Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fuadaíonn buíon bheag sceimhlitheoirí an t-eitleán a small group of terrorists hijack the plane
" Nóiméad ina dhiaidh sin fuadaíonn buíon bheag sceimhlitheoirí an t-eitleán agus dhá nóiméad níos deireanaí tiomáintear an 747 - atá lán de bhreosla don turas tras-Atlantach - isteach i dtanca mór plútóiniam ag Sellafield.
d'eitleáin mhíleata to military planes
" Ní hamháin go bhfuil cinneadh an Rialtais seo cead a thabhairt d'eitleáin mhíleata ó thíortha eile leas a bhaint as aerfoirt an stáit míbhunreachtúil, mídhaonlathach agus ag cur phobal na hÉireann i mbaol, d'fhéadfadh sé dochar buan a dhéanamh do thionscail áirithe sa tír chomh maith.
eitleáin mhíleata military aircraft
" Bhíodh ainmfhocail neodracha sa teanga san am fadó, sular thosaigh eitleáin mhíleata Mheiriceá ag tuirlingt in Aerfort na Sionainne.
dearthóir eitleán aeroplane designer
" Tá seisean ina chónaí sa Bheilg le beagnach bliain anuas agus is dearthóir eitleán é.
eitleán plane
" Bhuail mé le seanfhear ar an eitleán go Chicago - ar a bhealach ar ais abhaile go Chicago tar éis filleadh go hÉirinn lena dheirfiúr a chur san uaigh.
eitleán dubh cogaidh a black war plane
" Tá sé furasta a chreidbheáil go bhfuil tú ar ais sa bhliain 1700 i bhfírinne, go dtí go dtagann eitleán dubh cogaidh go gasta, callánach, íseal trasna an ghleanna.
thuairt eitleán na foirne the team's plane crashed
" Roimhe sin ba iad na Busby Babes a tharraing aird an phobail, go mórmhór de bharr thubaiste Munich nuair a thuairt eitleán na foirne agus iad ag filleadh ón nGearmáin agus maraíodh imreoirí óga cumasacha ar nós Liam Whelan.
thuirling eitleán a plane landed
" Lá amháin, thuirling eitleán san áit go mídhleathach agus tógadh na leoin.
thuirling eitleáin de chuid an CIA CIA planes landed
" Ó 9/11 i leith thuirling eitleáin de chuid an CIA in Aerfort na Sionna ar bhreis is 85 ócáid.
Ba cheart go gcuardófaí na heitleáin ar bhonn rialta. The planes should be searched on a regular basis.
" Ba cheart go gcuardófaí na heitleáin ar bhonn rialta.
má tá air athrú ó eitleán amháin go heitleán eile if it has to change planes
" Cén fáth? Tá cúpla cúis leis: Ar dtús, mar a deir lucht an ghnó seo, “is cuma le lasta má tá sé ar sheaneitleán” nó “is cuma le lasta má tá air athrú ó eitleán amháin go heitleán eile”.
nuair a thuirling sé den eitleán when he got off the plane
" Bhí Bomber neirbhíseach nuair a thuirling sé den eitleán – Malaga.
Taispeántas Eitleán Air Show
" Titeann Taispeántas Eitleán amach in Farnborough in aice le Londain ag deireadh mhí Iúil gach dara bliain.
na déantóirí eitleán the aeroplane manufacturers
" Déantar gnó, itear mórán ceapairí agus óltar loch mór fíona agus *champagne*, agus déanann na déantóirí eitleán a ndícheall a n-eitleáin a thaispeáint agus mórtas a dhéanamh.
an déantóir Eorpach eitleán the European aeroplane manufacturer
" Bheadh sé éasca an léiriú seo a fheiceáil mar mheafar do na fadhbanna atá ag Airbus, an déantóir Eorpach eitleán.
eitleán ollmhór nua a massive new aeroplane
" Cúig bliana ó shin, bhí an chuma ar an scéal go raibh plean den scoth acu: thógfadh Airbus eitleán ollmhór nua, an ceann is mó ar domhan, a mbeadh breis is 500 suíochán ann.
ag lorg eitleán mór nua looking for a big new aeroplane
" Agus nach cinnte go mbeadh na haerlínte ag lorg eitleán mór nua dá gcuid bealaí is gnóthaí? Bhuel, ní mar a shíltear a bítear.
áit ar thuairteáil eitleán de chuid an RAF where an RAF plane crashed
" Suíomh suimiúil eile Thug muid cuairt ar shuíomh suimiúil ó choimhlint eile i mí Lúnasa, Cró na Rad, áit ar thuairteáil eitleán de chuid an RAF sa Dara Cogadh Domhanda.
eitleán príobháideach dá gcuid féin a private aeroplane of their own
" Ócáid mhór a bhí ann do lucht an rachmais, iad siúd a bhfuil eitleán príobháideach dá gcuid féin acu nó ar a laghad héileacaptar, daoine – cuid de na himreoirí ina measc – a bhfuil níos mó airgid sa bhanc acu ná mar atá ag cuid de na tíortha is boichte san Afraic.
cáin a chur ar bhreosla eitleáin to tax aircraft fuel
" Ní dóigh liom go mbeadh sé de dhánacht nó de mhisneach ag aon rialtas cáin a chur ar bhreosla eitleáin ach is cinnte go dtarlóidh a leithéid amach anseo, bíodh is gur dócha gur rialachán ón Eoraip a bheas i gceist.
na heitleáin the aeroplanes
" Agus faoi láthair, tá na heitleáin seo á dtógáil ag ráta níos sciobtha ná mar a tharla riamh roimhe: tagann ceann amháin nó an ceann eile amach as monarcha gach lá den bhliain.
ar tháirgeadh a eitleáin ollmhóir, on the production of its massive aeroplane,
" Tá Airbus sa teach téarnaimh fós tar éis na moilleanna tubaisteacha a cuireadh ar tháirgeadh a eitleáin ollmhóir, an A380.
eitleáin a bhfuil innill turba-liáin acu turboprop aircraft
" Ach cad faoi chineálacha eile eitleán? Bhuel, ar bhealaí níos giorra, agus gan ardluas chomh tábhachtach céanna, bíonn eitleáin a bhfuil innill turba-liáin acu níos éifeachtaí ná scairdeitleáin.
forbairt an eitleáin seo, developing this aeroplane,
" Tá sé seo i bhfad ón réaltacht anois, ach an mbeidh i gceann fiche bliain? Ná bí ag smaoineamh, mar sin féin, ar árasán deireadh seachtaine a cheannach i Sydney sula n-imíonn na praghsanna in airde le teacht na hÉireannach! De bhrí go mbeidh costas ard ag baint le forbairt an eitleáin seo, má éiríonn leis, beidh na ticéid níos gaire ó thaobh costais de do chinn Concorde ná do chinn Ryanair! Agus cad mar gheall ar an lasta? Tá an t-aerlasta fíorthábhachtach don domhandú, ach go minic bíonn na costais a bhaineann leis ró-ard.
na heitleáin ollmhóra Rúiseacha seo these massive Russian aeroplanes
" Níor nochtadh na heitleáin ollmhóra Rúiseacha seo go dtí gur thit an tAontas Sóivéadach, agus baisteadh an leasainm “Ollphéisteanna Caispeacha” (“Caspian Sea Monsters”) orthu.
ar bord eitleáin on board an aeroplane
" Ar scor ar bith ní féidir ba a thabhairt ar bord eitleáin ó Manchester.
gach dara heitleán a thuirlingíonn nó a éiríonn den talamh every second airplane which lands or takes off
" Tá Heathrow mar dhaingean ag British Airways – is leo gach dara heitleán a thuirlingíonn nó a éiríonn den talamh ann – agus go dtí seo d’éirigh leo cur ina luí ar Rialtas na Bhreataine an *status quo* a choimeád.
cánacha nua ar astúcháin na n-eitleán, new taxes on aeroplane emissions,
" Ach is cinnte go mbeidh (agus gur cheart go mbeadh) srianta eile ag teacht: cánacha nua ar astúcháin na n-eitleán, mar shampla, agus chuige sin tá Coimisiún na hEorpa ag iarraidh scéim chánach a chur ar bun a chuimseoidh ní hamháin an Eoraip ach na Stáit Aontaithe freisin.
eitleán beag an chomhlachta the company's little plane
" Thaistil mé suas ar eitleán beag an chomhlachta – an-ghalánta i gcomparáid le bheith suite ar chúl sean-*pickup* éigin! Bhí an turas go hálainn; bhí Loch na Maláive le feiceáil thíos fúinn, bailte beaga scaipthe i ngach áit, agus bóithríní cúnga dearga ag casadh trí na sléibhte glasa.
breosla eitleán aeroplane fuel
" Tá tionscadal taighde ar siúl ag an mhonaróir ollmhór eitleán Meiriceánach, Boeing, ag iarraidh algaí a úsáid chun breosla eitleán a dhéanamh.
eitleáin mhara. seaplanes.
" De bhrí nach bhfuil aerstráice ar an oileán, úsáideann siad eitleáin mhara.
maoir eitleáin air stewards
" Maidir leis na maoir eitleáin ar na haerbhealaí cianaistir - a thugann do bhia agus do dheoch duit idir Baile Átha Cliath agus Nua-Eabhrac - de réir na rialacha, is cóir go mbeadh deis acu a scíth a ligean ar feadh lá nó dhó tar éis dóibh gach turas trasatlantach a chríochnú.
Dála Ryanair, thuirlingeodh an t-eitleán like Ryanair, the aeroplane would land
" Dála Ryanair, thuirlingeodh an t-eitleán in aerfort beag, iargúlta agus saor, turas bus cúpla uair an chloig ó Nua-Eabhrac nó ó Bhostún.
In ionad eitleán mór amháin a bheith ar fáil do gach duine, Instead of one big aeroplane being available for everyone,
" In ionad eitleán mór amháin a bheith ar fáil do gach duine, déanfaidh cuid de na paisinéirí an turas in eitleán compordach, lán le suíocháin ghrád gnó, agus an chuid eile acu in eitleán atá níos saoire agus i bhfad níos cúinge.
an tír ar léi an t-eitleán the country which owns the plane
" Tá an ceart ag tíortha eile a bheith páirteach san imscrúdú chomh maith – mar shampla, an tír ar léi an t-eitleán, an tír inar tógadh é, an tír inar tógadh a innill, agus uaireanta, más saoránaigh de chuid tíre faoi leith iad formhór na bpaisinéirí, tabharfar cead don tír sin a bheith páirteach san imscrúdú freisin.
a bhrúigh an t-eitleán chun talaimh. which forced the airoplane to the ground
" Nó b’fhéidir go raibh spéirling sa cheantar a bhrúigh an t-eitleán chun talaimh.
nuair a thuirlingíonn an t-eitleán when the airplane lands
" Ní bhíonn mo chroí lán de ghrá nuair a thuirlingíonn an t-eitleán ar rúidbhealach gan dóigh mar Beauvais, agus poill eile d’aerfoirt de chuid Ryanair sa Fhrainc.
An nóiméad a thuirling an t-eitleán in Malaga the minute the plane landed in Malaga
" An nóiméad a thuirling an t-eitleán in Malaga, bhí teocht ní ba theo le brath san aer – bhí mé sna flaithis! Nuair a d’fhág mé an t-aerfort, bhí fostaí de chuid an chomhlachta réadmhaoine a raibh socrú déanta agam leis ag fanacht orm.
as an eitleán a leagan le lámhach. for shooting the plane to the ground
" Cuireadh an milleán ar antoiscigh na Bahutu as an eitleán a leagan le lámhach.
tuairt an eitleáin the plane crash
" ) Tar éis tuairt an eitleáin, fuarthas amach nach raibh sé ar bord níos mó.
hinneall eitleáin plane engine
" Nuair a tháinig sí a fhad leis an teach s’againn, bhí an torann cosúil le hinneall eitleáin go díreach os cionn an tí, agus bhí sé deacair anáil a tharraingt ar feadh tamaill de dheasca ídiú ocsaigin an aeir.
t-eitleán airplane
" Leis na híomhanna seo i dtreis im' aigne, d'fhág mé an t-eitleán in aerfort Dallas-Fort Worth ag súil le fir mhóra leathanghuailleacha ag scaoileadh urchar san aer agus ag caitheamh hataí deich ngalún.
eitleán an airplane
" Thuairt eitleán i Nua-Ghuine Phapua i mí Lúnasa agus cailleadh gach duine a bhí ar bord.
eitleán airplane
" Dé réir leabhar Gordon Thomas faoin Mossad, Gideon’s Spies, tháinig gníomhaire Mossad ó Londain go Loch Earbaí an lá i ndiaidh an uafáis agus bhailigh sé mála taistil a bhí ar an eitleán leis.
eitleáin airplane
" com/watch?v=s_2sGwRbnho) Ar leithinis atá an chathair, agus mar sin, braithfidh tú i gcónaí go bhfuil tuirlingt uisce i gceist ag píolóta an eitleáin agus sibh cúpla meandar ón rúidbhealach.
eitleán plane
" Bhaineas Dubai amach deich a chlog oíche Dé hAoine, dheineas an seó oíche Dé Sathairn agus bhíos ar an eitleán abhaile ag a sé oíche Dé Domhnaigh, agus bhíos thar n-ais i gContae Mhaigh Eo an oíche sin! SMM: An bhfuil aon bhlas imní ort faoin ‘lá amárach’, nó an éireoidh tú tuirseach de bheith faoi shúile an phobail an chuid is mó den am? DÓS: Faighim tuirseach de uaireanta.
eitleáin airplane
" Rinneadh dochar do *45-47 Park Place* i rith ionsaí an 11ú Mheán Fomhair, 2001, nuair a thit rothaí eitleáin anuas air.
eitleán airplane
" Mar shampla de sin, tóg imeallbhord na hÉireann – más ag féachaint air ó eitleán atá tú feicfidh tú líne gharbh a leanann cuanta, leithinsí, inbhir, agus a leithéid.
d’eitleán your plane
" “Tá mé thar a bheith buíoch díot as d’eitleán pearsanta a chur fá mo choinne…” Tuarastail Mhóra na hÉireann ================ “Céad fáilte romhat, a Bhaloir, ach ní liomsa é ar chor ar bith.
ar tí eitleán a fháil about to catch a plane
" Tá dhá mhí imithe ó gabhadh an t-ealaíontóir easaontach Síneach Ai Weiwei agus é ar tí eitleán a fháil ó Beijing go Hong Kong.
lena gcuid eitleán and their planes
" “Mo shoraidh céad slán leo agus lena gcuid eitleán agus a gcuid bád spéire, lena a gcuid gunnaí agus lena gcuid gníomhairí rúnda agus gan a bheith rúnda, agus leis na carranna móra sin atá díonta in éadan buamaí agus diúracán ach a bhfuil bóithre na hÉireann in ann iad a bhriseadh,” a deir Balor an Bligeard.
eitleáin airplanes
" Ní bhaineann an deighilt seo ach amháin leo siúd a thagann i dtír i mbáid neamhúdaraithe, le bheith beacht, cé go dtagann formhór mór de na daoine atá sa tír gan chead ar eitleáin.
t-eitleán airplane
" Leag an t-aerfhórsa Iosraelach an t-eitleán tráchtála le lámhach os cionn leithinis Síonáí – faoi fhorghabháil ag na hIosraelaigh ó Chogadh na Sé Lá i 1967 go dtí gur fhág na saighdiúirí Iosraelacha deireanacha é ar an 21 Feabhra, 1974 – ag marú 108 de na 113 daoine a bhí ar bord, cé go raibh sé ag dul anoir ag an am agus é gan ach nóiméad amháin ó theorainn na hÉigipte.
mhonarcha eitleáin airplane factory
" Bhog m'athair féin, Joe go Walton i Mí Feabhra 1941 nuair a fuair sé post sa mhonarcha eitleáin Napiers.
thuirling an t-eitleán the plane landed
" Cé gur chuir bainisteoir Shasana – Fabio Capello – a chuid buíonta i bhfolach i gcampa traenála amuigh faoin tuaith chomh luath agus a thuirling an t-eitleán san Afraic Theas, choinnigh na meáin chumarsáide an scéal ag rith níos faide fiu ná mar d’éirigh leis na nuachtáin bhaothamaideacha sin.
ag taisteal ar eitleáin travelling by plane
" Roinnt tionchair atá ar do rian coise ná aibhléis in úsáid sa teach, ag tiomáint gach áit, ag taisteal ar eitleáin agus fiú an cinéal bia a itheann tú.
Bagairt an Eitleáin Bháin the emigrant flight threatens
" An léargas é sin, go bhfuil maoiniú cruthú fostaíochta an Údaráis coillte chomh mór sin go bhfuil na heagrais fhiontraíochta agus fhostaíochta éagsúla ag feidhmiú faoin díon céanna i ndáiríre? Bagairt an Eitleáin Bháin ============== Ó am a bhunaithe, tá éacht déanta ag Údarás na Gaeltachta jabanna a chruthú sa Ghaeltacht.
in eitleán ag taisteal ó thuaidh travelling north in an aeroplane
" Ní raibh ach cúpla rang ar siúl an chéad cúpla bliain, le múinteoirí na buíne féin i mbun na ranganna, ach i mbliana, mar gheall ar an ráchairt a bhí ag teacht air, cuireadh rang ardleibhéil leis, agus b’shin an fáth domsa a bheith in eitleán ag taisteal ó thuaidh as Nua-Eabhrac go hAerfort Billy Bishop i lár chathair Toronto i dtús mhí an Mheithimh chun rang ardleibhéil a mhúineadh don Deireadh Seachtaine.
ndeachaigh eitleáin na Fraince i ngleic le French planes attacked
" ’ Siúd é ag cur síos dom ar an saol ina bhaile dúchais san Afraic, tamall ó dheas den cheantar a ndeachaigh eitleáin na Fraince i ngleic le hAl Qaida mí Eanáir seo caite.
mo chomharsa ar an eitleán my fellow passenger on the plane
" Cuireadh mo chéad chuairt ar Mheiriceá i gcuimhne dom, blianta fada ó shin, nuair a dúirt mé le mo chomharsa ar an eitleán go mbeinn ag tógáil bus ar aghaidh go dtí mo cheann cúrsa.
tugadh as an eitleán was taken of the plane
" I ndiaidh do Mhubenga titim i bhfanntais tugadh as an eitleán go dtí an otharlann é ach faoin am sin bhí sé marbh.
eitleán airplane
" Scaoil Aerfhórsa na Stát Aontaithe dhá bhuama hidrigine de thimpiste nuair a bhain fadhb don eitleán B-52 a bhí á n-iompar.
fhuinneog an eitleáin the plane’s window
" Agus muid san aer os cionn Bhoston ar an mbealach abhaile, bhí paistí beaga, glasa scaipthe ar fud na háite le feiceáil trí fhuinneog an eitleáin.
an t-eitleán fós ar iarraidh the plane still missing
" Faoi cheann cúpla seachtain, agus an t-eitleán fós ar iarraidh, bhí rialtais na Síne, na hAstráile, na Malaeisia, na Fraince, agus go leor eile, páirteach sa chuardach.
gcuirfear le cumas leanta eitleáin the ability to track planes shall be improved
" Níl ann ach sos áfach, nó táim cinnte go gcuirfear le cumas leanta eitleáin de bharr na timpiste seo – cibé ba chionsiocair léi.
eitleáin aeroplanes
" Tá cosc ar go leor gléasanna leictreonacha ar eitleáin faoi láthair, gutháin shoghluaiste san áireamh, ach d'fhéadfadh athrú a theacht ar an scéal sin sna blianta atá amach romhainn.
eitleáin mhíleata military aeroplanes
" Ní cúis iontais é, dar le Breandán Delap, go bhfuil Rialtas na hÉireann sásta ligean d’eitleáin mhíleata de chuid na Stát Aontaithe Aerfort na Sionna a úsáid, nuair a chuirtear san áireamh an méid postanna atá cruthaithe ag comhlachtaí Meiriceánacha sa tír.
na heitleáin the aeroplanes
" Beidh an chuma chéanna ar go leor de na heitleáin i gceann cúig bliana is fiche, a deir Pádraig Mac Éamoinn, ach tarlóidh go leor forbairtí móra i gcúrsaí eitlíochta mar sin féin – eitiltí hipearsonacha, cuir i gcás.