Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nárbh fhéidir leo na maslaí a thuiscint they couldn't understand the insults
" Níl Béarla acu agus an rud maith faoi sin ná nárbh fhéidir leo na maslaí a thuiscint.
Ní féidir leat an craiceann is a luach a bheith agat You can't have it both ways
" Ní féidir leat an craiceann is a luach a bheith agat.
níorbh fhéidir liom gan géilleadh don chathú I couldn't resist the temptation
" Nuair a bhí mé ansin ag an Cháisc, níorbh fhéidir liom gan géilleadh don chathú, agus chinn mé ar lá a chaitheamh ar Inis Meáin.
ní féidir a shéanadh it can't be denied
" Ach ní féidir a shéanadh go ndearna sé éacht ina dhiaidh sin féin.
Mura féidir leat damhsa ní féidir leat iomáint If you can't dance, you can't play hurling
" Dúirt fear eile liom, fear a chaith a shaol ar fad geall leis ag teagasc scileanna na hiomána do ghasúir: "Mura féidir leat damhsa ní féidir leat iomáint".
Is féidir iad a choinneáil gan triail they can be held without trial
" Is féidir iad a choinneáil gan triail anois go ceann bliana.
ar féidir MOX a chriogadh that MOX can be given a rap
gur féidir na fadhbanna a shárú that the problems can be overcome
" Ach measann Martin McGuinness gur féidir na fadhbanna a shárú.
ní féidir le RTÉ an dá thrá a fhreastal RTÉ can't do two things at once
" Ceart go leor, ní hiad is measa, ach ní féidir le RTÉ an dá thrá a fhreastal.
is féidir leat éirí bréan de you can get sick of it
" Sin atá á dhéanamh agam i láthair na huaire, an ceol lánaimseartha, agus mé ag baint craic iontach as in éineacht le lads iontacha! AÓF: An dtaitníonn sé leat a bheith ag taisteal thart? OMD: Is iontach an rud é an taisteal ach, cosúil le gach rud, is féidir leat éirí bréan de nuair a bhíonn turas rófhada á dhéanamh agat thar lear.
Níorbh fhéidir liom I wasn't able to
" Ag an am bhínn ag cleachtadh mo chuid Gaeilge le cara meánscoile de mo chuid as an Róimh ach thit sé i ngrá leis an mhúinteoir agus phós siad tar éis sé mhí, rud a chuir deireadh leis na ranganna! Níorbh fhéidir liom múinteoir eile a fháil ar chor ar bith, mar sin bhí mé sé bliana gan Gaeilge ar bith.
gur féidir léitheoirí a mhealladh that readers can be attracted
" Tá sé cruthaithe ag *Beo!, *a bhfuiltear ag tabhairt suas le 70,000 cuairt sa mhí air faoi láthair, gur féidir léitheoirí a mhealladh chuig foilseachán Gaeilge atá ar fáil ar an idirlíon.
chomh fada agus is féidir as much as possible
" Déanaim iarracht chomh fada agus is féidir mo chuid oibre a fhágáil anseo nuair a théim abhaile.
ní féidir é a roinnt le do chairde you can't share it with your friends
" Ní féidir leat an ceol a sheinm ach ar thrí ríomhaire éagsúla (mar sin ní féidir é a roinnt le do chairde), agus ní féidir leat albaim phearsanta de do chuid féin a chur ar dhlúthdhiosca ach deich n-uaire.
le tairiscint nárbh fhéidir a dhiúltú with an offer that couldn't be refused
" Nuair a tháinig Valentia ar an bhfód, le tairiscint nárbh fhéidir a dhiúltú, fuair mé amach go raibh iachall orm mo chuidse scaireanna a dhíol leo, ar phraghas níos lú ná mar a d'íoc mé.
ní féidir a seachnadh she can't be avoided
" " Ní saol furasta é bheith i d'fhile i dteanga mhionlaigh, ach, mar a deir Gearóid fán Ghaeilge, "glaonn sí ort, ní féidir a seachnadh, bíonn sí i gcónaí ar foluain os do chionn.
nach féidir a sheachaint that can't be avoided
" Is deacracht é sin nach féidir a sheachaint.
ní féidir a shéanadh it can't be denied
" Mar sin féin, ní féidir a shéanadh gur cúis imní an-mhór é fós do roinnt mhaith daoine an drochbhail atá ar go leor de ghnáthmhuintir na hIaráice.
is féidir leagan saor in aisce a íoschóipeáil you can download a free copy
" I gcás an chláir ríomhphoist Eudora, mura bhfuil fonn ort íoc as nó má theastaíonn uait triail a bhaint as ar dtús, is féidir leagan saor in aisce a íoschóipeáil.
Ní féidir a shéanadh it can't be denied
" Ní féidir a shéanadh go raibh an-fhadhb ag an tír san am a chuaigh thart, ach anois? "Nílim ag rá nach bhfuil fadhb de shaghas éigin ag Albain a bhfuil cruth seicteach uirthi," arsa an Dr Mike Rosie, socheolaí in Ollscoil Dhún Éideann agus scríbhneoir aitheanta ar an cheist, "agus, cinnte, ní féidir aon rud eile ach 'seicteachas' a lua i gcás bhás Mark Scott.
gur féidir a mholadh that can be praised
" Dá olcas cluiche, feiceann Con rud éigin dearfach ann, dea-imirt nó scór gur féidir a mholadh.
nach féidir a sheachaint that can't be avoided
" Is deacracht é sin nach féidir a sheachaint.
ní féidir a thuar it can't be predicted
" Tá leagan amach úr ag teacht don pholaitíocht aontachtach ach ní féidir a thuar cad é an crut a bheas air Ach sin an pholaitíocht.
gur féidir linn féin a ghiniúint that we ourselves can generate
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Áras? Gan amhras ar bith, i gcás cúrsaí maoinithe is laige é go bhfuil an tÁras ag brath ar mhaoiniú sa bhreis ar an méid gur féidir linn féin a ghiniúint.
ní féidir staonadh ón iarracht the attempt must not stop
" Ach ní féidir staonadh ón iarracht.
is féidir leo eolas a roinnt they can share information
" Toisc go bhfuil na clibeanna seo ag craoladh ag radaimhinicíocht, is féidir leo eolas a roinnt le trealamh atá á léamh laistigh de chúpla méadar.
dob fhéidir it would be possible
" Dá ndéarfadh duine, 'Beidh séasúr drámaíochta ar siúl i mí na Samhna gach aon bhliain nó i mí Aibreáin gach aon bhliain, agus beidh cúig cinn de dhrámaí Gaeilge ar siúl', cuir i gcás sa Phéacóg, dob fhéidir, dar liom, lucht na Gaeilge a thabhairt le chéile nó fuinneamh nó instealladh díocais éigin a chur isteach iontu.
nach féidir a dhul i mo mhuinínse that you can't trust me
" Anois, tusa a bhfuil an tsúil mhaith agat, pioc rud inteacht ansin agus caith anall chugam é nó is léir nach féidir a dhul i mo mhuinínse nuair is ag caint ar éadach atá tú.
más féidir neamhaird a thabhairt ar a gcinneadh if their decision can be ignored
" Cad é is fiú Coimisiún Paráidí más féidir neamhaird a thabhairt ar a gcinneadh, atá náisiúnaithe ag fiafraí.
Ní féidir an dá thrá a fhreastal you can't do two things at once
" Tá réiteach fhadhbanna an lae inniu níos tábhachtaí ná cultúr atá beagnach marbh ar aon nós, nach bhfuil? Ní féidir an dá thrá a fhreastal, mar a deir an seanfhocal.
nach féidir a shéanadh that can't be denied
" An rud nach féidir a shéanadh ná gur i Nua-Eabhrac a cuireadh tús den chéad uair le córas iompair ar scála ollmhór.
más féidir a chruthú if it can be proven
" Tugann an leasú ar an Acht seo cead séadchomhartha náisiúnta a scrios más féidir a chruthú gur chun leas an phobail i gcoitinne a leithéid a dhéanamh.
chomh tiubh géar agus is féidir leo as quickly as they can
" Bíonn impleachtaí ag na drugaí go minic, áfach, fiú dóibh siúd nach dtéann in aice leo riamh - tagann méadú ar an fhoréigean agus ar an ghadaíocht mar nach mbíonn an dara rogha ag na handúiligh ach tuilleadh airgid a aimsiú chomh tiubh géar agus is féidir leo chun drugaí a cheannach.
ar féidir airgead a shíorbhleán uaidh that can be continually milked
" Ní haon Ghlas Ghaibhleann é an státchiste ar féidir airgead a shíorbhleán uaidh agus a chur isteach i soithigh gan tóin ar nós Aer Lingus.
chomh macánta agus is féidir as honestly as is possible
" Ar an mbonn sin, is cóir dúinn ár suibiachtúlacht féin a aithint agus leanúint ar aghaidh chomh macánta agus is féidir ina dhiaidh sin.
nach féidir a mheas than cannot be estimated
" Chomh maith leis an chostas daonna, bhí costaisí eile ann nach féidir a mheas go furasta.
sa gcaoi gur féidir leo an éagothroime sin a cheartú so that they can correct that imbalance
" Tá cuid againn ar thóir an 570 milliún lítear breise sin agus, chomh luath is a aimseofar iad, cuirfear léitheoirí *Beo!* ar an eolas láithreach sa gcaoi gur féidir leo an éagothroime sin a cheartú.
Ní féidir a shéanadh it cannot be denied
" Ní féidir a shéanadh go bhfuil údar clamhsáin áirithe acu.
gur féidir íomhánna a chaitheamh i dtraipisí that images can be cast aside
" Ar an dóigh chéanna, an ndearna an próiseálaí focal scríbhneoirí níos fearr asainn?” Paul Grant, Londain (ó shuíomh gréasáin an BBC) “Ní hionann méid agus fiúntas agus ní cuidiú ar bith é ach oiread gur féidir íomhánna a chaitheamh i dtraipisí nó a chealú go héasca sa cheamara digiteach.
gur féidir na deacrachtaí a shárú that the difficulties can be overcome
" Ach thaispeáin na hAlbanaigh gur féidir na deacrachtaí a shárú agus tá mé cinnte gur féidir linne i nGleann Cholm Cille an rud céanna a dhéanamh.
gur féidir íomhánna a chaitheamh i dtraipisí that images can be cast aside
" Ar an dóigh chéanna, an ndearna an próiseálaí focal scríbhneoirí níos fearr asainn?” Paul Grant, Londain (ó shuíomh gréasáin an BBC) “Ní hionann méid agus fiúntas agus ní cuidiú ar bith é ach oiread gur féidir íomhánna a chaitheamh i dtraipisí nó a chealú go héasca sa cheamara digiteach.
dheamhan mórán gur féidir leat a dhéanamh faoi there isn't much you can do about it
" Ach, mar sin féin, mura bhfuil an t-ádh ort agus mura bhfuil rith an ráis leat, dheamhan mórán gur féidir leat a dhéanamh faoi.
nach féidir a chosaint that cannot be defended
" Tríd is tríd bhí an méid a tharla gránna agus náireach mar ócáid spóirt agus léirigh sé taobh de na cluichí Gaelacha a nochtar ó am go ham agus nach féidir a chosaint.
is féidir leo bailiú leo amach an doras they can leave
" Muna bhfuil siad sásta a bheith ag éisteacht le Gaeilge, is féidir leo bailiú leo amach an doras.
ní féidir iad a sheachaint they can't be avoided
" Agus ní féidir iad a sheachaint toisc nach bhfuil aon chnaipe mearchasta ar fáil.
ní féidir é a sheachaint it can't be avoided
" Má theastaíonn ón bhfoilsitheoir go bhféachfaidh daoine ar fhógra i lár cláir teilifíse, mar shampla, beidh ar dhaoine féachaint ar an bhfógra – ní féidir é a sheachaint.
ní féidir leis na haontachtaithe a shéanadh the unionists can't deny
" Ach, ag an am chéanna, ní féidir leis na haontachtaithe a shéanadh go ndearnadh nithe éagóracha ar a son siúd - dúnmharú san áireamh.
chomh fíochmhar agus ab fhéidir as fiercely as I could
" Is liomsa an gunna agus ní chaithfidh mé amach é, a scairt mé chomh fíochmhar agus ab fhéidir, agus tá mé ag iarraidh rud éigin le hithe, anois láithreach.
is féidir an t-uafás a bhaint amach a great deal can be achieved
" Is tríd an óige sna cathracha agus bailte móra is mó a láidreoidh an Ghaeilge mar theanga, agus is féidir an t-uafás a bhaint amach trí na seirbhísí atá á dtairiscint ag Cumann na bhFiann agus ag na hógeagrais eile.
Níorbh fhéidir leo seoladh they weren't able to sail
" Níorbh fhéidir leo seoladh thar Cape Cod in am don gheimhreadh, ámh, agus shocraíodar dul i dtír ansin.
oiread freagrachta agus ab fhéidir a chruthú i gcúrsaí slándála to create as much accountability as possible in security matters
" Ach dúirt an tUasal Rea go raibh an Bord ag iarraidh oiread freagrachta agus ab fhéidir a chruthú i gcúrsaí slándála agus “gurbh fhearrde an scéal dá mbeadh Sinn Féin ar bord le cuidiú leis an phróiseas sin.
ar féidir comhoibriú leis. with whom one can co-operate.
" Ní bean choimhlinte in aon chor mé, ach chaithfinn a rá, ó thosaigh mé ag obair le *Village*, is é an taithí atá agam ná gur duine é Vincent ar féidir comhoibriú leis.
gur féidir gach rud a chuirtear ar an idirlíon a leanúint go dtí an fhoinse, that everything put on the internet can be followed to the source,
" Más duine tú atá ag déanamh cibear-bhulaíochta ar dhuine eile, ba mhaith liom ceist a chur ort: an bhfuil a fhios agat gur féidir gach rud a chuirtear ar an idirlíon a leanúint go dtí an fhoinse, agus go mbeidh an duine a scríobhann a leithéid freagrach as ó thaobh an dlí de? Sin rud nach bhfuil ar eolas ag daoine áirithe.
is féidir a bhronnadh ar pháistí na linne seo that can be bestowed on the children of today
" Deirim seo mar gurb í an oidhreacht is fearr is féidir a bhronnadh ar pháistí na linne seo agus ar na glúnta atá le theacht ná timpeallacht ghlan fholláin a fhágáil dóibh.
ná nárbh fhéidir cogadh a fhearadh go saor, that war couldn't be waged cheaply,
" An ceacht a d'fhoghlaim Rumsfeld, ach é pas beag déanach anois dó, ná nárbh fhéidir cogadh a fhearadh go saor, mar a bhí ar intinn aige, is cosúil.
mholadar cúlú ón Iaráic chomh sciobtha agus ab fhéidir. they recommended withdrawing from Iraq as quickly as possible.
" Agus mholadar cúlú ón Iaráic chomh sciobtha agus ab fhéidir.
Ní dóigh liom féin gur féidir an méid sin a shéanadh. I don't think that can be denied.
" Ní dóigh liom féin gur féidir an méid sin a shéanadh.
is féidir leis an mbreathnóir a shamhlú the watcher can imagine
" Leis na scórtha ceamaraí, agus fearais nua cheamara agus micreafóin a chrochtar ar shreangáin speisialta cúpla méadar os cionn na páirce féin, is féidir leis an mbreathnóir a shamhlú go bhfuil sé féin i lár na páirce leis na himreoirí.
oiread fuinnimh agus is féidir as much energy as possible
" Tá sé go deas go bhfuil an rud sin ar fad ag dul ar ais, agus rothaí faoi, chuig an áit as a dtáinig sé!” Bí ag faire amach do Thadhg i gCathair na Mart – mar a deir sé féin, “Beidh mise i láthair, ag *swann*áil thart agus an slabhra orm! Seans go mbeidh mé fós i mo shuí go moch ar maidin; ceann de dhualgaisí an Uachtaráin ná oiread fuinnimh agus is féidir a chur isteach san ócáid!” Beidh Oireachtas na Cásca ar siúl i Leitir Ceanainn, Co.
féidir leis an innealra a shroichint. that the machinery can't reach.
" An ceantar thart orm ar nós uibheacha i gciseán – cnoic, cnocáin agus tulacha – iad ar fad faoi choinleach ach go bhfuil corrphaiste caschoille sna clúideacha nach féidir leis an innealra a shroichint.
is ar éigean gur féidir liom an dara hochtach a shroichint. I can barely reach the second octave.
" Lá i ndiaidh lae, sé lá, seacht lá agus fós is ar éigean gur féidir liom an dara hochtach a shroichint.
nach féidir a dhul i mo mhuinínse that you can%u2019t trust me
" Anois, tusa a bhfuil an tsúil mhaith agat, pioc rud inteacht ansin agus caith anall chugam é nó is léir nach féidir a dhul i mo mhuinínse nuair is ag caint ar éadach atá tú.
ní féidir trácht ar an eitlíocht aviation can't be mentioned
" An comhshaolAch ní féidir trácht ar an eitlíocht gan trácht ar a héifeacht ar an chomhshaol.
féidir iad a fheiscint that they can be seen
" Toisc nach mbíonn solas (nó cumhacht aibhléise) ar bith ar siúl tar éis a deich a chlog, agus nach mbíonn mórán feithiclí ar na bóithre, bíonn na réaltaí dochreidte – téann siad an bealach ar fad go dtí bun na spéire, agus uaireanta bíonn siad chomh geal gur féidir iad a fheiscint in uisce na lochanna.
is féidir leat fad do shiúlóide féin a roghnú. you can choose the length of your own walk.
" Iompraíonn báid na paisinéirí ó chuan go cuan agus is féidir leat fad do shiúlóide féin a roghnú.
ar féidir le daoine gnáthchomhrá a bheith acu inti in which people can have an ordinary conversation
" 9% de na daoine sa tír, ach tá an Mhaoiris ar an dara teanga is mó ar féidir le daoine gnáthchomhrá a bheith acu inti (4.
nach féidir í a thuigbheáil. that it can't be understood.
" Nach bhfuil a fhios ag an saol mór go mbíonn dea-Ghaeilge bhlasta na Gaeltachta Gaelaí chomh saibhir sin agus nach féidir í a thuigbheáil.
ní féidir a shéanadh it can't be denied
" Cé go raibh na cluichí sin ar fad ar fheabhas, agus Áth Cliath agus Loch Garman go maith freisin, ní féidir a shéanadh ach gur chlúdaigh na cluichí sin laigí i gcaighdeán na hiomána agus sa chóras.
a luaithe is ab fhéidir as soon as was possible
" ” Agus í ag fás aníos i mbaile a bhí beag, dar léi, ní foláir nó gur theastaigh uaithi an áit a thréigean a luaithe is ab fhéidir agus an domhan mór a bhlaiseadh.
ar féidir suí iontu, which you can sit in,
" Tá locha beaga in Ruaumoko ar féidir suí iontu, mar a dhéanfadh duine i Jacuzzi.
cé gur féidir an radharc a fheiceáil in athuair Even though you can see the scene again
" Sa deireadh, d'éirigh leo an scéal a mharú, cé gur féidir an radharc a fheiceáil in athuair ar YouTube, agus cuireadh an lacha ar fionraí chluiche amháin.
faoinar féidir le fostaithe dul i mbun idirbheartaíochta under which employers can conduct negotiations
" “Work Choices” an teideal atá ar an reachtaíocht seo, faoinar féidir le fostaithe dul i mbun idirbheartaíochta lena bhfostaithe maidir lena gconarthaí aonair fostaíochta.
Is féidir leis a spící a chur amach He can put out his spikes
" Is féidir leis a spící a chur amach agus é féin a dhúnadh isteach chun a rud féin a dhéanamh, is cuma céard atá ag tarlú taobh amuigh.
den chaoi ar féidir leis na micribheoracha dul in iomaíocht go rathúil of the way the microbreweries can compete
" Eiseamláir is ea grúdlann Samuel Adams den chaoi ar féidir leis na micribheoracha dul in iomaíocht go rathúil leis na mórbhrandaí, ach más ea, níl sé leis féin.
nach féidir liom a réiteach which I can't reconcile
" “An rud nach féidir liom a réiteach i m’intinn go fóill ná an dóigh a ndeachaigh teaghlaigh na n-íospartach as radharc.
gur féidir linn cur ina luí orainn féin that we can convince ourselves
" Arís, léiriú ar chumhacht an mhiotais atá ann gur féidir linn cur ina luí orainn féin gur tír dhátheangach í Éire.
ní féidir liom breathnú ar chorp eile. I can't look at another body
" An t-aon rud a rith liom ná ‘ní féidir liom breathnú ar chorp eile.
ar féidir leis truailliú a laghdú which can reduce pollution
" Modh an-choitianta iompair atá sa rothaíocht sna cathracha seo, ar féidir leis truailliú a laghdú agus atá neodrach ó thaobh mhéid an charbóin a scaoiltear.
Is féidir le dídeanaithe iarratas a dhéanamh ar son a c(h)éile refugees can make an application on behalf of their spouse
" Is féidir le dídeanaithe iarratas a dhéanamh ar son a c(h)éile agus ar son leanaí atá faoi bhun ocht mbliana déag d’aois.
ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, he cannot submit an appeal against the decision to an independent bord,
" Má dhiúltaítear d’iarratas atá déanta ag dídeanaí ar son a leanaí, ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil agus an dlí nádúrtha, dar leis an Dr.
chomh dílis agus ab fhéidir as true as possible
" “Theastaigh uaim a bheith chomh dílis agus ab fhéidir do bhrí na véarsaí agus iad á n-aistriú agam.
Más féidir leis é féin a mhargú if he can market himself
" Más féidir leis é féin a mhargú mar chomhréiteach do dhaoine nár mhaith leo vóta a chaitheamh ar son Obama nó Clinton, cá bhfios céard a tharlóidh tar éis an chácais in Iowa.
chun gur féidir leo gníomhaíochtaí dearfacha a thionscain. so that they can initiate positive activities
" Tá ról lárnach ag na hinstitiúidí stáit sa bhainistíocht agus sa phleanáil teanga mar is tríothusan a chuirtear tacaíocht agus treoir ar fáil do na heagraíochtaí agus coistí pobail chun gur féidir leo gníomhaíochtaí dearfacha a thionscain.
nach féidir é a theagasc nó a fhoghlaim. that it can't be taught or learned
" Agus cad faoin mhodh foghlamtha? Chuala mé gur dúirt damhsóir de chuid an tsean-nóis nach féidir é a theagasc nó a fhoghlaim.
is féidir brabhsáil thart timpeall an ábhair atá á lorg agat you can browse around the material you're looking for
" **Suíomhanna gaolmhara**Ní hionann Quintura agus KartOO ó thaobh leagan amach de, ach arís, agus Quintura á úsáid agat, is féidir brabhsáil thart timpeall an ábhair atá á lorg agat agus aimseoidh tú suíomhanna agus eochairfhocail atá bainteach leis an ábhar sin go tapa.
nó cé acu ar féidir linn or whether we can
" Cuireann an fhéile i gcuimhne dúinn gur linne ar fad an Ghaeilge, is cuma cárb as muid nó cé acu ar féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach nó nach féidir! Mar a deir mana na féile, “Croí na Teanga – *It’s You*!”Mar is gnáth, cuirfear tús le clár leathan imeachtaí leis an bhféile a cheiliúradh i rith na seachtainí díreach roimh Lá Fhéile Pádraig.
ábhair éagsúla ar féidir úsáid a bhaint as various other materials which can be used
" Is measc na n-acmhainní a chuireann siad ar fáil, tá ábhar margaíochta, lámhleabhar atá dírithe ar dhaltaí scoile agus ábhair éagsúla ar féidir úsáid a bhaint asle tráth na gceist agus imeachtaí eile a eagrú.
ní féidir feabhas a chur ar an gcaighdeán. the standard cannot be improved
" Maireann meáin chumarsáide chlóite na Gaeilge san fháinne fí sin go síoraí: gan dóthain léitheoirí, ní leor a dteacht isteach; gan dóthain teacht isteach, ní féidir feabhas a chur ar an gcaighdeán.
is féidir iad a bhogadh timpeall go héasca, you can move them around easily,
" Is féidir plandaí agus crainn a chur i do rogha áite agus is féidir iad a bhogadh timpeall go héasca, má theastaíonn uait é sin a dhéanamh.
is ar éigean gur féidir é a chloisteáil it can barely be heard
" Déanaim beagán de a thaifeadadh ar mo ghuthán ach is ar éigean gur féidir é a chloisteáil nuair a éistim leis níos déanaí.
an tslí ar féidir leis na meáin chumarsáide duine a chrá. the way in which the media can hound somebody
" Deir sé nach bhfuil fonn air labhairt ar an taifead faoi Ó Searcaigh agus an chonspóid ar fad a bhí ann maidir lena iompar i Neipeal ach deir sé go dtuigeann sé féin go maith an tslí ar féidir leis na meáin chumarsáide duine a chrá.
oiread agus is féidir as much as possible
" Tá tábhacht ag baint le hinchinn na n-imreoirí a bheith lán smaointe dearfacha sa chaoi is go ndéanfaidh siad an rogha cheart oiread agus is féidir agus cluiche ar siúl.
ar féidir brath air who can be depended on
" ** **Dermot Ahern** (Lánchúlaí): Lánchúlaí ar féidir brath air is ea é agus liathróidí arda á dteilgeadh isteach sa chearnóg.
gur féidir leo a rogha rud a dhéanamh that they can do whatever they like
" Tuigeann na dílseoirí ón fhabhraíocht seo gur féidir leo a rogha rud a dhéanamh – an t-ionsaí sa pháirc, mar shampla.
le gur féidir leo iad a thaifeadadh so that they can record them
" Bíonn daoine óga a bhfuil leadrán orthu ag spreagadh troideanna le gur féidir leo iad a thaifeadadh ar an nguthán póca agus iad a uaslódáil go leithéidí YouTube.
mar gheall ar gur féidir le bulaithe a bheith ina gcladhairí because bullies can be cowards
" (Paragraf 7)Mar bharr air seo, mar gheall ar gur féidir le bulaithe a bheith ina gcladhairí agus a gcuid maslaí gan tuilleamh a thabhairt gan ainm, is féidir leo a bheith deich n-uaire níos nimhní ná mar a bheadh sé de chrógacht acu a bheith dá mbeidís ag tabhairt faoi dhuine aghaidh ar aghaidh.
ní féidir le soláthraithe seirbhíse idirlín neamhaird a thabhairt ar an bhfadhb ach oiread internet service providers can't ignore the problem either
" Dar ndóigh, ní féidir le soláthraithe seirbhíse idirlín neamhaird a thabhairt ar an bhfadhb ach oiread agus ní mór dóibh a bheith ar a n-airdeall le stop a chur leis na cibirbhulaithe.
gur féidir cosc a chur leis an homaighnéasachas that a stop can be put to homosexuality
" Tá nasc suntasach idir iad siúd a chreideann gur féidir cosc a chur leis an homaighnéasachas agus an creideamh.
ar féidir le muintir an oileáin amháin cur isteach orthu which only the people of the island can enter
" Ach bíonn comórtais ar leith ar siúl chomh maith ar féidir le muintir an oileáin amháin cur isteach orthu.
nach féidir leo mórimeachtaí a reáchtáil that they can't organise big events
" Cinnte, tá a cuid féin de spídeoirí ag na Sínigh, ach ní fhéadfadh duine ar bith a rá nach féidir leo mórimeachtaí a reáchtáil.