Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mé a fhágáil ina cheann leave me in charge
" Dá stróicfeadh sé leis agus mé a fhágáil ina cheann dhéanfainn féin gnaithe breá.
Tá mé ar tí an saol a fhágáil ag seo uilig I've just had enough
" "Tá mé ar tí an saol a fhágáil ag seo uilig," arsa Jemma léi.
gur theastaigh uaidh an scoil a fhágáil that he wanted to leave school
" " Nuair a chuir Pádraig in iúl dá thuismitheoirí tar éis na Meánteiste gur theastaigh uaidh an scoil a fhágáil chun bheith ina phluiméir, níor chuir siad i gcoinne an smaoinimh sin.
ag fágáil na coire sin orm attributing that crime to me
" "Nach bhfuil tusa ar fad ag fágáil na coire sin orm.
ag fágáil an fhoréigin ina ndiaidh leaving violence behind
" Má bhí an béarlagair chomh casta le *spaghetti*, béile blasta a bhí ann do na daoine a chreideann go bhfuil an IRA ag fágáil an fhoréigin ina ndiaidh.
ar mhian leo an eagraíocht a fhágáil who wanted to leave the organization
" Bhí géarchéim airgid in RTÉ ag an am agus bhí siad ag tairiscint iomaíochta do dhaoine ar mhian leo an eagraíocht a fhágáil.
ag fágáil fianaise bhréagach planting false evidence
" Fosta, bheadh sé deacair súil a choinneáil orthu; mar shampla, dá rachadh duine acu chuig an leithreas, thiocfadh leis a bheith ag amharc ar rudaí príobháideacha nó a bheith ag fágáil fianaise bhréagach i do theach,” dúirt sé liom.
rinne mé cinneadh fágáil I made a decision to leave
" “Ach, mar gheall ar go n-éirímse tuirseach de rudaí tar éis ceithre bliana – sin an sórt *cycle* a bhíonn agam – rinne mé cinneadh fágáil.
ag fágáil na mór-roinne is ansa liom, leaving the continent I like the most,
" Love, fiú! Bhí lionn dubh ar mo chroí agus mé ag imeacht as an Maláiv, ní hamháin mar go raibh mé ag fágáil na mór-roinne is ansa liom, ach toisc go raibh mé ag fágáil cairde a bhí mar a bheadh teaghlach agam, agus ag fágáil tíre a bhí tar éis greim docht a fháil ar mo chroí.
trí theachtaireachtaí a fhágáil ar shuímh a chéile. by leaving messages on each other's site.
" Déanann siad teagmháil lena gcairde, trí theachtaireachtaí a fhágáil ar shuímh a chéile.
ag fágáil mhór-roinn iontach na hAfraice, leaving the wonderful continent of Africa,
" Is cinnte go raibh lionn dubh ar mo chroí agus mé ag fágáil mhór-roinn iontach na hAfraice, ag eitilt ó Johannesburg go Perth, ach ag an am céanna bhí mé ar bís leis an mór-roinn nua seo a bhí ag feitheamh orm a fheiceáil.
ar tí fágáil, about to leave,
" ” Agus mé ar tí fágáil, thaispeáin Tadhg an tionscadal atá idir lámha anois aige dom, leabhar nua do dhaoine fásta, ar an dul céanna le saothar eile dá chuid, *Gugalaí Gug*, a foilsíodh do pháistí.
dhóigh na mná na fógraí fágála. the women burnt the notices to quit.
" Sa bhliain 1843, rinne sé iarracht tionóntaí Ghleann Cailbhidh a chaitheamh amach, ach dhóigh na mná na fógraí fágála.
a lorg a fhágáil to leave his mark
" ” Canann sé amhrán; canann Bríde chomh maith; deir Herward, dlúthchara Ger, sliocht as an *Book of Invasions* – tuigim anois crógacht Ger – é i gcónaí ag iarraidh a lorg a fhágáil ar an domhan trí mheán na healaíne, trí fhilíocht, ceol nó snoíodóireacht.
is cóir na hiománaithe a fhágáil i mbun iománaíochta. the hurlers should be left to hurl.
" Peileadóirí a theastaíonn ó fhoireann Átha Cliath agus is cóir na hiománaithe a fhágáil i mbun iománaíochta.
ag fágáil na hIaráice leaving Iraq
" Níorbh fhada Gordon Brown i gceannas na Breataine gur tháinig sé go Meiriceá leis an teachtaireacht go mbeadh trúpaí a thíresean ag fágáil na hIaráice gan mhoill.
agus na súmairí á fhágáil, and the scroungers are leaving him,
" Sea, tá an t-othar beagnach marbh, agus na súmairí á fhágáil, de cheal fuil úr le hól.
goirt a fhágáil bán leaving fields fallow
" Baineann an nós seo le cosaint an dúlra agus an talaimh – goirt a fhágáil bán ar feadh bliana le meas a léiriú orthu, cuir i gcás.
agus é a fhágáil faoi scamall and leave it under a cloud
" An bhfuil an rud céanna i ndán do Bertie Ahern tar éis dó an cineál céanna ráitis a dhéanamh? Dealraíonn sé anois go mbeidh ar Ahern éirí as a phost agus é a fhágáil faoi scamall – deireadh brónach le gairm amhra.
ag fágáil an fhoréigin ina ndiaidh. leaving violence behind them.
" Mar sin, is léir go bhfuil fadhbanna ag na grúpaí dílseacha seo ag teacht isteach sa 21ú haois agus ag fágáil an fhoréigin ina ndiaidh.
ag fágáil na bunscoile idirchreidmhí leaving the inter-denominational primary school
" Bhí páistí ag fágáil na bunscoile idirchreidmhí Emmaus, atá béal dorais don teach tábhairne, agus mé ansin.
ag fágáil na meánscoile leaving secondary school
" “*Come on* – tá 24 faoin gcéad de na páistí scoile ag fágáil na meánscoile agus iad neamhliteartha ó thaobh *an Bhéarla* de, gan trácht ar an nGaeilge.
mo rian féin a fhágáil orthu, to leave my own mark on them
" B’éigean dom mo rian féin a fhágáil orthu, go pointe, agus meadaracht a bhaint amach sa Bhéarla a bheadh taitneamh don léitheoir.
corr-rud a fhágáil ar lár. to leave the odd thing out.
" Rudaí nach raibh tada náireach ag baint leo ach bhí orm corr-rud a fhágáil ar lár.
go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa. that they want to leave their own mark on this type of dancing
" Cor eile atá tugtha faoi deara agam ná go bhfuil an t-aos óg ag briseadh amach agus go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa.
á fágáil ar lár. being left out.
" Tá siad giota maith níos fearr ná na daoine fásta atá thart orthu! Ach an rud atá ag titim amach ná go bhfuil glúin eile ann atá á fágáil ar lár.
ag fágáil na scoile leaving the school
" An dtabharfar vóta amach anseo dóibh ar ábhair Ardteiste, ar cheapadh múinteoirí, ar obair bhaile nó ar leathlá ar an Aoine fiú? Bhí daoine eile den tuairim gur ábhar iontais é go mbeadh vóta ag daltaí a bheadh ag fágáil na scoile faoi cheann cúpla mí ach gur chuma faoi thuairim na ndaltaí a bheadh ag teacht isteach ann.
mo rian féin a fhágáil air to leave my own mark on it
" ” Bhí sé ródheacair mo rian féin a fhágáil air – bhí modh seinnte agus amhránaíochta ag Simone a bhí chomh cliste, oilte, snoite agus snasta go mbeadh sé deacair ar dhuine aon ní nua a chur leis an amhrán.
ar son Giobráltar a fhágáil faoi smacht na Breataine. in favour of leaving Gibraltar under British control
" Sa bhliain 1967, reáchtáladh reifreann inar chaith níos mó ná 95 faoin gcéad de dhaonra na háite vóta ar son Giobráltar a fhágáil faoi smacht na Breataine.
a chaithfear a fhágáil ar leataobh that have to be left aside
" Dúirt an Cigire Sinsearach Pleanála Kevin Moore go bhfuil fasaigh shoiléire leagtha síos ag an Bhord i gcásanna faoin chéatadán tithe a chaithfear a fhágáil ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
nár éirigh leo an mullach a fhágáil who didn't manage to leave the summit
" Cuireadh na créatúir nár éirigh leo an mullach a fhágáil agus an teagascóir ag búir "*snowplow! snowplot*!" i ngrúpa na *losers*.
ach chinn Donal ar an ghrúpa a fhágáil. but Donal decided to leave the group
" Rinne Planxty dhá albam eile a thaifeadadh i 1973 agus 1974 ach chinn Donal ar an ghrúpa a fhágáil.
barraí gan bhaint a fhágáil i gcúinne amháin de pháirceanna to leave uncut crops in one corner of fields
" Nós ársa in Éirinn ab ea é, aimsir an fhómhair, barraí gan bhaint a fhágáil i gcúinne amháin de pháirceanna ionas go mbeadh áit éigin ag an ngiorra le héalú chuici.
slán a fhágáil leo to bid them adieu
" Bhí áthas ar mhuintir na Somáile slán a fhágáil leo mar rinne an ‘cúnamh’ bia an-dochar do na feirmeoirí áitiúla, murab ionann agus na corparáidí agra-ghnó ar íoc cáiníocóirí Mheiriceá as a gcuid barr feirme.
slán a fhágáil to leave
" Mhínigh Anna dom le déanaí an dúspéis atá aici i gcultúr is i dteanga dhúchais na hÉireann, agus an chúis atá aici le slán a fhágáil againn in ainneoin a bhfuil bainte amach aici in Éirinn.
slán a fhágáil to say goodbye
" Ar an 19 Meán Fómhair 1796, foilsíodh “aitheasc chun slán a fhágáil” de chuid Washington, inar thug sé rabhadh maidir le “taobhú paiseanta” do thír ar bith eile.
chun slán a fhágáil leis to say goodbye
" D’fhág an bheirt acu litir ina ndiaidh chun slán a fhágáil leis an saol, ach níor mhínigh ceachtar acu fáth ar bith leis an ár a bhí beartaithe acu.
nár chóir a fhágáil one shouldn’t leave
" Dá mbeinn ag áiteamh ar son an teicneolaíocht a úsáid ar saoire, cé na deiseanna teicneolaíochta nár chóir a fhágáil i do dhiaidh sa bhaile? Ach roimh imeacht as an teach fiú amháin, is dócha ceann de na hathruithe is mó atá ann ná an méid réamheolais is féidir linn a bhailiú ónár dtolg féin.
a mbaile féin a fhágáil to leave their own home
" Níl rogha acu ach a mbaile féin a fhágáil agus éalú chuig tír eile.
tar éis slán a fhágáil ag a dtír dhúchais have said goodbye to their native land
" In ainneoin an chúlaithe dhomhanda, tá geilleagar na Polainne níos fearr as ná mar atá formhór na mballstát AE eile agus ó chuaigh an Pholainn isteach sa AE i 2004 tá na céadta míle Polannach tar éis slán a fhágáil ag a dtír dhúchais.
a fhágáil ar lár not to build it
" Is ar éigin a fuair sé a chead – thug an lucht pleanála air an póirse beag a bheadh ag doras na sráide a fhágáil ar lár agus fuair sé an cead ar choinníoll go rachadh sé féin agus a bhean chun cónaithe sa teach.
fhágáil mar chuid ded uacht to leave as part of your will
" Mar sin ní féidir bailiúcháin cheoil is ar uile a fhágáil mar chuid ded uacht, cé gur íoc tú as, ní hamháin le hairgead, ach le cúram go dtí sin.
chun tír dhúchais a fhágáil to leave one’s native soil
" Más luachmhar linn an éagsúlacht agus an ceart daonna chun tír dhúchais a fhágáil, ní chuirimid i gcoinne na himirce.
Ar tí an oifig a fhágáil about to leave the office
" Ar tí an oifig a fhágáil a bhí mé nuair a bhuail an fón.
an blár a fhágáil to leave the field
" B’éigean dó an blár a fhágáil i rith an chluiche sin agus cuma air go raibh comhtholgadh ag cur as dó ach tháinig sé ar ais agus cóir leighis curtha air amhail is go raibh sé á rá: “níl mise réidh fós; ní ligfidh mé síos an fhoireann”.
ar fágáil na meánscolaíochta leaving secondary schooling
" 7% de na daoine le cumas sa Ghaeilge ar fágáil na meánscolaíochta, in ann a rá go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil sa ghnáthshaol! Mholfainn an €1.
cad chuige nár smaoinigh mé riamh ar an áit a fhágáil why I never thought of leaving it
" Ach in áit fuath a bheith agam ar an stáitín ina bhfuil mé i mo chónaí, thuig mé níos fearr cad chuige nár smaoinigh mé riamh ar an áit a fhágáil.
nuair a diúltaíodh cead di an tír a fhágáil when she was refused permission to leave the country
" Níl aon amhras faoi ach gur deineadh éagoir uafásach ar an gcailín óg sin, a bhí ag iompar linbh tar éis a bheith éignithe, nuair a diúltaíodh cead di an tír a fhágáil leis an ngin ina broinn a mhilleadh.
fhágáil faoi sceach inniu not deal with it now
" Ach b'fhearr liom féin an dá rud a fhágáil faoi sceach inniu, idir fhigiúirí agus chéadchodáin.
tromualach na hoibre a fhágáil to leave the brunt of the work
" Tá súil agam nach dtarlóidh sé arís, nó má tharlaíonn, go mbeidh an t-airgead agam tromualach na hoibre a fhágáil ag duine éigin eile.
Ag fágáil na leabharlainne leaving the library
" ) Ag fágáil na leabharlainne dom bhí fonn an amhráin agus tuilleadh de na focla ag éirí i mo cheann: 'S níl duine dá gcuala mo scéal an uair sin nár shíl gur thrua bhocht é an Caisideach Bán'.
slán a fhágáil to say goodbye
" Tá dhá leibhéal sa scannán seo: ríomhann an scannán scéal beirt bhan óga agus iad idir dhá thine Bhealtaine: bealach na himirce a roghnú agus slán a fhágáil lena dtír dhúchais dála na mílte eile sa lá atá inniu ann ar mhaithe le saol eile a d’fhéadfadh a bheith níos fearr? Ar leibhéal eile, leibhéal a bhfuil uilíochas níos mó ag roinnt leis, baineann an scéal seo leo siúd a sheasann an fód i gcoinne an mhaorlathais agus iad siúd a bhfuil an t-údarás gan réasún acu.
gan an gréasán a fhágáil without leaving the web
" Ligfidh an cnaipe seo don úsáideoir gligeáil agus ceannach gan an gréasán a fhágáil.
deacair an áit a fhágáil inár ndiaidh hard to leave the place
" Bhí miongháire fáilteach ar gach duine thart timpeall orm agus mar sin, bhí sé deacair an áit a fhágáil inár ndiaidh nuair a tháinig an lá deiridh sin.
beidh an dream atá ar tí an scoil a fhágáil the group who are about to leave school
" Agus Ardteist na bliana seo beagnach buailte linn, beidh an dream atá ar tí an scoil a fhágáil ciaptha leis an imní.
a gcuid carranna a fhágáil sa chabhsa to leave their cars in the driveway
" Ach fós féin, dar le Brian Ó Broin, níl na Meiriceánaigh sásta – nó in ann – a gcuid carranna a fhágáil sa chabhsa.