Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eacnamaíocht an tsaormhargaidh free-market economics
" Is Coimeádach é, ar ndóigh, agus oifigeach in arm Shasana fosta - an sórt duine a thug tacaíocht do Margaret Thatcher nuair a bhí sí ag moladh eacnamaíocht an tsaormhargaidh agus ag argóint in aghaidh idirghabháil an stáit nuair a bhí gnólacht ar bith i dtrioblóid.
acmhainn eacnamaíochta economic resource
" Cén fáth ar bunaíodh é? Le go neartofaí an Ghaeilge, go háirithe mar acmhainn eacnamaíochta, i limistéar na Gaillimhe.
córas eacnamaíochta economic system
" Deir sé gur "thit an córas eacnamaíochta as an chéile de bharr a míthuisceana siúd ar an tír".
cúinsí eacnamaíochta economic circumstances
" Ar ndóigh, caithfear a chur san áireamh nach bhfuil na teaghlaigh leath chomh mór anois, ar an meán, is a bhídís scaitheamh den tsaol, agus fágann sin go bhfuil lagan ar an líon daoine óga, gan cúinsí eacnamaíochta a chur san áireamh, beag nó mór.
smachtbhannaí eacnamaíochta economic sanctions
" De thoradh cruinnithe a bhí ag an iar-Thaoiseach le Tánaiste na hIaráice Tariq Aziz an bhliain chéanna, ceadaíodh na cigirí airm ar ais san Iaráic agus cuireadh deireadh leis na smachtbhannaí eacnamaíochta a bhí i bhfeidhm ar an tír.
Gradam Nobel san eacnamaíocht Nobel Prize in economics
" Bhí triúr ag obair sa Scoil Ghnó a raibh Gradam Nobel san eacnamaíocht bronnta orthu agus bhí béim mhór i gcónaí ar chaighdeáin arda a bhaint amach i ngach gné den obair a bhí ar bun acu, rud a mheas Allen a bheith an-tábhachtach, "níos tábhachtaí b'fhéidir ná na teoiricí acadúla a d'fhoghlaimíos.
i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa in the European Economic Community
" Is aisteach an rud é nár tugadh stádas iomlán oifigiúil don Ghaeilge i 1973, nuair a ghlac Éire a ballraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.
Eagraíocht um Chomhar Eacnamaíochta san Eoraip Organisation for European Economic Cooperation
" Sa cháipéis Ag *Cothú Shochaí an Eolais in Éirinn: Plean Gnímh*, a foilsíodh i 1999, mhaígh an Rialtas go mbeadh Éire sa deich faoin gcéad is airde i measc na dtíortha san Eagraíocht um Chomhar Eacnamaíochta san Eoraip (ECFE) ó thaobh úsáid leathanbhanda roimh 2005.
Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa the European Economic Community
" Ba é bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa an chéad mhóriarracht a rinneadh leis an atógáil sin a thabhairt i gcrích agus ba é Jean Monnet ailtire an tionscadail áirithe sin.
eacnamaíocht economics
" An chéad bhliain a bhí sé i Meiriceá, chuir sé tús le céim oíche san eacnamaíocht, mar gur thuig sé nach bhféadfadh sé dul chun cinn ceart a dhéanamh sa chomhlacht gan cáilíocht éigin a bhaint amach.
an eacnamaíocht economics
" Bhí sé ag smaoineamh ar an eacnamaíocht a dhéanamh agus ansin céim sa dlí, nó gairm a athar a leanstan sa chuntasóireacht, ach sa bhliain dheireanach dá chéim in Ollscoil Chicago, rinne sé cúrsa dhá mhodúl faoi stiúir Emmet Larkin, saineolaí ar stair an hEaglaise Caitlicí in Éirinn agus an scoláire Yeats, Frank Kinahan.
stair eacnamaíochta agus shóisialta na tíre the economic and social history of the country
" Níorbh fhéidir staidéar a dhéanamh ar an cheol áit ar bith, mar sin chinn mé ar thaighde a dhéanamh ar stair eacnamaíochta agus shóisialta na tíre i rith an lae agus bheith ag seinm ceoil istoíche.
an Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta the Economic and Social Research Institute
" D’fhoilsigh an Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES) tuarascáil le déanaí faoi chúrsaí spóirt in Éirinn.
teifigh eacnamaíochta a linne. the economic refugees of their time.
" Cén fáth nach mbeadh tionchar ag an Ghaeilge ar chaint na mbuachaillí bó? I ndeireadh thiar thall, ba iad na hÉireannaigh teifigh eacnamaíochta a linne.
Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa EEC
" Tá diandéiríocht i ndiaidh a bheith ar siúl sa chontae áirithe seo le blianta fada anuas, ach go mór mór ó chuaigh an Ríocht Aontaithe isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa sa bhliain 1973.
san eacnamaíocht in economics
" Bhain Seán céim amach san oíche san eacnamaíocht agus d’éirigh leis post a fháil sa deireadh mar leasuachtarán ar bhanc tráchtála Ceanadach, Fiducie Desjardins, comhlacht ar chaith sé cúig bliana is fiche ag obair leis.
Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa European Economic Community
" Nuair a chuamar isteach sa Chomhphobal i 1973, Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a bhí ann.
an eacnamaíocht economics
" Le roinnt blianta anuas, tá sé mar aidhm ag ceannairí na tíre seo an eacnamaíocht a bhunú ar shaineolas.
Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta Organisation for Economic Cooperation and Development
" Caitear $11,000 sa bhliain ar meán ar gach mac léinn tríú leibhéal sna tíortha atá ina mball den Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (Foinse: *OECD: Education at Glance, 2007*).
chliseadh eacnamaíochta economic collapse
" An chéad rud a bhí uaidh ná tuiscint ní b’fhearr ar na cúiseanna ar fad a bhain leis an chliseadh eacnamaíochta.
léachtóir eacnamaíochta an economics lecturer
" Dearcadh an duine Thug léachtóir eacnamaíochta anseo in Ollscoil Virginia moladh dá chuid mac léinn cúpla mí ó shin, agus tchítear dom go bhfuil sé ar a laghad chomh tráthúil anois is a bhí sé nuair a dúirt sé den chéad uair é.
cúlra eacnamaíochta background in economics
" Tá an cúlra eacnamaíochta agus airgeadais agam ach tá spéis níos mó agam san oideachas agus sa nuálaíocht, agus tá mé tar éis imeacht le sruth an oideachais níos mó le tamall anuas.
cúlú eacnamaíochta economic retreat
" D'fhógair sé cúpla mí ó shin gur cheart dóibh siúd a raibh an dearcadh céanna acu i leith an uachtaráin, an rialtais, agus cúlú eacnamaíochta na tíre, teacht go dtí ollshlógadh i Washington ar an 28ú Lúnasa chun a bhfearg a chur in iúl don rialtas.
lucht eacnamaíochta economists
" Ba iad na bainc agus iasachtaí fophríomha a bhí ag déanamh imní do lucht eacnamaíochta idir 2008 agus 2009, ach ón bhliain seo caite ar aghaidh is í sóchmhainneacht na náisiún is mó atá ag cur as dóibh.
Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta OECD
" Is tír shaibhir í an Astráil ach caitear níos lú ar oideachas abhus ná a chaitear ar an meán sna tíortha forbartha eile san Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta.
an stairí eacnamaíochta the economics historian
" Cibé uair a chloisim an stairí eacnamaíochta Niall Ferguson ag caint os ard, tagann aiste cháiliúil Friedrich Neitzsche chun cuimhne, Vom Nutzen und Nachteil der Historie für das Leben (1872), ’sé sin “Tábhacht agus laigeachtaí na staire ó thaobh shaol an dhuine de”.
bhféadfaí áitiú eacnamaíochta a dhéanamh one couldn’t make an economic argument
" Nár chiallmhar mar sin pobal daoine sa Pholainn a mbeadh roinnt díobh acmhainneach ar obair a thabhairt chun rialtachta? Tabhairt chun Rialtachta in Éirinn ============== Déarfá nach bhféadfaí áitiú eacnamaíochta a dhéanamh in Éirinn ar son scéim a thabharfadh inimircigh lasmuigh den dlí chun rialtachta ach tá feachtas ar siúl ag Ionad Chearta na nInimirceach in Éirinn (MRCI) a mhaíonn go bhféadfadh an stát suas le 100 milliún euro a thuilleamh ó cháin a d’íocfadh inimircigh a thabharfaí chun rialtachta agus a bhfostóirí araon.
faoi mhíbhuntaiste soch-eacnamaíochta socio-economically disadvantaged
" “Tuigimid go bhfuil muid ag feidhmiú i gceantair faoi mhíbhuntaiste soch-eacnamaíochta ina bhfuil cuid do na bardaí is boichte sná 6 contae.
Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta community and economic development
" Ach nach é seo an cineál oibre, a bhíodh ar bun ag Glór na nGael go dtí seo? Anois tá Glór na nGael ceaptha a bheith ag plé le ‘Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta’.
Ollamh le hEacnamaíocht economics professor
" Shahid Alam, Ollamh le hEacnamaíocht i mBoston.