Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rósfadh an fáilteoir í the receptionist would give her a roasting/give out to her
" D'fhág sí an oifig ar leath i ndiaidh a dó le déanamh cinnte nach mbeadh sí mall don choinne, nó rósfadh an fáilteoir í dá mbeadh.
fáilteoir receptionist
" Bhí an fáilteoir ag caint léi ar an ghuthán, agus í ag luascadh anonn is anall ina cathaoir, agus cuma uirthi go raibh sí dubh dóite de chúrsaí.
fháilteoir receptionist
" Bhí mise ag obair mar fháilteoir agus ag cuidiú le cúntóir pearsanta an stiúrthóra bainistíochta.
fáilteoir receptionist
" Cé go mb’fhéidir go mbraithfeadh fáilteoir nach bhfuil sí leath chomh tábhachtach le hollamh coláiste nó le húdar, tá na trí phost in aice lena chéile ar an liosta: tá an fáilteoir ag #115, an t-ollamh ag #116, agus an t-údar ag #117.
mar fháilteoir as a receptionist
" Táim ag obair go páirtaimseartha mar fháilteoir in oifig Nasc, eagraíocht a thugann idir thacaíocht agus chomhairle d’inimircigh.
fháilteoirí receptionists
" Tá sé ráite ann, mar shampla, go gcuirfear cúrsaí ar fáil do fháilteoirí i bhfoirgintí Rialtais lena chinntiú go mbeidh ‘smeadar Gàidhlige’ agus roinnt cora cainte úsáideacha acu le beannú dóibh siúd a labhrann an teanga.
fáilteoir receptionist
" Gheall fáilteoir dó nach raibh gá ar bith le teilifís a chur sa seomra toisc nach raibh ach cainéal áitiúil amháin ar fáil! Nuair a théarnaigh seisean ó easpa Sky News, thiteamar isteach go héasca ar an tslí cheart le scíth a ligean.
achan fháilteoir every single receptionist
" Ar ndóigh, dá mbeadh an rialtas dáiríre faoin dátheangachas a spreagadh i bpostanna tábhachtacha sa státseirbhís, bheadh orthu a chinntiú go mbeadh cumas Gaeilge ag achan fháilteoir, guthánaí, oifigeach cumarsáide mar aon le feidhmeannaigh shinsireacha i ngach Roinn.