Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rúin eacnamaíocha economic secrets
" Ceaptar go bhfuil sé á úsáid chun rúin eacnamaíocha agus polaitiúla a bhailiú agus tá feachtas ag bailiú luais timpeall an domhain chun daoine a chur ar an eolas faoin gcóras seo.
borradh eacnamaíoch economic boom
" Ní bhíonn ach trí thréimhse ghnóthacha sa bhliain ag an stáisiún ó thaobh fógraíochta de, áfach (an Nollaig, Lá Fhéile Pádraig agus an Cháisc), agus bheadh sé deacair duine a fháil a bheadh toilteanach oibriú ar coimisiún, go háirithe na laethanta seo agus borradh eacnamaíoch sa tír.
ar chúiseanna eacnamaíocha for economic reasons
" Is beag teaghlach in Éirinn nár imigh duine nó beirt uaidh ar chúiseanna eacnamaíocha, bíodh sin chomh fada siar leis an Ghorta Mór nó in ochtóidí na haoise seo caite.
Forbairt eacnamaíoch economic development
" Forbairt eacnamaíoch i gceantraibh Ghaeltachta na hÉireann a spreagadh.
measanú eacnamaíoch economic assessment
" An tseachtain seo bhí mé ag plé le comhairleoirí atá ag déanamh measanú eacnamaíoch ar an nuachtán do na húdaráis sa Tuaisceart; ag plé le Bob Collins ó RTÉ maidir le *Lá* a bheith luaite ar "What it says in the papers" ar "Morning Ireland"; ag plé costas reatha leis an Stiúrthóir Airgeadais.
nascanna láidre eacnamaíocha strong economic links
" Ar ndóigh, ba ré chrua i stair na tíre í ré an Chumannachais, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go raibh an tSeicslóvaic rathúil mar thír roimh an dara cogadh domhanda, agus nascanna láidre eacnamaíocha aici ar fud iarthar na hEorpa.
beartais eacnamaíocha, sláinte, oideachais, economic, health and educational policies,
" Bheadh siad ag iarraidh beartais eacnamaíocha, sláinte, oideachais, etc.
i ngach eagraíocht eacnamaíoch, cultúrtha, forbartha, in every economic, cultural, development organisation,
" Níl sé féaráilte an locht a chur ar pholaiteoir amháin – agus admhaíonn Squinter nach bhfuil aon duine gan locht – ach seo páirtí a bhuaigh cúig shuíochán Tionóil as sé cinn in Iarthar Bhéal Feirste; tá siad gach áit, i ngach grúpa, i ngach eagraíocht eacnamaíoch, cultúrtha, forbartha, cibé.
ar thionscadail eacnamaíocha on economic projects
" ” Dúirt sé nach raibh ach triúr nó ceathrar a raibh suim acu scaradh ón Stát, agus go raibh a bhformhór ag iarraidh oibriú le heagraíochtaí Stáit ar thionscadail eacnamaíocha.
cuireadh cláracha eacnamaíocha i bhfeidhm economic programmes were implemented
" Agus é ag obair leis an Roinn Airgeadais, cuireadh cláracha eacnamaíocha i bhfeidhm faoina chúram a raibh dea-thoradh fadtéarmach acu ar chúrsaí sóisialta agus ar gheilleagar na tíre.
faoi cheangal eacnamaíoch economically tied
" An bhfuil a leithéid de réimeas sách sibhialta le go mbronnfaí onóir den chineál seo air? **Darfur** Deis a bheas i gcluichí na bliana seo aird a tharraingt ar a laghad iarrachta atá déanta ag an tSín tionchar a imirt ar Rialtas na Súdáine – atá faoi cheangal eacnamaíoch aige, a bheag nó a mhór – faoin chinedhíothú atá ar siúl in Darfur.
fhorbairt eacnamaíoch economic development
" Ach mar gheall ar an Tíogar Ceilteach agus ar fhorbairt eacnamaíoch a bheith ar siúl sa tír, tá an dúlra faoi bhrú ansin fosta.
cúis leithliseach eacnamaíoch selfish economic reason
" Ach bhí cúis leithliseach eacnamaíoch leis na hionraí ar an gCongó chomh maith, is cosúil.
cúlú eacnamaíoch economic recession
" Ní hamháin go bhfuil an cúlú eacnamaíoch romhainn, ach tá sé ar siúl cheana féin.
ag fulaingt go heacnamaíoch suffering economically
" Le dífhostaíocht os cionn 8% agus pobal fostaithe na tíre ag fulaingt go heacnamaíoch, b'iontach gur éirigh leis an Uachtarán Obama é féin a chosaint.
ciall eacnamaíoch economic sense
" Táim cinnte go raibh cúiseanna polaitiúla taobh thiar den chinneadh sin ach tá ciall eacnamaíoch ann chomh maith.
a bhí sna samhlacha eacnamaíocha who appeared in economic conceptions
" Sin é an cineál duine a bhí sna samhlacha eacnamaíocha (agus a chuir amú go minic iad ina gcuid teoiricí).
i gcuilithe géarchéime eacnamaíche, in the grip of economic crisis
" Agus an tír seo i gcuilithe géarchéime eacnamaíche, labhair Ciarán Mac Aonghusa leis an eacnamaí mór le rá, David McWilliams, faoi na fachtóirí ba chúis leis an mheathlú agus faoi na bealaí gur féidir leis an rialtas a chinntiú go dtiocfaidh an geilleagar aniar sa tréimhse atá romhainn.