Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dul i muinín an fhóid mhóna chéanna to resort to using the same sod of turf
" Mar dhuine atá ag treabhadh ghort na hiriseoireachta Gaeilge, is iomaí uair a bhí cathú orm féin dul i muinín an fhóid mhóna chéanna ach measaim go bhfuil iriseoirí na Gaeilge ag cur barraíocht brú ar acmhainní nádúrtha mar atá.
dul i muinín an bhéarlagair acadúil. to recourse to academic jargon
" Is iad na buanna is mó atá ag baint leis an saothar seo ná, sa chéad dul síos, go bhfuil na haltanna i mBéarla agus, sa dara dul síos, gur éirigh leis na húdair ar fad stíl bhreá iriseoireachta a chothú ina gcuid scríbhneoireachta agus nár ghéill siad don chathú dul i muinín an bhéarlagair acadúil.
dul i muinín Moon to resort to Moon
" Níor mhór don rialtas dul i muinín Moon arís.
dul i muinín an ghunna recourse to the gun
" Bíonn eagla a n-anama ar na póilíní chomh maith agus, mar sin, b’fhearr leo dul i muinín an ghunna ná dul sa tseans.
dul i muinín arm láithreach, to recourse to weapons immediately
" Deir daoine eile go gcruthódh a leithéid de bheart a lán deacrachtaí mar go mbeadh na Gardaí níos toilteanaí dul i muinín arm láithreach, seachas réiteach níos síochánta a aimsiú.
dul i muinín to take to
" Ba thromchúiseach an líomhain é seo, cheap mé féin, agus mar sin bheartaigh mé dul i muinín an fhoclóra, nó na bhfoclóirí ba chirte a rá.
dul i muinín to resort to
" D’éirigh coimhlint idir an dá bhuíon i dtaca le hacmhainn bia an cheantair agus ní raibh aon leisce ar na coilínigh dul i muinín an fhornirt lena ngabháltais agus a n-ainmhithe a chosaint.
mbíonn uirthi dul i muinín na she has to resort to
" Cloiseann sí an Bhriotáinis chuile lá, cé go mbíonn uirthi dul i muinín na Fraincise, toisc í a bheith chomh uileláithreach.
dul i muinín imeachtaí dála events like
" Sin an fáth go gcaithfidh lucht tacaíochta Diwan dul i muinín imeachtaí dála ar Redadeg chun airgead a fháil.
dul i muinín to resort to
" Bhí ar iarratasóirí a thaispeáint go raibh cónaí orthu go leanúnach sa Pholainn le breis is 6 bliana, go raibh post agus teideal dlí chuig áitreabh acu agus acmhainní a chuirfeadh ar a gcumas maireachtáil ar feadh bliana gan dul i muinín córas leasa shóisialaigh na Polainne.
le dul i muinín to resort to
" San am a chuaigh thart bhain breithiúna áirithe leas as an bhrollach mar leithscéal le dul i muinín shaothar mhórdhiagairí Críostúla ar nós Thomas Aquinas nuair a bhíothas i mbun rialaithe.
trí dul i muinín anmhéid foréigin by using extreme violence
" Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.
gan dul i muinín na dornálaíochta gairmiúla not taking up professional boxing
" Mura bhfuil i gceist ach gur chinn Katie an Táilliúra fanacht ina dornálaí amaitéarach agus gan dul i muinín na dornálaíochta gairmiúla nó gur ceapadh Pól Mac Fhionnlaoich ina chaptaen ar fhoireann ghailf na hEorpa nó gur fhógair Ciaran Mac Giolla Chainnigh go raibh sé le filleadh abhaile ón Astráil toisc go mb’fhearr leis a bheith i measc a mhuintire féin agus a bheith ag imirt peile agus iománaíochta lena chumann agus lena chontae dúchais.
ag dul i muinín resorting to
" Is cuid fhíorthábhachtach dár gcóras dlí é an t-athbhreithniú breithiúnach, ach tá an tuairim nochta ag beirt bhreithiúna de chuid na hArd-Chúirte le déanaí go bhfuil an iomarca daoine ag dul i muinín an réitigh seo chun athaontú teaghlaigh a bhaint amach.
a dhul i muinín na Rúisise resort to Russian
" “Meas tú,” adeirimse, “nach é an Béarla an Rúisís nua?” Bhí tost ann an uair sin agus nuair a chuathas beagán níos doimhne sa scéal, b’éigean don náisiúntóir Moldávach a dhul i muinín na Rúisise.
gan dul i muinín without resorting to
" Ní minic gur féidir obair le foireann teilifíse gan dul i muinín na Fraincise agus thaitin sé amhlaidh go mór leo.
lánsásta dul i muinín content to resort to
" Chuir sé riamh iontas orm a mhéid atá na hÉireannaigh thar lear lánsásta dul i muinín an chultúir Éireannaigh mar a shamhlaítear dóibh é seachas iad a bhí ábalta fanacht ar an seanfhód.
dul i muinín gníomh éigin ní ba láidre to resort to some stronger action
" Tharraing feachtas an chumainn aird na meán ar an tseilg agus mhothaigh rialtas na hAstráile faoi bhrú dul i muinín gníomh éigin ní ba láidre in éadan na seilge.
dul i muinín an Bhéarla resort to English
" **CMacS: An gá do phobal na Gaeilge dul i muinín an Bhéarla chun a gcás a chur in iúl do phobal uile na tíre?** AÓC: Nuair a bhíonn gnó le déanamh, caithfidh tú dul i muinín teanga an té a mbíonn tú ag plé leis.
caithfidh tú dul i muinín teanga you must resort to the language
" **CMacS: An gá do phobal na Gaeilge dul i muinín an Bhéarla chun a gcás a chur in iúl do phobal uile na tíre?** AÓC: Nuair a bhíonn gnó le déanamh, caithfidh tú dul i muinín teanga an té a mbíonn tú ag plé leis.