Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eagraithe organised
" Pobal Gaeilge atá beo bríomhar, ardghlórach, aontaithe agus eagraithe.
eagraithe organised
" Cé nach bhfuil mórán acu ann, tá siad eagraithe go maith agus tá siad foréigneach.
níos eagraithe more organised
" Má cheapann tú nach gá duit do shaol a athrú ach gur mhaith leat é a bheith níos eagraithe, b'fhéidir go gcabhródh féilire ar líne leat ar nós an chinn atá curtha ar fáil ag Yahoo! ag http://uk.
eagraithe organised
" Díoltar na ticéid don seó i bhfad roimh ré sa tír sin, déantar é a phoibliú go héifeachtach agus bíonn gach rud eagraithe go maith.
lucht eagraithe organisers
" Is éard a bhí i gceist ag an am ná imeacht aon uaire, ach tá lucht eagraithe Féile 2000 ar ais i mbliana le Féile 2002, a bheas ar siúl sa chathair idir 26 - 31 Márta.
eagraithe organizers
" Bhí cruinniú ag taobh an bhóthair - Mount Pleasant - idir na heagraithe, ceannairí ó na deich mbanna ceoil a bhí i láthair agus an bheirt chigirí.
oiliúint eagraithe organized teaching
" Ní raibh aon traenáil nó oiliúint eagraithe i gceist ach oiread, ach gach duine ag foghlaim na scileanna óna chéile agus ó imreoirí níos sine.
bhrúghrúpa eagraithe organised pressure group
" Ar an drochuair, níl aon bhrúghrúpa eagraithe ann sa tír seo chun tabhairt faoin obair seo.
eagraithe organizers
" Dá mbeadh muinín ar bith ag na heagraithe san ealaín féin, ní bheadh sé chomh tábhachtach sin cleasanna mar seo a imirt chun aird a tharraingt ar na saothair.
eagraithe organized
" Bhíomar eagraithe ar shlí an-scaoilte, ach tá feabhas tagtha air seo le tamall anuas.
eagraithe organized
" Fiú i gcás imreoirí na gcontaetha nach dtéann ar saoire eagraithe, glacann a lán de na himreoirí saoire phearsanta thart ar aimsir na Nollag ionas go mbeidh an chuid eile den bhliain saor acu chun dul i mbun imeartha agus traenála.
lucht eagraithe organizers
" Ní raibh lucht eagraithe na gcluichí ceannais ag dréim ach le 25,000 duine, agus bhí orthu na geataí a oscailt ar mhaithe le sábháilteacht nuair a tháinig breis agus 38,000 duine.
mí-eagraithe ar fad really disorganised
" Chomh maith leis sin, bhí liosta uimhreacha na bhfolínte mí-eagraithe ar fad.
ar bhonn eagraithe, foirmeálta on an organized, formal basis
" Glacaimid páirt i spórt ar bhonn eagraithe, foirmeálta, le foireann pheile nó iomána nó a leithéid.
eagraithe organizers
" Ní hamháin sin ach tá teagascóirí, bainisteoirí agus lucht eagraithe foirne faoi bhagairt agus faoi bhrú le faitíos go ndéanfaidís rud ar bith as bealach, cuma cé chomh beag.
siúlóidí eagraithe organised walks
" Chomh maith leis sin, má fhaigheann tú an leabhrán seachtainiúil *What's On *ón oifig turasóireachta san Aghaidh Mhòr - an sráidbhaile atá mar chroí an cheantair - is féidir fáil amach faoi roinnt mhaith rudaí eile atá ar siúl, mar chéilithe, cainteanna agus siúlóidí eagraithe.
eagraithe organized
" Is cuimhin liomsa a bheith i mo sheasamh ag argóint faoi seo agus siúd, ag déanamh sórt *speech *sa rang, ag argóint le daoine eile, gan fiú an rud a bheith eagraithe.
an-eagraithe well-organized
" Ach tá an baol ann go n-éireoidh le "mionlach an-eagraithe" an smacht a fháil, is cuma cén dearcadh atá ag an tromlach mí-eagraithe atá fágtha.
an lucht eagraithe the organizers
" Na laethanta seo, tá an lucht eagraithe ag ullmhú don chéad ócáid eile, a bheas ar siúl an mhí seo chugainn.
eagraí organizer
" Tá meascán foirfe den chultúr Gaelach agat ansin agus (rud atá an-tábhachtach domsa mar eagraí!) tá dóthain seirbhísí poiblí ann: lóistíní, hallaí poiblí, óstáin, agus mar sin de.
Eagraithe pearsanta boise personal digital assistants, PDAs
" " Trealamh eile atá sa rannóg seo ná: "Eagraithe pearsanta boise.
an-eagraithe very organised
" "Bhí muintir na háite an-eagraithe agus chuiridís imeachtaí iontacha ar fáil dúinn.
eagraithe organised
" Tá dream áirithe den tuairim gur féidir feabhas a chur ar chúrsaí trí bheith eagraithe ag an leibhéal gnó agus polaitiúil.
eagraithe organizers
" Tháinig breis is 70% de na himeachtaí a bheidh le feiceáil i mbliana ón fheachtas poiblí a eagraíodh chun ábhar tionscadal nua a mhealladh isteach agus tá na heagraithe dóchasach go léireofar spiorad agus meanma na hEorpa ar bhealach an-dearfach in éagsúlacht agus i bhfuinneamh na dtionscadal a fuarthas.
eagraithe organised
" "Caithfidh tú bheith eagraithe," a deir sí.
eagraithe organised
" Le cois na scríbhneoireachta go léir, is fear mór clainne é Ó Muirí a n-éiríonn leis éacht faoi leith a dhéanamh (éacht a mholfaidh aon duine a bhfuil páistí dá chuid féin aige): éiríonn leis aire a thabhairt dá pháistí – Ultan, Aoife agus Laoise - agus obair a dhéanamh ag an am céanna! “Tá mé ar dhuine chomh heagraithe go gcuireann sé eagla orm féin in amanna!” a deir sé.
ag lucht a eagraithe its organisers
" Tá rún ag lucht a eagraithe cúrsa an ráis 26 míle (agus 385 méadar) a athrú agus é a choinneáil amach as iarthar na cathrach.
lucht eagraithe an ráis the race organisers
" Cúrsaí sláinte agus sábháilteachta a luaigh an PSNI mar bhunús leis an chomhairle a thug siad do lucht eagraithe an ráis, comhairle ar a bunaíodh an cinneadh gan an chuid sin den rás a chuaigh fríd Bhóthar na bhFál agus Baile Andarsain a cheadú i mbliana.
an choireacht eagraithe Ghael-Mheiriceánach Irish-American organised crime
" Ní seo an chéad leabhar ó pheann English mar gheall ar an choireacht eagraithe Ghael-Mheiriceánach.
sách eagraithe organised enough
" Is rud amháin é bheith i do chomharsanach maith, gnaíúil ach is rud eile ar fad é do gharraí féir a shaothraigh tú go dian a chur ar fáil don té a bhfuil 100 bó aige agus nach bhfuil sách eagraithe lena gharraí féin a bhaint.
bealaí eagraithe siúlóide organised walking routes
" Táimid in iomaíocht anois le tíortha in oirthear na hEorpa agus tuairiscítear go bhfuil bealaí eagraithe siúlóide den chéad scoth i dtíortha mar an tSlóivéin, an Rómáin, an Pholainn, an Bhulgáir agus an tSlóvaic.
chosáin eagraithe organised paths
" Lena chois sin, ba cheart go mbeadh sé ar chumas na n-údarás áitiúil cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí as cead a thabhairt do shiúlóirí dul trí stráicí áirithe dá gcuid talún le teacht ar chosáin eagraithe (tá a leithéid déanta sa Tuaisceart i gceann de na siúlóidí is deise ansin – Bealach Chlochán an Aifir.
lucht eagraithe organisers
" Bhí fógartha ag lucht eagraithe na Feise go raibh Íochtarán na hÉireann, Íosa Mhic Ghiolla Mháire le cuairt a thabhairt ar an *Fest*, agus bhí lucht Sheirbhís Dúrúnda Stáit Aontaithe Mheiriceá ag rith thart ar nós scaifte polaiteoirí ag tórramh faoin tuath ag iarraidh duine le cosaint.
choireacht eagraithe organised crime
" Le cois a chuid oibre mar fhear gnó, tá sé ag cur le chéile clár faisnéise don teilifís mar gheall ar an choireacht eagraithe Éireannach, clár ina ndíreofar ar an dream mícháiliúil sin, na *Westies*, i Hell’s Kitchen, ach a dhéanfaidh iniúchadh fosta ar iarmhairtí na drongadóireachta i measc na nÉireannach i Meiriceá ar fad.
ag lucht eagraithe na comhdhála the organisers of the conference
" Bhí taighde cuimsitheach déanta ag lucht eagraithe na comhdhála ar cheithre thoradh a d’fhéadfadh bheith ann sa todhchaí, ag brath ar cathain a tharlóidh buaic na hola agus ar conas a dhéileálfaidh an rialtas léi.
lucht eagraithe na féile the festival organisers
" Cuid neamhoifigiúil d’Fhéile Learphoill a bhí sa pharáid, mar is fearr le lucht eagraithe na féile gan a bheith polaitiúil.
lucht eagraithe na ceolchoirme the organisers of the concert
" Bhí áthas an domhain ar lucht eagraithe na ceolchoirme.
an lucht eagraithe organisers
" Eagróidh Cumann Lúthchleas Gael sraith de chluichí Gaelacha tráthnóna Dé Sathairn agus beidh Club na Féile speisialta ann gach oíche, áit a mbeidh na ceoltóirí agus an lucht eagraithe ábalta a scíste a dhéanamh ag deireadh an lae.
eagraithe organised
" Díreach mar a bheifí ag súil leis, tá an-chuid imeachtaí comórtha eagraithe don 2 Aibreán i mbliana le cuimhneamh ar bhás an Phápa.
eagraithe go proifisiúnta organised in a professional way
" Go mbeadh foghlaim na Gaeilge eagraithe go proifisiúnta ar fud na Breataine agus múinteoirí óga nua dá múineadh.
eagraithe organised
" Díreach mar a bheifí ag súil leis, tá an-chuid imeachtaí comórtha eagraithe don 2 Aibreán i mbliana le cuimhneamh ar bhás an Phápa.
eagraithe go proifisiúnta organised in a professional way
" Go mbeadh foghlaim na Gaeilge eagraithe go proifisiúnta ar fud na Breataine agus múinteoirí óga nua dá múineadh.
an lucht eagraithe the organisers
" Cheap an lucht eagraithe go mb’fhéidir go mbeadh 100 de na tarracóirí i láthair.
an-eagraithe very skillful
" Is foireann an-eagraithe, an-sciliúil agus an-láidir go fisiciúil agus go hintleachtúil iad foireann Chorcaí.
turais eagraithe organised tours
" Déanaim turais eagraithe a sheachaint de ghnáth, ach seachas carr a thógáil ar cíos, rud nach raibh mé in acmhainn a dhéanamh, ní raibh mórán de rogha agam ach áit a chur in áirithe ar thuras i Windhoek, príomhchathair na tíre.
na bealaí eagraithe siúlóide the organised walking routes
" Ar ndóigh, ní raibh aon imní orainn faoi fhadhbanna rochtana nuair a thosaigh muid ár dturas – tá léarscáil le fáil saor in aisce ón oifig turasóireachta a bhfuil na bealaí eagraithe siúlóide air agus tá cead fánaíochta sna sléibhte.
eagraithe organised
" ***AÓF: Cén fáth, meas tú, an bhfuil fás chomh mór sin tar éis teacht ar bhallraíocht na craoibhe thar na blianta? An mbaineann na ranganna ceoil a eagraíonn sibh leis seo, meas tú?*** TÓU: Tá baint nach beag leis an gcaoi a mbíonn na ranganna eagraithe leis an méadú seo, ceapaim.
an lucht eagraithe the organisers
" B’fhéidir gur cuma leis an lucht eagraithe (agus leis an lucht leanta freisin, b’fhéidir) ach tá a lán de na clubanna i bhfiacha agus i dtrioblóid dá réir.
mar atá sé eagraithe as it is organised
" Níl sé ag oibriú mar atá sé eagraithe agus ní bheidh rath air sa bhfadtéarma, dar liom.
eagraithe organised
" Tá ceolchoirm rúnda eagraithe aige.
eagraithe organised
" Ní hamháin sin ach go raibh coinne eagraithe aige le hathair Simon agus go rabhamar chun bualadh isteach chuig Simon maidin Dé Sathairn! Níor chreid mé é go dtí gur chnagamar ar an doras agus cé a d’oscail é ach Crowe féin! Bhí mé dhá bhliain déag, lán de cheol nua, *rock ’n’ roll*, stáisiúin bhradacha raidió Bhaile Átha Cliath – Radio Dublin Two-Five-Three, Big-D Radio, Radio 257 – *punk*, na Sex Pistols, Johnny Rotten agus ár mbanna Éireannach, Bhleá Cliathach féin, na Boomtown Rats – cúigear buachaillí a bhí dána, réabhlóideach, torannach.
lucht eagraithe organisers
" Chinn lucht eagraithe Léachtaí Cholm Cille ar chomhdháil a reáchtáil ar “An Prós Comhaimseartha” sa bhliain 2005 agus is anuraidh a foilsíodh na haistí.
eagraithe, organised,
" Seo chugainn an samhradh agus tá dátaí na gceolchoirmeacha uilig nach mór socraithe, cúrsaí taistil eagraithe, díosal curtha sa veain, scuaba agus taos fiacaile pacáilte, fuadar faoin bhfear fuaime, na huirlisí deisithe agus faobhar á chur ag gach éinne ar a fhiacla ceoil.
an-eagraithe very organised
" Bíonn Joe O'Toole réasúnta cinnte dá shuíochán i gcónaí mar go bhfaigheann sé tacaíocht láidir ó Chumann Múinteoirí Éireann, dream atá an-eagraithe agus a bhfuil córas teagmhála poist acu, iris mhíosúil agus gréasán láidir múinteoirí ar fud na tíre.
eagraithe go maith well-organised
" Cé go nglacann cuid mhaith de na teaghlaigh le bás duine dá muintir gan gearán ar bith, tá cuid mhaith eile nach bhfuil sásta cur suas le Blair’s War níos mó agus tá siad eagraithe go maith mar Military Families Against the War (MFAW; (www.
eagraithe. organised.
an-dea-eagraithe, very well organised,
" Dhá bhliain níos déanaí agus an fhéile bunaithe, lonnaithe cois tábhairne ceanúil Uí Mhurchú, nasctha leis an bpobal áitiúil agus an-dea-eagraithe, seo muidne ann, na cailíní ag damhsa go corpchuara chun tosaigh, na buachaillí ina seasamh go craos-shúileach sna heití, an ceol dainséarach, diamhair agus allas stoirmiúil, gáirsiúil, brothallach i lár an tsamhraidh ag meascadh go meangúil san oíche.
iontach eagraithe very organised
" Ní raibh CLG iontach eagraithe agus ní bhíodh cluiche peile agam gach Satharn, dá bhrí sin d’imir mé neart cluichí rugbaí agus d’imrímís go minic ar an Domhnach freisin.
snasta agus eagraithe polished and organised
" Faoi dheireadh, a shíl muid ar fad, bhí suíomh gréasánaithe sóisialta ar fáil dúinn a bhí snasta agus eagraithe – cosúil le Bebo, ach amháin go raibh sé dírithe ar dhaoine fásta.
eagraithe organised
" Faoi dheireadh, a shíl muid ar fad, bhí suíomh gréasánaithe sóisialta ar fáil dúinn a bhí snasta agus eagraithe – cosúil le Bebo, ach amháin go raibh sé dírithe ar dhaoine fásta.
ar rialtais iad atá eagraithe díreach mar a bheadh tíortha beaga iontu which are governments organised exactly as if they were small countries
" Ar an gcéad leibhéal eile – leibhéal an stáit – toghtar ionadaithe chun rialtais na stát, ar rialtais iad atá eagraithe díreach mar a bheadh tíortha beaga iontu sa chaoi is go bhfuil gobharnóirí – a fheidhmíonn mar uachtaráin – seanadóirí agus teachtaí comhdhála i gceist.
eagraithe organised
" Chonaic mé fógra in *An Phoblacht*, nuachtán Shinn Féin, faoi “*mini*-choláiste” a bhí eagraithe acu sa chathair sin agus nuair a chuir mé litir chucu ag fiafraí faoi, fuair me litir chairdiúil ar ais i mí an Mhárta ó Mháirtín Ó Muilleoir, Ceannasaí Roinn an Chultúir, agus dúirt seisean: “Beidh fáilte is céad romhat ag an chéad *mini*-choláiste eile”.
i bhfad níos eagraithe much more organised
" Deir sé go bhfuil cúrsaí i bhfad níos eagraithe na laethanta seo agus go bhfuil ag éirí leis an dá ghrúpa ioncam ceart a shaothrú ó na ceolchoirmeacha a dhéanann siad.
cuireadh breis is 8,000 aighneacht faoi bhráid an lucht eagraithe more than 8,000 submissions were submitted to the organisers
" Chuir an rialtas fáilte roimh ionchur ón bpobal i gcoitinne, agus cuireadh breis is 8,000 aighneacht faoi bhráid an lucht eagraithe.
eagraithe go maith well organised
" Bhí siad eagraithe go maith agus bhí siad láidir ó thaobh agóidí i measc an phobail a dhéanamh.
eagraithe go proifisiúnta. professionally organised
" Bhí an cúrsa spreagúil, taitneamhach, agus eagraithe go proifisiúnta.
lucht eagraithe Phuball na Gaeilge organisers of the Irish language tent
" ” Bhí sé mar aidhm ag lucht eagraithe Phuball na Gaeilge spás a chur ar fáil ag an bPicnic Leictreach ina labhrófaí Gaeilge amháin.
eagraí organiser
" “Theastaigh uaim a bheith i m’eagraí náisiúnta don Ghluaiseacht agus í a athrú go hollpháirtí sóisialach agus bhí sin indéanta.
eagraithe organized
" Mhínigh Christy go raibh air filleadh ar Chorcaigh an oíche sin mar go raibh seisiún traenála eagraithe aige don mhaidin dar gcionn le gasúir óga a chlub féin agus nár mhaith leis iad a ligean síos.
an-eagraithe well organized
" Bhí an taisteal sa tSeapáin féin an-eagraithe, an bus, an tiománaí agus duine ón ghníomhaíocht ag feitheamh linn gach maidin agus clár an lae scríofa amach breá soiléir.
gcoirpeacht eagraithe organized crime
" Mar a chuir Gates é, caithfidh sé go raibh McCain “aineolach faoi - nó comhpháirteach i - gcoirpeacht eagraithe na Rúise.
eagraithe organised
" Tharla an tragóid ar bhád iascaigh adhmaid - eagraithe ag gáinneálaithe, daoine - a bhí ag tabhairt 47 fear as an Afganastáin chun na hAstráile as an Indinéis.
eagraithe organized
" Ceist An-Mhór Cé gur ábhar réasúnta beag ar bhealach an méid seo, ardaíonn sé ceist an-mhór agus is í sin, cé chomh daonlathach agus atá an próiséas polaitaíochta faoi láthair?An ceart nó an fiú próiséas eile a fhorbairt a chuirfeadh leis an daonlathas agus a chinnteodh go raibh deacrachtaí agus dúshláin na bpobal á gcur ar chlár oibre na gcomhairlí contae?An bhféadfaí córais a fhorbairt i ndáilcheantair ina mbeadh cruinnithe poiblí eagraithe ag coistí pobail le hiarrthóir dá gcuid féin a roghnú lasmuigh den chóras páirtí.
dea-eagraithe well organized
" Tá an feachtas dea-eagraithe seo ag gabháil ó neart go neart, ach beidh sé i bhfad níos éifeachtaí fós le cuidiú ó léitheoirí Beo.
coirpeachta eagraithe organised crime
" Creideadh go forleathan abhus ag an am gur d’aon ghnó a nimhíodh Phar Lap agus go raibh lucht na coirpeachta eagraithe freagrach as.
an-eagraithe very organized
" Bíonn sí an-eagraithe agus déanann sí gach rud i gceart.
t-eagraí organizer
" Mar sin, nuair a d’fhill mé ar Learpholl faoi Nollaig, chuaigh mé leis an AIL Bhí cara anseo i Walton, Helena Hardigan, ina ball cheana féin agus d’inis sí dom go raibh an t-eagraí, Alan Lenton, ina chónaí cóngarach dúinn i Bootle agus fuair mé cóipeanna den iris a d’eisíodh siad *‘Ireland Bulletin’* uaidh.
lucht eagraithe organizers
" (Tá lucht eagraithe na leachtaí seo le moladh go hard.
eagraithe organized
" Bhí siad go léir bailithe ag “Fóram an Artaigh”, a bhí eagraithe ag Cumann Tíreolaíochta na Rúise, agus ní raibh ábhar níos conspóidí ar an gclár ná ceist acmhainní mianracha an réigiúin.
eagraithe organized
" Is taispeántas taistil é Endurance: *Shackleton’s Antarctic Adventure*, atá eagraithe ag *The American Museum of Natural History*, Nua-Eabhrac, agus tá sé le feiceáil anseo i Learpholl, don chéad uair sa Bhreatain, go dtí Feabhra 27 2011.
lucht a eagraithe the organizers
" D’fhéadfaí áitiú ar lucht a eagraithe go bhfuil gach duine de na daltaí scoile i bPoblacht na hÉireann a bhfuil an comórtas dírithe orthu ag foghlaim na Gaeilge agus má tá €5,000 ar fáil don bhuaiteoir, ní bhrisfeadh sé an banc dá mbeadh €1,000 breise ar fáil ach an iarracht a bheith i nGaeilge nó dátheangach.
eagraithe organized
" Robert Noonan ======== Is cuid de chomóradh an chéid é, Learpholl Cathair na Radacach 1911-2011, an ceiliúradh faoi Robert Noonan/Tressell atá eagraithe ag Comhairle na Cathrach mar tháinig Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht san áit arís anuraidh.
eagraithe organized
" Bhí cúpla imeacht eagraithe ag an CRD sna féilte luatha - measann daoine gurbh í an chéad stiúrthóir í ach bhí Deirdre McManus, Danny Power agus Kate Pickering gníomhach sa ról roimpi.
eagraithe organised
" Nárú agus Manus ========= Bhí na páirtithe coimeádacha i réim sna blianta tosaigh den chéad seo nuair a tháinig borradh suntasach faoi líon na mbád neamhúdaraithe, eagraithe ag gáinneálaithe daoine, a tháinig i dtír plódaithe le teifigh ar chúiseanna tearmainn.
eagraithe organized
" Na Normannaigh, bhí siad eagraithe réasúnta maith ceart go leor.
eagraithe organised
" Mórthaispeántas d’ealaín nua-aoiseach atá sa tionscadal seo eagraithe ag *Dublin Contemporary 2011*, agus de bharr go bhfuil breis is 100 ealaíontóir náisiúnta agus idirnaisiúnta éagsúla páirteach ann, tá am (agus airgead) de dhith le gach rud a fheiceáil mar is ceart.
gnó-eagraí rathúil a successful business organizer
" Is gnó-eagraí rathúil é Brim agus is ceannaire é ar mhuintir dhúchais an cheantair.
mhodhanna eagraithe methods of organizing
" Agus an spreagadh seo inár gcluasa, tháinig cainteoir i ndiaidh cainteora amach ag cur síos ar mhodhanna eagraithe agus múinte a d'fhéadfaí a fheidhmiú chun an teanga a chur chun cinn.
choireacht eagraithe organized crime
" Is mór an t-aighneas a chothaigh an cás seo, go háirithe an drochbhealach fíor-amscaí inar thug na póilíní faoi, ag díriú le fada ar choireacht eagraithe i bpobail eitneacha seachas ar cheannfháthanna ciníochais agus seineafóibe.
ina heagraí spóirt sports editor
" Is dóiche go bhfuil sé suntasach anois go bhfuil bean againn ina heagraí spóirt.
eagraithe organized
" Cé a dúirt go raibh saol banríona furasta? Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí ceiliúrtha, bhí Comhdháil na hEocairiste ann i mBaile Átha Cliath i lár na míosa, agus bhí na mílte ag tarraingt ar Pháirc an Chrócaigh fána choinne – cuid mhór de na daoine cinnte gur léirsiú a bhí ann, eagraithe ag Caitlicigh Chumann Lúthchleas Gael, in éadan na gcluichí Gallda a bhí dá n-imirt sa Pholainn agus san Úcráin.
eagraithe organized
" D'éirigh le Joseph Walker urghaire cúirte a fháil le stop a chur le siúlóid a bhí eagraithe ag Chumann Shiúlóirí Áth na Sceire agus a chuaigh trasna 500m dá chuid talún i Meán Fómhair 2008.
lucht eagraithe organizers
" Má tá sé trom, tá aghaidh an bhuachalla óig air, agus go cinnte shíl lucht eagraithe an choinbhinsiúin go ngríosfadh sé an slua lena reacaireacht chroíúil.
lucht eagraithe organizers
" An amhlaidh go bhfuil dílseorí ag úradh tréasa s’acu féin in éadan stát na Breataine mar thréas a bheadh ann da gcuirfeadh siad in éadan a stáit féin le fórsaí airm; go bhfuil siad ag ceiliúradh bua bhagairt an fhoréigin; ag ceiliúradh an spreagadh a thug siad d’Arm Saoránach na hÉireann agus do lucht eagraithe Éirí Amach 1916? Ba é ceannlíne an News Letter Déardaoin seo caite *"A hundred years on, we’re still British"* – agus ar cén costas?
eagraithe aici she has ready, organized
" Is sa gcomhthéacs sin a iarradh ar *Stillwater Communications* (Cillian agus Natasha Fennell) tuarascáil a réiteach don ‘landlady’ chun tíocht aníos le bealach leis an lóistéir a bhogadh isteach i seomra dorcha tais ar chúl an tí, mar go bhfuil custaiméir eile eagraithe aici don seomra deas ina bhfuil sé faoi láthair.
na cluichí is fearr eagraithe the best games are organized
" Tá sé déanta ag Cumann Lúthchleas Gael sna coláistí tríú leibhéal agus tá toradh íontach air sa gcaoi is go bhfuil an chuma ar an scéal gurb iad na Cluichí Gaelacha na cluichí is fearr eagraithe i gcuid mhaith de na coláistí.
thig le lucht eagraithe an dúshláin the challenge organizers can
" Ins an dóigh seo thig le lucht eagraithe an dúshláin (Cumann Sléibhteoireachta Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) súil ghéar a choinneáil ar dhul chun cinn gach iomaitheora - nó a mhalairt.
ina eagraí ceantair a district organisers
" Tá sé ina bhall gníomhach den Pháirtí Sóisialach agus ina eagraí ceantair do Chumann Múinteoirí Éireann.
eagraithe ar an idirlíon organized on the internet
" D’fhéadfadh an vóta a bheith eagraithe ar an idirlíon, le hairgead agus le ham a shábhailt ach vóta poist a bheith ann chomh maith do dhaoine a mb’fhearr leo vótáil ar an mbealach sin.
eagraithe organized
" Chuige sin, níl an dara rogha ag lucht na teanga (lasmuigh den Ghaeltacht) ach dreamanna comhrá eagraithe a chur ar bun agus tabhairt faoi chúinne dorcha dúr chun dul i mbun cainte.