Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na feachtais atá á n-eagrú acu the campaigns that they are organising
" ie/)) lán d'eolas faoi na feachtais atá á n-eagrú acu.
ag eagrú organising
" Ba iad a mharaigh John McCormack i gCúil Raithin an mhí seo caite, is iad atá ag eagrú an fhoréigin i dtuaisceart Bhéal Feirste, ba iad a bhí ciontach as an iliomad ionsaithe buamaí peitril i lár Aontroma agus in áiteanna eile, agus tá siad ag ullmhú do Alamo Dhroim Cria lena n-anamchairde san LVF.
á n-eagrú organizing them
" Ní raibh díol ceart déanta ar chuid de na ceolchoirmeacha, de bharr nach raibh cur amach rómhaith acu siúd a bhí á n-eagrú ar chuid ceoil an ghrúpa.
á n-eagrú being organized
" Tá cruinnithe á n-eagrú acu ar fud na tíre agus tús curtha le feachtas láidir i gcoinne na n-athruithe, a thiocfaidh i bhfeidhm ar an 1 Eanáir, 2004.
bheartaigh siad ar fhéile a eagrú they decided to organize a festival
" Tá an ceol traidisiúnta láidir anseo (tá craobh mhór de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sa chathair) agus nuair a chuala na ceoltóirí go raibh an bua ag Learpholl sa chomórtas do Chathair Chultúrtha na hEorpa 2008 bheartaigh siad ar fhéile a eagrú lenár gcultúr féin a thaispeáint os comhair an tsaoil.
á n-eagrú being organized
" Tá imeachtaí mar seo á n-eagrú go fóill sa lá atá inniu ann.
á n-eagrú organizing them
" Nuair a tháinig mise i 1988, thosnaíomar ar na cúrsaí Gaelainne do dhaoine fásta agus tá muid á n-eagrú riamh ó shin.
ar eagrú organizing
" Cé mhéad duine atá ag obair ar eagrú imeachtaí Sheachtain na Gaeilge faoi láthair? Tá mé féin fostaithe go lánaimseartha agus tá beagnach 200 grúpa eile ag eagrú imeachtaí ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain.
cruinnithe éagsúla a eagrú to organize various meetings
" I mí Feabhra na bliana seo, d'fhógair UNESCO go rabhadar ag teacht go hÉirinn agus iarradh ar an Roinn Oidhreachta cruinnithe éagsúla a eagrú le deis a thabhairt do ghrúpaí castáil leis na toscairí Fumiko Ohinata ó UNESCO agus Tom Hassalls ar son ICOMOS.
ar ócáid a eagrú ina onóir to organize an event in his honour
" Chinn Muintir Mhaonaigh agus grúpa dá gcairde ar ócáid a eagrú ina onóir.
chun taispeántas a eagrú ar an toirt to organise an exhibition immediately
" Bhí sé chomh tógtha sin leis an mhéid a chonaic sé gur chuir sé a chuid laethanta saoire ar ceal chun taispeántas a eagrú ar an toirt.
á eagrú being organised
" Rinne siad teagmháil le comhlacht toitíní PJ Carroll & Co a bhí i mbun urraíochta ar Chomórtas Seachtar-an-Taobh a bhí á eagrú ag Cumann Peile na hOllscoile, Áth Cliath.
eagrú organising
" (b) Chun díriú ar ghrúpaí áirithe sa bpobal atá faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar imeallú agus bochtanas: Mná nach bhfuil fostaithe taobh amuigh den teaghlach Tuismitheoirí aonair Daoine óga dífhostaithe a d’fhág an scoil go luath Daoine aosta, go mór mór iadsan atá ina gcónaí leo féin Daoine dífhostaithe/feirmeoirí beaga (c) Chun cabhrú le grúpaí pobail a bhfuil ganntannas áiseanna agus deiseanna orthu, imeachtaí oideachasúla, sóisialta agus cultúrtha a eagrú.
ag eagrú coirmeacha organising concerts
" “Bhí mise ag eagrú coirmeacha a cháin siad ar an iliomad cúiseanna.
á heagrú being organised
" Tá an fhéile seo á heagrú i gcomhphairt le Gaelchultúr ((www.
á heagrú being organised
" Tá an chomhdháil seo á heagrú ag Ealaíona Deonacha Éireann agus Voluntary Arts Wales/Celfyddydau Gwirfoddol Cymru, le tacaíocht ó CCAT (Comhoibriú agus Imchuairteanna Cultúrtha), an Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta.
le himeachtaí cultúrtha a eagrú to organise cultural events
" Cuirfear béim sa phlé ar chomhoibriú idir grúpaí ón dá thír, go háirithe anois agus gan i bhfad ann go mbeidh deireadh le tréimhse INTERREG, agus scéimeanna eile cultúrtha a bhíonn á reáchtáil ag an gComhairle Eorpach, a chuireann deontais ar fáil le himeachtaí cultúrtha a eagrú.
ag eagrú organising
" Nuair a bhí muid ag eagrú na hócáide in 2001, chuir mé eolas chuig Consal Rialtas na hÉireann i gCaerdydd, Conor O’Riordan.
a eagrú to organise
" B’éigean iarratais a eagrú agus a chur isteach, b’éigean foireann agus sceideal a eagrú agus chuile rud mar sin.
a eagrú to organise
" Ceist amháin atá faoi chaibidil againn ná cad é an tslí is oiriúnaí chun muid féin a eagrú as seo amach.
a eagrú to organise
" Nuair a fheiceann tú rud éigin mar sin ceapann tú ‘Cén seans atá ag leabhar a bhfuil buiséad poiblíochta cúpla céad euro aige!’ “Ar a laghad, tá buiséad éigin (margaíochta) ag Cois Life agus tá duine éigin fostaithe chun feachtais phoiblíochta a eagrú.
lóistín a eagrú to organise accommodation
" Ní raibh an chuid is mó acu in acmhainn taisteal ó Éirinn go Sasana ach uair nó dhó sa bhliain, agus bhí sé deacair do theaghlaigh a raibh páistí óg iontu taisteal agus lóistín a eagrú.
rudaí a eagrú to organize things
" Bíonn muid ar thaobh aille agus duine éicint ag glaoch ag iarraidh téide: “Téad? Ní hea! Rópa atá ann!” Ar aon nós, bheartaigh mé ar rudaí a eagrú agus faoi láthair tá mé ag obair ar shuíomh gréasáin don ghrúpa: (www.
ag eagrú organizing
" Bhídís ag múineadh go leor uirlisí agus ag eagrú ranganna taobh amuigh d’uaireanta scoile chun go mbeadh muid in ann cur isteach ar na comórtais ag feiseanna agus fleánna ceoil.
imreoirí a eagrú to organize players
" Rinneadh iarrachtaí cheana imreoirí a eagrú agus cumann a bhunú chun roinnt gearán a bhí ag imreoirí a ardú agus a chur faoi bhráid na n-údarás.
ag eagrú imeachtaí organising events
" Is féidir linn bheith amuigh ag bunú clubanna óige, ag déanamh béaltrialacha le haghaidh na bhfáinní óir agus airgid, ag eagrú imeachtaí ar nós Chath na mBannaí agus deirí seachtaine oiliúna.
ceolchoirm a eagrú to organise a concert
" An bhliain seo caite tugadh cuireadh dúinn ceolchoirm a eagrú d’Fhéile Chultúrtha Dhún Laoghaire.
ag eagrú bailiúchán bréagach organising false collections
" Chuir mé in iúl san alt go raibh baill den Derry Club ag eagrú bailiúchán bréagach le haghaidh daoine dífhostaithe agus gur mheas mé go raibh an t-airgead á thabhairt don UVF.
ag eagrú imeachtaí cultúrtha organising cultural events
" ” Tá an-taithí ag Risteard ar a bheith ag eagrú imeachtaí cultúrtha i nDoire cheana féin.
gig a eagrú dó to organise a gig for him
" Dhein mé iarracht gig a eagrú dó i Malaga blianta ó shin – bhí pub Éireannach ag cara liom ann, The Dubliner nó ainm éigin mar sin, agus bhí sé ag lorg ceol Gaelach do Lá Fhéile Pádraig, tá a fhios agat an saghas ruda.
ag eagrú gach saghas turais organizing every kind of tour
" Tá an t-uafás comhlachtaí ann atá ag eagrú gach saghas turais timpeall na n-oileán seo.
cruinnithe a eagrú to organise meetings
" Bíonn sé deacair cruinnithe a eagrú agus na páirtithe ar fad a bhí bainteach le heachtra a thabhairt le chéile.
ag iarraidh ceolchoirm a eagrú dúinn. wanting to organize a concert for us.
" Duine tagtha chugainn ag iarraidh ceolchoirm a eagrú dúinn.
a eagrú to organise
" Duine ar bith, a deirtear, atá ábalta coiste an Oireachtais a cheansú agus a smachtú, beidh sé in ann foireann rugbaí na hÉireann a eagrú i gclibirt nó i rucáil.
ag eagrú máirseála organising a march
" Mar shampla, tá dílseoirí ag eagrú máirseála in éadan Anna Lo, an t-aon fheisire ó mhionlach eitneach atá sa Tionól.
cruinniú spioradálta a eagrú to organise a spiritual meeting
" Iarradh ar Manitou cruinniú spioradálta a eagrú le linn na comhdhála.
á n-eagrú being organised
" Tá na cainteanna á n-eagrú le cuidiú ó Institiúid Léann na hÉireann, Ollscoil Learphoill, agus ó Ionad an Staidéir Imirce atá lonnaithe i nDaonpháirc Uladh-Mheiriceá i gContae Thír Eoghain.
eagrú (to) organize
" Gabhadh Joseph Forte, milliúnaí as Pennsylvania ar an 9ú Eanáir, as scéim Ponzi a eagrú trínár ghoid sé $12 mhilliún dó féin agus in ar cailleadh $50 mhilliún san iomlán.
á heagrú organizing it
" Mhínigh siad go raibh tionscadal ar siúl leis an bhallaí a ghlanadh in am don fhéile chomórtha a bhí á heagrú leis an 20 bliain ó leagan an bhalla a cheiliúradh agus d’fhiafraigh siad an mbeadh sé ábalta ceann eile a phéinteáil dóibh.
eagrú organize
" htm), ceann de na heagraíochtaí a bhí taobh thiar den agóid i mí Aibreáin, úsáidtear an dlí seo chun imeaglú a chur ar dhaoine ar mian leo seasamh leis an duine atá thíos, sa chás seo na sans papiers – béilí teo a chur ar fáil, seirbhísí leithris agus folctha a eagrú, teileafóin phóca a athluchtú agus a leithéid.
eagrú organize
" Ní scríobhfaidh mé oiread is focal eile faoin mbealach a ligean an bosca beag slim seo dom coinneáil i dteagmháil, mo thascanna a eagrú, ceol a dhéanamh is a aithint, cluichí a imirt srl.
eagrú organize
" Ó Bhearna go Carna Má ghlactar le sampla amháin a thiocfadh a fheidhmiú ó thaobh na Gaeltachta de: Thiocfadh ollchruinniú a eagrú i measc na gcoistí pobail uilig ó Bhearna go Carna chun go roghnófaí duine amháin, gan nasc páirtí ar bith agus go mbeadh an duine sin roghnaithe don toghchán le seasamh do Ghlór an Phobail.
eagrú to organize
" An rud ba chonspóidí a rinne an t-Uachtarán Obama go nuige seo, ámh, ná pacáiste sábhála ar luach leaththrilliún dollar a mholadh agus a eagrú do bhancanna agus comhlachtaí cairr Mheiriceá.
eagrú to organize
" Is é sin, is cosúil nach raibh an stát sásta luíochán seachtain nó coicíse a eagrú le cúpla céad de mhuintir na scabhaitéireachta a ghabháil is a thabhairt chun coiste.
eagrú organize
" Fuair siad drochphoiblíocht sa bhreis i Mí Márta nuair a rinne siad iarracht mórshiúl a eagrú sa cathair.
eagrú to organize
" Ó tharla go gcaithfear lóistín a eagrú cúpla mí roimhe sin, níl aon bhaol nach dtiocfaidh siad mura mbíonn tuar na haimsire ag fóirstean.
eagrú organize
" Bhí a fhios ag Bláthnaid Ní Chofaigh go raibh fear éigin ar tí agallamh a eagrú léi le roinnt uaireanta an chloig sular ghlaoigh mé uirthi ar chor ar bith.
eagrú ama time management
" Tá na pinsin agus na beartais eagrú ama sa tseirbhís phoiblí an-chosúil leis na rudaí céanna san earnáil phríobháideach” Tháinig na seirbhísí slán mar sin – tá an chuid is mo de na sochair chéanna ar fáil – ach cuireadh an-athrú ar an chaoi a gcuirtear ar fáil iad.
eagrú organizing
" Tá faitíos orthu roimh thrí dhream: eite dheis a bpáirtí, atá ag cur laige agus amaidí ina leith, polaiteoirí sa mbaile ar an eite chéanna, atá ag eagrú feachtas ina n-aghaidh le cinntiú go gcaillfidh siad a suíocháin i dtoghchán lárthéarma 2010, agus a dtoghthóirí, atá á ngríosadh ag na polaiteoirí céanna agus scaothairí raidió is teilifíse.
eagrú organize
" Bhí Mary ag cur fúithi cheana sa Fhrainc, i mbaile gar don ardchathair, ag obair léi agus ag iarraidh cúrsaí a eagrú sula dtiocfadh an bheirt againne ag deireadh an tsamhraidh.
eagrú organize
" Is cuimhneach liom go maith an scata a tháinig le chéile in Áras Mháirtín Uí Chadhain sa gCeathrú Rua le Pléaráca Chonamara a eagrú don chéad uair.
eagruithe organized occasions
" Rachaidh cúig bliana thart gan mórán ar siúl ach ranganna do thosaitheoirí in ionad cultúir éigin, agus ansin, gan choinne, tiocfaidh slám mór eagruithe chun cinn.
eagrú organise
" Le bheith féaráilte do Mhandelson is mó meas a léiríonn sé dá réamhtheachta (a bhí *“brash and gutsy”*) agus maítear go fiú go mbeadh sé de nós aici cóisirí a eagrú i gCaisleán Chroimghlinne ina mbíodh na haíonna meisciúla ag pocléimnigh ar leaba na Banríona! Ní Údar, Ní Fheadar ======== Ba léir go raibh an próiseas imithe faid áirithe fán am a bhain Mandelson na Sé Chontae amach.
á heagrú being organized
" Tá comhdháil den teideal “8 Ways to Sell More Stuff” á heagrú againn a bheidh ar siúl 7 Deireadh Fómhair.
eagrú organize
" Nuair a mhol Conradh na Gaeilge i Learpholl cuimhneachán cuí a eagrú ar an Drochshaol i 1997, bhí Ian ina rúnaí don choiste agus nochtadh dealbh iontach de chuid Éamonn Uí Dhochartaigh sa chathair i 1998.
eagrú organize
" Fíor nó bréagach, imríonn Beck agus a chlár teilifíse an-tionchar ar phobal Mheiriceá, chomh mór sin, dar fia, gur thograigh Beck a lucht féachana a eagrú go polaitiúil agus a ghríosadh chun gnímh le déanaí.
eagrú dom organize for me
" Nach aici atá na línte breátha scripte – *‘We got to do something about ‘J’’* – cód do ‘caithfidh tú dúnmharú mo gharmhac a eagrú dom’.
eagrú organizing
" Cuireann sé béim ar na nithe bunúsacha a bhaineann le himirt an tsacair agus le bainistiú foirne: simplíocht, meas, eagrú, féinmhuinín, obair dhian, uaisleacht.
eagrú to organize
" **SMM: Tháinig tú aníos leis an tuairim gur cheart rud éigin a eagrú sa Gyreum i gCo.
ag eagrú organizing
eagrú to organize
" Ar fud na hAfraice Thuaidh tá saoránaigh ag baint úsáide as na meáin sóisialta chun iad féin a eagrú d’fhonn bata agus bóthar a thabhairt dá gceannairí uathlathacha, agus cé nach bhfuil torthaí an scéil fós ar eolas againn tá sé soiléir go mbeidh cumhacht an phobail ag dul ó neart go neart de réir mar a théann cumhacht chumarsáid an idirlín i dtreis.
ag eagrú organizing
" Go gearr i ndiaidh an chomhairimh, bhí Mícheál Martin ag caint ar Fhianna Fáil a bheith ag eagrú ar an taobh eile den teorainn.
lucht a heagruithe its organizers
" Cé go raibh tinreamh maith ar an gcomhdháil sin, ba bheag a tháinig aisti agus lucht a heagruithe fillte ar Éirinn ina diaidh.
ag eagrú teacht i dtír organizing the landing
" Tá Wallasey ar an leathinis Cilgwri, idir na haibhneacha Merswy agus Dyfrdwy, os comhair Learpholl, agus bhí Méara an bhaile, Moira McLaughlin i láthair chun fáilte a chur roimh an Ollamh Stephen Harding, atá ag eagrú teacht i dtír an bháid sa cheantar agus tá Paul Mercer atá ina chúntóir ag bunáit an togra: Haugesund san Iorua.
eagrú ar bhonn míleata organize on a military basis
" Sa stair a scríobh sé ar stair Arm Saoránach na hÉireann, rinne sé tagairt do rud a dúirt comhbhunaitheoir an Airm sin, Jim Larkin, faoi shampla Edward Carson a leanúint agus eagrú ar bhonn míleata.
eagrú go rialta to organize regularly
" Trí dul i gcomhairle le Comhaltas na Mac Léinn sna coláistí éagsúla, d’fhéadfaí pacáiste tacaíochta a chur ar fáil a chuirfeadh ar chumas chuile coláiste Oifigeach Siamsaíochta Ghaeilge a earcú, ar a mbeadh sé mar chúram air/uirthi ócáidí sóisialta is siamsaíochta a eagrú go rialta do chainteoirí Gaeilge sa choláiste, faoi choimirce Chomhaltas na Mac Léinn.
i mbun eagrú an organizing (this competition)
" An Chulaith Gháifeach ======= Is í Annette Hill a bhí i mbun eagrú an chomórtais seo ‘Universal Royalty Beauty Pageant’ agus in agallamh an tseachtain sin, bhí sí á chur i gcomórtas leis na feiseanna damhsaí a bhíonn againn in Éirinn ina bhfuil an bhéim curtha ar chuma na culaithe gáifí atá lán de ghealra agus drithle.
ag eagrú imeachtaí ceoil organizing musical events
" 'Tá rialtas na Polainne a' rá leis na blianta nach bhfuil ceol traidisiúnta ar bith fágtha sa tír,' arsa Eva Skalla, Sasanach de bhunadh na Polainne a bhíonn ag eagrú imeachtaí ceoil ar fud an domhain.
ag eagrú turas bliantúil organizing an annual trip
" B’fhéidir go bhfuil tú ag eagrú turas bliantúil agus mar sin b’fhiú go mór haischlib mar #SaoireGaeltachta14 a úsáid ar na gréasáin chun gach eolas faoin imeacht i mbliana a tharraingt le chéile.
ag eagrú taispeántais organizing shows
" Thaistil sé fud fad na hEorpa ag eagrú taispeántais de na lóchrainn draíochta nua-chruthaithe sin agus dhíol sé iad leo siúd arbh acmhainn leo iad a cheannach.
comórtais a eagrú dóibh arranging competitions for them
" I dteannta an GUI, ghlac cuid mhaith cumann gailf an cúram orthu féin cabhrú le gasúir de chuid a mball agus le daoine óga eile scileanna an ghailf a fhoghlaim trí oiliúint a chur orthu, comórtais a eagrú dóibh agus am ar an ngalfchúrsa a chur ar fáil dóibh chun a gcuid scileanna a chleachtadh.
an fhéile atá á heagrú acu the festival that they are organising
" Tá an eagraíocht Colmcille ag súil go meallfaidh an fhéile atá á heagrú acu ar dhá oileán Albanacha i mí an Mheithimh go leor Éireannach, a deir Deirdre Daly.
eagrú organize
" Bhí baint ag Donncha Ó hÉallaithe lena eagrú.
eagrú chuige organizing to that end
" An féidir an spealadh geilleagair a sheachaint ar bonn áitiúil ach eagrú chuige agus oibrithe oilte a choinneáil i do cheantar féin? Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag meá na ceiste sin ar na mallaibh.
a eagrú do dhéagóirí to organize for teenagers
" An bhfuil na Coláistí Samhraidh dírithe ar an dream mícheart? Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an mb’fhearr cuid den airgead a chaitear orthu a úsáid le campaí samhraidh a eagrú do dhéagóirí na Gaeltachta agus do dhéagóirí eile a bhfuil Gaeilge acu cheana.
eagrú (having) organized
" com tar éis an chéad Tweetup as Gaeilge a eagrú ag deireadh Mhí Meán Fómhair, is dóigh le Roseanne Smith gur fiú breathnú in athuair ar na seirbhísí ar líne a chabhraíos le duine imeachtaí neamhfhoirmeálta agus foirmeálta a eagrú.