Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eiseamláir example
" Nach breá an eiseamláir don chuid eile againn iad sa dóigh a gcaitheann siad leis na teifigh agus na hallúraigh de chineál na gcaorach.
eiseamláirí exemplars, models
" Is breá leis a shúil nimhe a chaitheamh ar cheannairí na tíre agus eiseamláirí an náisiúin.
eiseamláir model
" Tá an clár "Worldwide" le Gilles Peterson a chraoltar ar BBC 1 agus ar stáisiúin sa Fhrainc, san Fhionlainn agus i roinnt tíortha eile mar eiseamláir aige, a deir sé.
eiseamláir example
"eiseamláir na Cultúrlainne i mBéal Feirste, cuir i gcás, ag dul i bhfeidhm ar go leor daoine.
eiseamláirí role models
" Ach dúirt sé gur cheart go mbeadh siad siúd a thabharfadh cuairt ar an leacht a thógfaí "ábalta ainmneacha na n-oibrithe tarrthála a léamh, go mbeadh a fhios acu cad é a rinne siad, go bhfaigheadh siad tuiscint ar a laochas, go spreagfadh a n-íobairt iad, agus go ndéanfaí iad a áireamh mar eiseamláirí don chéad ghlúin eile a bheas ár gcosaint go léir.
eiseamláir examples
" Tá cúpla eiseamláir déanta againn díobh ach tá mé fós ag iarraidh fadhbanna beaga a cheartú sula dtéann siad amach ar an margadh.
eiseamláir example
" Tá mearchuimhne agam ar litir nó ar alt a scríobh Frank Kermode áit éigin ag moladh dá chomrádaithe i saol na litríochta sa Bhreatain eiseamláir an *New York Review of Books *a leanúint nuair a bhí an fhaill acu.
eiseamláir example
" Tá mearchuimhne agam ar litir nó ar alt a scríobh Frank Kermode áit éigin ag moladh dá chomrádaithe i saol na litríochta sa Bhreatain eiseamláir an *New York Review of Books *a leanúint nuair a bhí an fhaill acu.
eiseamláir example
" Nach deas an eiseamláir é don chuid eile againn a ghlacann le cáineadh, le tabhairt amach agus le caitheamh anuas gan cheist, gan cheasacht, gan chasaoid? Ó sea! Is mór an náire é! Lá Bealtaine na bliana seo rinne rialtas na hÉireann éacht thar éachtaí dá ndearna siad riamh roimhe, níos tábhachtaí agus níos mó ar leas na tíre ná go fiú an pinsean a bhaint de na baintreacha.
eiseamláir model
" Cé go nglacfar le gach cás pleanála mar chás faoi leith, bainfear úsáid as na cinntí seo mar eiseamláir d’fhorbairtí Gaeltachta amach anseo.
eiseamláir mhaith a good example
" Tá trácht ar “an turasóireacht inbhuanaithe” i ráiteas misin na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta agus is eiseamláir mhaith é Oideas Gael den sórt seo turasóireachta.
eiseamláir model
" Ar a shon, afach, tá sé ráite gur eiseamláir den pheileadóir maith, gairmiúil ab ea é, a dhéanfadh a sheacht míle dícheall i gcónaí san imirt agus i mbun traenála.
eiseamláir mhaith good example
" Ach cad é mar a bheadh an scéal dá mbeadh Rialtas na Stát Aontaithe – nó na Breataine nó na hÉireann – ag iarraidh i ndáiríre an spleáchas ar ola a ísliú, in ionad dea-chuma a chur ar an scéal? Mar a tharlaíonn sé, tá eiseamláir mhaith in aice láimhe.
eiseamláir role-model
" An bhean sin de bhunadh Mhaigh Eo a bhí mar eiseamláir aige nuair a rinne sé an cinneadh clúiteach sin arm agus armlón a allmhairiú.
eiseamláir example
" “Nuair a thosaigh na Trioblóidí dhírigh an chléir ar an dá thaobh aird an phobail ar Fhear Dia Mac an Ali mar eiseamláir dóibh siúd a bhí ag iarraidh an dá thrá a fhreastal.
eiseamláir example, illustration
" Is eiseamláir mhaith í Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy, an fhéile a bhíonn ar siúl i ndiaidh na Nollag i nGaoth Dobhair.
eiseamláir exemplar
" Seafóid! Tá neart a thig linne a chur i gcrích chun go mbeidh muid mar eiseamláir do thíortha bochta atá ag iarraidh forbairt agus dul chun cinn a dhéanamh.
eiseamláir exemplar
" Tháinig Dubhghlas de hÍde go Nua-Eabhrac in 1891 chun eolas a fháil ar an eagraíocht agus a ranganna agus bhí Cumann Carad na Gaeilge agus a ranganna cáiliúla mar eiseamláir aige in 1893 nuair a bhunaigh sé Conradh na Gaeilge in Éirinn.
eiseamláir example
" An bhfuil muid chun eiseamláir na Fraince a leanúint agus an bhéim a chur ar asamhlú iomlán na n-inimirceach, nó an bhfuil muid chun múnla na Breataine a chur chun cinn agus glacadh leis an ilchultúrthacht i ngach réimse den saol? Tá sé soiléir nach bhfuil ceachtar den dá chur chuige gan locht.
eiseamláir example
" “Nach iontach an eiseamláir a bheadh ann de chaidreamh trasphobail do mhuintir Learphoill,” a dúirt an tUasal Morrison agus é ag caint faoi Ervine agus Devenny ag obair le chéile.
Eiseamláir exemplar
" Eiseamláir is ea grúdlann Samuel Adams den chaoi ar féidir leis na micribheoracha dul in iomaíocht go rathúil leis na mórbhrandaí, ach más ea, níl sé leis féin.
eiseamláir inbhuanaithe sustainable model
" Is ionann sin agus dhá oiread an mhéid a rothaíonn chuig an obair in Éirinn, a bhféadfaí Tír na nGluaisteán a bhaisteadh uirthi mar leasainm! Tá tionscal nua ag teacht chun cinn in Portland – gnóthaí beaga a dhéanann agus a dheisíonn rothair agus comhlachtaí comhairleachta arb é a ngnó ná cuidiú agus comhairle a chur ar fáil do chathracha eile ar mian leo eiseamláir inbhuanaithe na cathrach seo a leanúint.
eiseamláir den dea-bheatha exemplar of virtuosity
" Tugann saol na ndaoine seo eiseamláir den dea-bheatha dúinn.
eiseamláir a dhéanamh díobh, to make an example of them
" Bhí an Breitheamh Anthony Ensor ag iarraidh eiseamláir a dhéanamh díobh, ach mar thoradh ar dhéine an phionóis seo, chuir 2,000 duine a n-ainm le hachainí idirlín inar éilíodh go ndéanfaí an pionós a laghdú.
dea-eiseamláir good example
" Is beag duine a chreidfeadh, mar sin, gur dea-eiseamláir é réimeas éagórach, ollsmachtach na Síne don mhana Oilimpeach “*One World, One Dream*” a cumadh do Bhéising 2008.
a mhaítear a bheith ina n-eiseamláirí who are claimed to be examples of
" Ag rith i dteannta an tóirse, bíonn 30 “garda” a mhaítear a bheith ina n-eiseamláirí de “phlúr phóilíní na Daon-Phoblachta”, cé gur léir do chách nach bhfuil iontu, i ndáiríre, ach gaigíní sráide i gcultacha spóirt.
eiseamláir example
" Agus anailís chuimsitheach á dhéanamh ar fud an domhain ar fheachtas agus ar bhua Obama tá sé luaite, i measc tosca eile, gur dóigh go raibh tionchar ag lucht spóirt an chine ghoirm ar mheon mhuintir Mheiriceá, idir gheal agus ghorm, ar a nglacadh le fear gorm mar eiseamláir.
eiseamláir example
" Is maith an eiseamláir é an Seanadóir Ó Murchú ó thaobh uasmhéid úsáide a bhaint as an teanga go poiblí agus is trua nach leanfadh baill Oireachtais eile a dhea-shampla.
eiseamláir an example
" Thug na Stáit Aontaithe eiseamláir eile dúinn ag tús na bliana, go dtagann ceannairí eisceachtúla chun tosaí ann in uair na cinniúna.
heiseamláir examples
" “Is lóchrann dóchais sibh don saol mór mar caitheann muid samplaí coincréiteacha a bheith againn mar tá na teoiricí uilig againn ach is tearc iad na heiseamláir ar éirigh leo sa saol réadúil,” arsa Ging agus é ar a shuaimhneas i gculaith dhorcha ghorm.
eiseamláir example
" Gluaiseacht Béaloidis na hArdscoile sa Danmhairg, is eiseamláir mhaith í sin den tógáil pobail, tríd an ollscolaíocht, atá i gceist agam.
n-eiseamláirí examples
" Beirt atá ina n-eiseamláirí de ‘na daoine idir sinn agus na firicí’ ná Paul Wolfowitz agus, a chomharba mar Uachtarán an Bhainc Dhomhanda, Robert Zoellick.
Eiseamláir an example
" Eiseamláir de ghreann an néaróis chathrach.
eiseamláir example
" In áit na daoine sin a dhíbirt, ’sé an chaoi gur tugadh breab dhóibh le go n-imeoidis! Nach deas an eiseamláir é sin do gach duine eile, ar a bhfuil cúram poiblí? (http://www.
Eiseamláir an example
" Mar a dúirt Oideas Gael ag an am: "Táthar ag súil go n-éireoidh leis an tionscadal: Cur ina luí ar lucht oiliúna go bhfuil achmainní luachmhara dúchasacha ag an réigiún, idir scileanna traidisiúnta agus ábhair;Taispeáint gur féidir fiontar inbhuanaithe a chruthú sa phobal trí na scileanna a fhoghlaimeofar a úsáid le freastal ar riachtanais chomhshaoil, ealaíonta agus tógáil baile an réigiúin;Cuidiú le caomhnú an chomhshaoil thraidisiúnta agus le coinneáil na sainfhéiniúlachta cultúrtha, rud a chuirfidh go mór le fás na turasóireachta cultúrtha sa Ghaeltacht;Eiseamláir a chur ar fáil a mbeidh pobail eile ábalta scrúdú a dhéanamh uirthi agus úsáid a bhaint aistí mar acmhainn phraicticiúil chun tionscadal forbartha tuaithe eile a chur i bhfeidhm .
eiseamláir (good) example
" Beidh le feiceáil an mbainfidh sé amach arís, san am atá le teacht, an stádas agus an gradam ard céanna mar dhuine, mar ghalfaire agus mar eiseamláir is a bhí bainte amach aige san am a chuaigh thart.
eiseamláir example
" Sin é an fáth go mbíonn siad ag amharc ar chumainn mar Barcelona i La Liga, nó na clubanna sa Bundesliga mar eiseamláir.
eiseamláir example
" Mar eiseamláir thar a bheith greannmhar den darna gné seo sa Sunday Independent, féach <http://sns.
eiseamláir an example
" Is léir fosta go bhfuair siad, ní hamháin eiseamláir uaidh, ach spreagadh agus spreagadh den chineál is dearfa – é a leanúint i dtreo na péintéireachta ach chan le aithris lom a dhéanamh airsean ach lena n-ealaín féin a fhorbairt.
is eiseamláir é it’s an example
" Ó thaobh cúrsaí fuinnimh de, is eiseamláir é El Hierro d’oileáin eile, Tenerife, cuir i gcás, nó Ikaria sa Mhuir Aeigéach.
eiseamláir example
" Bhí daoine ag fáil bháis den ocras a dúirt siad leis, sa tír seo a bhí mar eiseamláir den tsaoirse ag Robeson.
eiseamláir example
" I measc pheileadóirí millte, saibhre a léirigh níos mó duáilcí na suáilcí go minic, bhí Giggs ina eiseamláir don óige agus ina laoch spóirt den scoth, dar leis an saol.
mar eiseamláir as an example
" Ní hiontas ar bith é sin, mar tá Carraig Fheargusa mar eiseamláir den dílseacht idir Ulaidh Phrotastúnach agus Coróin Shasana agus an ciníochas a shíolraíonn as an nasc sin i gcásanna áirithe.
ar eiseamláir who is an example
" Tubaiste agus ábhar dobróin is ea bás duine óg gan amhras agus ar bhealach áirithe, tá brón ar leith ag baint le bás an chleachtóir spóirt ar eiseamláir de neart agus de bhrí na hóige é.
eiseamláir geilleagair agus airgeadaíochta an economic and financial example
" Agus ní dhéanfadh sé a dhath gnoithe d’Edna an Taoiseach Tréan ach a ghabháil ann agus an cleas seo a fháil dó féin agus do thír na hÉireann; nó ba é a shantaigh Edna ní ba mhó ná rud ar bith eile ar an domhan ná tírín beag iathghlas seo na hÉireann a bheith arís mar eiseamláir geilleagair agus airgeadaíochta don chuid eile den Domhan Thoir, mar a bhí faoi cheannas a dheargnamhad Bertie Borrach Bearránach.
mar eiseamláir pobail as an example to the public
" Is fiú a chuimhneamh go mbíonn seasamh faoi leith ag an Gharda i gceantar ar bith agus go bhféachtear orthu mar eiseamláir pobail.
eiseamláir deas a nice example
" ”* Seo eiseamláir deas de mhuinín Ferguson agus fadhbanna á scagadh aige.
mar eiseamláir agus mar spreagadh as an example and as an encouragement
" Is mithid dúinn, dar le Robinson, muid féin a cheistiú faoin dul chun cinn atá déanta agus próiseas na síochána abhus mar eiseamláir agus mar spreagadh ar fud na cruinne.
ina n-eiseamláirí don óige an example for youth
" Nochtadh tuairim go raibh imreoirí spóirt ina n-eiseamláirí don óige agus don phobal i gcoitinne agus dúradh go raibh teipthe ar eagraíochtaí móra agus ar chinnirí éagsúla na tíre, idir chléir agus thuath, lucht polaitíochta, gnó agus siamsaíochta (an dream a luaitear an focal ‘*celebrity*’ lena stádas sa phobal go háirithe), treoir, sampla agus cinnireacht cheart a thabhairt do mhuintir na tíre.
cúpla eiseamláir a few examples
" Adhmholadh an Bhunreachta ======= Seo cúpla eiseamláir.
an tSín a bheas mar eiseamláir China shall be an example
" Chuir mé sonrú ar leith i gcaint a thug an Dr Dambisa Moyo, eacnamaí idirnáisiúnta ón tSaimbia, agus í ag caint ar an dóigh gur féidir gurb í an tSín a bheas mar eiseamláir do thíortha i mbéal forbartha (cé gur thug sí margaí éiritheacha orthu) in áit Stáit Aontaithe Mheiriceá.
téann a eiseamláir ionraic i bhfeidhm go mór his honest example has a big effect
" Déanann sé luachmhaireacht an tsaoil dhaonna féin a cheiliúradh agus téann a eiseamláir ionraic i bhfeidhm go mór ar an athair a bhí ar thairseach an bháis.
eiseamláir example
" Níor ghlac Balor le eiseamláir Chathail Uí Éanacháin RTÉ le dul i mbun agallaimh, ach chuaigh a bhealach eisceachtúil éagsúil féin i mbun cainte le ceannaire úr an domhain uile olúil.