Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fáinne fí vicious circle
fáinne-chluaiseach ear-ringed
" *An Chicago Tribune *a d'fhiafraigh ar dtús cá raibh an t-anlaith milis, mealltach, fáinne-chluaiseach, bairéadach sin Peatsaí Dan Mac Ruairí? *Pravda *na Rúise a thóg an cheist cá háit a raibh an boc eile milis, mealltach, col ceathrach, círéibeach sin ar bhreá leis a bheith ina fhorlámhaí ar an Chreag i Lár na Farraige móire suaite, Pól Mac Ruairí? *L'Osservatore Romano *a bhí ag iarraidh a fháil amach cá raibh an Pabhsae Gléigeal sin atá ina príomh-*idiot *preabach, praiticiúil, pragmatach ar Phobalscoil Thoraí, an tSiúr Máire Clár na Cáiréise? Fiafraíonn an nuachtán naofa an raibh sise ar scoil an lá sin nó, mura raibh, cá háit go díreach a raibh sí agus cad é a bhí ar siúl aici ann? Ceisteanna iad sin atá á gcíoradh anois ag tuairisceoirí na cruinne, ceisteanna a bhfuil a bhfreagraí tuillte ag lucht léite nuachtáin an domhain.
fáinní an lae dawns
" " Ar seisean: "Bhí grá chomh mór sin agam don nádúr, go bhfaca mé fáinní an lae agus luí na gréine agus dá ndéanfainn iad a phéinteáil go ndéarfadh daoine go raibh áibhéil déanta agam.
éide agus fáinní óir gold vestments and rings
" " Agus "an fhearg fhíréin" mar spreagadh aige, scríobhann Breslin go bhfuil sé i bhfábhar sagart pósta agus baineann, deir gur chaith Críost cuaráin agus "ní éide agus fáinní óir", agus deir go bhfuil "miosúr maith Críostaíochta" ag teastáil ón Eaglais Chaitliceach.
fáinní snáithíní fibre rings
" Gheall an Rialtas anuraidh, áfach, go ndéanfaí níos mó ná €60 milliún a infheistiú chun fáinní snáithíní a thógáil i gceantair nach bhfuil leathanbhanda ar fáil iontu.
fáinne fí vicious circle
" Cineál fáinne fí atá i gceist, mar ní theastaíonn ó éinne fanacht níos faide sa scuaine ná mar a thógann sé orthu a ngnó a dhéanamh.
fháinne fí vicious circle
" Éist leis seo mar fháinne fí: Go dtí seo, d'éirigh le síceolaithe oideachais fadhbanna síceolaíochta agus riachtanais speisialta daltaí scoile a aithint agus a fháthmheas níos fearr agus níos luaithe.
fáinne sciúrtha airgid money laundering ring
" Lean ráiteas ó na Gardaí ag rá gur bhain na daoine a gabhadh i gCorcaigh – agus airgead Sasanach ina seilbh – le fáinne sciúrtha airgid de chuid ghluaiseacht na poblachta.
Fáinne fí vicious circle
" Fáinne fí a bheadh ann sa mhéid is go mbeadh ar othair, a scaoilfí saor ó na hotharlanna tar éis dóibh dul faoin scian, pilleadh ar a gcuid leapacha nuair a thógfaí faoi deara go raibh MRSA tolgtha acu.
Fáinne fí vicious circle
" Fáinne fí eile é seo do go leor daoine.
fáinne ring
" Chuir an rialtas nua (treoraithe ag an gComhaontas Glas) bearta bunúsacha i bhfeidhm: cosc ar ghluaisteáin le paisinéir amháin ar roinnt de na príomhbhóithre ag an mbroidtráth; páirceanna rothar i bhfad níos fearr in aice le stáisiúin agus stadanna bus; fáinne carrchlósanna “*Park and Ride*” timpeall na gcathracha; traenacha dhá urlár ag dul go dtí na bruachbhailte; comhartha leictreonach ag gach stad bus ag tabhairt amanna na gcéad bhusanna eile; faoiseamh cánach dóibh siúd a cheannaigh rothar; agus táillí plódaithe tráchta (is gá íoc chun tiomáint sna cathracha idir 7 a.
Fáinne fí vicious circle
" Cad chuige, mar sin, nach bhfuil líofacht bhunúsach sa teanga ach ag fíorbheagán díobh siúd a thagann tríd an chóras oideachais? Fáinne fí atá ann.
fáinne eochrach keyring
" Agus mé ag breathnú anois ar an bhfáinne eochrach sin ón Holiday Inn i Sarajevo, cloisim scread feirge na marbh mar bhreithiúnas orainn uilig faoi gach teip a lig don rud a tharla san Iúgslaiv titim amach.
sa bhfáinne dornálaíochta in the boxing ring
" Maratón ocht mí dhéag atá rompu go léir, agus ní cinnte in aon chor go mbeidh siad in ann fanacht sa bhfáinne dornálaíochta an fhad sin.
i bhfáinne in a circle
" Chuaigh muid ag rothaíocht i bhfáinne ar deiseal ó Dhroichead George Washington in iarthuaisceart an oileáin, go ceantar Harlem atá díreach ó thuaidh ó Central Park, scamhóg Nua-Eabhrac.
i bhfáinne sí, in a fairy ring,
" D’fhanamar ansin, ar nós daoine i bhfáinne sí, ar feadh uaire nó rud mar sin, ag dul timpeall i gciorcail.
agus an fáinne á chur ar mhéar na brídeoige. while the ring was being placed on the bride's finger
" (ach) bhí feidhm phoiblí aici chomh maith – dhéantaí í a aithris le linn bainise agus an fáinne á chur ar mhéar na brídeoige.
bhí hataí na bpríomhiarrthóirí sa bhfáinne the hats of the main candidates were in the ring
" Go deimhin, chláraigh roinnt iarrthóirí in 2006, agus bhí hataí na bpríomhiarrthóirí sa bhfáinne cheana féin ag tús 2007.
san fháinne fí in that vicious circle
" Maireann meáin chumarsáide chlóite na Gaeilge san fháinne fí sin go síoraí: gan dóthain léitheoirí, ní leor a dteacht isteach; gan dóthain teacht isteach, ní féidir feabhas a chur ar an gcaighdeán.
go raibh siad páirteach i bhfáinne paraimíleatach that they were part of a paramilitary ring
" Ghabh póilíní na Nua-Shéalainne seacht nduine dhéag ag deireadh 2007 agus cuireadh ina leith go raibh siad páirteach i bhfáinne paraimíleatach san Oileán Thuaidh.
fáinne fí vicious circle
" Is cuma, ar ndóigh, go mbeifeá in ann nuachtán a léamh agus néal codlata a bheith agat dá rachfá ar an traein! Mar a thuigfeá, fáinne fí atá ann.
Fáinne fí a vicious circle
fáinne fí a vicious circle
" Thiar sna caogaidí, thosaigh fáinne fí de ‘ligint do dhaoine a saol féin a chaitheamh’ a raibh fadhbanna móra teanga agus oideachais, agus dá bharr sin deiseanna oibre agus stádais, mar thoradh air.
Fáinne Fí (the) vicious circle
" Fáinne Fí an Éilimh agus na Nósmhaireachta ================ Argóint a deineadh in Éirinn nuair a bhí Acht Teanga á lorg ag lucht na Gaeilge, ná gur beag ráchairt a bheadh ar sheirbhisí dá gcuirfí ar fáil iad trí mheán na Gaeilge.
fáinne circle
" Ar éirigh leis fáinne a dhéanamh den gcearnóg sin? Fágaim sin fút féin le hoibriú amach gan ionchur ar bith uaimse.
fáinní rings
" Le fáinní, cearnóga nó eile a tharraingt, ní raibh aon mhaith ionam ach, ar údar éigin, bhí mé an-mhaith le gréasán a tharraingt.
fáinní cluasa ear rings
" Bhí muid ag foghlaim faoi chúrsaí éadaí ar na mallaibh agus d’fhoghlaim muid focail ar nós “nekutaiu” (carabhat) agus “íruringu” (fáinní cluasa.
i bhfáinne in a circle
" Is ann a bhí damhsa traidisiúnta timpeall i bhfáinne, le ceol ó timpeall 400 ceoltóirí.
bun na spéire le feiceáil siar amach mar fháinne the horizon stretching out in a ring
" Leochaileacht na Cruinne s’Againne ========== Ón cheamara taobh amuigh den árthach, bhí bun na spéire le feiceáil siar amach mar fháinne.
Fáinne fí ceart a real vicious circle
" Fáinne fí ceart is ea seo, ar ndóigh.
An Fáinne Fí a Bhaineann le Comórtais the vicious circle which is part competitions
" com/watch?NR=1&v=muJ-yGzOSX4&feature=endscreen> An Fáinne Fí a Bhaineann le Comórtais =============== Agus é ag caint faoi dhúchas an cheoil thraidisiúnta agus nósanna na nGael, thosaigh muid ag caint faoin Oireachtas, chomh luath agus a luaigh mé an focal agus sular chuir mé aon cheist bhí tuairim láidir á nochtadh: “Is breá liom an tOireachtas agus téim beagnach chuile bhliain – ach sílim go bhfágann pobal na Gaeilge ualach na healaíne ar fad ar an tOireachtas chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí sean-nóis, agallamh beirte, scéalaíochta 7rl.
mairfidh fáinne fí na mórshiúlta go deo na ndeor the vicious circle of marches shall continue forever
" Chuir Squinter, colúnaí leis an Andersonstown News ceist, cad chuige a raibh na haontachtaithe seo ag gearán faoin mhórshiúl phoblachtach nuair a bhí siad ag áitiú go mbrúfaí The Pride of Ardoyne fríd Ard Eoin, buíon cheoil a thugann ómós do thriúr ball den UVF, Billy McClure, Sam Rockett agus fear a luaíodh le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin, Billy Hanna? Agus tacaíocht na bunaíochta aontachtaí acu agus spreagadh ó cheannairí pobail nach féidir leo páirt a ghlacadh i ndíospóireacht shibhialta, mairfidh fáinne fí na mórshiúlta go deo na ndeor.
an fáinne gealltanais ar a méar aici the engagement ring on her finger
" Rud a tharraing aird faoi leith an domhain agus Johansson ar an gcairpéad dearg an babhta seo ná an fáinne gealltanais ar a méar aici.
a bhfáinní móra amháin just their big rings
" Scannáin mhóra, scannáin bheaga is scannáin fhaisnéise ======================== Níorbh iad scannáin mhóra nua, piardaí móra agus a bhfáinní móra amháin a bhí le feiceáil le linn na féile seo, áfach.
fáinní óir ar do mhéaranta a golden ring on
" > ‘Mo Pháistín Fionn ag rince i gcroí na duimhche, ribín id’ cheann is fáinní óir ar do mhéaranta duitse nach bhfuil fós ach cúig nó sé de bhlianta tíolacaim gach a bhfuil sa domhan mín mín.
Fáinne fí atá ann it’s a vicious circle
" Fáinne fí atá ann! Tá siad an-dian maidir le guthán a cheannach, mar de réir dealraimh, rinneadh an t-ionsaí sceimhlitheoireachta i Maidrid sa bhliain 2004 a chomhordú le gutháin phóca.
fáinní móra órga large golden rings
" Féach an chuma óg atá air! Féach na fáinní móra órga ar a mhéara is a Rolex órga… Go mbeirimid beo ar an am seo arís! <http://youtu.
fáinne a mharcáil ar léarscáil to mark a circle on a map
" Gné spéisiúil atá ag an gceann seo ná “*virtual lease*” a ligeann duit fáinne a mharcáil ar léarscáil ina bhfeidhmchláirín.
amach as an bhfáinne sin out of that circle
" Faigheann tú teachtaireacht agus eolas áite nuair a théann an peata nó an páiste amach as an bhfáinne sin.