Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eagraíocht organisation
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht? Is mise an Stiúrthóir.
eagraíochtaí organisations
" Anuas air sin, tá na comhaid a ghintear millteanach mór agus níl sé indéanta iad a scaipeadh ach ar ghréasáin le bandaraon leathan, ar nós na gceann "broadband" atá le fáil go forleathan i Meiriceá agus coitianta i measc eagraíochtaí móra san Eoraip.
eagraíocht organisation
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Ar dtús bhí an Chomhdháil comhdhéanta de na heagraíochtaí Gaeilge agus daoine aonair, ach ó lár sheascaidí an chéid seo caite is eagraíochtaí amháin atá cláraithe leis an gComhdháil.
eagraíocht dheonach voluntary organisation
" ISO 9002 bainte amach - an chéad eagraíocht dheonach ar éirigh léi é sin a dhéanamh.
eagraíocht organisation
" Is í an eagraíocht Internet Corporation for Assigned Names and Numbers (ICANN) a stiúrann na seoltaí idirlín a chríochnaíonn le litreacha ar nós ".
eagraíochtaí organisations
" " Cén léargas a thug an ról nua seo di ar mhionteangacha agus ar an nGaeilge? Deir sí go bhfuil an t-ádh linn gur teanga stáit í ár dteanga féin agus go bhfuil an oiread sin eagraíochtaí ag plé léi.
eagraíocht organisation
" " Bhí an tSiúr Stanislaus mar phríomhfheidhmeannach ar FI roimhe seo; tá sí anois ina hUachtarán ar an eagraíocht agus bíonn sí ag traenáil fhoireann FI maidir leis an bhfís a bhí aici ón tús don eagraíocht.
eagraíochtaí organisations
" Dúirt go leor daoine go mbeadh sé níb fhearr dá mbeadh eagraíochtaí an Lucht Taistil sásta admháil anois agus arís nach mbíonn na Taistealaithe gan locht i gcónaí, ach go mbíonn a bhformhór freagrach nuair a thugtar na háiseanna cearta dóibh, etc.
eagraíocht phobail community organisation
" Tá Cora ag obair mar oifigeach airgeadais in eagraíocht phobail i lár na cathrach.
eagraíochtaí organisations
" Smaoinigh, mar shampla, ar na daoine breátha atá ag obair in eagraíochtaí pobail agus deonacha.
eagraíocht organisation
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag Glór na nGael? Léiríonn an fhorbairt atá tagtha ar na pobail a bhfuil an eagraíocht gníomhach iontu leis na blianta go soiléir go bhfuil borradh, an-éileamh agus suim méadaithe sa gcultúr agus sa teanga.
eagraíocht chultúrtha cultural organisation
" Bhí an t-ádh orainn go raibh eagraíocht chultúrtha darb ainm Cantref gníomhach sa cheantar agus le cúpla bliain anuas tá muid ag comhoibriú leosan agus leis an chomhairleoir áitiúil Elwyn Edwards (Plaid Cymru) sa scéim chun leacht cuimhneacháin cuí a thógáil.
eagraíocht organisation
" Cén ról atá agaibh féin san eagraíocht agus cén fhad atá sibh in bhur bpost? Máire Uí Shíthigh - Oifigeach Forbartha, ag obair le hOidhreacht Chorca Dhuibhne ó 1988 i leith.
eagraíocht organisation
" Níl aon bhealach le seo a bhaint amach ach tríd an chóras polaitiúil; ba cheart do na heagraíochtaí Gaeilge agus dúinne, an pobal, mar sin, brú a choinneáil go leanúnach agus go héifeachtach le seo a bhaint amach i mbliana.
eagraíocht organisation
" Tá mise ag obair i Rannóg Forbartha an chlinic, rannóg a bhfuil sé de chúram uirthi maoiniú a fháil don eagraíocht agus dá cláracha éagsúla.
eagraíocht organisation
" Measann sé gur theip ar Amharclann de hÍde, an eagraíocht a bunaíodh sna nóchaidí le drámaíocht na Gaeilge a fhorbairt, de bharr go raibh an cur chuige mícheart acu.
eagraíochtaí organisations
" Is mar seo atá cúrsaí: má lochtaíonn tú na daoine nó eagraíochtaí is cumhachtaí sna ceantair sin go poiblí, seans maith go mbeidh bás sóisialta i ndán duit.
eagraíocht organisation
" Ach sin scéal eile! Pé ar bith, má dhéantar anailís an-simplí ar ról an chumainn san eagraíocht, tá sé an-soiléir gur sa chumann áitiúil atá croí an CLG ag bualadh.
eagraíocht neamhbhrabúsach non-profit organisation
" Cúpla seachtain ó shin thaistil mé go ceantar tuaithe i Wyoming County, West Virginia le hobair dheonach a dhéanamh leis an Appalachia Service Project (ASP), eagraíocht neamhbhrabúsach a dhéanann tithe a dheisiú do theaghlaigh atá ar ioncam íseal i Central Appalachia.
eagraíochtaí organisations
" Táimid ag súil le tuilleadh tacaíochta ó na heagraíochtaí Stáit agus deonacha in Éirinn a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn.
eagraíochtaí organisations
" Táimid ag súil le tuilleadh tacaíochta ó na heagraíochtaí Stáit agus deonacha in Éirinn a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn.
eagraíochtaí organisations
" Baineann na veaineanna dubha seo leis an *uyoku*, páirtithe agus eagraíochtaí na heite deise.
eagraíocht organisation
" Labhair sé fosta faoi streachailt Chonradh na Gaeilge, an dul chun cinn a bhí déanta ag an eagraíocht agus an tionchar a bhí ag athbheochan na teanga ar gheilleagar na hÉireann.
Díbríodh as an eagraíocht iad there were thrown out of the organisation
" Díbríodh as an eagraíocht iad agus bhain siad ballraíocht amach san ord oráisteach neamhspleách.
eagraíochtaí organisations
" Ach ba é an moladh ba thábhachtaí ná go ndéanfadh an pobal 48% de na seanadóirí a thoghadh ó liostaí a chuirfeadh na príomhpháirtithe agus eagraíochtaí eile chun tosaigh.
eagraíocht organisation
" Bhí fear i láthair a raibh baint aige leis an eagraíocht Cearta Gael agus rinne sé gearán láidir le John Beag de bharr go raibh cuid dá chuid amhrán i mBéarla.
eagraíocht chaomhnaithe conservation organisation
" Tá an eagraíocht chaomhnaithe An Taisce, i gcomhar lena gcairde sna meáin chumarsáide (leithéidí Frank McDonald san *Irish Times*), ag rá go bhfuil sé thar am deireadh a chur le tógáil tithe aonair faoin tír agus gur cheart go ndéanfaí na bailte tuaithe a fhorbairt.
eagraíocht organisation
" Mar shampla, tá sé de dhualgas ar na Gardaí scrúdú a dhéanamh ar chúlra aon duine a chuireann isteach ar phost i mbord sláinte, ina bhfuil sé i gceist go mbeadh sé ag plé le páistí, nó aon duine a chuireann isteach ar phost in eagraíocht a bhíonn ag plé le páistí ag a bhfuil riachtanais speisialta.
eagraíocht spóirt sports organisation
" Feiceann daoine céard atá déanta ag an CLG as a stuaim féin agus nuair a fhéachann duine ar Pháirc an Chrócaigh tuigeann sé/sí gurb é an CLG an eagraíocht spóirt is mó cur chuige agus is fadradharcaí sa tír agus b'fhéidir san Eoraip.
eagraíocht mhistéireach mysterious organization
" Cé go bhfuil bunús le hargóint an Uasail Mullan, creidim féin go bhfuil an scéal níos casta agus go bhféadfadh cás de Róiste a bheith ceangailte leis an eagraíocht mhistéireach Saor Éire agus an gaol a bhí ag airí áirithe i rialtas Fhianna Fáil ag an am leis an eagraíocht chéanna.
ag baint leasa as an eagraíocht using the organization
" Tá an tuairim ann gur tugadh cead a gcinn do Shaor Éire toisc go raibh an tAire Neil Blaney ag an am ag baint leasa as an eagraíocht le gunnaí a fháil i Meiriceá don phobal ó thuaidh.
eagraíocht organization
" I mbliana, tá mo bhean féin, Sinéad, ag obair mar cheannaire ar an eagraíocht agus tá ag éirí léi í á chur chun cinn.
eagraíochtaí na bhfeilméaraí farmers' organizations
" Tá cuid den phobal ag rá má tá tacaíocht le tabhairt d'fheilméaraí ón státchiste nuair atá rudaí go dona, mar atá faoi láthair, nár chóir go mbeadh rud éicint le n-íoc ar ais nuair atá gach rud faoi bhláth? Ar ndóigh, ní thugann eagraíochtaí na bhfeilméaraí aon aird ar a leithéid - is admháil a bheadh ansin go mb'fhéidir go bhfuil fiúntas éicint leis an argóint.
eagraíocht organization
" Cé gur thug an CRE tacaíocht d'Éireannaigh i gcásanna áirithe roimh bhinsí breithiúna, níl iontu seo ach cuid bheag den scéal, mar deir an eagraíocht nach mbíonn ach mionlach sásta gearán oifigiúil a dhéanamh faoi dhrochíde agus masla cainte: The response of many people in bad experiences was to leave the job or to keep a low profile.
eagraíocht charthanachta charitable organization
" Ach má cheannaíonn tú ríomhaire nua snasta, tá fadhb á cruthú agat duit féin: Cad a dhéanfaidh tú leis an ríomhaire atá agat cheana féin ar do dheasc? Tá cuid mhaith ríomhairí as dáta ag bailiú dusta i dtithe in Éirinn, agus tá an teicneolaíocht ag ropadh ar aghaidh chomh tapa sin gur beag eagraíocht charthanachta atá sásta glacadh le ríomhairí atá níos mó ná cúpla bliain d'aois.
eagraíocht thrasteorann cross-border organization
" " Is ball í Ruth den Irish Association, eagraíocht thrasteorann a bunaíodh tamall fada ó shin.
eagraíocht organization
" I mbliana, tá mo bhean féin, Sinéad, ag obair mar cheannaire ar an eagraíocht agus tá ag éirí léi í á chur chun cinn.
eagraíochtaí organizations
" Cé go bhfuil an rialtas agus a lán eagraíochtaí ag rá go bhfuil infrastruchtúr bandaleithid leathain riachtanach chun todhchaí na fostaíochta in Éirinn a chinntiú, is beag caint atá ann ar na riachtanais eile sa tionscal teicneolaíochta.
bhaill shinsearacha na heagraíochta sin cois Life the senior members of that society in Dublin
" Mar bhall de Choiste Náisiúnta Chumann Naomh Uinseann de Pól bhí aithne ag Máire ar bhaill shinsearacha na heagraíochta sin cois Life.
eagraíocht organization
" Tá sraith tionscadal ag feidhmiú faoi scáth na heagraíochta.
eagraíocht organization
" Tá an UDA ag dul a chur cosc aoise ar ógánaigh atá ag iarraidh dul isteach sa Ulster Young Militants, eite óige na heagraíochta - is léir go bhfuil siad ag pleanáil don todhchaí.
heagraíocht cearta daonna human rights organization
" ÉÓD: Tá baint agat féin le heagraíocht cearta daonna agus bíonn tú i mBéal Feirste go minic mar ionadaí de chuid na heagraíochta sin.
eagraíocht organization
" Cuireadh milleán ar an APRA chomh maith, an eagraíocht a bhí in ainm is a chinntiú go raibh comhlachtaí árachais ag dul i mbun gnó mar ba chóir.
eagraíochtaí organizations
" Is ardú meanman é do phobal a labhraíonn mionteanga, agus d'eagraíochtaí an phobail sin, bíodh siad deonach nó ag feidhmiú mar ghnó, dream a fheiceáil ag tabhairt faoi pháipéar laethúil a fhoilsiú sa teanga sin.
heagraíochtaí nuachta news organizations
" Anois agus an phríomhchuid den chogadh san Iaráic thart, tá roinnt mhaith de na hiriseoirí a bhí "neadaithe" le harm na Stát Aontaithe ar a slí abhaile - agus is cinnte go mbeidh na heagraíochtaí nuachta a chuir ann iad ag súil go dtiocfaidh a gcuid fón daor satailíte abhaile leo freisin.
eagraíocht organization
" Tá cumhachtaí tugtha don Choimisiún nach raibh riamh ag aon eagraíocht eile.
heagraíochta Marxaí Marxist organization
" Chláraigh sé le ceardchumann ansin, The Painters Society, agus d'fhreastail sé ar chruinnithe de chuid na heagraíochta Marxaí, an SDF.
eagraíochtaí organizations
" Bhí mé an-bhródúil, dar ndóigh, agus bhí mé díreach réidh le rá leo gur mise a rinne an nóta a dhearadh nuair a dúirt duine acu leis an duine eile, 'Look at that - that's shite'!" Tá Ballagh sáite i go leor eagraíochtaí agus tionscadal a bhfuil baint acu le cúrsaí cultúrtha, náisiúnachais agus ealaíne.
eagraíocht a bhunú to establish an organization
" De réir páipéar oifigiúil atá le fáil in oifig na dtaifead poiblí i Kew sa Bhreatain, is ag an bpointe seo a d'iarr Rialtas na Breataine ar MI6 eagraíocht a bhunú sa stát seo.
próifil na heagraíochta a ardú to raise the profile of the organization
" Glacfaidh sé am próifil na heagraíochta a ardú agus tá sé seo thar a bheith deacair gan buiséad margaíochta.
eagraíocht organization
" Anois, tá eagraíocht curtha ar bun chun brú a chur ar rialtais na dtíortha forbartha beart a dhéanamh de réir a mbriathar.
eagraíochtaí organizations
" Níor tharla a leithéid riamh cheana agus tá an Rialtas agus eagraíochtaí turasóireachta ag iarraidh an scéal a leigheas.
eagraíocht organization
" Thug eagraíochtaí móra mar Amnesty International agus Trócaire tacaíocht don siompóisiam.
d'eagraíocht charthanachta charitable organization
" Mura n-éiríonn liom tiocfaidh mé ar ais chugat agus tabharfaidh mé €50,000 duit le tabhairt d'eagraíocht charthanachta ar bith a roghnóidh tú féin.
faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála under the auspices of the World Trade Organisation
" Beidh sraith nua cainteanna ag tosú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála sa bhfómhar, agus beidh an cheist seo ina cnámh spairne idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ann.
eagraíocht organization
" In aimsir na bhFíníní sna 1860í, gearradh téarmaí fada príosúnachta ar na céadta acu siúd a bhí páirteach san eagraíocht.
eagraíochtaí organizations
" Toisc go bhfuil comhlachtaí agus eagraíochtaí an-cheanúil ar acrainmneacha a bhfuil trí litir iontu, is beag meascán de thrí litir atá fós ar fáil.
eagraíochtaí organizations
" Tá ag éirí le comhlachtaí agus eagraíochtaí móra dul i ngleic leis na fadhbanna nua seo ar líne, ach is beag tacaíocht atá ag an ngnáthúsáideoir aonair.
eagraíocht mhídhleathach pharaimíliteach illegal paramilitary organization
" Fiche bliain príosúnachta a ghearr an Chúirt Choiriúil Speisialta ar Michael McKevitt an mhí seo caite nuair a fuarthas ciontach é as eagraíocht mhídhleathach pharaimíliteach a stiúradh.
eagraíochta organization
" De réir tuarascála de chuid na heagraíochta Amnesty a foilsíodh i 1988, ciontaíodh 56 duine as 64 sna trialacha ollbhrathadóra a éistíodh roimh Dheireadh Fómhair 1983.
eagraíocht organization
" An lá céanna, d'fhógair Brian Wilson, aire stáit in Oifig na hAlban, go rabhthas le heagraíocht a chur ar bun a thacódh leis an cheiliúradh sin.
eagraíocht organization
" Tar éis an dráma a chur ar an stáitse, rinneamar scannán de agus bhunaíomar eagraíocht chun an teanga a chur chun cinn trí mheán na drámaíochta.
thuairimí bhallstáit na heagraíochta the opinions of the member states of the organization
" Tá Uachtarán na Stát Aontaithe George Bush ag iarraidh ar na Naisiúin Aontaithe teacht i gcabhair ar Mheiriceá anois tar éis dó neamhaird iomlán a thabhairt ar thuairimí bhallstáit na heagraíochta roimhe seo.
eagraíochtaí organizations
" Tá treoirlínte curtha ar fáil fiú ag eagraíochtaí ar nós an Interactive Advertising Bureau of Ireland http://www.
eagraíochtaí organizations
" Tá an líon tithe atá á thógáil ag údaráis áitiúla, nó eagraíochtaí tithe nó comharchumainn laghdaithe go mór.
a bhí bainteach le bunú na heagraíochta who was involved in the founding of the organization
" Cén fáth ar bunaíodh é? D'fhoghlaim gach duine a bhí bainteach le bunú na heagraíochta an Ghaeilge le múinteoirí difriúla agus i ranganna difriúla; nuair a chríochnaigh na ranganna sin, thosaigh na daoine sin ag bualadh le chéile, ag foghlaim na Gaeilge le chéile mar nach raibh aon ranganna ar siúl i Worcester ag an am sin.
eagraíocht reachtúil statutory organization
" Tá Bord na Breatnaise, eagraíocht reachtúil leis an Bhreatnais a chur chun cinn, bunaithe.
eagraíocht organization
" Bhí ag eagraíocht Deoraíocht ann an uair sin freisin, faoi stiúir Frank Patterson, agus imeachtaí de gach saghas, idir cheol agus chaint agus ranganna Gaeilge, ar siúl.
eagraíochtaí stáit state organizations
" Chun teacht timpeall ar an gcoimhlint idir forbairt ar bhóithre nua agus caomhnú na hoidhreachta, fostaíonn eagraíochtaí stáit seandálaithe chun taighde a dhéanamh ar na láithreacha trína mbeidh na bóithre á dtógáil.
urlabhraí oifigiúil na heagraíochta the official spokesperson of the organization
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost? D'fhéadfaí a rá gur mise "urlabhraí oifigiúil na heagraíochta".
eagraíocht rince dance organization
" Bíonn Paul agus Tom ag seinm ar an fhidil le chéile gach seachtain i mBaile an Chaisleáin ag rang Perree Bane, an eagraíocht rince ar Mhanainn, áit a mbíónn a iníon Islay (atá cuig bliana) ag damhsa.
eagraíocht organization
" AÓF: Inis dom faoin eagraíocht seo Na Píobairí Uilleann.
eagraíochtaí cearta daonna human rights organizations
" Rinne dreamanna éagsúla cáineadh géar ar an Rialtas faoin scéal is deireanaí seo - an freasúra, na Náisiúin Aontaithe, an Indinéis agus eagraíochtaí cearta daonna.
eagraíochtaí organizations
" Tá raon leathan teagmhálacha againn le heagraíochtaí agus institiúidí eile sa phobal, rud a fhágann go bhfuil tacaíocht againn don obair atá ar siúl againn i measc na n-eagraíochtaí agus i measc an phobail.
in ainneoin leithscéalta na heagraíochta despite the apologies of the organization
" Agus, in ainneoin leithscéalta na heagraíochta, ba léir ón ráiteas a d'eisigh na Bráithre Críostaí an oíche sin nach bhfuil siad in ann glacadh leis an bhfírinne lom.
eagraíocht organization
" Cé nach bhfuil baint dhíreach ag an scoil leis an AOH, bheireann an eagraíocht sin cead don scoil áiseanna an fhoirgnimh a úsáid dá gcuid ranganna agus imeachtaí.
eagraíocht organization
" Tá feachtas ag cur i gcoinne an chórais nua seo tosaithe ag an eagraíocht Irish Citizens for Trustworthy Evoting (http://www.
na heagraíochtaí eile aosoideachais the other adult education organizations
" "Oibríonn muidinne i gcomhar leis na heagraíochtaí eile aosoideachais i gCorca Dhuibhne," a dúirt Máire liom.
eagraíocht organization
" Mar shampla, tá muid féin (MBT), i dteannta le lucht gnó agus eagraíochtaí thart ar an cheantar agus Comhairle na Cathrach, ag beartú imeacht beag Gaeilge a reáchtáil i mbliana i rith Sheachtain na Gaeilge.
eagraíochta organization
" Bhí an méid sin daoine ag cur spéise sna pictiúir ag an tús go raibh na milliúin meigibheart d'eolas cóipeáilte anuas ó ríomhairí na heagraíochta taobh istigh de chúpla lá.
d'eagraíochtaí Críostaí to Christian organizations
" Tabharfar cuid mhaith den airgead d'eagraíochtaí Críostaí, leithéidí Youth for Christ, agus do ghrúpaí frithghinmhillte atá ag reáchtáil, a deir siad féin, ionaid le haghaidh daoine a éiríonn torrach gan choinne.
eagraíocht organization
" Ní fios cé mhéad den 480,000 duine seo nó mar sin atá i gcoinne Pháirc an Chrócaigh a bheith ar fáil ar baill de CLG iad, ach shamhlófá má tá tuairimí láidre diúltacha sa stát ar an gceist gur i measc bhaill na heagraíochta a gheobhfá iad.
leas na heagraíochta the interest of the organization
" Ina thuairisc do choinbhinsiún Chúige Uladh, deir an tUasal Murphy nach léir go bhfuil leas na heagraíochta in aigne ag na daoine a bhainfeadh buntáiste as cealú Riail 42.
fhealsúnacht na heagraíochta the organization's philosophy
" Ach de thoradh, is dócha, dearcadh cúngaigeantach fhormhór na ndaoine sna meáin chumarsáide, is beag ball a chloisfidh tú ag cosaint Riail 42 ar an mbonn go rachadh sé glan i gcoinne fhealsúnacht na heagraíochta dá ligfí d'fhoireann sacair na Poblachta imirt i bPáirc an Chrócaigh.
ballraíocht in eagraíocht mhídhleathach a chruthú to prove membership of an illegal organization
" Suimiúil go leor, ní féidir ballraíocht IRA a chur síos don cheathrar a tógadh agus Bobby Tohill ina seilbh mar go bhfuil clásal in Acht Sceimhlitheoireachta na bliana 2000 a deir nach féidir glacadh le fianaise oifigeach sinsearach péas le ballraíocht in eagraíocht mhídhleathach a chruthú ach amháin nuair nach bhfuil an grúpa sin ar shos cogaidh.
dhul chun cinn na heagraíochta the progress of the organization
" Taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael déarfadh daoine go bhfuil níos mó ná sin i gceist, mar go mbíonn argóintí, coimhlintí, scliúchais, díospóireachtaí, troideanna agus scoilteanna ann an t-am ar fad ach nár chuir siad sin isteach an-mhór ar dhul chun cinn na heagraíochta le 120 bliain anuas.
eagraíocht organization
" Tuigeann gach ball den eagraíocht go bhfuil brú airgid ar CLG agus ar Pháirc an Chrócaigh, ach an réiteoidh cúpla cluiche sacair agus rugbaí idir seo agus an t-am a bheas an pháirc úr ar Bhóthar Lansdúin tógtha, an réiteoidh sin na fadhbanna seo? Tá cuid mhór ball den eagraíocht amhrasach fá dtaobh de sin.
eagraíochtaí organizations
" D'fháiltigh a lán daoine roimhe ag an am, ach anois tá eagraíochtaí ar nós an Institute of Physics in Ireland ag éirí buartha go bhfuil béim á cur ar réimsí ró-chúng den eolaíocht.
eagraíochtaí spóirt sports organizations
" Is gá don rialtas suim a chur sa cheist agus féachaint chuige gur féidir le heagraíochtaí spóirt an obair thábhachtach atá le déanamh acu a dhéanamh gan an imní sin a bheith orthu.
an eagraíocht síochána the peace organization
" I bhFlorida tá na Poblachtánaigh le ceangal tar éis gur fhógair an eagraíocht síochána Pax Christi USA go gcuirfidh siad breathnadóirí neamhspleácha idirnáisiúnta chun na háite don toghchán uachtarántachta thall sa bhfómhar.
phleanáil fhadtéarmach na heagraíochta the organization's long-term planning
" Is iad na stiúrthóirí atá i mbun bhainistiú Áras agus Mhuintir Chrónáin agus phleanáil fhadtéarmach na heagraíochta.
eagraíocht organization
" Bhí mná ón dá thaobh den phobal ag gach leibhéal den eagraíocht, ó cheannaírí go glantóirí.
eagraíochtaí organizations
" Saorchead isteach ======= Tá an-imní ar chuid mhaith eagraíochtaí in Éirinn (a bhíonn ag plé leis na tíortha neamhfhorbartha) faoi na hiarrachtaí atá ar bun faoi láthair ag an Aontas Eorpach, agus ag SAM, chun saorchead isteach sna tíortha neamhfhorbartha a chinntiú do thionscail seirbhísí Mheiriceánacha agus Eorpacha.
eagraíocht organization
" Bhíodh sí ina ball de Chumann na gCearta Sibhialta go dtí, mar a deir sí féin, go dtug na PDs (People's Democracy) agus na Republican Clubs iarraidh seilbh a ghlacadh ar an eagraíocht.
eagraíocht organization
" Is beag a shíl Pól Ó Cuimín nuair a ghlac sé le post cuntasaíochta le Gaeltarra Éireann (an eagraíocht a tháinig roimh Údarás na Gaeltachta) in 1978 go socródh sé síos i nGaeltacht Chois Fharraige.
eagraíochtaí éagsúla Gaeilge various Irish language organizations
" "I gcás na Gaeilge, áfach, bhí téarmaí Gaeilge don téarmaíocht theicniúil sa ghluais seo curtha ar fáil cheana féin ag Foras na Gaeilge agus a gcomhpháirtithe in eagraíochtaí éagsúla Gaeilge.
ag croílár na heagraíochta at the heart of the organization
" Tá obair dheonach go fóill ag croílár na heagraíochta.
eagraíocht an-eisceachtúil agus an-tábhachtach an very exceptional and very important organization
" Léiríonn an Suibhneach gur eagraíocht an-eisceachtúil agus an-tábhachtach é CLG do mhuintir na hÉireann agus mura mbeadh sé ann gur deacair a shamhlú céard a thógfadh a áit.
eagraíochtaí organizations
" Is fada eagraíochtaí ar nós Adbusters, an iris agus suíomh gréasáin radacach atá lonnaithe i gCeanada, ag troid i gcoinne an tomhaltachais agus chumhacht na gcomhlachtaí móra.
eagraíocht organization
" Ach tá an tuairim ann freisin go raibh Saor Éire á úsáid ag airí áirithe le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin, go raibh brathadóirí acu san eagraíocht agus gur b'in an fáth nár ciontaíodh riamh duine ar bith as dúnmharú an Gharda Fallon.