Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
heisimirce emigration
" Déanann na marcanna atá fágtha ag an taoide tagairt don stair atá ag an chathair ó thaobh na heisimirce de.
eisimirce emigration
" An eisceacht í a leithéid, nó an bhfuil go leor againn, inár gcroí istigh, den tuairim chéanna? Chuirfeadh sé seo i gcuimhne duit an ciúnas a bhíonn ann, nuair a bhíonn eisimirce throm in Éirinn, mar a bhí sna hochtóidí.
eisimirce leanúnach persistent emigration
" Cé gur in Albain atá Celtic lonnaithe, tugann bunús, stair agus lucht leanúna an chlub sárléiriú dúinn ar an toradh a bhí ar an eisimirce leanúnach as Éirinn.
Eisimirce emigration
" 2020: Eisimirce ar scála mór ón nGearmáin agus ón Ísiltír i dtreo na Spáinne agus na hIodáile.
eisimirce emigration
" Ar ndóigh, níor chuir an Tíogar Ceilteach stad leis eisimirce - téann Éireannaigh fós go dtí an Bhreatain le post a fháil nó b'fhéidir chun éalú ó dheacrachtaí atá acu sa bhaile.
eisimirce emigration
" Ní fhéadfaí a rá go gcuimhníonn lucht an rachmais atá ag fostú cuid de mhuintir na dtíortha iasachta seo ar chomh fada siar is a théann an eisimirce in Éirinn.
eisimirce emigration
" Deir Domhnall: "Bhí eisimirce ollmhór ann.
eisimirce emigration
" Ag tús na haoise, ba phort tábhachtach eisimirce é Cromba, ach nuair a tháinig an t-iarnród go hInbhir Nis, b’fhearr leis na Híleantóirí traein a fháil ón áit sin go Glaschú nó Learpholl, áit a bhfaigheadh siad bád go Meiriceá nó Ceanada.
ar eisimirce to emigrate
" Tá faitíos ar leith orainn in Éirinn, áfach, mar feictear dúinn nach bhfuil an t-éalú céanna againn agus a bhíodh sna caogaidí agus sna hochtóidí le dul ar eisimirce; níl postanna ar fáil, ach an oiread, sna tíortha a mbíodh muid ag tarraingt orthu mar Shasana, Meiriceá nó Ceanada.
in ainneoin na heisimirce despite emigration
" Cumann Peile an Phiarsaigh nó ‘Na Piarsaigh’, cad eile, is ainm don chumann áitiúil agus in ainneoin na heisimirce, na dífhostaíochta agus na bochtaineachta sna blianta atá thart, tá ceann de na staid pheile is deise atá le feiceáil in Éirinn tógtha ag cumann na bPiarsach i Ros Muc.
eisimirce emigration
" Cuireadh an chonspóid seo i gcuimhne dom arís ar na mallaibh nuair a léigh mé aiste dar teideal ' I gcuntas Dé múin Béarla do na leanbhain': eisimirce agus an Ghaeilge sa naoú aois déag ' le Karen P.
oll-eisimirce mass outward emigration
" Cuireadh tús leis an oll-eisimirce de dheasca an Drochshaoil agus na bochtaineachta.
eisimirce exodus
" Cé gur thosaigh an eisimirce as an Iaráic agus Saddam Hussein fós ag cur sceimhle ar an tír, tá méadú as cuimse ar fad tagtha ar líon na Mandaean atá tar éis a n-áit dúchais a thréigean ó d’fhuascail fórsaí Mheiriceá í sé bliana ó shin.
heisimirce emigration
" ‘Na Piarsaigh’, cad eile, is ainm don chumann peile áitiúil agus in ainneoin na heisimirce, na dífhostaíochta agus na bochtaineachta sna blianta atá thart, tá ceann de na staideanna peile is deise dá bhfuil in iarthar na hÉireann tógtha ag CLG Na Piarsaigh i Ros Muc.
eisimirce immigration
" Áit fhíorálainn atá inti ach siar sna 1970í agus mé ag fás anois, bhí féile ar siúl dar teideal Culchie Come Home, mar bhí oiread sin eisimirce ó Choillte Mach an t-am sin," ar sí, ach ní sin an tsiocair ar thosaigh sí ag cur suime sa pholaitíocht.
eisimirce emigration
" B’ait don bheirt againn gur gortaithe seachas cúrsaí eile ar nós scrúduithe, saoire, cúrsaí oibre nó eisimirce ba chionsiocair leis an tsáinn ina raibh an fhoireann.
ar eisimirce as emigration from
" Is cuid de chúige Alba Nua í an Rinn Bhriotánach agus idir na blianta 1775 agus 1860, tháinig breis is 25,000 duine ar eisimirce as Albain le socrú ar an oileán, cuid mhaith acu a tháinig ó gharbhchríocha na hAlban.
saol na heisimirce athraithe the emigrant’s life has altered
" Glactar leis go bhfuil saol na heisimirce athraithe go mór don imirceoir féin ó d’imigh na milliúin Gael ar an bhád bhán go Meiriceá agus go Ceanada in am an Drochshaoil.
mba chóir eisimirce emigration ought to
" Aithníonn an coincheap seo go bhféadfaí agus go mba chóir eisimirce ón domhan forásach a chur chun sochair don chuid sin den chruinne, agus ní hamháin don Iarthar.
féinmharú, uaigneas agus eisimirce suicide, loneliness and emigration
" Spreagann an CLG mothú féiniúlachta is muintearais ní hamháin i gcóngar ach i gcéin chomh maith, rudaí atá thar a bheith tábhachtach go háirithe do dhaoine na linne seo atá in ísle brí de bharr iliomad fadhbanna le dífhostaíocht, cúrsaí óil, féinmharú, uaigneas agus eisimirce.
ndírítear ar ghnéithe diúltacha na heisimirce people concentrate on the negative aspects of emigration
" D'fhéadfá do dhinnéar a ithe ar ag an gcaoi seo gach lá más maith leat, ach seans maith go mbeifeá ar leathchluais ag an deireadh! Measaim féin go ndírítear ar ghnéithe diúltacha na heisimirce go rómhinic sna meáin, um Nollaig ach go háirithe - gur sinne 'glúin na heisimirce', imirce daoine oilte, briseadh croí máithreacha na tíre a fágtar inár ndiaidh srl.
glúin na heisimirce the emigration generation
" D'fhéadfá do dhinnéar a ithe ar ag an gcaoi seo gach lá más maith leat, ach seans maith go mbeifeá ar leathchluais ag an deireadh! Measaim féin go ndírítear ar ghnéithe diúltacha na heisimirce go rómhinic sna meáin, um Nollaig ach go háirithe - gur sinne 'glúin na heisimirce', imirce daoine oilte, briseadh croí máithreacha na tíre a fágtar inár ndiaidh srl.
B’í sáinn na heisimirce the predicament of emigration was
" B’í sáinn na heisimirce príomhbhéim na haiste seo, ach go háirithe iadsan a dhiúltaigh aon rud a dhéanamh chun é a leigheas ós rud é go gceaptaí go raibh buntáistí creideamhacha agus sóisialta ag baint leis an sruth daonna ollmhór sin.