Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
íde-eolaíocht idealogy
" Is ann don fhoréigean aontachtach le sprioc polaitiúil dá gcuid féin a bhaint amach agus an íde-eolaíocht a d'fhoghlaim siad ón uasaicme anuas a chaomhnú - nach féidir muinín a bheith agat i gCaitlicigh.
d'idé-eolaíocht na heite deise right-wing idealogy
" Ceapadh Letizia Moratti mar Aire Oideachais tar éis bhua na heite deise le teacht i gcomharbacht ar Luigi Berlinger agus tá sise ag féachaint le leasuithe a chur i bhfeidhm sa chóras scolaíochta chun go mbeadh rian d'idé-eolaíocht na heite deise le brath níos mó air.
na heolaíochta science
" "Bhí mé i gcónaí ag iarraidh mo shaol a chaitheamh ar bhealach cruthaitheach ach de bharr thoil mo thuismithmeoirí, chuaigh mé i dtreo na heolaíochta.
rannóg dlí-eolaíochta forensic science department
" Ceisteanna ar nós cén fáth gur fhan na Gardaí uair a chloig i ndiaidh phléascadh na mbuamaí sular dhún siad bóthar ar bith agus cén fáth gur cuireadh fianaise thábhachtach maidir leis an bhuamáil chéanna ar ais thar teorainn sula raibh seans ag rannóg dlí-eolaíochta na nGardaí féin í a scrúdú.
idé-eolaíocht ideology
" Is tábhachtaí an idé-eolaíocht ná an dul chun cinn in intinn Paisley.
irisí eolaíochta science magazines
" Thosaigh an Dr Briellmann a fhoghlaim Béarla nuair a bhí sí fiche mar go raibh gá leis le haghaidh irisí eolaíochta.
rinneadh imshaol na litríochta a nimhiú le gás marfach na n-idé-eolaíochtaí the literature environment was poisoned by the deadly gas of ideology
" Gearradh trinsí doimhne cosanta an tráth sin thart ar sheasaimh dhaingne sa ghaineamh, cuireadh buíonta de threallchogaithe a sceimhliú na ndámh léinn is na meán cumarsáide, de réir cuid de na tuairiscí, agus rinneadh imshaol na litríochta a nimhiú le gás marfach na n-idé-eolaíochtaí, dar le daoine áirithe.
idé-eolaíocht ideology
" Is cinnte go dtagann an idé-eolaíocht seo ó fhoinse stuama machnaimh ach, faraor, fágann an ealaín rud beag fuar thú agus tú ag amharc uirthi.
imir na hidé-eolaíochta idealogical tint
" "Tá iarracht déanta agam i gcónaí stair mo theaghlaigh a scaradh ón bhailiúchán, ón ealaín agus ó na healaíontóirí - níor cheart mí-leas a bhaint as an bhailiúchán trí bheith ag féachaint air trí spéaclaí a bhfuil imir na hidé-eolaíochta orthu," a dúirt Flick ag preasócáid le déanaí.
Acadamh Scannán, Ealaíon agus Eolaíochta Academy of Motion Pictures, Arts and Science
" Bhíodh sé ina chathaoirleach ar Bhord Scannán na hÉireann agus tá sé ina bhall den Acadamh Scannán, Ealaíon agus Eolaíochta i gCalifornia go fóill.
hEolaíocht Pholaitiúil Political Science
" Is é Brendan O’Leary, Ollamh Lauder le hEolaíocht Pholaitiúil, agus Stiúrthóir Ionad Solomon Asch do Staidéar na Coimhlinte Eitneapholaitiúla in Ollscoil Pennsylvania, a scríobh an t-alt seo.
ina gcleachtaítear agus ina spréitear an mhór-idé-eolaíocht in which the major ideology is practised and spread
" Bíonn stádas “ciall choiteann” ag na luachanna seo, agus bíonn saol cultúrtha i gceist ina gcleachtaítear agus ina spréitear an mhór-idé-eolaíocht.
idé-eolaíochtaí ideaologies
" Tá sé ar fheabhas an réimse leathan cúlraí agus smaointe agus idé-eolaíochtaí atá againn.
a phríomhdhaingean cumhachta agus idé-eolaíochta his main power and ideological base
" Nuair a leathann a gháire ar Harper, géaraíonn an bainne féin! Is é Alberta in iarthar na tíre a phríomhdhaingean cumhachta agus idé-eolaíochta agus is ann a bhí a cuid fréamhacha ag an Chomhghuallaíocht Cheanadach.
gach a bhaineann le hintleacht agus le heolaíocht. everything to do with the intellect and science.
" Is maith linn daoine dubha chúns atá siad ag rince agus ag casadh popcheoil, ach is le daoine geala gach a bhaineann le hintleacht agus le heolaíocht.
eolaíocht shuimiúil interesting science
"eolaíocht shuimiúil mar bhonn den teicneolaíocht sna gnéithe sin ar fad, creid é nó ná creid.
den iris eolaíochta of the science magazine
" San eagrán is déanaí den iris eolaíochta *Nature* (29 Márta 2007) tá alt ag Roland Wiesendanger agus a chomhghleacaithe mar gheall ar shlí nua chun an maighnéadachas atá ag adaimh faoi leith a dhéanamh amach le micreascóp nua.
go leor rún eolaíochta plenty of scientific secrets
"go leor rún eolaíochta á gceilt ag bosca gleoite bán an iPod! Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel ((www.
ar nós na n-eolaíochtaí. such as the sciences.
" Ní bhíonn gach píosa eolais ar an suíomh 100% cruinn - ach is beag foinse eile atá níos cruinne i réimsí ar nós na n-eolaíochtaí.
idé-eolaíocht ideology
" Léirigh an cinneadh gan acht Gaeilge a chur i bhfeidhm ó thuaidh nach mbeidh ollsmacht ag idé-eolaíocht amháin ar an idé-eolaíocht eile níos mó.
idé-eolaíocht ideology
" “Arís, dealraíonn sé gurb é is tábhachtaí ná an idé-eolaíocht – is cuma faoi na fíricí.
comhdháil de chuid Fondúireacht Eolaíochta Éireann (FEÉ) conference of the Science Foundation of Ireland
" Faoi mar a luadh ag comhdháil de chuid Fondúireacht Eolaíochta Éireann (FEÉ) a bhí ar siúl le déanaí, is cuid den speictream é seo a chabhródh le leithéidí Google comhlachtaí fóin a sheachaint go hiomlán agus iad ag dul sa tóir ar an margadh soghluaiste, agus tá comhlachtaí Meiriceánacha ag teacht anseo chun an teicneolaíocht nua a thriail.
idé-eolaíocht agus praiticiúlacht ideology and practicableness
" Tá stailc na gcúntóirí ranga atá ar siúl faoi láthair ó thuaidh an-suimiúil agus tugann sé léargas glinn dúinn ar na contrárthachtaí taobh istigh de Shinn Féin agus ar an bhearna sin idir idé-eolaíocht agus praiticiúlacht atá fealsaimh pholaitíochta a phlé leis na céadta bliain.
sa bhficsean eolaíochta. in science fiction
" Stiúdghunnaí is ea iad, atá cosúil leis na cinn a d’fhéicfeá sa bhficsean eolaíochta.
leis an idé-eolaíocht úd with that ideology
" Ní hé gurbh iad na Naitsithe a chaith seal sa Tibéid an t-aon teagmháil a bhí ag an Dalaí Láma leis an idé-eolaíocht úd ach an oiread.
idé-eolaíocht ideology
" Stailc an tsalachair Is scannán neamhghéilliúil dorcha é Hunger ina bhfuil saol truamhéileach na bpríosúnach atá ar an ‘Dirty Protest’ mar chúlra do scéal stailc ocrais Bobby Sands (Michael Fassbender) agus a idé-eolaíocht.
Páirc Eolaíochta Science Park
" Táthar ag beartú árasán, Páirc Eolaíochta Thuaisceart Éireann, Coláiste úr Tríú Leibhéal agus Tionscadal Turasóireachta £12 mhilliún agus go leor eile ar an suíomh 185 acra.
eolaíochta science
" Tá an taispeántas Body Worlds le feiceáil go fóill ach cuirtear béim mhór ann ar chúrsaí eolaíochta anois agus maítear anois chomh maith go bhfuil na corpáin á dtaispeáint le cead na mbronntóirí.
réimsí eolaíochta in the realms of science
" **An Teicneolaíocht** Ar tharla an iomarca infheistíochta i réimsí eolaíochta agus teicneolaíochta in Éirinn le deich mbliana anuas? Níor tharla, ach caithfear an bhéim a leagan ar thaobh amháin de.
aigne eolaíochta scientific mind
" Chothódh sé sin an aigne eolaíochta atá de dhíth sa tír.
Eolaíochta science
" Grád: C+ Batt O'Keefe (An tAire Oideachais agus Eolaíochta): Bliain saor ó mhórchonspóid ó tharla gur beag tacaíochta ón phobal a fuair múinteoirí dá mbagairtí stailce i bhfianaise drochstaid na tíre.
Eolaíochta science
" B’fhéidir go bhfuil sé níos tábhachtaí a chinntiú anois, cuir i gcás, go mbeadh cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge mar chuid d’Aireacht eile - An Roinn Oideachais, Eolaíochta agus Gaeltachta b’fhéidir, cé go bhfuil go leor ann a chreideann gur buille tubaisteach eile a bheadh ann cúrsaí na teanga a chur faoi scáth Roinne a meastar nár léirigh ach doicheall don teanga le blianta fada.
heolaíochta of science
" Tá an ní céanna fíor faoi dhomhan na heolaíochta, áit a ndeirtear gur minic a thagann an innuachan is fearr agus is rathúla, ón ní fánach agus corr.
Eolaíochta Science
" Fad is atá sé ag fáil 116,000 punt in aghaidh na bliana mar bhall de bhord GlaxoSmithKline, tá Roy Anderson ar thascfhórsa SAGE (Grúpa Comhairleach Eolaíochta um Éigeandála) atá ag comhairliú rialtas na Breataine i dtaobh ulpóg na muc.
Eolaíochta science
" * cúraimí Gaeilge a aistriú chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
cruthú eolaíochta scientific proof
" An é gur chuidigh an canadh gutaí le sruthanna fhuinnimh na chakraí a chneasú? Níl a fhios agam óir is leigheas seachas cruthú eolaíochta a bhí á lorg agam agus má bhí orm ÁÁÁ agus ÚÚÚ a chanadh ar feadh tréimhse áirithe gach maidin leis an leigheas a fháil, bhíos níos mó ná sásta sin a dhéanamh.
heolaíochta of science
" Níl lucht na heolaíochta chomh dúnárasach ná chomh dígeanta in aghaidh teoiricí na ‘hidéalaíochta’ is a bhíodh, mar gheall go díreach, ar a bhfuil foghlamtha acu le glúin anuas, agus go deimhin, le blianta gairide anuas.
Ní eolaíocht diúracáin is not rocket science
" Ní eolaíocht diúracáin atá ann.
eolaíochta of science
" An sprioc réalaíoch é sin? In eagrán an Mhárta 2008 den iris eolaíochta ‘Science et Vie’, caitear amhras ar an gcumas atá ag an gcumhacht gaoithe (nó gréine) ionad na cumhachta eithní nó ionad cumhacht ó bhreoslaí iontaise a thógáil.
eolaíochta scientific
" Hippí na heolaíochta agus an Tonnrith D'fhreastlaíos ar léacht a thug seana-hippí as California, Bruce Damer, amach in eireaball mhí Dheireadh Fómhair in ionad taighde SmartLab i Londain.
eolaíocht science
" Is é fás na hardteicneolaíochta an t-athrú is mó a tháinig ar an tsaol le fiche bliain.
Foras Náisiúnta um Eolaíocht NIS
" De réir an Foras Náisiúnta um Eolaíocht sna Stáit Aontaithe, tá a oiread taighdeoirí ag obair sa tSín is atá sna Stáit nó san Aontas Eorpach.
na eolaíochta scientific
" Ta gaol casta idir teanga, ciall agus machnamh, ach tá fianaise ann go bhfuil nós mhodh na eolaíochta, an cleachtas a bheith ag smaoineamh i dtéarmaí adamhacha agus réadacha, dlúthceangailte le claonadh scoilteach sa Bhéarla.
blas an fhicsean eolaíochta a touch of science fiction
"blas an fhicsean eolaíochta ar sin ach is iadsan na daoine a thaifeadann cláracha teilifíse ar a mbosca digiteacha agus a bhreathnaíonn air níos déanaí.
thuras eolaíochta a scientific journey
" Bhí sé i gceannas ar thuras taiscéalaíochta i 2007 a chuaigh go grinneall na farraige dhá mhíle faoin Mol Thuaidh, agus cé go maíonn Chilingarov gur thuras eolaíochta ab ea é, léiríonn an bhratach Rúiseach a chuir sé ann go raibh níos mó ná an eolaíocht amháin ar a intinn aige.
eolaíochta scientific
" Rinneadh cuid mhór taighde eolaíochta ag na feirmeacha seo freisin a chuidigh go mór le cothú na gcrogall.
heolaíochta science
" Níorbh é a chéad uair thiar ansin, mar chaith sé seal in Ollscoil Princeton cheana féin, faoi stiúir John von Neumann - duine de na matamaiticeoirí is mó san fhichiú haois a d'fhág a rian ar shaol na heolaíochta agus ríomhaireachta.
cleasanna beaga eolaíochta little science tricks
" ie? Don tuismistheoir nach féidir leo tabhairt faoi na siopaí ar chor ar bith, tá catagóir líonmhar stocaí acu fiú amháin le hainmhithe beaga, cniotálaí francaise, ábhar ealaíne, liathróidí lonracha, téada scipeála agus cleasanna beaga eolaíochta.
heolaíochtaí sciences
" Ainmníodh Astrálach na Bliana don chéad uair tuairim is caoga bliain ó shin “le haitheantas cuí a thabhairt do shaoránach Astrálach mór le rá, a raibh saothar mór déanta aige/aici i saíocht, i ngeilleagar, sna heolaíochtaí nó sa sruithléann”, de réir na slat tomhais a cuireadh i bhfeidhm ag an am sin.
saol na heolaíochta the world of science
" Is ag cur lenár dtuiscint ar oibriú na hinchinne atá saol na heolaíochta.
na heolaíochta of science
" Is iomaí uair in imeacht na mblianta a maíodh nach dteipfeadh ar chóras áirithe i réim amháin nó eile de shaol na heolaíochta, cúrsaí airgeadais, i dtaca le sláinte poiblí srl.
i réimsí na heolaíochta in areas of science
" Cloistear urlabhraithe na gcomhlachtaí céanna ag gearán go minic anois nach bhfuil a dhóthain daoine leis an gcaighdeán oideachais a theastaíonn, ag tíocht amach as na coláistí tríú leibhéal in Éirinn chun na postanna a chruthaítear i réimsí na heolaíochta is na teicneolaíochta a líonadh.
eolaíocht science
" Deir Luke Syson, coimeádaí Dánlann Náisiúnta Londan, gur le linn na tréimhse seo a d’fhorbair da Vinci an nasc idir an eolaíocht agus an phéintéireacht agus gur chreid sé ‘gurb í an tsúil agus an rud a chonaic tú an tslí is cumhachtaí leis an saol a bhrath agus gur chuidigh sé seo le cur síos a dhéanamh ar achan rud a bhí infheicthe chomh maith leis an rud inmheánach dofheicthe sa phéintéireacht.
threoir idé-eolaíochta an ideological guide
" Tá fealsúnacht nua náisiúnta de dhíth orainn, a d´fhéadfadh a bheith mar threoir idé-eolaíochta don Éire Nua, a chaithfear a thógáil sa bhfolús atá fágtha tar éis cliseadh an Méféineachais, a tháinig chun cinn le linn réimeas Ahern/Harney/Mc Creevey.
hEolaíochtaí um Shláinte Imshaoil a healthy environment sciences
" Ollamh le Corpeolaíocht, le Tíreolaíocht agus le hEolaíochtaí um Shláinte Imshaoil is ea é.
ficsean eolaíochta science fiction
" Faoin am a léifeas tú an t-alt seo b’fhéidir go mbeidh an scannán ficsean eolaíochta is nuaí feicthe agat.
Eolaíocht Comhshaoil environmental science
" Tá lasracha na loiscneoirí mar mheafar ar an fhearg agus brón a mhothaíonn sí go domhain inti féin agus tugann an feachtas, agus na mná atá bainteach leis, an mhuinín di dul ar ais chuig an oideachas, cor ina saol a spreagann go mór í agus a chuireann tús le saol úr san Eolaíocht Comhshaoil.
ficsean eolaíochta science fiction
" Go háirithe na leabhair ficsean eolaíochta sin - a thiarcais, nach iad atá mór! Is fiú freisin an feidmhchláirín *iOS*, go háirithe má bhíonn tú ag campáil mar beidh tú in ann léamh, ar neamhcead don dorchadas fiú amháin.
eolaíochta science
" Bhí mic léinn, iarchéimithe agus ollúna ann ag roinnt a gcuid saineolais ar leith teicneolaíochta, innealtóireacht leictreonach agus eolaíochta.
Creidimid in idé-eolaíochtaí siúd we believe their ideologies
" Ar chuma fhimíneach éigin, géillimid go poiblí don idé-eolaíocht toisc go gcreideann daoine eile inti! An paradacsa? Creidimid in idé-eolaíochtaí siúd is nach gcreidimid iontu in aon chor! Sampla neafaiseach den rud atá i gceist agam? Creid é nó ná creid— agus ní mór duit an dá rud a dhéanamh sa chás seo —Daidí na Nollag! Cur ceist ar an aos óg an gcreideann siad i nDaidí na Nollag, arsa Žižek.
i réimse na heolaíochta in the area of science
" Ó tharla go bhfuil rath ar an tionscadal, tá suim ag lucht oideachais tuilleadh fiosrúchán a dhéanamh faoin mbealach go bhféadfadh scoileanna na tíre leas a bhaint as Coderdojo mar áis teagaisc i réimse na heolaíochta agus matamaitice.
ficsean eolaíochta sci fi
" Is mór agam, mar is eol daoibh, an ficsean eolaíochta ach is breá liom scánnáin aicsean leis, go háirithe sa phictiúrlann ar an scáileán mór.
sna heolaíochtaí cognaíocha in cognitive sciences
" Is é seo rabhadh an údair thuas, Nicholas Carr, rabhadh atá bunaithe ar an taighde is úire sna heolaíochtaí cognaíocha.
i réimse na heolaíochta in the realms of science
" Tig linn an nath áirithe seo a shamhlú leis an rud a dtugann Thomas Kuhn ‘athrú múnla’ air i réimse na heolaíochta .
cúrsaí eolaíochta science
" **CB: Eachtraigh dom beagáinín fé do thréimhse san ollscoil?** DÓC: Bhí ana-lé agam le cúrsaí eolaíochta sa mheánscoil agus dheineas Ceimic Thionsclaíoch in Ollscoil Luimnigh ar feadh ceithre mbliana ach níor éirigh liom an chéim a bhaint amach.
Eolaíochtaí Aiceanta natural science
" I ndiaidh i an chéim a ghnóthú - Eolaíochtaí Aiceanta (Réaltfhisic) - bhí cumha ar Úna i ndiaidh na hÉireann agus i ndiaidh a cairde agus bhí sí ag iarraidh theacht chun an bhaile.
zó-eolaíocht agus sa mhata zoology and maths
" Ómós Áite ==== Thosaigh sé amach mar mhúinteoir meánscoile go luath sna 1980í, tar éis dó céim sa zó-eolaíocht agus sa mhata a bhaint amach san ollscoil i nGaillimh.
i dtaca le forás na heolaíochta in regard to the development of science
" Caithfear a rá, áfach, go ndearna an dá thír sin infheistíocht ollmhór i ngnóthaí oideachais, taighde, nuálaíochta agus i dteicneolaíocht in imeacht na mblianta agus go raibh siad ar thús cadhnaíochta i dtaca le forás na heolaíochta agus na teicneolaíochta dá bharr.
Eolaíocht Mar Dhea science, as if
" Eolaíocht Mar Dhea ========= Chuir rialtas na Seapáine tús le clár eolaíoch ar an míol mór an bhliain dár gcionn.
daonlathas, an eolaíocht, ealaín, ailtireacht democracy, science and architecture
" Tá sibhialtacht an iarthair go mór faoi chomaoin ag cultúr na Gréige ar an ábhar gur uaidh a tháinig daonlathas, an eolaíocht, ealaín, ailtireacht chomh maith leis na Cluichí Oilimpeacha.
lucht na heolaíochta the science community
" Ach anois, mar a mhíníonn Robert McMillen, tá siad ag tabhairt faoi naimhde úra – an pobal aerach, lucht na heolaíochta agus lucht labhartha na Gaeilge ina measc.
lucht eolaíochta scientists
" Tá le rá ag Bearnaí Ó Doibhlin go bhfuil lucht eolaíochta buartha faoi lusra Oileáin Mhic Guaire laisteas den Tasmáin.
eolaíochta scientific
" Rithim, mar a chéile, a bhraitheann Bruce Damer atá i gcroílár taighde eolaíochta ar bhunábhar an domhain.
eolaíocht science
" Is é is spéis le Ciarán Mac Aonghusa faoi láthair, eolaíocht agus rúndiamhaire an leanbáin, an duine úr inár measc agus an dóigh a rachaidh an saol i bhfeidhm air ón chéad tarraingt anála.
shaol na heolaíochta the world of science
" Tá go leor le foghlaim i gcúrsaí spóirt ó shaol na heolaíochta.
na heolaíochta scientific, of science
" Taispeántas d’ealaín na heolaíochta i mBaile Átha Cliath a tharraing aird Chiara Nic Gabhann.
bhficsean na heolaíochta science fiction
" Chuir Roseanne Smith spéis i bhficsean na heolaíochta atá agus a bhíodh le feiceáil againn ar na scáileáin thart timpeall orainn agus sinn ag fás aníos.