Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag fanacht thar fhad na fáilte overstaying my welcome
" Ach nuair a rinne seanbhean mhór mhantach iarracht mé a mhealladh chun a leapa, bhraith mé go raibh mé ag fanacht thar fhad na fáilte.
Is tur an fháilte cold reception/welcome
" Is tur an fháilte a fuair sin.
comhairle gan fáilte unwelcome advice
" Ar ndóigh, cuirfidh an saghas seo "comhairle gan fáilte" an Office Assistant ag Word i gcuimhne do roinnt daoine.
fáilte chroíúil warm, friendly welcome
" Ní cúis iontais ar bith a bhí ann, mar sin, gur chuir sé fáilte chroíúil romham nuair a bhuail mé isteach chuig a oifig i gColáiste Phádraig, Droim Conrach ag deireadh na míosa seo caite chun agallamh a chur air.
fáilte fhial generous welcome
" Rinneamar amhlaidh, agus chuir an pobal Gaeilge agus pobal an cheoil thraidisiúnta sa chathair fáilte fhial rompu.
cuirtear fearadh na fáilte rompu they are warmly welcomed
" ) "Tagann ceoltóirí as Éirinn fosta, agus cuirtear fearadh na fáilte rompu," a deir Murchadh.
fáilte ghránna an ugly welcome
" Cé gur bhailigh an Chomhairle Contae seancharranna sa cheantar ar phraghas reasúnta i mí Lúnasa, tá an líne carranna seo ann go fóill, ag cur fáilte ghránna roimh chuairteoirí.
fáilte chroíúil hearty welcome
" Chuir bean an tí, Elaine, fáilte chroíúil romham.
fáilte chroíúil warm welcome
" Cé gur bean í a bhfuil post mór tábhachtach aici, tógann sí an t-am le fáilte chroíúil a chur romham.
fáilte chroíúil hearty welcome
" Chuir Francesca fáilte chroíúil romham agus thaispeáin sí a hárasán mór compordach ar fad dom.
fáilte dhoicheallach cold welcome
" Ní nach ionadh mar sin gur fáilte dhoicheallach a cuireadh roimh leabhar O'Rawe i bhfianaise na drochpoiblíochta ar fad atá faighte ag an ghluaiseacht le cúpla mí anuas.
fáilte dhoicheallach cold/churlish welcome
" Tá an costas maireachtála ró-ard, ní féidir brath ar an aimsir, tá damáiste as cuimse déanta don chomhshaol agus ní chuirtear ach fáilte dhoicheallach roimh thurasóirí i go leor áiteanna sa tír.
fáilte chroíúil warm welcome
" Ní dóigh liom gur ag smaoineamh ar leas an gheilleagair áitiúil a dhéanamh a bhí an feirmeoir i Malainn Bhig sa pharóiste seo a chuir fáilte chroíúil romhainn agus muidne, na siúlóirí, ar ár mbealach abhaile ó Shliabh Liag, an cnoc is airde sa cheantar.
fáilte chroíuil a hearty welcome
" “Chuir muintir Guernica fáilte chroíuil romhainn, agus thug muid iúr Éireannach dóibh, atá mar shiombail an aiséirí.
cuirtear fáilte fhraochta rompu they get a furious welcome
" Mar sin, nuair a thagann na daoine i dtír ag an ché, cuirtear fáilte fhraochta rompu.
ag aisíoc na fáilte repaying the welcome
" Má dhéanann muid amhlaidh, ní bheidh muid ach ag aisíoc na fáilte a cuireadh romhainn féin nuair a bhí muid i bhfad as baile, dearóil go minic agus gan dóchas.
cuirtear fáilte fhraochta rompu they get a furious welcome
" Mar sin, nuair a thagann na daoine i dtír ag an ché, cuirtear fáilte fhraochta rompu.
fáilte ghlórach abhaile a noisy welcome home
" Chuir fiche míle duine fáilte ghlórach abhaile roimhe ag ceolchoirm ina chathair dhúchais an lá céanna a shlánaigh sé cúig bliana is dhá scór.
fáilte faoi leith special welcome
" Cuir i gcás dá mbeadh leithéidí Fhoras na Gaeilge ag lorg tairiscintí le haghaidh conartha le hiris Ghaeilge a fhoilsiú, ba cheart go mbeadh sé soiléir go gcuirfí fáilte faoi leith roimh iarratais ó Ghaeltacht Thír Chonaill nó ó Chiarraí.
fáilte mhór a big welcome
" Mar shampla, tá cara agam ar file í agus chuaigh mé léi chuig seoladh leabhair i Leabharlann na Filíochta, leabharlann bheag nua in aice leis an Mhíle Ríoga, a chuireann fáilte mhór roimh dhuine ar bith a bhfuil suim aici nó aige san fhilíocht.
agus a chuireann fáilte roimh aíonna. and which welcomes guests.
" Is pobal éacúiméineach Críostaí é, atá beo go fóill, agus a chuireann fáilte roimh aíonna.
fáilte fhíor-Albanach a true Scottish welcome
" Táimid ag tnúth go mór le fáilte fhíor-Albanach a chur roimh mhuintir na hÉireann agus iad ag teacht go dtí na hoileáin don ócáid ilchultúrtha seo.
do dheasca fáilte. for welcome desks.
" Tá acmhainní curtha ar fáil do ghnólachtaí - leabhrán frásaí, mar shampla, a bhfuil He Kōrero mō Aotearoa (On the Road with Te Reo) mar theideal air - agus cártaí a bhfuil kia ora (Dia duit) scríofa orthu do dheasca fáilte.
Beidh fáilte roimh chách. All will be welcome.
go gcuireann siad fearadh na fáilte roimh an moladh maidir leis an bpoblacht that the welcome the proposal regarding the republic
" D’eisigh ARM preaseisiúint díreach tar éis na comhdhála thuasluaite inar léirigh siad go gcuireann siad fearadh na fáilte roimh an moladh maidir leis an bpoblacht, agus d'éiligh siad go reáchtálfaí an phobalbhreith tháscach nuair a dhéanfar an chéad olltoghchán eile a ghairm, is é sin, sa bhliain 2010, is dócha.
múrtha fáilte heaps of welcomes
" B'iontach an radharc é na dornálaithe Éireannacha – Barnes, Sutherland agus Egan – in aerfort Bhaile Átha Cliath agus na múrtha fáilte á gcur rompu.
fáilte ó chroí heart-felt welcome
" Má cuireadh fáilte ó chroí roimh an bhfoireann Éireannach, samhlaigh an fháilte a cuireadh roimh fhoireann na Síne, a thóg 51 bonn óir léi, agus roimh fhoireann na Stát Aontaithe, a bhain 36 bonn óir.
fearadh na fáilte a hearty welcome
" Aisteach le rá, cé go raibh an-tóir ar na mná óga abhus, níor chuireadh fearadh na fáilte roimh na dílleachtaí ar an Earl Grey, nó roimh a gcomhpháirtithe a tháinig i dtír ní ba dhéanaí sa scéim.
fáilte a fhearadh to welcome heartily
" Is cuimhin leis a beith i dteach tábhairne i mBaile Átha Cliath inar thug an fear tábhairne iarraidh airgead a ghearradh air as oighear a chur ina dheoch! Fáilte roimh a gcuid airgid Ní nach ionadh, tá na tuaisceartaigh breá sásta fáilte a fhearadh roimh a gcomh-Éireannaigh scartha, go háirithe má bhíonn an póca lán d’eorónna láidre le caitheamh ó thuaidh acu.
Fearadh fáilte is fiche roimh (the announcement) was heartily welcomed
" Fáilte roimh an deis oibre Fearadh fáilte is fiche roimh an bhfógra ag na rialtais sna ceithre thír thuas.
fáilte roimh chách all are welcome
an bord fáilte the reception
"an bord fáilte gearrtha díreach amach as scannán dubh is bán.
fearadh fáilte chroíúil given a hearty welcome
" Bhí Amharclann an Stáit ag cur thar maoil, agus murab ionann agus dhá bhliain ó shin, fearadh fáilte chroíúil an dul seo roimh ‘Kino’.
fearadh na fáilte a hearty welcome
" Cuireann na heagrais Ghaeilge fearadh na fáilte roimhe agus iad ag maíomh go bhfuil sé ar cheann de na gníomhartha is tábhachtaí do thodhchaí na teanga ó bunaíodh an Stát.
Fearadh fáilte was warmly welcomed
" Fearadh fáilte roimh a fhógra, cé go raibh daoine go leor abhus den tuairim go raibh sé i bhfad thar am do na húdaráis Astrálacha buíochas a ghabháil leis na haingil.
fíorchaoin fáilte very welcome
" aspx?videoid=-GfcPB_b-xU&feature=youtube_gdata) SMM: Is é do bheatha a Bhláthnaid – tá fíorchaoin fáilte romhat go BEO.
fíorchaoin fáilte hearty welcome
" SMM: Fearaim fíorchaoin fáilte romhat go BEO.
cuireadh oiread fáilte so roundly welcomed
" Díomá atá orm leis an Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus iontas orm gur cuireadh oiread fáilte roimhe.
na fáilte is na teolaíochta of the welcome(s) and the warmth
" " Is mairg le húdair an leabhair go bhfuil Éire na fáilte is na teolaíochta chomh marbh le hArt! Ar ndóigh tá sé de bhua ag na húdair go bhfuil siad ag amharc isteach orainn ón taobh amuigh agus gur barúil oibiachtúil trí shúile an eachtrannaigh atá á nochtadh acu.
fearadh na fáilte extend a welcome
" Nuair a d’éirigh leis an pálás a bhaint amach faoi dheireadh, bhí Dermo ag fanacht leis chun fearadh na fáilte a chur roimhe.
fáilte roimh chách all are welcome
" Tá cuireadh i mo láimh agam ónár gcomharsana, muintir Panagrosso, teaghlach Meiriceánach/Iodálach a bhfuil cónaí orthu san fhoirgneamh céanna linn, chuig ócáid ar a dtugann siad ‘fáilte roimh chách’ air chun Lá an Altaithe, nó Lá an Bhuíochais, a cheiliúradh.
fíorchaoin fáilte romhat very welcome
" **SMM: Tá fíorchaoin fáilte romhat go Beo.
mbord fáilte information desk
" Tar éis dó ár gcuid seomraí a chuartú, ghlaoigh sé ar an mbord fáilte chun easpa na teicneolaíochta a fhiosrú.
Chuir sé fáilte faoi leith he particularly welcomed
" Chuir sé fáilte faoi leith ina aitheasc roimh éagsúlacht an taispeántais a léirigh, dar leis, a ilghnéithí agus a chasta a bhí taithí agus tionchar na nÉireannach san Astráil.
fáilte welcome
" D’fhear an tUachtarán fáilte mhór Mheiriceánach roimh Bhalor agus chuir sé é ina shuí go sócúil le gloine ina chrobh agus Pall Mall ina bhéal, mar a bhí aige féin, agus chrom siad ar an chaint.
fháilte a d’fhear welcome given
" Ba thomhaiste freisin an fháilte a d’fhear mo chomharsa ag bun staighrí na heitleoige ríoga roimpi - rinne an Tánaiste an beart le dínit.
Agus fáilte chroíúil while a hearty welcome is
"Agus fáilte chroíúil á cur roimh Eilís II (tuilleadh faoi san am atá le theacht), is cosúil go bhfuil stát na 26 Chontae sásta an aimsir chaite a cur ar leataobh, agus ainneoin drochamhras a bheith ar náisiúnaithe ó thuaidh, aithníonn siad nach bhfuil buntáiste ar bith i bheith ag síoramharc ar chúl.
fáilte mhór hearty welcome
" Thug Obama le fios gur chuir SAM fáilte mhór roimh na hathruithe sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh le leathbhliain anuas.
Níor Chaoin an Fháilte not too welcome
" Níor Chaoin an Fháilte ========== Má bhí tréimhse shuimiúil ag Bob Collins go dtí seo, beidh an bhliain seo chugainn níos suimiúla arís.
chuir na múrtha fáilte romham gave me a great welcome
" D’éirigh de léim agus chuir na múrtha fáilte romham.
cuireadh fáilte is fiche roimpi she received a hearty welcome
" Is mór an t-athrú atá tagtha ar an dóigh a bhreathnaíonn muintir na tíre uirthi ón am a thug Éilís II a céad chamchuairt ar an Astráil sa bhliain 1954, cé gur cuireadh fáilte is fiche roimpi an iarraidh seo.
fáilte fhuar dhoicheallach a cold reluctant welcome
" Má shíl Balor gur fáilte fhuar dhoicheallach a fearadh roimhe, níor chuir sé as dó beag ná mór.
Fáilte Chroíúil a hearty welcome
" Fáilte Chroíúil, Más Ea ========= Fáilte Chroíúil a chur na heagrais Ghaeilge roimh fhógra Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, roinnt míonna ó shin go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.
fáilte dhoicheallach a cold welcome
" Thug an Príomh-Aire, Julia Gillard, teasmholadh don tuarascáil, ach b’fhacthas dom nár chuir sí ach fáilte dhoicheallach roimh na moltaí faoin gcaiteachas breise.
fáilte Uí Cheallaigh a great welcome
" Cuireann muintir na tíre fáilte Uí Cheallaigh romhainn i gcónaí, go háirithe mar go bhfreagraímid ‘Éire’ nuair a fhiafraítear dínn cad as dúinn!
cuireadh fáilte chroíúil roimh was warmly welcomed
" Cén t-iontas mar sin gur cuireadh fáilte chroíúil roimh dea-scéala an Aire McGinley gur éirigh leis an Údarás na cosa a thabhairt leis ón tua a bhí ar tí titim? Ach díol suntais gur dhúirt an tAire Stáit McGinley go mbeadh cúraimí fostaíochta agus fiontraíochta 'ar an Údarás' seachas go mbeadh an eagraíocht ag coinneáil na cúraimí fostaíochta agus fiontraíochta a bhí aige ó am a bhunaithe.
Aoi ar cuireadh fáilte roimhe a guest who was welcomed
" Na Trí Ní is Géire: Fiacail Coileáin, Dealg Feochadáin agus Focal Amadáin ========================== Aoi ar cuireadh fáilte roimhe sa Palacio de la Zarzuela an tseachtain seo a d'imigh tharainn ba ea gobharnóir Florida, Rick Scott.
chun fáilte a chur roimh to welcome
" Tar éis ceol *punk-trad* leis na Ramoneurs de Menhirs, chuaigh an slua síos chuig caladh Bhrest chun fáilte a chur roimh an mbaitín sealaíochta, a tháinig i dtír i mbád beag, an 'Mari Lizig' Bhí ar fhoireann an bháid na seolta a ísliú le teacht isteach sa chaladh de dheasca na gaoithe.
ar cuireadh oiread fáilte roimhe which was welcomed so much
" Ní dóigh liom go bhfaca mé aon rud ar cuireadh oiread fáilte roimhe le fada fada an lá ar an raidió, agus an teanga, an chaint, an scríbhneoireacht, tá sé ar fheabhas ar fad.
chun fáilte a fhearadh roimh to welcome
" Tháinig méara an bhaile go speisialta chun fáilte a fhearadh roimh na Gaeilgeoirí cróga ón ardchathair.
fáilte an úinéara the owner’s welcome
" Ní hiad na bialanna is fearr amháin, ach cá bhfuil an tseirbhís is fearr ó thaobh clainne, atmaisféar, fáilte an úinéara in ionad roinnt an eolais ó thaobh an bhia amháin.
nach mbeadh fáilte rompu they wouldn’t be welcome
" D’fhan siad ar an bhus agus iad ag dul faoi luas fríd na háiteanna ina mbeadh fáilte mhór rompu, agus thuirling siad den bhus le bheith cinnte go siúlfaidís fríd an áit nach mbeadh fáilte rompu.
na múrtha fáilte more than welcome
" Labhair sé ar dtús le Bullaí Buí Mac an tSiúlaigh: **Balor: Inis dom, a Bhullaí, cad tuige gur gá daoibh an mórshiúl a chleachtadh fríd an cheantar áirithe seo? Nach iomaí áit eile a dtiocfadh libh siúl, áiteanna a mbeadh na múrtha fáilte romhaibh?** Bullaí: An ag magadh atá tú, a Bhaloir? Nach dtuigeann tú a dhath ar bith? Ar léigh tú do Bhíobla riamh? Tá sé scríofa sa Bhíobla, i bhfuil dhearg dhoirte na mairtíreach glórmhar, go bhfuil sé de chead againn, agus de dhualgas orainn, mórshiúl a bheith againn fríd Ard Eoin.
Chuirfinn fáilte roimh tuairimí daoine eile I’d welcome other opinions
" Chuirfinn fáilte roimh tuairimí daoine eile.
an fháilte a cuireadh roimhe a choilleadh abuse the welcome which they received
" Ní amach amháin a shaothraíonn an Gaeil, nó ‘an tÉireannach Nua’ ach oiread, an dea-cháil, ach is féidir leis an duine a thiocfas isteach chun na tíre cur linn mar dhream daoine nó baint dínn agus b’fhéidir an fháilte a cuireadh roimhe a choilleadh.
cuireadh fáilte is fiche roimpi she was made very welcome
" Bhí an t-uachtarán céanna ann, bhí roinnt de na léachtóirí céanna ann agus cuireadh fáilte is fiche roimpi! (Gáire mór) Thaitin saol an choláiste go mór liom.
fáilte chroíuíl a hearty welcome
" Cois Feabhail - agus i mBéal Feirste agus in áiteanna eile - cuireadh fáilte chroíuíl roimh Arm na Breataine cionn is gur léirigh siad gur chaill an RUC an troid, ach ní raibh Gearóid Ó hEára chomh buíoch sin.
i mbliana le fáilte abhaile a fhearadh roimh to welcome home this year
" Tá sé íorónta, mar sin, go raibh rún faoi chaibidil sa Pharlaimint náisiúnta ag gabháil leithscéal iarbháis le duine de na reathaithe Astrálacha ba rathúla riamh sna Cluichí Oilimpeacha an mhí chéanna, mí Lúnasa, inar reáchtáladh na mórshiúlta i mbliana le fáilte abhaile a fhearadh roimh na lúthchleasaithe ag filleadh ó na cluichí i Londain.
fearadh fáilte Uí Cheallaigh roimhe ann he was greatly welcomed there
" Nuair a chuala na lúthchleasaithe Meiriceánacha faoin masla seo, thug siadsan cuireadh dó agus fearadh fáilte Uí Cheallaigh roimhe ann.
chuir sí fáilte roimh she welcomed
" “Is maith an rud é go bhfuil duine acadúil eile tofa mar Uachtarán na hÉireann,” a dúirt an tOllamh Marianne Elliot nuair a chuir sí fáilte roimh Mícheál D.
fearfaimid fáilte roimh thorthaí daonáirimh we welcome the census results
" Má chreidimid go saibhrítear sochaithe nuair a chuireann daoine ó thíortha is ó chultúir eile fúthu iontu, gan trácht ar na buntáistí éagsúla a bhaineann imircigh as an taithí a fhaigheann siad ar thír nua, fearfaimid fáilte roimh thorthaí daonáirimh 2011.
na múrtha fáilte a profuse welcome
" Chuir Benedict na múrtha fáilte roimhe agus scairt sé fá choinne bia agus dí.
Tá cáil na fáilte agus na féile orainn we’re known for hospitality and our welcome
" Tá cáil na fáilte agus na féile orainn i measc go leor agus is eol do chuid mhaith tíortha an Céad Míle Fáilte a bheith rompu abhus, ach an féidir níos mó béim a leagan ar ár dteanga agus sinn inár n-óstaigh faoi láthair? Tar éis dom a bheith ag an ‘*Citizen Dialogue*’ i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath, agus ag ‘*Ireland 40 Years On*’ in Óstán Chaisleán Cnucha, mar Gaeilgeoir, nílim róchinnte.
Cuireadh fáilte dhoicheallach roimhe he received a cold reception
" Cuireadh fáilte dhoicheallach roimhe i dtús báire, ach ba léir go raibh an mianach ceart ag Kiernan a chuspóir dúshlánach a bhaint amach.
cuireadh fearadh na fáilte rompu they were warmly welcomed
" Bhí Daniel O Connell, an Fuascailteoir, go láidir i bhfách le cealú na sclábhaíochta agus nuair a tháinig daoine dubha ó Mheiriceá san 18ú céad le labhairt ar an sclábhaíocht sna hIndiacha Thiar - a chuir go mór le rath phoirt na hÉireann - cuireadh fearadh na fáilte rompu.
cuirfidh muintir na tuaithe fáilte romhat the rural community welcomes you
" Ó thaobh ceart slí de, tá an dlí sa Spáinn ar malairt bealaigh ar fad le dlí na hÉireann - is é sin, tá cead spaisteoireachta agat ar thalamh oscailte de ghnáth agus cuirfidh muintir na tuaithe fáilte romhat fosta.
Chuir siad fáilte mhór romhainn they warmly welcomed us
" Chuir siad fáilte mhór romhainn agus bhí siad an-fhiosrach i gcónaí faoinár nósanna cultúir, faoinár dteangacha is aroile, chomh maith le heolas a roinnt linne faoi Mheiriceá.
ag fearadh céad mílte fáilte welcoming
" An fhad is a bhí cruinniú mór an G8 ar siúl i gContae Fhear Manach, áit a raibh Príomh-Aire na Breataine ag fearadh céad mílte fáilte go hÉirinn roimh cheannairí an domhain agus roimh Thaoiseach na hÉireann féin, bhí Michelle Obama agus a beirt iníonacha i mBaile Átha Cliath.
na múrtha fáilte roimh an effusive welcome to
" Ach bíodh sin mar atá, chuir muintir Bhaile Átha Cliath na múrtha fáilte roimh FLOTUS.
ag fearadh fáilte is céad roimh scoláirí na seachtaine welcoming the week's scholars
" Bhí sé ina sheasamh ag barr an halla agus é ag fearadh fáilte is céad roimh scoláirí na seachtaine: “Níl ATM ar bith i nGleann,” a dúirt sé, “ach beidh mé féin ag dul chuig na Cealla Beaga maidin amárach.
ionad fáilte agus freastail a reception and services center
" Shíl mé gurbh fhearr a chur ar a shúile dó go bhfuil ionad fáilte agus freastail i mBonn do na himirceánaigh.
Cuirtear fáilte roimh are welcomed
" Cuirtear fáilte roimh ghnólachtaí úra ó gach cearn den domhan both taispeántais a ghlacadh ann agus tá comórtas, *Spark of Genius*, a bhronnann €25,000 ar an ngnó nua is fearr i measc 30.
d’fhear muid fíorchaoin fáilte roimh we warmly welcomed
" I mbliain seo An Tionóil, d’fhear muid fíorchaoin fáilte roimh Diaspora na nGael.
gur rud buanseasmhach í an fháilte dáiríre a welcome is an lasting element
" Cuireann an Nollaig i gcuimhne duinn áfach, gur rud buanseasmhach í an fháilte dáiríre agus go síneann sé níos faide amach ná daoine muinteartha, ná ár bpobail féin amháin, agus go sroicheann sé go chomh fada leis an stróinséar, leis an duine nua sa phobal agus leis an duine atá scoite amach.
gur beag fáilte a chuir baill den chomh-aireacht roimh members of the cabinet didn't welcome
" Léiríonn cáipéisí ó Roinn an Taoisigh a scaoileadh saor faoin Riail 30 Bliain gur beag fáilte a chuir baill den chomh-aireacht roimh an phlean agus go raibh an Roinn Airgeadais ach go háirithe, go mór ina éadan.
Chuirtí na muartha fáilte i gcónaí roimh used to be always greatly welcomed
" Chuirtí na muartha fáilte i gcónaí roimh ridirí an bhóthair: bhídís le cloisteáil ag gach ócáid a mbeadh daoine bailithe le chéile ann ar nós lá aonaigh, margaí, cluichí peile agus iománaíochta agus mar sin de.
cuireadh oiread fáilte roimh were welcomed just as much
" Protastúnaigh na hAirgintíne ========== Cé gur tír Chaitliceach í an Airgintín, seasann Guillermo air gur cuireadh oiread fáilte roimh Phrotastúnaigh is a cuireadh roimh an mhóramh Chaitliceach a tháinig chun na tíre ach de réir a chéile, phós na Protastúnaigh Caitlicigh agus tógadh na páistí mar Chaitlicigh agus thit líon na bProtastúnach dá réir.
Fearadh na múrtha fáilte roimh was warmly welcomed
" Fearadh na múrtha fáilte roimh Mhichael Dee nuair a shroich sé Caisleán Windsor.
tír nach mbraitheann siad fáilte ann rompu a country where they don’t feel welcome
" Ach leis an drochphoiblíocht le cúpla bliain anuas faoi easpa cead slí in Éirinn, tá drogall anois ar shiúlóirí sa Bhreatain airgead a chaitheamh ar thuras go hÉirinn, tír nach mbraitheann siad fáilte ann rompu.
cuireadh fáilte mhór roimh an leabhar the book got a great reception
" Bhí a fhios agam ar bhealach, b’fhéidir go gcuirfeadh sé isteach ar dhaoine, ó tharla go raibh mé ag magadh faoi chuid de na fíor-Ghaeil, más maith leat, ach ag an am chéanna, cuireadh fáilte mhór roimh an leabhar.
cuirim fáilte roimh aiseolas I welcome feedback
" Éisteann muid lenár léitheoirí i gcónaí agus cuirim fáilte roimh aiseolas ón phobal.
bhíodh fáilte i gcónaí roimh an íocaíocht the payment was always welcome
" Bhain mé sásamh as an gcúram a bhí orm le roinnt blianta anuas, a bheith ag tochailt sna cartlanna le haghaidh míreanna spéisiúla sna meáin chlóite i nGaeilge agus bhíodh fáilte i gcónaí roimh an íocaíocht a thugtaí dom as mo chuid oibre.
Cuireadh fáilte chroíúil roimh was warmly welcomed
" Leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla:** Cuireadh fáilte chroíúil roimh fhógra Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny Mc Ginley, ag an Oireachtas i 2011, go raibh an tAcht le leasú agus go mbeadh ról ag an phobal ins an phróiseas chomhairliúcháin.
an-fháilte a great welcome
" Cuireadh an-fháilte roimh Liz Curtis nuair a tug sí cuairt ar oileán beag amach ó chósta na hAlban roinnt míonna ó shin.
fháilte welcome
" Is céad míle fáilte faoi choinníollacha áirithe an fháilte a fhearaimid roimh an duine isteach sa tír as tíortha eile an domhain.
fáilte chroíúil roimhe ann (shall not) feel very welcome there
" An mac léinn eachtrannach a íocann táille an-ard le teacht chun na Breataine, maíonn Alan Desmond san alt seo nach mbeidh, is cosúil, fáilte chroíúil roimhe ann feasta.