Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag baint lán a ndá súl as a raibh ag dul ar aghaidh taking in everything that was going on
" Shuífeadh siad ansin i rith na hoíche agus gloiní oráiste as a gcomhair agus gan bogadh astu agus iad ag baint lán a ndá súl as a raibh ag dul ar aghaidh.
ag iarraidh dul ar aghaidh sa saol. trying to get on in life.
" An dara glúin, an t-oideachas a bhí ag déanamh tinnis dóibh agus iad ag iarraidh dul ar aghaidh sa saol.
ag dul ar aghaidh thíos staighre. going on downstairs.
" Bhíodh muidinne thuas sa leaba ag éisteacht leis seo ag dul ar aghaidh thíos staighre.
ag dul ar aghaidh continues
" Ainneoin an Nollaig a bheith curtha caillte le ráithe tá an gheamaireacht ag dul ar aghaidh ó thuaidh, go háirithe taobh istigh den UUP.
agóid shalach ag dul ar aghaidh a dirty protest in progress
" 
 Tá a fhios agam go bhfuil an pictiúr mór ann fosta - dúirt m’athair liom go bhfuil coimhlint sna príosúin le cúpla bliain anuas agus go bhfuil agóid shalach ag dul ar aghaidh.
mbíodh ceachtanna ag dul ar aghaidh lessons were on the go
" “Yeah, bhí an ceol i gcónaí sa teach sa mhéid is go mbíodh ceachtanna ag dul ar aghaidh an t-am ar fad - rinne muid gach rud ó bhailé go dtí an bosca ceoil.
gach mire ag dul ar aghaidh thart orm all the craziness going on around me
" Bhí mé ag iarraidh a bheith cinnte nár cailleadh mé i mionsonraí an tionlacain agus gach mire ag dul ar aghaidh thart orm, mar sin bhí mé cinnte go dtosóinn leis an chanadh le bheith cinnte nach gcaillfí an guth.
díospóireacht ag dul ar aghaidh a debate going on
" Le linn dom bheith á léamh seo, bhí díospóireacht ag dul ar aghaidh ar an phósadh comhghnéis sa Tionóil.
agus an imirt ag dul ar aghaidh while playing
" Ní raibh mórán aithne ag daoine ar a chéile fós ag an am, ach nuair a d’imríomar an chéad chluiche sin bhí an-chraic againn agus muid ár gcur féin in aithne dá chéile agus an imirt ag dul ar aghaidh!” Bíonn gach tosú lag, deirtear, agus níor bhuaigh Na Gaeil Óga aon chluiche sa chéad bhliain sin.
mhol sé gan dul ar aghaidh he advised not going ahead
" Cad é an mheisce a bhí ar Ard-Aighne Thuaisceart Éireann John Larkin nuair a mhol sé gan dul ar aghaidh le fiosrúcháin ar choireanna a tharla le linn na dTrioblóidí? Cinnte, ba bhreá le Rialtas na Breataine a leithéid ar mhaithe le cúrsaí airgid agus ar mhaithe le rúndacht (bhí alt ar an Guardian inné faoin dóigh ar loisc na húdaráis Bhriotanacha cáipéisí a chuirfeadh aiféaltas orthu sular fhág siad na tíortha Afraiceacha a bhain neamhspleáchas amach sna 1960í).
ag dul ar aghaidh in progress
" Tá cás cúirte Thriúr Anglo ag dul ar aghaidh i rith an ama.