Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
easpórtála exportation
" Is speisialtóirí leabhar, ealaíne, leabharcheangail agus easpórtála an chlann agus, dá bhrí sin, is cinnte gur ó ghlúin go glúin chomh maith le ó neart go neart atá siopa agus dánlann Uí Chionnaith ag dul.
easpórtálacha exports
" Má thosnaíonn muid ag plé le GMOs scriosfar ár gcuid easpórtálacha agus caillfidh na mílte duine a gcuid postanna.
easpórtálacha export
" Téann 4% de na easpórtálacha éisc as Éirinn chuig na tíortha atá faoi chaibidil anseo, beagnach 100% chuig an Éigipt, agus b'fhiú €18m é seo in 2001.
dár n-easpórtáil dhomhanda of our exports throughout the world
" Sin, áfach, níos lú ná 1% dár n-easpórtáil dhomhanda agus níos lú ná 1% dár n-olltáirgeacht náisiúnta don bhliain chéanna.
a easpórtáiltear which is exported
" Deir Feidhmeanach Taighde Margaíochta agus Eolais Bhord Iascaigh Mhara, Richard Donnelly: "I gcás na scadán a easpórtáiltear chuig an Éigipt, ní dhéantar ach brabús de €10 nó €20 in aghaidh an tonna.
easpórtáil mhairteola beef exporting
" Ní bheidh deireadh le srianta ar easpórtáil mhairteola go dtí SAM go ceann ocht mbliana déag.
a easpórtáladh that was exported
" Agus tá a fhios ag gach duine faoin mhéid bia a easpórtáladh as Éirinn le linn an Ghorta.
a easpórtáil to export
" Deir daoine eile, áfach, go bhfuil sé ag iarraidh an carr saor Síneach – an Chery – a easpórtáil.
ó thaobh easpórtála de. in terms of exportation
" Ach thar aon rud eile, mholfainn don rialtas gur chóir dóibh a fhógairt go soiléir go ndéanfaidh siad gach rud atá ar a gcumas acu lena chinntiú go mbeidh an cháil ar an tír seo arís mar thír atá láidir ó thaobh easpórtála de.
easpórtáil export
" Tabharfar an ola trasna Iosrael go dtí Eilat, atá suite ar an Muir Rua, agus uaidh sin, féadfar í a easpórtáil go margaí móra na hÁise.
easpórtáil export(ing)
" 6 billiún anuraidh agus tá tionscal easpórtáil an oideachais ag méadú in aghaidh an lae le blianta anuas.