Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eachtraí events
" I measc na n-eachtraí ba cheart a chur san áireamh, tá triail agus ciontú Thomas Blanton as dúnmharú ceathrar cailíní óga dubha i mbuamáil eaglaise in Birmingham, Alabama ar an 15 Meán Fómhair 1963.
heachtra incident
" Ghearr an Cumann Peile (an FA) fíneáil £5,000 ar Fowler de bharr na heachtra sin, agus thuill Tony Blair drochmheas na ngnáthdhaoine i Learpholl nuair ab éigean do na dugairí éirí as an agóid i mí an Mhárta 1998.
eachtra incident
" Tharla eachtra oíche amháin, áfach, agus mé ag obair mar fhear dorais ag scrúdú cártaí aitheantais.
eachtraí incidents
" Is é an tuairim choitianta go ndéanann eachtraí den chineál seo dochar mór do chás an Lucht Taistil toisc go n-ídíonn sé pé dea-thoil atá ag an bpobal trí chéile ina leith.
eachtra incident
" Smaoinigh mé ar an eachtra seo arís ag deireadh mhí Lúnasa agus mé i mo shuí in oifig Joe Higgins, an polaiteoir Ciarraíoch agus an t-aon Teachta Dála atá ag an Pháirtí Sóisialach i nDáil Éireann.
eachtra incident
" Ach i mí Lúnasa tharla eachtra an Tampa, nuair a dhiúltaigh an rialtas cead a theacht i dtír do 460 duine a bhí ag lorg dídine san Astráil.
eachtra incident
" Ní féidir mórán eile a rá faoi chomh fíochmhar agus chomh fuafar is a bhí an t-ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda ar an 11 Meán Fómhair (agus an dá eachtra eile an lá céanna), an chailliúint thragóideach beatha agus an trombhuairt a d'fhulaing daoine dá barr.
eachtra event
" Ní thig forbairt ar bith chun tosaigh nach mbaintear úsáid as an fhocal seanchaite seo le *gravitas* éigin a bhronnadh ar eachtra a tharla san iliomad tír fada ó shin: bunú seirbhís phóilíneachta, bunú rialtais a aithníonn bunús an daonra (go fóill beag ar scor ar bith!), dream armtha ag fágáil uathu a gcuid gunnaí, iar-"sceimhlitheoirí" sa rialtas.
eachtra incident
" Is é sin, in ionad imreoirí peile a thaispeáint ag rith i dtreo an chúil, d'fhéadfaí leagan moillithe a thaispeáint, agus anailís a dhéanamh ar an eachtra sin sa chluiche.
eachtra incident
" " Tá a fhios againn anois nár tharla an eachtra seo ar chor ar bith.
eachtraí incidents
" eachtraí ======= Tharla roinnt eachtraí le cúpla mí anuas a bhí i mbéal an phobail anseo san Iodáil.
eachtraí incidents
" "Tá amhras mór ar an bpobal i ndiaidh eachtraí na Colóime agus Chaisleán an Rí.
eachtraí a bhain dóibh that happened to them
" Deir siad go bhfuil na píosaí ceoil ar an albam "Foc" a d'eisigh siad anuraidh ag gabháil buíochais leis na daoine a casadh orthu agus ag ceiliúradh na n-eachtraí a bhain dóibh le linn a gcuid taistil.
eachtra thragóideach tragic incident
" Labhair Pádraigín go hoscailte agus go staidéarach faoin eachtra thragóideach seo i gcomhthéacs na mban a bhíonn ag plé leis an cheol go ginearálta in Éirinn.
eachtraí sceimhlitheoireachta terrorist events
" B'fhearr liom a bheith faoi stiúir Sasanaigh nach dtuigeann muid ná faoi stiúir daoine a bhí páirteach in eachtraí sceimhlitheoireachta.
eachtraí events
" Tá sin fíor faoina shaothar luath, ach taobh amuigh de sin, is eachtraí, cuimhní, áiteanna ar thug sé cuairt orthu agus a chuaigh i bhfeidhm air nó rudaí atá le feiceáil thart air a bhfuil luach speisialta acu dó a bhíonn le feiceáil mar ábhar ina chuid oibre.
eachtra incident
" " Fanfaidh eachtra amháin go buan ina chuimhne: an lá a rinne sé iarracht briseadh ón mhúnla agus ón fhoirmle a bhí ann d'aistí agus rud éigin suimiúil agus cruthaitheach a scríobh.
na heachtra millteanaí sin that terrible event
" Ó tharla uafáis an 11 Méan Fómhair, tá na mílte Meiriceánach ag iarraidh dul i ngleic leis an tromluí a bhí fágtha ar shráideanna Nua-Eabhrac i ndiaidh na heachtra millteanaí sin.
an eachtra a mhaitheamh dá mhac to forgive his son for the incident
" Fiú go lá a bháis, i mí Eanáir seo caite, ní raibh sé sásta an eachtra a mhaitheamh dá mhac.
eachtraí events
" Léirigh sé féin sampla den rud seo nuair a dúirt sé in agallamh go raibh an dóigh a bhfaca sé trí dhuine dhéag á scaoileadh le linn Dhomhnach na Fola ar cheann de na heachtraí is mó a chuaigh i bhfeidhm air ina shaol.
eachtra incident
" ** Fógraíonn British Nuclear Fuels Limited gur tharla "eachtra áirithe" i Sellafield ach go bhfuil na fórsaí slándála agus lucht múchta tine i mbun oibre cheana féin.
eachtraí adventures
" Sna Flaithis, sula dtosaíonn a chuid eachtraí i Nua-Eabhrac, cuireann Collins ceist ar a chomhreibiliúnaí, Tom Clarke, cá bhfuil Dev.
eachtraí incidents, events
" Tá cuid de ghníomhartha an PSNI mar a bheadh eachtraí ann a scríobhfadh úrscéalaí gan tallann dá laghad i leabhar bleachtaireachta gan mhaith.
eachtra chiníoch racist incident
" " eachtra chiníoch ======= Tharla eachtra chiníoch do Linda i mBéal Feirste uair amháin.
eachtraí tragóideacha tragic events
" Caithfear a rá go bhfuil staid pholaitiúil an domhain athraithe go hiomlán ó tharla eachtraí tragóideacha 9/11.
eachtraí adventures
" Ní hiad an chéad rogha atá agam, ach b'fhearr liom eachtraí Hercules nó Batman a thaispeáint do mo chuid gasúr in áit ligint dóibh síorfhógraíocht na Nollag a shlogadh isteach ón teilifís.
eachtra cháiliúil famous incident
" In eachtra cháiliúil i gclár sa dara sraith, ghlac sé seilbh ar mhicreafón fógróra in oifig ollmhargaidh in Helsinki na Fionlainne agus d'fhógair sé i nGaeilge go raibh buachaill dána cúig bliana d'aois tar éis micreafón a thógáil agus gur cheart dá mháthair é a thabhairt léi as an siopa láithreach! Nuair a bhuail mé le Hector i nGaillimh le déanaí rith sé liom gur duine é nach gcloíonn le rialacha ar bith, is cuma cé acu na rialacha a bhaineann le cláracha taistil nó rialacha ghramadach na Gaeilge atá i gceist.
eachtra incident
" (Ina dhiaidh sin, d'admhaigh siad go raibh an aird ar fad a bhíothas ag tabhairt orthu ag cur as dóibh, agus bhí cuid acu an-searbhasach mar gheall ar an dóigh a cuireadh cuid dá gcomhghleacaithe i láthair i scannán teilifíse a rinneadh faoin eachtra.
eachtra incident
" Agus ansin, ar an 12 Meán Fómhair, bhí an chuma ar an scéal go raibh go leor cloiste ag bunadh na Stát Aontaithe faoin eachtra.
eachtra incident
" Gach bliain bíonn eachtra de chineál éigin ann a chinntíonn go mbaintear ceannteidil na bpáipéar nuachta amach - smaoinigh siar ar Madonna ag an ócáid bhronnta anuraidh ag mallachtú mar a bheadh seansaighdiúir ann.
eachtraí incidents
" Ná bigí ag smaoineamh go bhfuil eachtraí mar seo neamhchoitianta.
eachtraí mídhleathacha illegal incidents
" Anuas ar an meamram seo, tá beart eile cáipéisí i seilbh Fhiosrúchán Barron a chruthaíonn fianaise atá cloiste ag an bhfiosrúchán, gur mhinic baill áirithe ó fhórsaí slándála Thuaisceart Éireann páirteach in eachtraí mídhleathacha.
eachtra incident
" Anuas ar an meamram seo, tá beart eile cáipéisí i seilbh Fhiosrúchán Barron a chruthaíonn fianaise atá cloiste ag an bhfiosrúchán, gur mhinic baill áirithe ó fhórsaí slándála Thuaisceart Éireann páirteach in eachtraí mídhleathacha.
eachtra incident
" Bhí Catherine breá sásta le suaimhneas Chill Chaoil i ndiaidh na heachtra sin.
eachtra incident
" Dar le John bhí Seán Boylan "ruthless", ach deir sé go gcaithfeadh sé bheith mar sin! Is iomaí scéal a insítear agus is iomaí eachtra a ndéantar cur síos air sa leabhar.
eachtraí incidents
" Tugann meán na healaíne fianaise ar eachtraí a tharlaíonn nár chóir dúinn dearmad a dhéanamh orthu.
eachtraí incidents/events
" Labhair sé siúd óna chroí amach fosta agus tá na heachtraí seo ag cur as dó go fóill.
eachtraí conspóideacha controversial events
" Ach, is minic, áfach, go n-imíonn eachtraí conspóideacha den chinéal seo as cuimhne an phobail go han-tapaidh ar fad.
chun an eachtra sin a chomóradh to commemorate that event
" Sa lá atá inniu ann, tá ionad oidhreachta i Ráth Maolain chun an eachtra sin a chomóradh.
eachtra incident
" De réir tuairiscí, maraíodh bean amháin san eachtra, agus foilsíodh alt ar an scliúchas sa *New York Times*.
eachtra uafásach horrific incident
" Beagnach tríocha bliain níos déanaí tuigtear do *Beo! *go gcreideann an Breitheamh Barron, atá ag fiosrú bhuamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974, go bhfuil ceisteanna le freagairt ag na Gardaí maidir leis an bhfiosrú, nó easpa fiosraithe, a rinne siad siúd ar an eachtra uafásach.
eachtraí adventures
" Níor phós siad go dtí go raibh Máire buailte ar na daichidí, agus bhí neart eachtraí dá cuid féin aici roimhe sin.
eachtra incident
" Dhealraigh sé gurbh é an teachtaireacht gan rá a bhí i gceist ná go mbeidh Éireannaigh na mbuirgí seachtracha i dtrioblóid leis na póilíní má ólann siad beoir go poiblí, ach nach amhlaidh a bheas i gcás an dreama ar spéis leo an ceol clasaiceach.
eachtra incident
" Ní cúis iontais é gur spreag eachtra chomh dásachtach leabhra, amhráin agus tuilleadh.
eachtra adventure
" Bhí roinnt páistí leo agus iad an-tógtha leis an eachtra seo.
eachtraí incidents
" Tá sé an-deacair ar mholtóirí an cinneadh ceart a dhéanamh gach uair agus is minic ar an lá céanna i gcluichí éagsúla go ndéanann moltóirí cinntí éagsúla i gcás eachtraí atá cosúil lena chéile.
eachtraí incidents
" Tá beagnach gach cluiche idir-chontae le feiceáil ar an teilifís anois agus is údar náire agus imní an méid eachtraí atá ag tarlú i gcluiche i ndiaidh cluiche.
an eachtra uilig the whole incident
" Ach i ndiaidh dó fianaise a thabhairt maidir le daoine eile a bhí ag díol drugaí, deineadh dearmad ar an eachtra uilig maidir le seiceanna bréige.
eachtraí events
" " Deir Cole gur maith leis fosta go bhfuil oiread le foghlaim, ó lámhleabhair na rannóige, ó rúideanna traenála agus ó eachtraí fíora éigeandála.
eachtraí fíora éigeandála actual emergency situations
" " Deir Cole gur maith leis fosta go bhfuil oiread le foghlaim, ó lámhleabhair na rannóige, ó rúideanna traenála agus ó eachtraí fíora éigeandála.
eachtra incident
" An rud a tharraing m'aird an chéad uair ar an nGaeilge ná eachtra a tharla nuair a bhí mé ag staidéar san ollscoil.
eachtraí adventures
" Leis an teicneolaíocht físe atá ar fáil faoi láthair, is féidir linn go léir iarracht a dhéanamh aithris a dhéanamh ar eachtraí Hector ar TG4 - ach cén fáth a bhfuil na comhlachtaí ríomhaireachta ag tabhairt na mbogearraí cuí amach saor in aisce? Is beag ríomhaire nua nach mbíonn bogearraí le fáil air a chuireann ar chumas duine eagarthóireacht a dhéanamh ar fhíseáin.
eachtraí incidents
" Sna blianta roimh an Dara Cogadh Domhanda, bhí eachtraí ann inar scrios daoine bochta saothar a léirigh só agus sonas.
eachtraí events
" Ní raibh mé ag súil leis na heachtraí a tharla, a d'athraigh an staid pholaitiúil agus a loit íomhá dhearfach na tíre os comhair tsaoil, ar bhonn fadtéarmach b'fhéidir.
eachtra incident
" Fuadach agus dúnmharú ======= Ag amharc siar ar na heachtraí inar sáraíodh an Comhaontú, tá fuadach agus achan ghrád foréigin suas go dtí an dúnmharú curtha i leith na bpoblachtánach.
eachtraí incidents
" D'iarr sé ar Peter Schwartz, comhairleoir de chuid an CIA agus iarcheannasaí pleanála leis an ollchomhlacht ola Royal Dutch Shell, agus ar Doug Randall ón Global Business Network, staidéar a dhéanamh ar fhianaise áirithe atá ag teacht chun cinn le blianta beaga anuas go bhféadfadh athrú tobann tarlú - agus go deimhin gur tharla eachtraí den chineál sin i bhfad siar sa stair.
eachtra incident
" Nuair nach bhfuil sé d'iallach ar aon duine páirt a ghlacadh i spórt, an bhfuil sé ceart go mbeadh club nó cumann amaitéarach freagrach as gach timpiste agus eachtra a tharlaíonn ar pháirc imeartha? Fad agus nach ndéanann cumann nó eagraíocht faillí agus go ndéanann sé gach iarracht réasúnta chun aire a thabhairt do na himreoirí faoina chúram agus iad a bheith clúdaithe maidir le costaisí leighis, cén fáth a mbeadh ar an gcumann níos mó ná sin a dhéanamh? Tá scéimeanna éigeantacha árachais ag cur go mór le costais reatha na gcumann spóirt.
eachtraí adventures, incidents
" " Tá go leor eachtraí a tharla dó féin agus dá chairde agus iad ag éirí aníos i gcathair Chorcaí le fáil sa leabhar áirithe seo.
eachtraí incidents
" Amharcann siad ar na heachtraí seo - na bileoga agus an *graffiti* - mar chuid de pholasaí *lebensraum* de chuid na ndílseoirí.
eachtraí incidents
" Cad é mar a leandáil an bhean seo de bhunadh na Gaeltachta ina leithéid d'áit a raibh eachtraí a bhí suarach agus eipiceach ag an aon am amháin ag titim amach? Nuair a bhíonn cailíní óg, bíonn siad ag brionglóidí fá bheith ina mbanphrionsaí nó ina réalta pop, ní bhíonn siad ag dúil go mbeidh siad ina bpolaiteoirí, agus leoga, ní sin an aisling a bhí ag Bríd Rodgers.
eachtra thragóideach a tragic episode
" " In agallamh a foilsíodh sa nuachtán laethúil Rómhánach *La Repubblica*, thug an tArdeaspag Giovanni Lajolo "eachtra thragóideach sa chaidreamh leis an Ioslamachas" ar an drochíde san Iaráic.
eachtraí incidents
" Is ar éigean gur tháinig Dáithí slán as na heachtraí éagsúla seo, ach tháinig.
duine ag eachtraí ar a ndearna siad relating all that they did
" Bhí achan duine ag eachtraí ar a ndearna siad ar an lá speisialta sin, Lá na Máithreacha.
eachtraí éagsúla various adventures
" Cuireann an tintreach an dé ar ais ann agus tarlaíonn eachtraí éagsúla don bhuachaill beag ina dhiaidh sin.
eachtraí adventures
" Chomh maith leis na scéalta grinn agus na heachtraí aisteacha, na himreoirí iontacha agus na hagallaimh spéisiúla, tá cur síos sa leabhar freisin ar na nithe sin nach bhfuil go deas agus gur údar náire iad don tír agus don Chumann.
eachtraí tromchúiseacha weighty/serious events
" eachtraí tromchúiseacha ======= Chomh maith leis an méid sin thuas, pléann an Suibhneach eachtraí tromchúiseacha ar nós stailc iománaithe Chorcaí ag tús na bliana 2003, ceist íocaíochta agus urraíochta d'imreoirí agus staid na hiomána.
Ná bainigí triail as eachtraí mire don't try crazy adventures
" "Ná bainigí triail as eachtraí mire ar nós ionsaithe pointeáilte," a dúirt ceannaire Chúba ag deireadh na míosa seo caite.
an eachtra uafásach sin that terrible incident
" Arbh é sin an smaoineamh a bhí aici agus í ag obair ar an saothar? "Dúirt cúpla duine liom, 'Sin iad na *Twin Towers*!' ach, chun an fhírinne a rá, bhí an saothar críochnaithe agam sular tharla an eachtra uafásach sin.
eachtra incident
" Dar ndóigh, ní féidir linn a bheith cinnte gur cuid de chomhcheilg níos leithne ab ea marú an Gharda Fallon, ach is féidir a bheith measartha cinnte go raibh i bhfad níos mó eolais ag Coimisinéir Garvey na linne sin faoin eachtra ná mar a nochtadh go poiblí riamh.
eachtra incident
" Níos lú ná dhá bhliain roimh an eachtra seo, ar an 3 Deireadh Fómhair 1968, ghabh na Gardaí an tUasal Doyle agus an tUasal O'Neil.
eachtra gadaíochta theft incident
" Agus nach ag fiosrú eachtra gadaíochta a bhí mé? Bheadh barántas gabhála, barántas urghabhála agam ar ball agus bheadh scrúdú dlí-eolaíochta i gceist, agus bheadh an t-ionchúiseamh poiblí ann áit éigin agus oíche sa chillín sa bheairic agus bhuailfeadh na lads an cac as.
eachtra incident
" Nuair a tharla an eachtra, is cosúil nach raibh aon chosaint ag lucht na hiarsmalainne ar na gadaithe.
eachtra incident
" Creidtear gur ball den IRA ar a nglaotar *The Surgeon *a d'eagraigh an luíochán seo agus go raibh duine acu siúd a bhí freagrach as buamáil na hÓmaí i 1998 páirteach san eachtra freisin.
eachtra incident
" " Rinne sí cur síos ar eachtra a tharla agus í ar a bealach chuig an Aifreann i Mainistir Chluain Aird (bíonn Aifreann Filipíneach ansin ar an chéad Domhnach de gach mí).
eachtraí incidents
" D'imigh íomhánna de bhrúidiúlacht na bhfórsaí slándála amach ar fud an domhain agus aithnítear anois gurb iad na heachtraí a tharla an lá mífhortúnach sin a chuir tús leis na Trioblóidí sna Sé Chontae.
eachtraí adventures
" Feicfear eachtraí i saol mic léinn drabhlásaigh, Máirtín Ó Méalóid, nuair a thiocfaidh an carachtar ó pheann Bhreandáin Uí Eithir chun beatha sa léiriúchán de chuid Thaibhdhearc na Gaillimhe, *Lig Sinn i gCathú*, ar an 10 Deireadh Fómhair.
eachtra incident
" I mBallarat i Victoria idir Meán Fómhair agus mí na Nollag 1854 a tharla na heachtraí a spreag an Eureka Stockade.
Eachtraí na n-Oileán Island Adventures
" Ag tús mhí Lúnasa, chuaigh mé ar thuras iontach dar teideal "Eachtraí na n-Oileán".
eachtra incident
" Agus ná bíodh dul amú orainn faoi: tá an saghas sin eachtra ag tarlú go rialta ar pháirceanna CLG ar fud na tíre.
eachtra incident
" Dúirt duine de mo chomharsana, seanbhean 68 bliana d'aois a bhí i bhfolach le linn aer-ionsaí chéanna, go chuir *"shock and awe" *an oíche sin i 1940 i gcuimhne di arís, ceithre bliana is seasca tar éis na heachtra.
eachtra incident
" Léiríonn an eachtra seo, agus cinn eile a tharla roimhe, nach dtuigeann cuid de na breithiúna an dochar atá á dhéanamh ag na drugaí seo.
eachtraí events
" AÓF: An gceapann tú go gcruthaíonn an t-amhránaí a s(h)eanchas pearsanta féin leis an amhrán? ÁNíD: Feiceann chuile dhuine rud éigin difriúil sa bhfilíocht, agus má tá scéal amhráin ag teacht le heachtraí i do shaol féin, is cinnte gur féidir leis tarlú go gcruthófá do sheanchas pearsanta féin.
eachtra incident
" Ba é an cur síos ar an eachtra seo i leabhar sheanuncail Bhalor a spreag na scéalta in *The Da Vinci Code *faoi loscadh na n-eiriceach stóinsithe.
eachtra incident
" Chuimhnigh mé ar an eachtra seo nuair a chuala mé focail Mháire Mhic Ghiolla Íosa, ag cur an dearcaidh a bhí ag Protastúnaigh i leith na gCaitliceach i gcomparáid le dearcadh na Naitsithe ar na Giúdaigh (agus samplaí eile den chiníochas).
eachtraí events
" Ní mórán é, mar chuimhne, i gcomórtas le heachtraí móra na staire, ach insíonn sí rud beag dúinn faoi nádúr an stáit ó thuaidh agus faoin gcaoi a mbíodh an seicteachas préamhaithe chomh daingean sin i mórán chuile ghné den saol ann.
eachtraí incidents
" Tá dhá léamh ar na heachtraí coiriúlachta seo.
eachtra incident
" Is é an fhírinne nár cúisíodh ach aon duine amháin as an eachtra uilig agus, más fíor do na Gardaí féin, ba “easaontóir poblachtánach” é siúd.
eachtra incident
" I litir a scríobh na póilíní faoin eachtra chuig aturnae an ionaid, d’admhaigh an Príomh-Chigire DJ Barry go raibh siad ag coinneáil súil ghéar ar dhíon an ionaid tar éis Lá Fhéile Pádraig.
eachtra incident
" Sa chlár a chuaigh amach ar TG4, luaigh an finné conas a ghlac an RUC ráiteas iomlán uaidh cúpla lá i ndiaidh na heachtra sa ghluaisteán.
eachtraí neamhspórtúla agus gránna unsporting and ugly incidents
" Gné thábhachtach eile den fhíseán ná gur féidir féachaint siar ar eachtraí neamhspórtúla agus gránna a tharlaíonn ar pháirc na himeartha agus is cúis le drochghortú uaireanta.
eachtraí events
" Léiríonn, dar liom, eachtraí na seachtaine seo caite neart ghluaiseacht na poblachta.
eachtraí incidents
" ” Deir Brian gur cuimhin leis eachtraí den chineál céanna a tharla ina cheantar féin in Ard Mhacha, ach nach ligeann sé don chiníochas teacht isteach ina smaointe.
eachtra incident
" Scéal gaisciúil a bhí anseo a bhí inchurtha le heachtraí Steve McQueen in *The Great Escape*.
eachtra scannalach scandalous incident
" Ní hamháin nár cuireadh pionós riamh ar aon duine de na Gardaí a bhí páirteach san eachtra scannalach seo, ach tugadh ardú céime do go leor acu, an bleachtaire Shelly ina measc.
eachtra smuigleála gunnaí gun-smuggling incident
" Tháinig 200,000 cóip den pháipéar i dtir i Latharna, mar athchruthú ar an eachtra smuigleála gunnaí a tharla sa bhaile cois cuain i 1914 ar an long an Clyde Valley.
eachtraí incidents
" Is éard atá sa Chóras Eadrána ná coiste nó painéal saineolaithe a bunaíodh agus a thosaigh ag feidhmiú mí na Bealtaine seo caite chun eachtraí agus cinntí agus conspóidí éagsúla a thógtar ar pháirc na himeartha agus cinntí coistí eile a scrúdú nuair a cheistítear iad.
dhá eachtra eile two other events
" Tharla dhá eachtra eile i 1957 agus i 1968 (an fliú Áiseach agus fliú Hong Kong) a mharaigh tuairim is ceithre mhilliún duine ar fad.
eachtraí events
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
eachtra incident
" Agus an deatach ag néalú os cionn na cathrach, taispeánadh na híomhánna beo ar an teilifís go dtí gur fógraíodh nach raibh taobh thiar den eachtra ach gasphíopa briste.
eachtra aonuaire one-off incident
" Dúirt comhairleóirí áitiúla leis na meáin chumarsáide tar éis an dúnmharaithe gur eachtra aonuaire a bhí ann, ach ní fior sin.