Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
féachadh air it was looked upon
" Ní scrúdú ródhian a bhí ann ach féachadh air mar chéim thábhachtach i saol an dalta - chuir sé in iúl go raibh deireadh ag teacht le ré amháin agus go raibh tús á chur le ceann eile.
Féachaimis let's see
D'fhéach sé a cuisle he felt her pulse
" D'fhéach sé a cuisle, chuir sé a lámh go héadrom ar a croí agus ba léir go raibh geit bainte as.
féachadh go mioscaiseach air he was looked at spitefully
" Ach féachadh go mioscaiseach air le súile crosta.
D'fhéach na saighdiúirí the soldiers tried
" (Bhí an t-ádh dearg liom éalú ón tír; cuireadh stop le heitiltí isteach agus amach ó La Paz go gairid i ndiaidh dom fágáil!) D'fhéach na saighdiúirí leis na hagóideoirí a chur faoi chois le gás agus scaoil siad leo.
agus go bhféachfar air amach anseo and that it'll be regarded in the future
" Is cinnte go mbeidh an tionchar céanna ag albam úr John Spillane agus Louis de Paor, *The Gaelic Hit Factory*, agus go bhféachfar air amach anseo mar shaothar éachtach.
go bhféachfadh an pobal orthu that the public would look at them
" Tá costas ard ag baint le hiad a fhostú agus, lena chois sin, níor mhaith leis go bhféachfadh an pobal orthu mar ghrúpa atá ar iasacht aige ó cheoltóir eile.
d'fhéach siad le hí a chur chun cinn they sought to promote it
" “Bhí múinteoirí den scoth ann; chuir siad cuid mhór béime ar an teanga agus d'fhéach siad le hí a chur chun cinn sa scoil agus sa cheantar.
D'fhéach sé isteach idir an dá shúil orm, he looked me in the eye
" D'fhéach sé isteach idir an dá shúil orm, agus d'fhreagair os ard: "*Do I look like a fucking tourist guide*?" M'anam, nár bhreathnaigh.
d'fhéach sé le he tried to
" Bhí Lincoln móraigeanta agus flaithiúil nuair a bhuaigh sé, agus d'fhéach sé le guth a thabhairt do gach dream i ndiaidh na coimhlinte.
féachaim I check
" An bhfuil sé úr nó fuar nó tirim? An bhfuil boladh na gceimiceán le mothú uaidh nó an bhfuil lorg an adhmaid le mothú uaidh go fóill? Osclaím arís ansin é agus féachaim an clár.
bhféachfar le tries
" Míníonn sé cad atá i gceist aige: an bealach a n-imrítear an pheil anois ná go mbeireann imreoir greim ar an liathróid, ritheann, iompraíonn í chomh fada agus is féidir, cuireann ar aghaidh, cliathánach nó siar í ar an seachadadh láimhe chuig leathbhádóir a dhéanann an rud céanna agus ar aghaidh mar sin go dtí go bhféachfar le scór a aimsiú nó go sciobfaidh, nó go ‘ngoideann’, an freasúra an liathróid.
Fíric Féachta a fact tested
" ” Seans go bhfuil daoine ann a chreideann a leithéid ach más amhlaidh atá an scéal, céard a thugtar ar cheantar tíre cosúil le Ros Muc nó Rann na Feirste, ceantar ina úsáidtear Gaeilge mar ghnáth-theanga cumarsáide i measc formhór an phobail, mar gur teanga na háite í? Fíric Féachta Dúirt ionadaí ón eagraíocht Pobal os comhair an Chomhchoiste, go mba ‘fíric’ é go raibh an Ghaeilge níos láidre in oirthear na tíre ná mar atá sé in iarthar na tíre.
Féachfaimid le we shall try
" Féachfaimid le gníomh éicin eile a dhéanamh lenár linn féin, cibé céard a bheas ann féin, - í a labhairt i ngach áit, is dóigh, í a spreagadh i measc lucht an Bhéarla, í a thabhairt don óige - ach déantar é! ‘*Their mission begins in their own heart and consciousness.
Féach for example
" Féach Corn na hEorpa 1978, LFC in aghaidh Club Brugge KV: 40 pingin ar an chlár agus £6 ar an ticéad! B’aoibhinn a bheith beo an t-am sin! Ach anois £40 atá an cead isteach, má atá tú in innimh ticéad a fháil a chor ar bith! Gnó Móide Gnéithe Eile ========== Club áitiúil a bhí ann 40 bliana ó shin, do dhaoine nach raibh saibhir ach a raibh paisean ina gcroí faoin sacar.
Féach check out
féachta tried
" Níl an t-ollbhéile sin (meascán stobhaigh, dinnéar na Nollag agus putóg plúir, go bhfios dom!) blaiste agam go fóill, agus b’fhearr dom mar sin gan aon cheo a scríobh faoi go dtí an lá a mbeidh sé féachta blaiste agam – ach deirtear liom gur béile geimhridh fíor-Bhriotánach é, agus go gcaithfear an lá ar fad a chaitheamh sa chistin lena ullmhú.
d’fhéach sí she tried
" Chomh maith leis sin, d’fhéach sí lena glór féin a úsáid mar ábhar ina saothar.
Féach for example
" Féach gur dhúirt Na Stuckists, gluaiseacht ealaíne atá in éadan ealaíne coinceapaí, nach raibh an duais tuillte ag Philipsz mar nach fíorealaín a bhí ann ar chor ar bith agus nach raibh ann ach duine ag canadh i seomra folamh.
Ní fhéachfainn I wouldn't look
" **SMM: Nuair a shéan lucht vótála thú do shuíochán arís i nDáil Éireann sa bhliain 2007, san am a raibh na vótóirí céanna ag tacú le polaiteoirí a mhill agus a bhochtaigh an tír seo, cad a chomharthaíonn a leithéid? Go bhfuil na daoine aineolach? Go bhfuil na daoine chomh dona lena gcuid máistrí, gur cuma leis an bpobal vótála gach ní ach a dteach féin agus a morgháiste féin? Cén míniú atá agat féin ar an diúltú ó am go chéile mar sin?** SÓhU: Ní fhéachfainn air mar sin in aon chor i ndáiríre.
féachtar orthu they are seen
" Is beirt ollmhór iad i saol na healaíne idirnaisiúnta agus féachtar orthu mar cheannrodaithe in ealaín nua-aoiseach Mheicsiceó.
nár féachadh leis it wasn’t attempted
" Nuair a tháinig deireadh le fiannas Fhórsaí Cosanta na hÉireann i ndeisceart na Liobáine, is é an feall nár féachadh leis an chomhthuiscint agus an tsaintaithí sin a fuair oifigigh na hÉireann sa Mheán-Oirthear a chur i bhfeidhm ar mhaithe le comhthuiscint idirnáisiúnta.
nuair a fhéachfar le when it attempts
" Beidh an daonlathas a bhronnann Bunreacht na hÉireann ar mhuintir na tíre seo ina chonstaic ar bheartais an AE nuair a fhéachfar le tíortha an AE ar fad a mhúnlú ina leac umhal gan mhothú.
D'fhéach siad le they tried to
" D'fhéach siad le smacht an Pháirtí Chumannaigh ar mhuintir na Seicslóvaice a threisiú.
féach an nasc look at the link
" ie; féach an nasc de leataobh anseo.
d’fhéach le cabhair a thabhairt do tried to help
" Tionscadal a bhí ann a d’fhéach le cabhair a thabhairt do dhaoine óga a bhí ina gá trí féinmheas agus féinmhuinín a chothú iontu.
d’fhéach mé gach cineál cleasa mar sin I tried every such sort of trick
" Ba ghnách liom iad a thabhairt amach ag deireadh na seachtaine, ag campáil is ag brúnna agus d’fhéach mé gach cineál cleasa mar sin leo.
féach, cuirim i gcás i mbliana féin take for example even this year
" Feictear saibhreas agus bunúlacht ina shaothar, agus b'shin an fáth gur thaitin Ó Nualláin linn agus tá suim fós ina shaothar, féach, cuirim i gcás i mbliana féin, an fhéile nua faoin scríbhneoir a thosaigh ar an Srath Bán i dTír Eoghain! Bhí ainm cleite eile ag Ó Nualláin ina shaothar grinn mar cholúnaí, an Cruiskeen Lawn, (an t-ainm is barrúla is dóigh), Myles na gCopaleen.
Féachadh was tested
" Féachadh teicneolaíocht chogaidh na hIaráin roinnt leis na heitiltí ‘spiadóireachta’ agus leis an ionsaí ar Stiall Gáza.
bhféachtar ar inimircigh mar immigrants are viewed as
" Is léir go bhféachtar ar inimircigh mar dhream ar féidir breis airgid a fháscadh as.
nach bhféachtar ar an ngrá mar bhraistint love is not seen as a perception
" Is é an toradh a bhí ar an athrú bunúsach seo nach bhféachtar ar an ngrá mar bhraistint nó mar mhothúchán i gcónaí ar na saolta seo, mothúchán idirphearsanta a raibh luach sainiúil aige, as féin, tráth.
a fhéachann le daoine atá ar seachrán óna chéile a chur a dteagmháil arís which tries to put people in contact who have be estranged from each other
" Searc nach Searcfar ======= I ndiaidh blianta fada agus Luigi anois ina bhaintreach, shocraigh sé scríobh chuig an chlár teilifise Rúiseach, ‘Zhdi Menya’ (‘Fan Liom’), a fhéachann le daoine atá ar seachrán óna chéile a chur a dteagmháil arís.
d’fhéach sé aníos orm he looked up at me
" Chuir sé a dhá láimh thart ar mo ghlúin agus d’fhéach sé aníos orm agus dúirt: “Céad míle fáilte go hÉirinn.
a fhéachann ar an scannánaíocht which views film
" Go bunúsach, is éard atá faoi Haneke a dhéanamh ná an dearcadh status quo sin a fhéachann ar an scannánaíocht mar ghné éadrom siamsaíochta a bhriseadh as a chéile agus feidhm níos bunúsaí agus níos dáiríre a bhronnadh ar an bhfoirm ealaíne seo in athuair.
féach an cuileog look at the ply
" “Ó féach an cuileog,” arsa an Corcaíoch.
D’fhéach préacháin Sheandúin anuas air the crows of S. looked down on him
" D’fhéach préacháin Sheandúin anuas air go fuarchúiseach.
D’fhéach mé go cliathánach ar I looked sideways at
" D’fhéach mé go cliathánach ar an stráinséara gan siolla a rá.
níor fhéach os cionn leath den phobal riamh more than half of the people didn’t view
" De réir an athbhreithnithe, níor fhéach os cionn leath den phobal riamh ar chlár ar TG4.
D’fhéach sí ar an gclár she looked at the program
" D’fhéach sí ar an gclár agus thug sí cead dá comhairleoir an íomhá sin a úsáid ina haitheasc mór.
d’fhéach siad iad uilig they tried them all
" Penalty Shoot Out, Shot Stopper, Pass Master, d’fhéach siad iad uilig agus thaitin siad go mór leo.
go dtí go bhféacha tú thú féin till you check yourself
" Ní bheidh a fhios agat go dtí go bhféacha tú thú féin leis na cúraimí sin.
Féach an chuma óg observe the young appearance
" Féach an chuma óg atá air! Féach na fáinní móra órga ar a mhéara is a Rolex órga… Go mbeirimid beo ar an am seo arís! <http://youtu.
Féach sna naisc ar dheis check the links on the right
féach sna naisc ar dheis see the links on the right
" Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an mblagadóir Laura Bates agus ag an tionscadal ar líne 'Everyday Sexism' (féach sna naisc ar dheis), tionscadal nua-aoiseach ina dtugtar aird ar scéalta mná atá céasta ag an ngnéasachas.
féachtar ar are viewed
" Le sé mhí anuas faigheann an suíomh 6-7,000 cuairteoir uathúil an t-eagrán agus féachtar ar bheagnach 30,000 leathanach gach mí.
Féach an nasc ar dheis check the link
d’fhéachainn amach ar an bhfuinneoig (as) I’d look out the window
" Nuair a dhúisínn gach maidin sa Ghaeltacht, d’fhéachainn amach ar an bhfuinneoig agus d’fheicinn mé an Éire úd, Éire na seanchártaí poist, b’fhéidir le hais radharc na cathrach abair, mar an tseoid luachmhar atá fós ann agus a bhí linn inár gcroí is inár n-aislingí sular bhaineamar an áit amach.
féachadh tested
" Molann sé a bheith ar d’fhaichill nó is posóid é nár féachadh i gceart go fóill an dáileog a dhíolfar leat.
a d’fhéachfadh snáithe na matán which would test his muscle fibre
" Tar éis am fada traenála thug Brian Ó Broin faoi dhúshlán san ardchathair a d’fhéachfadh snáithe na matán agus miotal a mhisnigh.