Pota Focal Intergaelic
éar | ar | bear | dear | ea
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
plugóidí cluaise ear plugs
" **Ní féidir** a bheith 100% cinnte go mbeidh an leaba chéanna fós folamh faoin am go bhfilleann tú abhaile! **Is féidir** a bheith cinnte go mbeidh duine éigin ag srannadh in aice leat, áfach, mar sin beir leat na plugóidí cluaise! **Beidh** sé ag báisteach.
Cogar i do chluas a word in your ear
" Cogar i do chluas, a Enda, a mhac.
fáinne-chluaiseach ear-ringed
" *An Chicago Tribune *a d'fhiafraigh ar dtús cá raibh an t-anlaith milis, mealltach, fáinne-chluaiseach, bairéadach sin Peatsaí Dan Mac Ruairí? *Pravda *na Rúise a thóg an cheist cá háit a raibh an boc eile milis, mealltach, col ceathrach, círéibeach sin ar bhreá leis a bheith ina fhorlámhaí ar an Chreag i Lár na Farraige móire suaite, Pól Mac Ruairí? *L'Osservatore Romano *a bhí ag iarraidh a fháil amach cá raibh an Pabhsae Gléigeal sin atá ina príomh-*idiot *preabach, praiticiúil, pragmatach ar Phobalscoil Thoraí, an tSiúr Máire Clár na Cáiréise? Fiafraíonn an nuachtán naofa an raibh sise ar scoil an lá sin nó, mura raibh, cá háit go díreach a raibh sí agus cad é a bhí ar siúl aici ann? Ceisteanna iad sin atá á gcíoradh anois ag tuairisceoirí na cruinne, ceisteanna a bhfuil a bhfreagraí tuillte ag lucht léite nuachtáin an domhain.
cluas a namhad Albanaigh his Scottish enemy's ear
" "Seafóid! Little-Two-Mile-Anner a thabhairfimid air, óir is as sin do mo chara is fearr," a dúirt an buachaill Éireannach ag iarraidh cluas a namhad Albanaigh a chogaint.
na Cluaise Géire agus na Tóna Tinne of the Sharp Ear and the Sore Backside
" Tá scéala ar leith againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse, agallamh eisiach a chuir Balor an Bhéil Bhinn agus na Súile Nimhe, na Cluaise Géire agus na Tóna Tinne, ar Sheoirse Óg Mac Sceiche, Íochtarán Uncail Sam.
cár go cluais grin to the ears
" Gluais • Glossary carógblack-haired woman airdheed míchinniúintill fate caidéisinquisitiveness frigháireslight smile ní shamhlófáyou wouldn't imagine cár go cluaisgrin to the ears go réchúiseachin a laidback way geolánfan glinnclear, distinct a dhallfadh thúwhich would blind you ceirdtrade an rud ar dheacra greim a fháil airthe thing that was difficult to get hold of súimínsip fiosrúinvestigating ar a thóirlooking for him geoindrone, hum boladh a allais féin chuigethe smell of his own sweat coming to him cuideachtacompany leigheassolution díbholaíochdeodarant ceist oidhreachtaquestion of inheritance os cionn cláirlaid out (dead) uisce reoiteiced water a thuairimseanhis opinion prochógahovels drochfháistinebad prophecy buagift tairbhebenefit ar nós cuma liomindifferently a shúile sáite i ngile na cathrach amuighhis eyes staring at the whiteness of the city outside marfachdeadly ag dul don éag mar cháchgoing the way of all flesh beathalivelihood bean feasafortune-teller go frimhagúilmockingly ag ceilt na seanscéine uirthihiding the old terror from her beag beann ar bhrothallindifferent to heat anamsoul an dea-scéalthe good news an drochscéalthe bad news á pholladhstabbing him a ghéaga leata faoi chosa an domhainhis legs open under the feet of the world
ag feadaíl thart lena chluasa whistling about his ears
" Nuair a bhain siad an trá amach, bhí an t-uisce suas go dtí a mbrollach nuair a léim siad as an LCA agus bhí greim dhá lámh ag Jim ar a raidhfil os cionn a chinn, agus piléir ag feadaíl thart lena chluasa.
an chluas bhodhar a deaf ear
" Ní féidir le héinne ar cás leis cearta daonna an chluas bhodhar a thabhairt don cháineadh seo.
a mhéara agus a chluasa draíochta his magical fingers and ears
" Le himeacht na mblianta, tá mé ag tuiscint níos mó agus níos mó an méid atá muid ag brath ar Tom agus a mhéara agus a chluasa draíochta.
a méaracha ina cluasa, her fingers in her ears,
" A ghruaig ag gliúcáil thar a spéaclaí, é ag seinnt sóló i lár 'Imagine' agus Yócó Onó bhocht sa chúinne, a méaracha ina cluasa, ag guí go stopfaidh sé! * - *Bhí trí phíob Taylor ag an aisteoir Mickey Rooney – meas tú an raibh a fhios aige go bhfuil treibh de Thaistealaithe den ainm céanna a sheinnean píobaí thall i Leeds Shasana? * - *Sheinn James Cagney na píobaí a bhí aige agus shroicheadar leaid éigin i Seattle tar éis dó bás a fháil.
ag portaireacht isteach i mo chluas lilting into my ear
" Bhí sé ag cleachtadh a chuid poirtíní béil agus é dom’ shíorcheistiú: ‘An bhfuil a fhios agat an ríl seo, a Bhaloir?’ nó ‘An bhfuil a fhios agat an port seo, a Bhaloir?’ agus é ag portaireacht isteach i mo chluas sa dóigh go raibh gach aon duine fá scread asail dínn ag amharc go hamhrasach orainn.
Dhearg Polannaigh óga go bun a gcluas Young Poles redenned to the bottom of their ears
" Náire Dhearg Polannaigh óga go bun a gcluas gach uair a dúirt duine den chúpla rud éigin a nocht an dearcadh cúng Caitliceach coimeádach atá acu; dearcadh a tharraing aird na hEorpa ar an bPolainn.
cluas bhodhar the deaf ear
" Is iomaí uair a thugtar cluas bhodhar do chaint dhomhain faoi chaidreamh déchultúrtha idir *Māori* agus *Pākehā*, ar mhaithe le ceol draíochta an bhéalghrá, ach is léir ó na himeachtaí seo go bhfuil go leor tochailte eile le déanamh sa tír.
idir dhá chluas an imreora. between the player's two ears.
" Is é an spás is tábhachtaí ar an bpáirc imeartha, a deirtear, ná an spás idir dhá chluas an imreora.
an chluas bhodhar the deaf ear
" ***Míbhuntáistí:* **De bharr a chúlra mar léachtóir i gColáiste tríú leibhéal, beidh sé doiligh go leor dó an chluas bhodhar a thabhairt d’éilimh na múinteoirí.
i raon na gcluas. in ear shot
" “*People just keep ringing looking for tickets,*” a deir duine d’fhoireann an Triskel Arts Centre le King agus mé i raon na gcluas.
cluas bhodhar á tabhairt giving a deaf ear, ie, not listening or ignoring
" Le tamall anuas, tá cluas bhodhar á tabhairt ag muintir na gcathracha don "mhé-féineachas" atá ag bun an dearcaidh phoblachtánaigh anseo.
chluas bhodhar a deaf ear
" De réir a raibh le feiceáil in Éirinn le linn an tíogair cheiltigh agus ina dhiaidh, áfach, ní bhfaighidh Herman Daly ach an chluas bhodhar.
tugadh an chluas bhodhar a deaf ear was given to
" Cé gur tugadh an chluas bhodhar do rabhaidh ó eagraíochtaí eile go dtí seo, anois tá an scéal ag teacht ó fhoras coimeádach atá maoinithe ag na rialtais iad féin.
chluas bhodhar a deaf ear
" Agus an chluas bhodhar á fáil ón gcomhphobal idirnáisiúnta ag a n-achainí leis an iascach gan srian a stad agus le héirí as an dumpáil mhídhleathach, rinne iascairí na Somáile iarracht deireadh a chur leo iad féin, nó ar a laghad ‘cáin’ a ghearradh ar na longa iasachta.
chluais bhodhar a deaf ear
" ” Tabhair an chluais bhodhar do chomhairle amadáin Maidir leis an gCóiré Thuaidh, molann Frum agus Perle go dtabharfaidh SAM foláireamh deiridh dóibh.
chluas bhodhar a thabhairt turning a deaf ear
" Bhí bannaí ceoil agus grúpaí damhsa ar gach taobh díom ag batráil mo dhá chluais; bhí mé bodhraithe ag bodhráin, ag boscaí, ag bainseonna; mé ag iarraidh an chluas bhodhar a thabhairt do na bodhráin a bhí dá mbualadh ar gach taobh díom agus do The Bould O Donoghue, Ceann Comhairle na Dála agus fánaí clúiteach thar fhánaithe clúiteacha Theach Laighean a a bhí ag rith thart ó stáitse go stáitse ag óráidíocht ar áilleacht an cheoil agus ar shaibhreas an chultúir agus ar an tábhacht a bhain le cuireadh a thabhairt dó ar ais chuig Irish Fest 2010.
chluas bhodhar a deaf ear
" Bhí an ceart ag an Aire Ó Cuív an chluas bhodhar a thabhairt do mholadh míréasúnta an IFA go n-íocfaí €5,000 in aghaidh an chileaméadair agus €1,000 in aghaidh an tsiúlóra le húinéirí talún le cead a bhronnadh siúl ar a gcuid tailte.
Bodhaire Uí Laoire a deaf ear
" Bodhaire Uí Laoire i dTaca le Mac Cárthaigh Ach d’imigh sin agus tháinig seo.
bodhaire Uí Laoire a deaf ear
" bodhaire Uí Laoire ar bhreith na cúirte.
chluas bhodhar a deaf ear
" Bagairt agus Marú Más é an chluas bhodhar atá tugtha ag Urrá S.
‘ó’ aite strange ear(s)
" ) – is é sin, an chluas seachtrach - an dá ‘ó’ aite (mar a bhí ar Labhraidh Loingseach!) atá crochta ar dhá thaobh ár gcinn.
tiompán ear drum
" ‘Siosarnach i Síoda an Tráthnóna’ ============ Téann an fhuaim as sin trí thollán gairid, fithis na céarach, chuig an tiompán – is é sin, druma na cluaise.
cogar i gcluais a whisper in the ear
" Cuirfidh Martin McGuinness cogar i gcluais Conor Murphy ach coinneoidh sé a phost.
fáinní cluasa ear rings
" Bhí muid ag foghlaim faoi chúrsaí éadaí ar na mallaibh agus d’fhoghlaim muid focail ar nós “nekutaiu” (carabhat) agus “íruringu” (fáinní cluasa.
cluasa ears
" Dúntar an tsrón agus na scoiltíní nó cluasa beaga atá aige nuair a thumann sé faoin uisce.
fíorchluasa real ears
" Níl an rón mór eachtrannach le feiscint i bhfarraigí na tíre in aon chor, taobh amuigh de ghairdín na n-ainmhithe i mBaile Átha Cliath! Níl fíorchluasa ar an rón.
chluasa bodhara deaf ears
" I ndiaidh ghabháil Ai Weiwei, d’éiligh rialtais go leor, an Ghearmáin ina measc, go ndruidfí an taispeántas ach thit na héilimh seo ar chluasa bodhara sa tSín.
Cluas Éisteachta a sympathetic ear
" Cluas Éisteachta nó an Chluas Bhodhar ===================== Is trua sin.
an Chluas Bhodhar a deaf ear
" Cluas Éisteachta nó an Chluas Bhodhar ===================== Is trua sin.
an chluas bhodhar a deaf ear
" Cé gur thug Clinton an chluas bhodhar don chomhairle sin, d’éirigh níos fearr leis an dara litir a chum siad an bhliain chéanna.
Clúdaionn an neach a chluasa the subject covers it’s ears
" Clúdaionn an neach a chluasa lena lámha agus ligeann scread tostach as.
barr a dhá chluas in airde his two ears cocked
" “Nár mhúin siad duit conas suí ach an oiread? Cad eile nár mhúin siad duit? Suigh go deas!” Bhí sé ina sheasamh, barr a dhá chluas in airde, a theanga amuigh aige is é ag féachaint orm.
beirítear na cluasa the ears are boiled
" Ní chuirtear aon bhall dá ballaibh amú agus an buille maraithe buailte: beirítear na cluasa, mar shampla, leagtar i gcorcán le glasraí iad dá éis, agus dáiltear sin mar réamhghoblach, nó tapa.
Ba bheag nár thit mo bhéal ar oscailt I couldn’t believe my ears
"Ba bheag nár thit mo bhéal ar oscailt.
cloigín mallaithe i bpoll na cluaise cursed alarm in my ear
" Agus suí in óstán dhá réalt go mbualfadh an cloigín mallaithe i bpoll na cluaise agus gan déanta agam ach dhá néal codlata.
i gcluais do chomharsan an encouraging word in your neighbour’s ear
" Is mór an gar an focal misnigh i gcluais do chomharsan.
greim daingean ar do ghruaig nó ar do leathchluais a firm grip of your hair or your ear
" Thug na sagairt *"Cannibal Island"* ar an Chreagán agus thógadh siad thú amach as do shuíochán le greim daingean ar do ghruaig nó ar do leathchluais.
bhioraigh mo dhá chluais my ears perked up
" Ar an drochuair, níl an saothar is déanaí ó Bruce, Loopers, feicthe agam mar is fíor an rud a dúirt cara liom roimh theacht ár gcéad linbh: ní bhíonn fonn orm costas feighlí a chaitheamh ar oíche sa phictiúrlann! Nuair a chuala mé, mar sin, cúpla mí ó shin go raibh sé beartaithe ag Willis caingean dlí a thabhairt i gcoinne Apple faoi úinéireacht a bhailiúcháin ollmhór ceoil leo, bhioraigh mo dhá chluais.
cogar ina gcluasa a whisper in their ears
" Chuir deValera cogar ina gcluasa sular fhág siad Éire áfach gan aon rud tromchúiseach a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis i dtús báire.
plaic as cluas Evander a bite out of E.’s ear
" Bhí alltacht agus múisiam ar dhaoine ar fud an domhain i 1997 nuair a bhain Mike Tyson plaic as cluas Evander Holyfield i mbabhta dornálaíochta trom-mheáchain.
cluasa bainte de mhuintir Vítneam ears cut of off Vietnamese people
" Mheabhródh sé do dhuine fear de chuid an NCT ag gearradh scornach saighdiúra ag doras otharlainne i Libia agus ag baint an chloiginn de, ní a mheabhródh cluasa bainte de mhuintir Vítneam ag saighdiúirí Mheiriceá, cloigne bainte de mhuintir na Cóiré ag Sasanaigh, cloigne bainte de mhuintir na hAilgéire ag Francaigh, agus folt agus plaitín bainte de chéadmhuintir Mheiriceá ag an fhear gheal srl.
Bhioraigh daoine a gcluas tráthnóna people perked their ears in the afternoon
" Bhioraigh daoine a gcluas tráthnóna nuair a labhair cainteoirí ó Údarás na Gaeltachta, ó COGG, ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
an chluas bhodhar do a deaf ear to
" Idir an dá linn, thug uachtarán Ontario, - an cúige ina bhfuil Toronto - Kathleen Wynne, an chluas bhodhar do Ford le déanaí nuair a thug sí cuireadh do Kelly bualadh léi chun cúrsaí a phlé.
is í a bhí le mo chluais-se anois which was up to my ear now
" An ticeáil bhríomhar a chuireadh mo shinseanathair lena chluais, is í a bhí le mo chluais-se anois.
ina chluasaibh in his ears
" Gártha molta an tslua bhaile ina chluasaibh, níorbh é an fuadar báire, ná an buaileam sciath, ná an féinghlóire, ná an cruas fearaíoch, tréithe is dual don a lán, a bhí le sonrú ann.
An Chluas Bhodhair Tugtha a deaf ear turned to
" An Chluas Bhodhair Tugtha d'Éilimh an Choimisinéara:** Nuair a d'fhógair an t-iar-Choimsinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, i Nollaig na bliana anuraidh go raibh sé le héirí as oifig luaigh sé dhá chúis a bhí ag cur lagmhisnigh air: * Diúltú an rialtais scun scan dul i ngleic le cúrsaí earcaíochta sa státsheirbhís lena chinntiú go mbeadh a dhóthain daoine ann le seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge * Diúltú aghaidh a thabhairt ar an éileamh go mbeadh pobal na Gaeltachta in inmhe seirbhísí Gaeilge a fháil ón státchóras ins an Ghaeltacht gan cheist, gan choinníoll.
Bhí a chluas bioraithe le scéal ag had his ear to the wind
" Pisreog na huimhreach 13 nó seift mhaith eile le hairgead a mhealladh amach as do phóca? Bhí a chluas bioraithe le scéal ag Daragh Ó Tuama faoi na cláruimhreacha 132 D xxx seo.