Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dubh fána súile with black circles under the eyes
" "Bhí sé féin breá dubh fána súile agus bhí an oiread sin de chloigeann mhór air nach bhfuair muid focal i rith an lae.
dubh fána súile with black circles under the eyes
" "Bhí sé féin breá dubh fána súile agus bhí an oiread sin de chloigeann mhór air nach bhfuair muid focal i rith an lae.
fána slope
" Tháinig mé ar bheirt bhan óga as Sasana a bhí ag fánaíocht leo fosta.
ar chum sé ceol fána gcoinne has he written music for
" Agus cá mhéad dráma ar chum sé ceol fána gcoinne? Dosaen? Scór? Níl a fhios aige.
é féin a réiteach fána choinne to prepare himself for it
" Shleamhnaigh sé ceist chrua isteach sula raibh seans ag Ian é féin a réiteach fána choinne: "An bhfuil aon phleananna agat, a Ian?" "Cionn is go bhfuair páirtí s'agamsa an méid is mó vótaí sa toghchán seo, is muidinne anois an rialtas.
réidh fána choinne ready for it
" " Ach cad faoi dhaoine a bheadh ag teacht anseo de bharr nach bhfuaireadar leas sóisialach sa Bhreatain Mhór? "Bhuel, má tharlaíonn sin caithfimid a bheith réidh fána choinne.
buartha fána chás worried about his situation
" Dá bhfaigheadh Tohill an ghríosáil chéanna agus é i stáisiún póilíní, is beag aontachtaí a bheadh buartha fána chás.
fánaí slopes
" Tá na fánaí measartha géar agus clúdaithe le beitheanna.
Níl a dhath fána choinne there's nothing for it
" Sa deireadh dúirt Louis: "Níl a dhath fána choinne ach ligean don stoirm siothlú.
ritheann sé le fána it drops down
" Tá bóthar amháin chuig Ulapul, a thagann ó Inbhir Nis trí shléibhte fiáine seasca, ansin ritheann sé le fána go dtí Loch Bhraoin, atá fada leathan.
go dtiocfaidh an tuar fána dtairngreacht arís that their prophecy will be fulfilled again
" Má leanann an freasúra lena bhfaitíos agus mura dtosaíonn siad ag treabhadh a ngort féin, beag beann ar Shinn Féin, tá an baol ann go dtiocfaidh an tuar fána dtairngreacht arís.
fána sciatháin under their wings
" In olltoghchan na bliana sin, leis an ngaoth ón mBinse Fiosraithe Mairteola fána sciatháin, ghnóthaigh Páirtí an Lucht Oibre 33 suíochán agus ba é Dick Spring Tánaiste Albert Reynolds.
neirbhíseach fána mbeidh le léamh sa tuarascáil nervous about what will be contained in the report
" Is léir go bhfuil Rialtas na Breataine neirbhíseach fána mbeidh le léamh sa tuarascáil.
ag sciorradh le fána sliding down a slope
" Na hurláir ag sciorradh le fána is fios an bhealaigh ag an ngaoth is an fuacht trí gach poillín is scoilt sa tigh.
fánaí sciála ski slopes
" An trealamh ceart Níl Coire an t-Sneachda agus fánaí sciála Chairn Gorm ach uair go leith siúil ón charrchlós agus téann na céadta dreapadóir ansin, mé féin ina measc.
Imeacht le fána atá romham anois go ceann scríbe. I'll be going downhill from now until my destination.
" Imeacht le fána atá romham anois go ceann scríbe.
an fána is géire ar domhan the steepest slope in the world
" San áit sin, a d’ainmnigh inimircigh Albanacha, tá sráid, Baldwin Street, a bhfuil an fána is géire ar domhan aici, deirtear (luaitear í i sa *Guinness Book of Records*).
anois ag teacht ar leigheas fána choinne. now there is a remedy for it being discovered
" Tá cuid mhór daoine sa taobh ó dheas den tír buailte go trom leis an Corcaighzheimers – chan an CorkExaminers, ach an ceann eile, a ndeirtear faoi go bhfuiltear anois ag teacht ar leigheas fána choinne.
nach bhfuil aon chomhad speisialta ann fána choinne? when there's no special file for it?
" D'ainneoin sin, deir siad nach bhfuil aon taifead acu i leith líon na dtithe a bhfuil coinníoll teanga leagtha orthu nó ainmneacha na n-eastát a bhfuil socrú dlí déanta acu leis an Chomhairle Chontae faoin choinníoll, nó go deimhin iad siúd nach bhfuil! An bhféadfadh sé seo a bheith fíor? Cén dóigh ar féidir póilíneacht cheart a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an choinníll nuair nach bhfuil aon chomhad speisialta ann fána choinne? Ón bhliain 2003, cuireadh aon iarrthóir is tríocha faoi agallamh i nGaillimh agus bhain ceithre dhuine is fiche an caighdeán amach mar atá leagtha síos sna haontaithe dlíthiúla.
fána speisialta sciála a special ski slope
" Duine ar dhuine, b’éigean dúinn dul síos fána speisialta sciála a bhí socraithe do thosaitheoirí agus roghnaigh na teagascóirí na ranganna cuí dúinn.
a bhí orm sciáil síos fána liom féin I had to ski down a slope on my own
" Chuir sé i gcuimhne domh an t-am sin a bhí orm sciáil síos fána liom féin sa dóigh is go dtiocfadh leis na teagascóirí a mheas cé chomh *shite *agus a bhí mé.
le fána downhill
" Ní insíonn an ceamara bréag, mar a deir an seanfhocal, ach tá conspóid ar bun anois faoi iontaofacht pictiúr clúiteach amháin a ghlac Capa a thaispeáineann mílísteoir Spáinneach ag rith síos le fána á scaoileadh le hurchar agus é ag titim sa ghleo.
fána sciathán under his wing
" Caitheann sí mí fá réim cheimice san otharlann tar éis na sochraide, go dtí go dtógann a teirpeoir chéile fána sciathán féin mar othar í.
fánaí wayfarer
" Bhí bannaí ceoil agus grúpaí damhsa ar gach taobh díom ag batráil mo dhá chluais; bhí mé bodhraithe ag bodhráin, ag boscaí, ag bainseonna; mé ag iarraidh an chluas bhodhar a thabhairt do na bodhráin a bhí dá mbualadh ar gach taobh díom agus do The Bould O Donoghue, Ceann Comhairle na Dála agus fánaí clúiteach thar fhánaithe clúiteacha Theach Laighean a a bhí ag rith thart ó stáitse go stáitse ag óráidíocht ar áilleacht an cheoil agus ar shaibhreas an chultúir agus ar an tábhacht a bhain le cuireadh a thabhairt dó ar ais chuig Irish Fest 2010.
le fánaí downhill
" Chuir an balla deireadh leis na turasanna chuig The Key, an chippy ba chóngaraí don teach s'againne, le turasanna siopadóireacht - bhí i bhfad níba mhó siopaí ar Bhóthar na Seanchille ná a mar a bhí ar Bhóthar na bhFál - agus chuir sé deireadh leis na rásaí guider - carbaid de dhéantús baile a rinne muid as adhmad, rotha agus sreang! Rachadh na guiders síos le fánaí isteach go Sráid Cupar ar an taobh ‘Protastúnach’ den deighilt.
Fána under their
" Fána smacht siúd tá an stíobhard, na seirbhísigh, na hoibrithe, na sclábhaithe feirme.
fána láimh by him
" An Cur Chuige Cheisteach Arbh í iníon an Dochtúra a leag an bobghaiste dó, mar díoltas as a mí-úsáid fána láimh? Tá an Dochtúir i gcaidreamh fuarghnéis leis an mbean chabhrach bhocht, a tháinig chun cónaithe leis tar éis bhás a mhná i luí seoil.
fána slope
" com/watch?v=n6EnVsfSBdI) Téann seantramanna na cathrach thar bharr an chnoic seo, agus thar ceann de na radharcanna is cáiliúla sa chathair, déarfainn: an chuid sin de Lombard Street a lúbann siar is aniar le fána an chnoic.
tuar fána thairngreacht it has come to pass as he told it
" Ach tá an chosúlacht ar an scéal anois go dtiocfaidh an tuar fána thairngreacht i ndeireadh thiar thall.
le fána downhill
" Caithfidh ceannaire gach pobal atá i mbaol, “socht” a rá, táimid ag dul síos le fána in ionad suas, beidh deireadh iomlán leis an teanga mura ndéanfa muid dianbhearta éigin”.
fána choinne for it
" Tá iasacht de nach mór billiún €uro á cur ar fáil ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta fána choinne, ach tá an fhadhb chomh forleathan.
fhána leitreach a hillside slope
" Thóg an suíomh *“38 Degrees”* air féin mar ainm toisc gurb é sin an fhána leitreach a theastaíonn le maidhm shneachta a ghiniúint, ach ar ndóigh is maidhm dhaoine atá á chruthú anseo, iad ag bogadh mar ghluaiseacht ollmhór ar son cúiseanna éagsúla.
fánaí sciála ski slopes
" Theastaigh uainn uile a bheith amuigh ar na fánaí sciála an chéad rud an mhaidin dár gcionn.
fána lile Cásca with his Easter lily
" 
Ar an 26u Márta 2007, chonaic muid Ian Paisley agus Gerry Adams fána lile Cásca, ina suí le chéile, a gcomhghleacaithe sinsir thart orthu agus iad ag fógairt go mbunófaí feidhmeannas ag Stormont ar an 8ú Bealtaine, feidhmeannas ina mbeadh náisiúnaithe agus aontachtaithe ag roinnt cumhachta lena chéile.
réitithe fána coinne organized for her
" Is brídeog úr í Justine (Kirsten Dunst) atá dhá uair a chloig déanach don mbainis a bhí réitithe fána coinne i dteach galánta chéile a deirféar.
fána gcoinne to cater for it
" Anois, ní féidir áit mór go leor a fháil fána gcoinne, an damhsa agus an amhránaíocht.
fána choinne for it
" Cé a dúirt go raibh saol banríona furasta? Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí ceiliúrtha, bhí Comhdháil na hEocairiste ann i mBaile Átha Cliath i lár na míosa, agus bhí na mílte ag tarraingt ar Pháirc an Chrócaigh fána choinne – cuid mhór de na daoine cinnte gur léirsiú a bhí ann, eagraithe ag Caitlicigh Chumann Lúthchleas Gael, in éadan na gcluichí Gallda a bhí dá n-imirt sa Pholainn agus san Úcráin.
fána gcultacha Domhnaigh in their Sunday attire
" Ní na fir mheánaosta fána gcultacha Domhnaigh agus bróga snasta, meirgí an *Royal Black Institution* á gcaitheamh go bródúil acu - bhí cuma amaideach, áiféiseach thruacánta orthu sin leis an fhirinne a dhéanamh, a seicteachas folaithe in éide na measúlachta - ach ar na buíonta a bhí mar thionlacan acu agus an drong a bhí á leanstan.
fána chloigeann caomh around his fine head
" Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin san fhómhar, chomh tiubh géar agus a nocht ball bán ar an lá, ghléas Balor é féin fá choinne an tsiúil: clogad crua fána chloigeann caomh, dlochtán creamha ceangailte go docht thart ar a mhuineál, sciath titanium crochta lena thaobh, claíomh géar na lainne glaise ina láimh dheis agus dhá gha ina dhóid eile.
a fágadh fána anáil lofa who were left to his rotten influence
" Rud nár dhein An tAthair Lawrence Murphy dóibhsean a fágadh fána anáil lofa i suanlann na mbuachaillí i St.
leis an fhána chrochta down the steep slope
" Ar aghaidh linn trasna an iomaire go Binn Mhór agus Binn Ramhar sula ndeachaigh muid leis an fhána chrochta go Mám Éan, mar a mbíonn Turas an Tobair faoin Chargas 7 faoi Dhomhnach Chrom Dubh.
thug aghaidh le fána started downhill
" 15 agus thug aghaidh le fána ar an rothar isteach bóthar Mhionlaigh.
a scoilt fána choinne to split to that end
" Chinn na hantoiscigh gan airgead ar bith a cheadú don rialtas go dtí go gcuirfí stad leis an mbille sláinte, agus bhíodar sásta an Páirtí Poblachtánach a scoilt fána choinne.
neart ama fána choinne sin plenty of time for that
" Ná bacaimis le reductio ad Hitlerium, an '*What about the IRA?*’ Tá agus beidh neart ama fána choinne sin ach ná druidimis ar súile d'fhaillí an Stáit ach oiread.
an tuairisceoireacht a dhéanamh fána gcoinne to do the job for them
" B'fhéidir go raibh siad ag fanacht le John Ware ón chlár Panorama theacht anall agus an tuairisceoireacht a dhéanamh fána gcoinne.
fána choinne for it
" Bhí pianó nach raibh spás ag aintín de chuid Úna fána choinne acu agus ba ghnách leis na páistí a bheith ag súgradh air sin - ní ag seinm - nuair a bhí siad an-óg.
ar a laghad fiche troith síos le fána at least twenty foot of a descent
" Ag doras an tséipéil, a bhí ar a laghad fiche troith síos le fána, bhí dealbh mhór den easpag déanta as cré-umha ag seasamh ansin le cuma an-sollúnta air.
a raibh fánaí géara which had a steep slope
" Dá mbeadh sioc á thuar chuirimis uisce ar na casáin a raibh fánaí géara leo agus bheadh sleamhnán iontach sciorrach againn an lá dár gcionn.
fána cheantar dúchais about his native area
" Cad é chomh maith is a bheadh sé go mbeadh amhráin fir a tógadh ina measc agus a scríobh amhráin fána cheantar dúchais - Cyprus Avenue.
coinnigh súíl amach fána choinne keep an eye out for it
" Tá a scéalta á n-inse faoi láthair sa dráma Shreiking Sisters - coinnigh súíl amach fána choinne.