Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fágtha ar lár left out
" Sa tuarascáil eacnamúil a thug an "solas glas" don mhonarcha nua bhí rud beag amháin fágtha ar lár: an costas tógála.
iarlais fágtha a right changeling
" Níor seo an rúplach mná a raibh aithne ag Aifric uirthi ach iarlais fágtha.
anbhann, fágtha feeble, weak
" Mheas sí go raibh cuma cinéal anbhann, fágtha air go dtí an lá inniu.
fágtha ar lár left out
" (Nó ba cheart go mbeadh!) Má tá aon cheann acu fágtha ar lár, nó rófhada chun tosaigh, beidh locht agam uirthi.
fágtha gan chosaint left without protection
" Cad é a thiocfadh le hiarbhaill an IRA a dhéanamh? Má eagraíonn siad a bpobal féin le cur in éadan na nOráisteach, cad é na himpleachtaí a bheas ansin do phróiseas úr na síochána? Tá imní ar chuid mhór daoine atá ina gcónaí gar do “líne na síochána” go mbeidh siad fágtha gan chosaint.
roinntí an méid a bhíodh fágtha the amount left would be divided
" ” An rud a tharlaíodh ná nuair a bhíodh an buiséad go léir a bhain le cúrsaí riaracháin caite, roinntí an méid a bhíodh fágtha idir cúrsaí teanga agus cúrsaí forbartha pobail.
mo shá spionnaidh fágtha ionam enough vigour left in me
" Ní dóigh liom go bhfuil dóthain ama agam ná mo shá spionnaidh fágtha ionam timpeall de cheithre chiliméadar a chur orm i mbrothall an lae.
fágtha amuigh sa bhfásach left out in the desert
" Ní raibh rian de Chill Chainnigh, Corcaigh ná Tiobraid Árann le feiceáil agus d’fhéadfá a rá gur fágtha amuigh sa bhfásach a bhíodar sa tréimhse sin.
tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar after the pieces of art were left in an old attic
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
fágtha ar lár left out
" Locht amháin a gheobhainn air, áfach, ná na rudaí atá fágtha ar lár – idir dhaoine agus ábhair.
an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne the bad condition in which the Irish language movement has been left
" ***Fógraíocht trí Ghaeilge: an cosc atá curtha uirthi ag an fheidhmeannas ó thuaidh:*** Le linn ghéarchéim *Lá Nua*, tugadh le fios dúinn an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge.
Níl puinn den gceol fágtha liom. None of the music has stayed with me.
tá sí fágtha gan bhaint lena raibh inti. it is left in tact, uncut
" Dúirt Ó Cadhain gur cúinne an ghiorria í an Ghaeltacht, is é sin, go bhfuil sí slán faoi láthair ón spealadóir; tá sí fágtha gan bhaint lena raibh inti.
gan a bheith fágtha ar an trá fholamh not to be left destitute or high and dry
" Cá raibh Biffo le linn do na linnte a bheith ag líonadh? Bhí sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, mar a dhéanfadh gobadán maith: ag coinneáil a chloigeann os cionn uisce agus ag déanamh a dhíchill gan a bheith fágtha ar an trá fholamh.
fágtha ar lár left out
" Bhuel, más fíor do Orwell, is bréagadóirí den chéad scoth iad na meáin idirnáisiúnta, mar bhí go leor eolais fágtha ar lár acu ina gcuid tuairiscí faoin gcogadh a bhí ar siúl sa tSeoirsia i mí Lúnasa seo a chuaigh thart.
ach mí fágtha just a month left
" Níl ach mí fágtha go mbeidh na toghcháin áitiúla ar siúl in Éirinn le comhaltaí a roghnú do na comhairlí contae, comhairlí cathrach agus do na comhairlí baile.
fágtha left
" Níl pingin rua fágtha ag duine ar bith, agus is beag sin i gcomparáid leis na scéalta uafáis atá ag teacht chun solais lá i ndiaidh lae.
Fágtha Bocht Dealbh left with nothing
" Fágtha Bocht Dealbh ======== An Luan dar gcion, bheartaigh mé go dtabharfainn faoin scéal.
fágtha in áit na leithphingne left with the crumbs
" ” Agus tá an dearcadh sin láidir i measc dreamanna éagsúla ó thuaidh, go bhfuil an mheánaicme ag baint tairbhe as an Stormont úr agus go bhfuil an aicme oibre fágtha in áit na leithphingne.
nach bhfuil d’oidhreacht fágtha aici has only left in its wake
" I mbunú an pháirtí úrnua seo, tá cinneadh críochnúil déanta againn scaradh go deo le seanpháirtí na teipe; nach bhfuil d’oidhreacht fágtha aici ach an tubaiste agus an feall.
dá bhfuil fágtha all that’s left
" B’éigean do Bhalor bocht dul ar líne chun dealbh den dia Rómhánach Janus (fuaim: dhea anus) a cheannach mar bhronntanas dá bhfuil fágtha den Chomhaontas Glas.
seachtain fágtha a week left
" Gan ach seachtain fágtha sa dara tréimhse mar uachtarán aige agus mé i mbun méarchláir, tá sé deacair smaoineamh ar pholaiteoir eile a bhfuil oiread measa ag a phobal air agus Luíz Inácio da Silva –nó Lula mar is fearr aithne air.
fágtha left
" Tréigfear an feachtas diaidh ar ndiaidh, go dtí nach mbeidh ach croílár na buíne fágtha, agus an t-ualach oibre go léir ag titim orthu.
fágtha ina ndiaidh left behind
" Tá Rí an Domhain Thiar agus Banríon an Domhain Thoir ar shiúl chun an bhaile, agus a gcúpla focal Gaeilge fágtha ina ndiaidh acu.
fágtha ar an ngannchuid left in want
" Ba mhinic Neal óg fágtha ar an ngannchuid agus é ag cur faoi ar an tsráid in éineacht lena athair.
atá fágtha ar an bhallán chúil left with the crumbs
" Is iad drong an airgid mhóir, an CAI, agus an Banc Ceannais Eorpach, na fíormháistrí agus níl sa chóras daonlathais agus sna pobail a thoghann teachtaí chuige i ndáiríre ach na bómáin atá fágtha ar an bhallán chúil.
ach foirgneamh amháin fágtha ar an tsráid just one building left on the street
" Shocraigh muid ar leac chuimhneacháin ach ní raibh ach foirgneamh amháin fágtha ar an tsráid: teach tábhairne The Globe agus ar ndóigh bhí cáil ar Jim Larkin mar dhuine a bhí go hiomlán in aghaidh na dí.
fágtha thiar ag an dream óg le coinneáil ag imeacht something left behind for the next generation
" Má chuirfimid le chéilí, tiocfaidh rud éicint as ar deireadh agus go mbeadh rud éicint fágtha thiar ag an dream óg le coinneáil ag imeacht.
Ceisteanna sábháilteachta fágtha de leataobh leaving matters of security aside
" Ceisteanna sábháilteachta fágtha de leataobh, tá ceist eitice fite fuaite le turasóireacht i gceantair bhochta.
fágtha i réim an rialtais left in government
" Ní raibh ach cúpla mí fágtha i réim an rialtais nuair a léirigh na pobalbhreitheanna i mí an Mheithimh i mbliana go raibh díothú uafásach i ndán dó san olltoghchán.
nach bhfuil aon rian den Ghaeilge fágtha which have no trace of Irish left
" Tóg Acht na Gaeltachta 2012, mar shampla, faoinar bronnadh stádas Gaeltachta ad infinitum ar cheantair nach bhfuil aon rian den Ghaeilge fágtha iontu, arbh fhiú trácht air.
gan rud ar bith fágtha acu ach left with nothing other than
" Ar an Imeall ====== Daoine ar an imeall atá le feiceáil sa taispeántas seo, gan rud ar bith fágtha acu ach a ndaonnacht agus instinn chun maireachtála.
Fágtha ar an mBlár Folamh completely deserted
" Fágtha ar an mBlár Folamh ===== Ar Oíche Shamhna, d’eisigh Príomh-Fheidhmeannach na bPoilíní in Toronto, Bill Blair, ráiteas ina ndúirt sé go bhfaca sé físeán, agus gur léir go raibh an Méara le feiceáil ann.
atá fágtha feidhmiúil which are effective
" Caithfear cinntiú go bhfuil na cinn atá fágtha feidhmiúil, oirbheartach agus ag fáil torthaí.
mórán teacht aniar fágtha much capacity for recovery
" Ní bheidh mórán teacht aniar fágtha i ndaoine má leanann an ghaoth aduaidh gan staonadh.
bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach the immigrants’ culture has left a mark
" An bhfuil an baol ann go bhfuil an tuar ag teacht fán tairngreacht i dtaobh an steiréitíopa náisiúnta, ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan? Cumas Teanga sa Mheá ========== Eascraíonn an cheist ar ndóigh faoi cad is brí le bheith id’ Éireannach sa lá atá inniu ann? An bhfuil an té a ghlac páirt i Lá Mór na Gaeilge an mhí seo caite chun cearta a éileamh do chainteoirí Gaeilge a dhath níos Éireannaí ná deisceabail Ross O Carroll Kelly a bheas ag tarraingt ar Staid Aviva ar Lá 'le Pádraig le tacaíocht a thabhairt do Choláiste na Carraige Duibhe nó do Chlongowes Wood i gcluiche ceannais rugbaí scoileanna Chúige Laighean? Ar cheart idirdhealú a dhéanamh feasta idir an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach? Ní thig a shéanadh ach an oiread go bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach a tháinig chun na tíre seo le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh ar an aitheantas dúchasach fosta.
a rian fágtha ag an oileáinín iathghlas the wee emerald isle has left its mark
" Ní thig a shéanadh go bhfuil a rian fágtha ag an oileáinín iathghlas ar an saol mór.
fágtha in áit na leathphingine left in the doldrums
" Mar sin, beidh Éire fágtha in áit na leathphingine ó thaobh turasóireacht leanúnach de, leis an rialtas ag caitheamh airgid ar thograí mar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Lorg an Duine Fágtha go Fada Leitheadach humans have left their mark far and wide
" Lorg an Duine Fágtha go Fada Leitheadach ================== Amharctar ar an domhain sa lá inniu mar ‘shráidbhaile’ – is féidir dul óna bhun go dtí a bharr measartha gasta agus níl le déanamh ach cúpla cnaipe a bhrú chun dul i dteagmháil le duine ar an taobh eile de.
bhí beirt fágtha two people were left
" ” An Iomaíocht ===== Thosaigh an comórtas seo le níos mó ná ceithre céad duine agus ag an deireadh bhí beirt fágtha ag an bhord; Patrick Clarke agus Dave Pollock.
Níl fágtha aige ach cuimhní cinn he’s left with just memories
" Níl fágtha aige ach cuimhní cinn, a gharáiste beag agus i bhfocail Langrishe in Deadwood, ‘*the expedition of one’s life disarray*’.
ní bheidh fiú an phingin rua fágtha there won’t be much left
" Tar éis na billiúin dollar a chur isteach san Iaráic, ní bheidh fiú an phingin rua fágtha ag Meiriceá as.
fágtha ar an trá fholamh left unaided
" Deineadh láimhseáil ábhairín níos fearr ar an phróiseas a tháinig sna sála air ach bhí sé mar thoradh air go raibh go leor daoine a shaothraigh go díograiseach ar son na teanga ar feadh na mblianta fada fágtha ar an trá fholamh, gan trua, gan taise.
Bhíomar fágtha tréighte we were abandoned
" Bhíomar fágtha tréighte, asainn féin feasta.
a lorg fágtha left its mark
" Tá bean as íochtar álainn Mhaigh Eo ag tiomáint go stuama an eagraíocht rathúil, Gaillimh le Gaeilge, a bhfuil a lorg fágtha go láidir is go feiceálach ar thimpeallacht agus ar shochaí na Gaillimhe ó thosaigh sé.
Níl fuíoll molta fágtha ag has not spared his praise
" Níl fuíoll molta fágtha ag PJ Mac Gabhann ar Brides-les-Bains mar bhaile saoire in Alpa na Fraince agus thairis sin tugann sé leid san alt seo chun tranglam tráchta deireadh seachtaine na Fraince a sheachaint.
fágtha lag lúbach weakened as a result
" Tá réimse den mhargadh nach bhfuiltear ag díriú aird mar ba chóir fágtha lag lúbach.
fágtha in anchaoi i gceart left in dire straits
" Ríomhann Alan Desmond san alt seo scéal tubaisteach Eric Tabo as an gCamarúin atá fágtha in anchaoi i gceart i Maracó le tamall fada.
Níl fuíoll molta fágtha ag hasn’t left any praise unsaid
" Níl fuíoll molta fágtha ag Pat Butler ar scannán nua Steve Mc Queen, scannán atá bunaithe ar scéal fíor sclábhaíochta a tharraingeoidh deoir faoin tsúil as an gcroí is cranda.