Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceachtar either
" "Dheineas ana-chuid oibre ar 'Éist do Bhéal' le Declan agus ar 'Rugadh orm i gCorcaigh' ach níor éirigh le ceachtar acu, *really*.
ceachtar either
" Cé gur fógraíodh sa dá chás nach bhfuarthas aon fhianaise de mhí-iompar i measc na nGardaí, níor foilsíodh ceachtar den dá thuarascáil.
ceachtar acu either of them
" Ní fada gur ag caitheamh aníos an Chianti céanna a bheas an bheirt acu, nó is beag an taithí atá ag ceachtar acu ar rud ar bith eile a ól seachas pórtar dubh na hÉireann i gcás Bhalor, agus fíon milis na haltóra i gcás an bhoic eile.
ceachtar againn either of us
" Rinne mé amhlaidh ach ní fhaca ceachtar againn an cluiche.
ar cheachtar acu on either of them
" Ní raibh mé ábalta béim cheart a chur ar cheachtar acu.
ceachtar either
" Chuir sé áthas orm nach raibh ceachtar den dá rud sin fíor.
ceachtar either
" Cé acu a n-aontaíonn tú leis na tuairimí thuas nó nach n-aontaíonn, rud amháin atá ag éirí soiléir i Nua-Eabhrac ná nach bhfuil ceachtar den dá thaobh sásta géilleadh.
mura raibh áthas ná glóire ach oiread even if there wasn't joy and glory either
" D'fheilfeadh liombó go seoigh; áit nach raibh pian ná fulaingt mura raibh áthas ná glóire ach oiread.
ceachtar either
" Ach ní bheidh ceachtar den dá fhoireann sin sa chraobh i mbliana ach péire an-neamhchoitianta ar fad: Gaillimh agus Port láirge.
ní ag rá an ruda a bhí ar a gcroí a bhí siadsan ach an oiread they weren't saying what they really felt either
" "Dheamhan ar miste," arsa na mná d'aon ghuth agus ní ag rá an ruda a bhí ar a gcroí a bhí siadsan ach an oiread.
ní ag marbh a gcroí ag gáirí a bhí Clíona agus Cathy iad féin Clíona and Cathy weren't exactly having a good time either
" A fhad agus a bhí Louis agus Ciarán i mbéal an bháis ar an fharraige, ní ag marbh a gcroí ag gáirí a bhí Clíona agus Cathy iad féin.
do cheachtar teanga to either language
" Tá sé deacair a thuiscint nach bagairt é an dátheangachas nó nach ndéantar damáiste do cheachtar teanga.
ceachtar either
" Dár ndóigh, níor thug ceachtar acu a leithéid le fios go poiblí, ach mar sin féin caithfidh go raibh Rialtas na hÉireann agus fiú Sinn Féin an-sásta le ceapadh Peter Hain mar Stát-Rúnaí nua Thuaisceart Éireann.
i gceachtar teanga in either language
" Níor labhair sé mórán i gceachtar teanga go dtí go raibh sé ocht mí dhéag ach ansin rinne sé an-dul chun cinn.
ceachtar don dá sprioc sin a bhaint amach to achieve either of the two targets
" Déarfadh an té atá réadúil, áfach, gur theip orthu ceachtar don dá sprioc sin a bhaint amach.
ní raibh caill ar bith ar na himreoirí ach oiread! the players weren't bad either!
" Agus, a Bhaloir a chroí, éist leis seo: ní raibh caill ar bith ar na himreoirí ach oiread! Ach, a Bhaloir, nuair a smaoiním ar Bhertie agus ar a chairde cnis ina seasamh ansin roimh an chluiche ar Ardán Uí Ógáin.
i gceachtar den dá theanga. in either of the two languages.
" Mar chomhlacht de chuid stát na hÉireann, foilsítear gach rud i nGaeilge agus i mBéarla agus is féidir iarratais a sheoladh isteach i gceachtar den dá theanga.
ceachtar dá bheirt mhac either of his two sons
" ” Ní fhaca an t-athair ceachtar dá bheirt mhac ag imirt go dtí lá amháin nuair a bhí Seán seacht mbliana déag d’aois.
ach an oiread, either,
" Ach dúradh nach raibh na liricí Béarla ar eolas ag formhór na tíre ach an oiread, agus níor chan na himreoirí ar chor ar bith! I ndeireadh na dála, cheap daoine go mba cheart dóibh leagan dátheangach a chanadh.
ach oiread either
" Agus, ar ndóigh, níor éirigh go rómhaith le Meiriceá i gCogadh Vítneam ach oiread – maraíodh 60,000 saighdiúir agus gortaíodh breis is 300,000.
ach oiread either
" Ní raibh bua róchompordach ag an Rialtas i gcás na tairisceana seo ach oiread mar gheall ar go raibh naonúr Teachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil as láthair.
ach oiread, either
" Ní bheidh ceol orgáin le cloisteáil i rith an tsearmanais, ach oiread, ach ceol ó bhosca pianó Willie féin, agus é ag canadh “*What A Friend You Have In Willie”*.
ach lena chinntiú nach maslóidh sé ceachtar den dá chomhlacht, but to ensure that he wouldn't insult either of the two companies
" Ghlac Mick leis an dá phéire, ach lena chinntiú nach maslóidh sé ceachtar den dá chomhlacht, chaith sé branda amháin ar chos amháin agus branda ar an gcos eile!Duine uasal ab ea Mick Holden, agus daoine uaisle is iad a mhuintir ar fad.
ach an oiread. either
" Samhlaigh é – duine bocht ag rothaíocht go sona sásta agus go tobann, páirceálann tiománaí éigin a ghluaisteán i lár an raoin! Agus is iomaí rothaí nach leanann rialacha an bhóthair ach an oiread.
i gceachtar páirtí. in either party
" Tá iomaíocht ghéar i gceist in Iowa faoi láthair mar sin, go háirithe mar go bhfuil a fhios ag an saol mór nach bhfuil aon duine róthógtha leis na móriarrthóirí i gceachtar páirtí.
ceachtar acu either of them
" Ní bhfuair ceachtar acu go leor vótaí go fóill leis an dlaoi mhullaigh a chur ar an scéal, agus is léir anois go leanfar den choimhlint ghéar go bun an angair.
ní féidir le soláthraithe seirbhíse idirlín neamhaird a thabhairt ar an bhfadhb ach oiread internet service providers can't ignore the problem either
" Dar ndóigh, ní féidir le soláthraithe seirbhíse idirlín neamhaird a thabhairt ar an bhfadhb ach oiread agus ní mór dóibh a bheith ar a n-airdeall le stop a chur leis na cibirbhulaithe.
ceachtar acu either of them
" Caithfear a rá nach raibh mórán tráchta ar chúrsaí sceimhlitheoireachta ag ceachtar acu nuair a mhínigh siad cúiseanna an ionraidh.
ach an oiread either
" Ní raibh mórán ar siúl ag na húdaráis in Éirinn le cúrsaí a fhiosrú ach an oiread.
ceachtar acu either of them
" "Cén fáth," a d'fhiafraigh Mikey agus é ag caint faoin toghchán, "go mbeadh ceachtar acu ag iarraidh an phoist? Níl rompu ach trioblóid agus tarcaisne.
ach oiread either
" Ní sásta a bhí Marbles ach oiread nuair a dhíbir muid eisean agus a chiseán as an teach agus na páistí céanna ag lámhacán ar an urlár.
ceachtar rannpháirtí either of the participants
" Ag deireadh mhí na Samhna, áfach, bhí cruinniú COAG ar siúl agus, aisteach go leor, ní raibh gearráin le déanamh i ndeireadh báire ag ceachtar rannpháirtí.
ach an oiread either
" Tá faitíos ar leith orainn in Éirinn, áfach, mar feictear dúinn nach bhfuil an t-éalú céanna againn agus a bhíodh sna caogaidí agus sna hochtóidí le dul ar eisimirce; níl postanna ar fáil, ach an oiread, sna tíortha a mbíodh muid ag tarraingt orthu mar Shasana, Meiriceá nó Ceanada.
ach an oiread either
" Níorbh aon eisceacht í earnáil na Gaeilge ach an oiread.
ach oiread either
" Mar is eol do chách anois, ní raibh 'airm ollscriosúla' ag Saddam Hussein ach oiread.
cheachtar either
" Is ar éigin d’fheicfeá leithéid Earnán de Blaghad ar cheachtar den dá chlár teilifíse sin.
ach an oiread either
" Ní hiad na baincéirí ach an oiread a ba chúis leis.
ach oiread either
" Tháinig na bleachtairí cliste, ach nuair nach raibh siad in ann ciall dá laghad a bhaint as, chuir siad ar aghaidh chuig a gcairde in MI5 é; ach ní raibh siadsan in ann brí a bhaint as ach oiread.
ach oiread either
" Ni dócha go bhfeicfear i bPáirc an Chrócaigh ach oiread é, áit a mbronntar Corn Sam Maguire, “a republican gunman” de réir McCausland.
ach an oiread either, at the same time
" Leas an Cheachta Chrua An uile ní meáite, níor chóir an ghruaim as féin amháin a nochtú i gcuntas mar seo ach an oiread.
ach oiread either
" Ní léir ach oiread chomh géar is atá an uillinn ón áit inár scaoileadh Oswald.
ceachtar either
" Nuacht ná leabhair ní bheidh ag ceachtar acu: ní bheidh á ndíol acu ach irisí agus milseáin.
cheachtar either
" Siúlann sé is siúlann leis,Gan neach ar cheachtar taobh de,Scaipeann samhnas béil na hoíche,Gáire calcaithe na teilifíse.
ach an oiread either
" Tá líne ann chomh maith, gan amhras, gan a shá síos scornach aon duine ach an oiread, agus ansain, déarfaidís, “*oh your man’s sort of cool*”, labhraíonn sé Gaeilge, labhraíonn sé Béarla.
ceachtar either
" Gheall mé féin $100 ar an rás nuair a d’fhreastail mé ar Chalcúta ag mo ghalfchúrsa, ach níor éirigh rómhaith le ceachtar de na capaill a cheannaigh mo shindeacáit ann.
ach oiread either
" Níl ár gcuid mothúchán á láimhseáil ná ár dtreorú le ceol aige ach oiread.
ceachtar either
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
ach oiread either
" Ní féidir a rá ach oiread go bhfuil na muilte gaoithe nó na painéil ghréine iomlán ‘glas’ sa mhéid is nach mbíonn aon drochthionchar acu ar an timpeallacht.
ceachtar either
" “Ní raibh ceachtar againn riamh sa Ghaeltacht” a deir Frank “ach rinneamar a lán taighde agus labhraíomar le roinnt daoine a bhí ann agus an tuairim a bhí againn ná go rabhamar chun iniúchadh a dhéanamh ar na ceisteanna coitianta a bhaineann le déagóirí atá 13, 15 agus 16 bliana d’aois agus go rabhamar chun an Ghaeltacht a úsáid mar ionad chun iniúchadh a dhéanamh ar na ceisteanna ag baint leis an teacht in aois seo.
cheachtar either
" Ach bheadh duine ar bith a cheapann go mbeidh cúrsaí Gaeilge is Gaeltachta ar bharr liosta siopadóireachta cheachtar pháirtí thar a bheith soineanta.
gceachtar either
" I gceachtar cás, b'fhearr liom a bheith faoi dhíon an tí! An rud is suntasaí faoin aerphort agus tú ag tuirlingt ann ná go bhfuil na comharthaí go léir as Béarla agus Seapáinis.
ach oiread either
" Ní aithním ach oiread an tsochaí ina bhfuil pinsin daoine agus an córas leasa shóisialta trí chéile faoi léigear.
ach oiread either
" Mar gheall ar an meas mór atá ag daoine ar Chomsky, ní thugann siad faoi deara ach oiread tionchar an bhrúghrúpa AIPAC—rud a dhéanann an-dochar do leas na síochána agus an cheartais sa réigiún, dar leis.
ceachtar either
" Rinne Ruairí Quinn pointe maith, ar chlár Vincent Brown le gairid, nuair a dúirt sé go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh níos mó Teachtaí Dála ón eite chlé sa chéad Dáil eile ná mar a bheadh ag ceachtar den dá pháirtí eile.
ach oiread either
" Agus ní réiteach ar an scéal é an t-iompar poiblí ach oiread.
ach oiread either
" Ní dóigh liom gur cheart an teanga a mhilleadh amach is amach ach oiread – an saibhreas sin a chailleadh.
ach oiread either
" Duine eile nach bhfuil ar aon intinn le Criostóir Ó Cuana ach oiread, más fíor, ná Barry O Brien, Cathaoirleach Choiste Thiobraid Árann.
ach an oiread either
" Chan amháin nach bhfuil a fhios ag an phobal faoina raibh ar siúl ag na daoine anaithnide seo ach go minic ní bhíonn a fhios acu ach an oiread cad é go díreach nach bhfuil ar eolas acu! Rud amháin atá ar eolas againn ná go bhfuil a leithéid d’ordú bainte amach ag daoine iomráiteacha ar nós an peileadóir John Terry, an t-iriseoir Andrew Marr, an galfaire Colin Montgomerie, an ceoltóir Howard Donald ó *Take That* agus an bancaire Fred ‘the Shred’ Goodwin.
ach chomh beag either
" Níl aon amhras ach chomh beag go mbeidh uirlisí na meán úr á leathnú!
ach oiread either
" Ní bhreathnaím ar an teilifís i Meiriceá mórán, agus ní fheicim mórán fiúntais ann ach oiread.
cheachtar either
" An bádóir a thriomódh ar cheachtar den dá chósta, bheadh gaisce déanta aige.
cheachtar either
" Níor mhair an comhrialtas a d’eascair as Sunningdale ach cúig mhí mar nach raibh sé inghlacaithe ag na paraimílitigh ar cheachtar den dá thaobh sa gcoimhlint.
ach chomh beag either
" Pé acu arbh iad idéil agus aidhmeanna Palach a spreag iad, níor imir a ndearna siadsan an tionchar céanna ar stair na Seice agus a d'imir gníomh Jan Palach, ná ní chuimhnítear orthu ar an gcaoi chéanna ach chomh beag.
ach oiread either
" Agus nuair a chuirtear mósáic il-eitneach na Siria san áireamh, is cinnte nach mbeidh toradh níos fearr ar an gcomhairle seo ach oiread.
ceachtar acu either of them
" Thugtaí na Fritíortha ar an Astráil agus an Nua-Shéalainn nuair a bhí mé ag déanamh staidéir ar an tíreolas agus ar an stair le linn m’óige in Éirinn, cé nach raibh ceachtar acu antapódach go beacht uainn.
na margaí ach chomh beag nor the markets either
" Ba cheart a lua nach ionann an Ghailís agus Spáinn na gréine, ná Spáinn na n-óstán chois cladaigh, ná Spáinn na mangairí is na margaí ach chomh beag.
cheachtar againn either of us
" ) Fós féin bhí an idirbheartaíocht seo ciotach go leor: bhí orainn seoltaí r-phost a roinnt; bhí orainn beirt cuntais *PayPal* a bheith againn; ní raibh aon cinnteacht nó sabháilteacht ann do cheachtar againn.
ach chomh beag either
" Óir is léir ó thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga nach múintear an tuiscint ná an meas seo go sásúil, ní hamháin i Langley, ach sa Teampall Mór ach chomh beag! Bhí sé mar leithscéal ag Everett ar ndóigh gur eachtrannach a bhí ann, ach cén cineál amaidí a thug ar lucht bainistíochta an Gharda Síochána baill den fhórsa a chur ag obair i gceantair Ghaeltachta cé nach raibh siad in inmhe príomhtheanga na háite a labhairt? Forálacha d’Acht an Gharda Síochána 1924 - 2005 =========================== Léirigh tuarascáil an Choimisinéara nach raibh ochtar den naonúr Garda a bhí lonnaithe i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, ábalta a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge.
ach an oiread either
" Ní thaitníonn an nós sin le mórán foilsitheoirí Gaeilge ach an oiread, cé gur nós seanbhunaithe i measc Ghaeil na hAlban é.
ach an oiread either
" Níor fágadh an cumann baile ar an trá fholamh ach an oiread, mar gur éirigh leis na Fillos a gcéad chluiche ceannais riamh a bhaint amach, éacht ann féin.
ach chomh beag either
" Ní fhacamar mórán daoine ag léim thar thonnta na farraige ach chomh beag, sean-nós eile a bhaineann leis an bhféile, a spreagann torthúlacht na mban, chomh maith le rath a chur orthu siúd atá ag iarraidh cleamhnas a dhéanamh.
ach oiread either
" Is doiligh a bheith cruinn ceart i gcónaí ar chuile bhealach agus ní bhím cruinn ceart i dtólamh, ach ádhúil go leor (ag meangadh), an dream a bhfuil sí acu ó thús, ní bhíonn siadsan cruinn baileach i dtólamh ach oiread! (gáire croíúil) **SMM: Tháinig tú go hÉirinn ag teagasc Gaeilge na hAlban roimhe seo.
ach oiread either
" Ná déanaimis dearmad ach oiread ar na Cluichí Oilimpeacha Speisialta agus ar an dul chun cinn atá déanta ag an ngluaiseacht sin.
nach raibh lúth na lámh ná na gcos acu fosta they didn’t have any physical movement/ability either
" B’fhéidir nach raibh lúth na lámh ná na gcos acu fosta.
i gceachtar den dá chás sin in either of those cases
" Ach níl sliabh ar bith i ngar don chladach i gceachtar den dá chás sin.
ach an oiread either
" Níl aon chall leis an bhéal bhocht ach an oiread mar go bhfuil infheistíocht leanúnach déanta ag rialtais éagsúla ó bhunú an stáit a leith i gcomhlachtaí teangalárnaithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht – leithéidí an tÚdarás, TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Muintearas, Oideas Gael agus go leor eile nach iad.
ach oiread either
" Ach níl aon easpa tuisceana ar shuarachas cleachtaithe an duine ach oiread.
Ní haoibhinn an ceol é sin ach an oiread that’s not nice to hear either
" Ní haoibhinn an ceol é sin ach an oiread toisc gur chruthaigh an t-aitheantas dleathach sin deacrachtaí ilghnéitheacha don choimcne Gaelach.
gur cuma leatsa fosta you don’t care either
" Níor ionsaigh muid aon duine go poiblí (seachas easpag nó dhó agus cúpla cairdinéal – agus ós rud é gur cuma le gach duine fúthu sin, glacaimid leis gur cuma leatsa fosta).
ach an oiread either
" Ar ndóigh, dá leanfaí leis an tuairim gur chun freastal ar an imirce atá córas oideachais na hÉireann, ní bheadh aon fhilíocht ná ealaíon á múineadh i scoileanna na tíre ach an oiread.
ach an oiread either
" Forloscadh agus dó, na crúba thíos faoi! Ó, a thiarcais! Anam an Diabhail! Agus ní raibh aon éaló ó Fhear na gCrúb i bpictiúrlanna Éireann le seachtainí beaga anuas ach an oiread.
ach oiread either
" **SMM: Feicim daoine, a Phádraig, ag scríobh ar Facebook mar gheall ar Shruth Fada Con, ach ní i nGaeilg a fheicim ainm na háite, bíodh nach dtig linn Béarla a thabhairt ar an leagan ach oiread.
Ní aontaím leis ach oiread I don’t agree with him either
" Ní aontaím leis ach oiread nach mbeidh Éire Aontaithe ann choíche ach is cinnte go bhfuil an scéal athraithe as a riocht.
ach oiread either
" Ní raibh comhairleoirí na cathrach i láthair ach oiread, nó ní raibh duine ar bith ó Ambasáid na hÉireann i Londain, cé go fuair siad cuireadh chuig seoladh na tuarascála fosta.
ach an oiread either
" Ní minic, ná ní beag an méid sin ach an oiread.
idir rannpháirteacht either participation
" Nil mórán speise ag ceachtar acu i spórt, idir rannpháirteacht nó féachaint air.
ní dhearna sé maith don fhoireann ach oiread it didn’t help the team either
" Ghortaigh sé sin Ó Drisceoil déarfainn agus ní dhearna sé maith don fhoireann ach oiread dar liom, cé nach gceapfá sin i ndiaidh an bhua i gcoinne na Breataine Bige.
ach an oiread either
" Níl aon cheist ach an oiread gur chéim mhór ar gcúl a bheas ann do chaighdeán na Gaeilge labhartha sna scoileanna seo má chuirfear na rialacha úra iontrála do scoileanna atá beartaithe ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, i bhfeidhm.
ach an oiread either
" Ní bhíonn airgead ar bith ann fá choinne oiliúint na mbainisteoirí ach an oiread.
ag ceachtar den dá fhoireann by either of the two teams
" Bhí sé oibrithe amach go stairiúil agam go mbíonn cluiche amháin as gach 12 cluiche, thart air, a chríochnaíonn gan aon liathróid a bheith curtha go dleathach san eangach ag ceachtar den dá fhoireann.
ceachtar den phéire seo either of this two
" Ar ndóigh, is féidir ceachtar den phéire seo a leanúint ar Twitter, Facebook nó ar Pinterest nó is féidir nuachtlitir a fháil go rialta le smaointí breátha fá choinne dinnéir nó d’ócáidí ar leith atá ag teacht aníos.
ach oiread either
" Ní hé i gcónaí gur troid ar son cearta sibhialta atá ann ach oiread, ach tuigeann siad gan ról lárnach atá ag cúrsaí airgid i saol ár linne freisin.
glan in éadan margadh a dhéanamh le ceachtar dead set against making a deal with either
" Ar ndóigh, beidh go leor dá gcuid lucht tacaíochta glan in éadan margadh a dhéanamh le ceachtar den dá pháirtí de chuid na heite deise.
ach an oiread either
" Níl an chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh laghdú ar bith ar an réimse spéise seo ach an oiread.
níor chaipitleachas é ach an oiread it wasn’t capitalism either
" Ní ‘culture’ amháin ná eile a bhí taobh thiar den iompar baincéireachta in Éirinn agus níor chaipitleachas é ach an oiread.
ach oiread either
" “Agus ní dhéanfaidh mé dearmad choíche den bholadh ach oiread.
ach oiread either
" Léiríonn sé nach bhfuil sé de mhian ag na tíortha cumhachtacha deireadh a chur leis na hairm uafásacha sin ach oiread.
Níor imirt gréine é ach oiread it wasn’t the sun’s effect either
" Níor imirt gréine é ach oiread, bhí a fhios agam.
ach an oiread either
" " Cé nach bhfuil cuma iontach dóchasach ar an ráiteas sin, níor mhór a admháil nach bhfuil an doras druidte ina iomláine ach an oiread.
ach an oiread either
" Fuaireas mo chéim ach ní chuas riamh leis an múinteoireacht ach an oiread! Is dócha go raibh seans liom ag an am – ré an tíogair cheiltigh ab ea é.