Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Fáidh prophet
" Agus seo agaibh anois roinnt dá bhfaca Balor Fáidh nuair a ghrinnigh sé putóga an tráchtaire polaitíochta a bhí aige mar dhinnéar Lá Nollag: **Earrach 2002**: Agus tarlóidh sé san am sin go mbeidh caint mhór ar olltoghchán in Éirinn.
fáithe seers
"fáithe ag caint cheana féin faoi Bhuaic na hOla, an uair ag a thosóidh soláthar ola an domhain ag dul i léig, agus ag tabhairt foláirimh gur gá dúinn slite eile a aimsiú chun ár spleáchas ar an ola a laghdú.
ráitis na bhfáithe the sayings of the prophets
" “Léigh mé alt le John Shepard, ollamh i St Martin’s College i Lancaster, agus bhí seisean ag déanamh staidéir ar an Hadith (ráitis na bhfáithe) agus an Córán agus an Bíobla agus rith sé leis dá mbeifeá ag cuartú leithscéil le cinedhíothú a dhéanamh, go raibh sé le fáil sna trí leabhar seo,” arsa Fisk.
fáidh prophet
" Bhí tuilleadh fianaise le fáil faoi seo trí seachtainí ó shin nuair a bhí na sluaite bailithe in aice thrá Cronulla i ndeisceart Sydney ag maslú “*wogs*”, “*Lebs*” agus an fáidh Mahamad agus ag ionsaí aon duine a cheap siad go raibh “cuma an Mheánoirthir” air.
fáidh san fhásach a prophet in the desert
" Is saol uaigneach é a bheith ag treabhadh ghort na Gaeilge scaití agus is iomaí iriseoir a bhraitheann gur fáidh san fhásach é atá ag stróiceadh leis gan aitheantas.
fáithe prophets
" Ar an ábhar sin amháin a chuirfinn fáilte roimh *fáithe an Fichiú hAois* (Foilseacháin Ábhair Spioradálta) le Séamus Ware, cnuasach eolach aistí ar shaol dáréag a bhí eisceachtúil.
fáidh prophet
" Ní hamhlaidh an scéal agus tugann Ware cur síos ar cad is fáidh ann: “ba é gnó an fháidh léirmheas a dhéanamh ar an tsochaí timpeall air .
de réir an fháidh according to the prophet
" Agus mar sin atá, an soiscéal de réir an fháidh, Babs.
ar na fáithe one of the prophets
" Tá Eoin Baiste ar na fáithe is mó a bhfuil urraim ag na Mandaean dó.
Is de na fáithe sibh you're are enumerated amongst the wise
fáidh prophet
" “Measaim gur físí (*a visionary*) nó fáidh atá in Gerry Adams sa mhéid is, an t-am b'uafásaí anseo agus muid ag déileáil le marú, le huafás, le tórraimh, bhí seisean ag smaoineamh ar bhealach amach as an duibheagán a aimsiú.
bhain slí bheatha amach mar fháidh he worked as
" D’fhill sé ar Londain ina dhiaidh sin is bhain slí bheatha amach mar fháidh.
Dialanna Chathair na bhFáithe the Vatican Diaries
" Éiginnte i dTólamh ======== Níor ghlac saineolaí Vatacánach eile riamh le comhairle Margherita Guarducci agus dar le John Thavis a scríobh ‘Dialanna Chathair na bhFáithe’ go raibh an t-achrann seo ina ‘ábhar náire’ ag an Eaglais, nár spreag ‘mórán muiníne san Eaglais a bheith ábalta a stair féin a athnochtadh’.
Ní fáidh fear ina dhúiche féin a man’s not a prophet in his own country
" Ní fáidh fear ina dhúiche féin, áfach: is cuimhin lena mhac an uair ar briseadh Pól as a phost mar bhainisteoir ar an gcomharchumann áitiúil, agus go raibh daoine ag scaipeadh bileog ag an séipéal áitiúil agus iad ag iarraidh an pobal a ghríosadh chun fear Dhúrlas Éile a ruaigeadh amach as an áit.
ag cur síos air mar fháidh describing him as a prophet
" Luaigh sé Enoch Powell, an ball parlaiminte Sasanach a díbríodh i ndiaidh é a aitheasc faoi ‘Aibhneacha Fola’ a thabhairt ach a fuair dídean Pháirtí Aontachtach Uladh ag cur síos air mar fháidh.
i gCathair na bhFáithe in the Vatican, Rome
" Ansin gach lá ar feadh seachtaine ina dhiaidh sin beidh mé i mo shuí sa seomra ranga ag éisteacht le May Mac Ránais ag bladar faoin tuiseal ginideach agus faoin mhodh choinníollach agus ag ceol Thíos i Lár an Ghleanna arís agus arís agus arís eile; agus beidh mise ag samhlú dom féin go bhfuil mé ar ais sa Róimh ag ól cappuccino i gcaife beag i gCathair na bhFáithe.
fáidh fir a fortune teller
" Bhí Mícheál Ó hAodha ag iniúchadh scéal Cheiro, B’le Átha Cliathach, fáidh fir a raibh cumas cainte agus teacht i láthair ann agus fear a dhéanamh cat is dhá ruball air.
as Cathair na bhFáithe from the Vatican
" Tá Balor ar an eolas ar fad te bruite as Cathair na bhFáithe.