bhia de.
an duilliúr ag imeacht go tiubh foliage is going fast
"an duilliúr ag imeacht go tiubh den chraoibh cheana féin.
ar tháirgeadh nitrigín a gcuid duilliúir because of their leaves producing nitrogen
" Cén dochar má ghlactar leis nach mbainfear móin ar na portaigh sléibhe faoi cheann deich mbliana agus in ionad an mhóin a bhaint, go mbearrfar crainn le haghaidh Brosna? Chuige sin, cuirfear cineálacha áirid crann sna lagphortaigh sléibhe, sail dúchais, beith agus crann fearna is inmholta (ar luas a bhfáis & ar tháirgeadh nitrigín a gcuid duilliúir .
duilliúr glas green foliage
" An samhradh dár gcionn, anuraidh, bhí le feiceáil duilliúr glas ag fás as géaga crainn a chruthaigh gur crainn astu féin anois is feasta.