Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag fánaíocht leo wandering away
" Tháinig mé ar bheirt bhan óga as Sasana a bhí ag fánaíocht leo fosta.
ag fánaíocht thart wandering around
" Mar sin, bhí mé ag fánaíocht thart ar feadh tamaillín sula bhfuair mé é.
cead fánaíochta right to roam
" ) Ach i ndeireadh thiar thall má tá an rialtas dáiríre faoi chúrsaí sláinte is turasóireachta níor mhór “cead fánaíochta” a achtú, a chiallódh nach mbeadh aon srian ar chearta an tsiúlóra.
ag fánaíocht wandering
" Is leis na Trioblóidí céanna a bhaineann formhór na bpictiúr ó na seachtóidí agus na hochtóidí, go leor acu ag léiriú coimhlinte, scriosta agus foréigin agus, ar ndóigh, is iad na híomhánna is truamhéalaí na cinn a léiríonn na gnáthdhaoine: páistí ag súgradh, déagóirí ag fánaíocht thart timpeall na sráideanna briste brúite.
cead fánaíochta wandering rights
" Ar ndóigh, ní raibh aon imní orainn faoi fhadhbanna rochtana nuair a thosaigh muid ár dturas – tá léarscáil le fáil saor in aisce ón oifig turasóireachta a bhfuil na bealaí eagraithe siúlóide air agus tá cead fánaíochta sna sléibhte.
an fhánaíocht the drifting
" Tá deireadh leis an fhánaíocht ó thír go tír ag na sluaite fear iarann a mhúnlaigh an dealbhóir Anthony Gormley agus an scéal amuigh, i ndiaidh conspóide a bhí teasaí go leor in amanna, nach i dtíortha i gcéin a bheidh siad ag cur fúthu go buan ach i ndúiche an dealbhóra féin ar bhruach an Mersey i Sasana.
ag fánaíocht wandering
" Agus é óg, bhíodh sé ag fánaíocht go minic le buachaillí eile ar na haillte agus ar na cladaigh charraigeacha.
fánaíochta wandering, rambling
" Áit le Síneadh Siar Níl in óstán do roinnt daoine ach áit le síneadh siar tar éis lá mór fada fánaíochta i gceantar coimhthíoch.
cearta fánaíochta right to wander
" Ainneoin seacht mbliana a bheith caite aige ina Roinn, mar shampla, níl iomrá ar bith ar réiteach san aighneas idir siúlóirí sléibhe is feirmeoirí maidir le cearta fánaíochta.
ar fánaíocht wandering
" Táimse féin ag blagadóireacht, cuirim i gcás, ó 2003 nuair a tháinig mé ar bhlag de thaisme is mé ar fánaíocht síos ascaill an eolais tráthnóna amháin.
fánaíochta wandering
" 43c an nóiméad a ghearradh mar tháille fánaíochta ar scairt ghutháin in aon ceann de thíortha an AE.
fánaíochta ramle
" Freagracht an Aire Ainneoin breis is seacht mbliana a bheith caite ag Éamon Ó Cuív ina Roinn, níl iomrá ar bith ar réiteach san aighneas idir siúlóirí sléibhe agus feirmeoirí maidir le cearta fánaíochta, ná baol air.
ag fánaíocht adrift
" Má théann an cnoc oighir ag fánaíocht san aigéan mór, beidh sé i bhfad rómhór aon athrú slí a chur air, fiú ag na comhlachtaí ola a mbeidh a n-ardáin ola sa tslí roimhe, amuigh ó chósta Thalamh an Éisc.
ag fánaíocht wandering
" Nuair a bhí oifigigh an CAI ag mionscrúdú an scéil sa Roinn Airgeadais, bhí Brian Cowen ag fánaíocht fá Árainn Mhór ag cuartú vótaí.
treibheanna fánaíochta nomadic tribes
" Is treibheanna fánaíochta iad an mhuintir Masai a chónaíonn sa cheantar teorann idir an Chéinia agus an Tansáin.
fánaíocht wandering
" Agus mé ag fánaíocht timpeall na háite, thugas faoi deara suíochán greamaithe den bhalla, 10 méadar os cionn an fhlúma sa pháirc siamsaíochta.
táillí fánaíochta travel charges
" (Cuireann an dea-aimsir spionnadh ceamradóra orainn ar fad agus bhí a leithéid againn in Éirinn cheana féin i mbliana, creid é nó ná creid!) Úsáidim féin ceamara an ghutháin don chuid is mó ach mar a scríobh tráchtaire amháin ar alt faoi fógairt críoch Flip, ceamara beag físe, “Go minic ní fiú na táillí fánaíochta le fóin nuair atá tú ar saoire.
ar fánaíocht wandering
" Tá sé báite i linn a leadráin féinig, ar fánaíocht i mBleá Cliath na náideanna, rollaire siopadóireachta de shíor lena chois.
fánaíochta rambling
" Bhí siad ag tabhairt dúshláin do thiarnaí talún a bhí ag iarraidh stop a chur lena gcuid fánaíochta.
an fhánaíocht the travelling life style
" Tá tagairtí sa leabhar seo do ghairmeacha beatha a raibh an fhánaíocht ag baint leo go minic agus atá dearmadta le fada – lucht déanta sreangáin agus díoltóirí tae agus tobac, coirpigh agus striapacha, oibrthe lása, gréasaithe, súdairí, déantóirí folt bréagach, agus déantóirí pinn.
Níor thaithin an fhánaíocht leis na coilínigh the colonists didn’t like travelling
" Níor thaithin an fhánaíocht leis na coilínigh agus shocraigh siad deireadh a chur leis.
costais mhóra fánaíochta high roving charges
" (Níl gnóthaí teileachumarsáide mar chuid den Mhargadh Aonair faoi láthair, sin é an fáth a bhfuil costais mhóra fánaíochta san Eoraip).
saoirse fánaíochta ar thalamh ard freedom to walk the highlands
" Nuair a bhí Eddie Downey ón IFA ag caint, shílfeá gur naimhde iad, turasóirí faoin tuaith! Níl aon saoirse fánaíochta ar thalamh ard in Éirinn mar atá i dtíortha eile, agus is léir go bhfuil daoine mar Eddie Downey tiomanta rudaí a choinneáil mar seo, cé go bhfuil sé ag déanamh dochair dóibh féin agus don tír trí chéile.
cearta fánaíochta rambling rights
" Is é an rud atá de dhíth, go práinneach, ná reachtaíocht shimplí, shoiléir (cosúil le hAlbain) chun cearta fánaíochta a thabhairt do dhaoine sa tír seo.
cearta fánaíochta rambling rights
" Ní thig leis an tír seo teacht i dtír ar thurasóireacht siúlóide gan dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann le cearta fánaíochta dar le Breandán Delap