Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a d'aimsigh eochair an dorais sin who found the key of that door
" Láidir go fisiciúil ======= Cé go bhfuil córas an chúldorais againn le roinnt blianta anuas, agus Craobh na hÉireann buaite uair amháin ag foireann a d'aimsigh eochair an dorais sin (Uíbh Fhailí i l998), ní dóigh liom féin go stopfaidh aon fhoireann eile Tiobraid Árann nó Cill Chainnigh i mbliana ó Chraobh na hÉireann a bhaint amach (seachas má chastar ar a chéile iad roimh an gcluiche ceannais, dar ndóigh).
eochracha cuimhne memory keys
" Is prótacal é FireWire atá i bhfad níos tapúla ná an córas USB, córas atá cosúil leis agus atá in úsáid cheana féin ar an-chuid ríomhairí chun gléasanna ar nós eochracha cuimhne a chur "ag caint" le ríomhairí.
fáinne eochrach keyring
" Agus mé ag breathnú anois ar an bhfáinne eochrach sin ón Holiday Inn i Sarajevo, cloisim scread feirge na marbh mar bhreithiúnas orainn uilig faoi gach teip a lig don rud a tharla san Iúgslaiv titim amach.
eochair á casadh a key being turned
" D’éirigh muid chun imeacht, chuaigh amach go dtí an halla ach ar éigean greim aige ar an scáth báistí nó gur chuala muid coiscéim ar bharr an staighre agus an eochair á casadh sa doras.
eochair an bhua a aimsiú to find the key to victory
" Mar a tharla, nuair a tháinig foireann níos sciliúla ina gcoinne, is é sin Maigh Eo, ní raibh siad in ann eochair an bhua a aimsiú agus chruthaigh Maigh Eo go raibh laigí ar fhoireann Átha Cliath a thiocfadh idir iad agus a sprioc.
eochair key
" Nach bhfuil tú i dtír s’acusan? Tá sé iontach an méid a thiteann amach nuair a iarraim “*clef*” (eochair) nó “*cent onze*” (céad a haon déag), mar shampla.
an eochair a iarraidh ask for the key
" Baineann sé seo le céill, gan amhras, agus is den riachtanas a leithéid d’áit agus an stáisiún seirbhíse a bheith ann, áit inar féidir leis an tiománaí agus a chuid paisinéirí dul chuig an seomra leithris, cith a ghlacadh (ní gá ach an eochair a iarraidh!), cupán caife a bheith ag duine, breosla a fháil nó beagáinín siopadóireachta a dhéanamh.
eochair na ceiste the key question
eochair scaoilte na faidhbe the problem's opening key
" Ach nuair a tharla an beart onóra, umhlaíochta, maithiúnais, aiféala i nGairdin na Laochra ar Chearnóg Pharnell, shín Banríon Shasana eochair scaoilte na faidhbe sin chugainn.
bronnann eochair uirthi gives her a key
" Tugann a dínit linbh seo bealach éalaithe di ó na huafáis doshamhlaithe atá ag brú isteach uirthi, agus bronnann eochair uirthi, i ngan fhios di féin ar deireadh, eochair isteach i ngort álainn na filíochta.
gan eochair without a key
" Cén t-ábhar mórtais a bheadh ag duine agus gan eochair ina phóca, gan chuntas bainc aige, gan cumhdach athar ná máthar ar an saol dó, agus gan a fhios aige cén áit a gcodlódh sé agus an oíche ag cur seaca? Sin ceist a rith liom arís agus arís eile go ceann trí lá tráthnóna ag a cúig.
treoraí a mbíonn eochair na háite a guide who has the key
" Bhí an áit faoi ghlas romham ach as a bheith ag ceistiú mhuintir na háite, tháinig mé ar uimhir Jean, treoraí a mbíonn eochair na háite aige.
eochair éalaithe a chruacháis féin the key to release him from his own predicament
" An dtiocfaidh eochair éalaithe a chruacháis féin as an tóraíocht? An ligfear spiorad an athar chun suain? Ná lig do Cheyenne an dallmullóg a chur ort lena thuin monotónach.
eochracha keys
" Is í an Dulchaointeach cruthaitheoir Sugru, ábhar féinthéachtadh, ar a bhfuil cion mór acu siúd atá tar éis roinnt cúpan, eochracha, ceamaraí, bróg, nó aon ní, a bhriseadh ach atá cinnte gur féidir leo é a dheisiú.
níor leor eochair an tseomra a thaispeáint showing a room key wasn’t enough
" Duine ar bith a bhí ag iarraidh dul a luí, nó cuairt a thabhairt ar theach an asail fiú, níor leor eochair an tseomra a thaispeáint.
coimeádaí eochracha na bhflaitheas keeper of the keys of Heaven
" Tá comharba Pheadair, coimeádaí eochracha na bhflaitheas, i ndiaidh éirí as a phost mar fhear ionaid Chríost ar an saol seo, agus cé a thógfadh air é, a léitheoirí dílse? Is trom cearc i bhfad, a deirtear, ach is troime go mór cuid deacrachtaí na hEaglaise Caitlicí ar na saolta seo.
saorchathair a thug a cuid eochracha do gach uile shaoránach a free city which gave its keys to every citizen
" Ar feadh cúpla uair le linn na hoíche sin, Freistadt ab ea Cathair Chorcaí, saorchathair a thug a cuid eochracha do gach uile shaoránach ionas go bhféadfaidís aithne níos fearr a chur ar an bhfód dúchais.
eochair cainteora keynote speaker
" Níl aon chostas ar thicéad iontrála, níl aon eochair cainteora, níl aon chainteoir ar leith in aon chor, níl halla mór comhdhála do na toscairí ar fad ach tá neart tae agus caife.
sí eochair na réabhlóide the key to the revolution
" Ach ’sí eochair na réabhlóide i ndáiríre ná *YouTube Live*, atá ag tarlú go ciúin cheana féin ach a bheas ina scéal mór millteach an bhliain seo chugainn.
mar eochair dó siúd chun a key factor for him
" Bheadh ardscileanna ár gcáirde anois mar eochair dó siúd chun ‘coiriúlacht na mbónaí mbána a sháinniú’.
Eochair lena tochras a key to wind it