Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar mire linn féin annoyed with ourselves
" Bheadh muid ar mire linn féin muna rachadh muid le comhlacht níos mó nuair a bhí an deis againn sin a dhéanamh.
as a stuaim féin on their own initiative
" Ciallaíonn seo go bhfuil páistí lucht labhartha Gaeilge i dtimpeallacht Bhéarla cuid mhaith, go dtí go sroicheann siad aois scoile - na blianta is tábhachtaí ó thaobh shealbhú teanga! De bharr easpa ama, leis, ní bhíonn fonn rómhór ar thuismitheoirí tabhairt faoi imeachtaí a eagrú as a stuaim féin agus cé gur buntáiste an-mhór don eagraíocht go bhfuil beirt fostaithe go lánaimseartha, ní maith an rud go mbeadh aon eagras deonach ag brath rómhór ar fhostaithe.
Cé nach n-áirím mé féin Although I don't count myself
" Cé nach n-áirím mé féin ina measc siúd, is fíor a rá go gcuireann an samhradh spréach bhreise ionam.
theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin a Christian name would limit her and his imagination
" Ach má bhíodh áthas air í a aimsiú lena shúile cinn sa mbuíon daltaí scoile, bhí an oiread eile áthais air gan blas dá hainm a bheith ar eolas aige, chreid sé, óir b'amhlaidh a theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin.
aisti féin by herself
" Agus nach amhlaidh a thiocfadh sí le duine dá comhscoláirí nó aisti féin ar chúla téarmaí.
ár bhfiontair féin a chruthú to create our own enterprises
" A fhaid is go n-aithníonn muid go mbíonn fréamhacha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta éadomhain go minic, go bhfeiceann muid na deiseanna atá ann ár bhfiontair féin a chruthú agus a fhorbairt, agus go ndéanann muid iad a bhunú agus a fhás go bródúil agus go cinnte, beidh linn.
rud éigin fiúntach a chur i gcrích tú féin achieve something worthwhile yourself
" Ní fhéadfadh a cuid fuinnimh gan dul i bhfeidhm ort agus gan fonn a chur ort dul amach agus rud éigin fiúntach a chur i gcrích tú féin.
gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith you yourself create the enjoyment that you get from any place
" Ceann de na rudaí is bunúsaí ar fad ná go gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith, nó ócáid ar bith ag a bhfuil tú.
croith suas thú féin hurry up, get a move on
" "A Shíle, croith suas thú féin," arsa Dónall, "tá muid ag fáil bháis leis an tart abhus anseo.
gur nocht sé é féin that he exposed himself
" Cuireadh ina leith go raibh sé ag eascainí, gur nocht sé é féin go poiblí agus go raibh sé ar meisce.
teacht chuige féin recover
" Agus, freisin, is é an tobán folctha an chéad áit a gcuirtear duine chun é a spreagadh le teacht chuige féin tar éis dó an iomarca drugaí a thógáil.
a mbrí féin their own meaning
" Ach an dtuigeann daoine a saothar? Tá sí sásta go mbainfeadh daoine a mbrí féin as a cuid pictiúirí - is cuma léi mura dtuigeann siad cad é go díreach a bhí sé i gceist aici agus í á bpéinteáil.
croith suas thú féin hurry up, get a move on
" "A Shíle, croith suas thú féin," arsa Dónall, "tá muid ag fáil bháis leis an tart abhus anseo.
dá ainneoin féin despite himself
" Chuir Cian sonrú sa chuma anbhann mhílítheach a bhí orthu agus, dá ainneoin féin, thug sé cluas le héisteacht don chomhrá.
a gcuid rún féin their own secrets
" Idir uimhreacha cártaí creidmheasa agus phleananna gnó, tá luach ard á chur ar eolas faoi láthair - agus tá comhlachtaí agus rialtais ag iarraidh smacht a choimeád ar a gcuid rún féin.
dá ainneoin féin despite himself
" Chuir Cian sonrú sa chuma anbhann mhílítheach a bhí orthu agus, dá ainneoin féin, thug sé cluas le héisteacht don chomhrá.
chun a leasa féin for their own benefit
" Chiallaigh sé sin dá seolfaí aon phíosa próis, ceol nó go fiú pleannana gnó mar chuid de theachtaireacht ríomhphoist leis an tseirbhís sin, go raibh cead ag an gcomhlacht ríomhphoist é a úsáid chun a leasa féin.
á folcadh féin bathing herself
" Is éard a bhí á léiriú san fhógra seo ar thaobh amháin ná bean mhealltach fheolmhar, a droim tiontaithe linn, agus í á folcadh féin.
taobh amuigh dá ndúthaigh féin outside their own area
" Chomh maith le deis a thabhairt do dhaoine amhráin sa stíl dhúchasach a fhoghlaim, cuireann an fhéile ardán ar fáil d'amhránaithe nach gcloistear ach go hannamh taobh amuigh dá ndúthaigh féin, ardán atá neamhspleách ar aon chineál comórtais.
an dóigh ar coilleadh an talamh féin how the ground itself was despoilt
" Coilleadh na talún ======= Ceann de na rudaí a thug sé faoi deara ná an dóigh ar coilleadh an talamh féin sna páirceanna ina raibh an cuardach ag dul ar aghaidh.
D'éirigh idir mé féin agus na daoine ansin I fell out with the people there
" D'éirigh idir mé féin agus na daoine ansin.
á nochtadh féin showing themselves
" Char maith do bhabhdáin ar bith a bheith á nochtadh féin anocht.
a chead aici a bealach féin a dhéanamh she could look after herself
" Chuirfeadh sé deireadh ar an tábla agus a chead aici a bealach féin a dhéanamh.
ag ithe a eireabaill féin eating its own tail
" Thrácht duine de na cainteoirí ar an seantíogar Ceilteach a bheith ag ithe a eireabaill féin agus is deas liom an nath! Bhí an t-athrú sa mhargadh ardteicneolaíochta le feiceáil breis agus bliain ó shin nuair a theip ar an WAP i margadh na dteileafóin soghluaiste.
Mo dhála féin Like myself
" Bhí sise óg í féin tráth, nach raibh? Mo dhála féin.
do mo ghléasadh féin dressing myself
" Beidh mé do mo ghléasadh féin chomh luath agus a imíonn tú síos an staighre!" B'fhearr liom mura ndéanfadh Neain an oiread peataireachta orm.
thograigh siad féin they themselves chose
" Má tá moill ag baint lena gcuid oibre, is i ngeall ar gur thograigh siad féin jab críochnúil a dhéanamh, ní i ngeall ar mhoill ó thaobh an stáit de.
a bealach féin a sheoladh go her own way
" Bliain roimis sin bhí sé den tuairim go bhféadfadh agus gur chóir do Mheiriceá a bealach féin a sheoladh; b'fhearr ina haonar í ná i ndrochchuideachta.
ag tochras ar a ceirtlín féin working in its own interest
" Beidh gach tír díobh, ní nach ionadh, ag tochras ar a ceirtlín féin.
ár gcion féin our own bit
" Cionn is gur comhlacht muidinne atá lonnaithe ar an Fhál Charrach, i nGaeltacht Dhún na nGall, ba mhian linn ár gcion féin a dhéanamh i gcur chun cinn na teanga.
an dé a choinneáil ionainn féin keep life in ourselves
" Caithfidh muid uilig an t-ocras a chloí; caithfidh muid uilig an dé a choinneáil ionainn féin.
a chuireann lámh ina mbás féin who commit suicide
" Nuair a smaoinímid ar na fadhbanna a bhíonn ag an dream seo le halcól, le drugaí, le coireacht agus an méid acu a chuireann lámh ina mbás féin, feicimid an tábhacht a bhaineann leis an gcumasú a thugann obair agus gluaiseachtaí deonacha do dhaoine tionchar a bheith acu ar a dtodhchaí agus a saol féin.
á chur féin in iúl expressing himself
" " Níor éirigh leis an oiread sin Gàidhlig a fhoghlaim ach ní raibh mórán deacrachtaí aige á chur féin in iúl nó ag tuiscint na ndaoine.
sách saibhir cheana féin rich enough already
" Ach, nuair a chuimhníonn tú go gcabhróidh plean an aire le daoine áirithe (nach n-ainmneofar anseo) atá sách saibhir cheana féin a dhéanamh níos saibhre is deacair gan a bheith searbhasach faoi.
Níl ribe féin ort anois you haven't a hair left on your head
" Níl ribe féin ort anois," arsa Féilim agus é ag amharc ar Fhiachra a raibh gach ribe ar a cheann gearrtha isteach go dtí an dúid aige.
á bhuaireamh féin vexing himself
" Bhí an saol ag dul thairis aniar agus níor mhian le Fiachra é a chaitheamh á bhuaireamh féin fá cé acu a théann léine ghlas le briste gorm.
ag teacht chuici féin getting better
" Deir sí go bhfuil sí ag teacht chuici féin anois ach go gcuireann sé isteach go mór uirthi go bhfuil daoine áirithe ann nach dtuigeann gur galar atá i gceist agus nach mbíonn aon trua acu di.
bhogas isteach ionam féin I retreated into myself
" Ach thosnaíos-sa ag léamh agus bhogas isteach ionam féin.
á nochtadh féin exposing himself
" Tá cartúin pholaitiúla curtha i gcló a thaispeánann "Father O'Malley", é á nochtadh féin dá phobal, é ar crith agus cuma fhiáin ina chuid súl, agus ceann eile a thaispeánann sagart sa tóir ar chléirigh altóra, díreach mar a bheadh fostóir drúisiúil ag rith i ndiaidh a rúnaí dhathúil.
teacht chuici féin recover
" ) Chuir na heachtraí seo i gcuimhne do Ghaeil-Mheiriceánaigh na scannail phoiblí a raibh an eaglais in Éirinn thíos leo le deich mbliana anuas, scannail, dar le daoine áirithe, nár éirigh leis an an eaglais sin teacht chuici féin arís ina ndiaidh.
astu féin on their own
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? Láidreachtaí na heagraíochta ná go bhfuil tacaíocht mhaith agus maoiniú measartha faighte ón tús aici ón Roinn Oideachais, agus go bhfuil Oifigigh Aosoideachais na gcontaetha éagsúla Gaeltachta ag obair as lámh a chéile sa tionscadal, seachas a bheith ag obair astu féin, gan tacaíocht nó aitheantas.
ar comhaois leo féin of the same age as themselves
" **Antaine:** Cén fhís atá agaibh nó céard ba mhaith libh a bhaint amach le Cumar? **Neansaí:** Deis a thabhairt do na ceoltóirí óga castáil le daoine eile ar comhaois leo féin agus ceol maith a chloisteáil agus a fhoghlaim.
a tháinig i dtreis as a stuaim féin self-made
" Dá bharr seo, b'iomaíocht idir dhá phearsantacht a bhí san fheachtas sa deireadh, idir Berlusconi, fiontraí a tháinig i dtreis as a stuaim féin, agus Rutelli, polaiteoir níos óige agus níos plásánta.
as a stuaim féin by his own initiative
" Dá bharr seo, b'iomaíocht idir dhá phearsantacht a bhí san fheachtas sa deireadh, idir Berlusconi, fiontraí a tháinig i dtreis as a stuaim féin, agus Rutelli, polaiteoir níos óige agus níos plásánta.
beidh d'uaigh féin tochailte agat! you'll have dug your own grave!
" Ach má bhíonn maidhm shneachta ann i rith na hoíche beidh d'uaigh féin tochailte agat! Níor tharla a leithéid dúinn agus bhí radharc álainn againn trasna na sléibhte nuair a mhúscail muid ar maidin.
ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin trying not to choke on her own goodwill (i.e. it's not genuine)
" " "Tá an t-ádh oraibh mar sin," arsa Nell agus í ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin.
lena ghort féin a threabhadh to go his own way
" " Ag tús na bliana 1998, cúpla mí tar éis dá chéad albam aonair teacht amach, d'fhág Spillane Nomos lena ghort féin a threabhadh.
ag dul i neart mé féin getting stronger myself
" "Is dóigh liom má tharlaíonn sé nach deireadh an domhain é mar go bhfuil mé ag dul i neart mé féin.
bhain sí féin agus Tomás giota dó herself and Thomas skedaddled
" "Bhuel, bíodh agat más sin mar atá," arsa Bríd agus bhain sí féin agus Tomás giota dó.
an scéal sin a fhiosrú go mion mé féin to investigate that story in detail myself
" Bhí an-spéis agam i gcónaí i scéal an tuaiscirt agus bhí fonn orm an scéal sin a fhiosrú go mion mé féin.
ag ligean orthu féin pretending
" Ansin rith siad amach ar an bhóthar ag screadaíl agus ag ligean orthu féin go rabhthas tar éis briseadh isteach sa teach agus an bheirt a dhúnmharú.
agus chan ar sheirbhís d'ár gcuid féin and not on a service of our own
" Tarlaíonn sé sin mar go bhfuil muid ag craoladh mar chuid de sheirbhís Bhéarla agus chan ar sheirbhís d'ár gcuid féin.
a mheabhrú dúinn féin to remind ourselves
" Cad is carraig ann? Cad is cloch ann? Táimid chun aghaidh a thabhairt inniu ar Hiroshima chun cumas scriosta an duine a mheabhrú dúinn féin.
tú féin a fhréamhú to root yourself
" Tú féin a thalmhú is ea é, tú féin a fhréamhú.
Chrup sí isteach uirthi féin she became smaller
" Chrup sí isteach uirthi féin sna míonna deireanacha agus cha raibh pioc feola fágtha uirthi.
a héillín féin her own brood
" Chuaigh Kitty thart ar theach an torráimh ar thóir a héillín féin.
a chuir lámh ina bás féin who committed suicide
" Bás a deirféar ======= Mhothaigh Pádraigín go raibh dualgas uirthi a leithéid d'obair a dhéanamh, go háirithe i ndiaidh bhás a deirféar Eithne, a chuir lámh ina bás féin i 1999.
smacht acu ar a gcinniúint féin control of their own destiny
" Mhínigh Conall dom go raibh sé mar chuspóir acu go mbeadh smacht acu ar a gcinniúint féin ó thaobh taispéantais a eagrú agus poiblíocht a fháil dá gcuid imeachtaí.
Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd Mark will have his work cut out with her, he'll have more than enough to handle
" "Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd.
as a stuaim féin by his own initiative
" Ba chóir don fhoghlaimeoir na focail nua a mharcáil le peann agus iad a chuartú i bhfoclóir Néill Uí Dhónaill, ach thar aon rud eile ba chóir dó a mharana a dhéanamh ar achan struchtúr teanga nó teilgean cainte a thuigeanns sé, siúd is go bhfuil a fhios aige nach dtiocfadh leis a leithéid a rá ná a scríobh as a stuaim féin.
mo fholcadh féin washing myself
" Tá mé ar mo sháimhín só sa Bhuireann i gContae an Chláir anois, ag siúl cois farraige nó go dtí an tobar naofa galánta atá ar thaobh an chnoic, agus mo fholcadh féin le glóthach fholcaidh giúise agus maróis a fuair mé sa Burren Perfumery.
a macasamhail féin people like themselves
" Ach ag an am chéanna, tugann Pastor McKee agus daoine eile óganaigh ón tSeanchill go dtí Ard Eoin nó go Bóthar na bhFál, le go dtig leo aithne a chur ar a macasamhail féin "ón taobh eile".
ag cur dallamullóg orainn féin fooling ourselves
" Táimid ag cur dallamullóg orainn féin nuair a deirimid go bhfuilimid chomh saibhir anois is atá an Ghearmáin.
léargas dom orm féin an insight into myself
" Thug sé sin léargas dom orm féin seachas ar na Bascaigh! *Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
mé féin a ionannú le to identify myself with
" B'fhearr liom mé féin a ionannú le mo thír dhúchais ná le haon chomhlacht mór ar nós Microsoft Hotmail.
as a stuaim féin by their own initiative
" Feiceann daoine céard atá déanta ag an CLG as a stuaim féin agus nuair a fhéachann duine ar Pháirc an Chrócaigh tuigeann sé/sí gurb é an CLG an eagraíocht spóirt is mó cur chuige agus is fadradharcaí sa tír agus b'fhéidir san Eoraip.
Bhéarfainn féin a dhath I'd give anything myself
" Bhéarfainn féin a dhath a bheith ag tarraingt ar an ghrian," arsa an tiománaí.
cruthú di féin prove to herself
" Dúirt sí go raibh uirthi cruthú di féin go raibh na túir ann ar an chéad dul síos, nach brionglóid a bhí ann.
Chuir mise mé féin in aithne I introduced myself
" Chuir mise mé féin in aithne ansin do Cloherty agus don Phríomhchigire Julie Cook mar iriseoir Éireannach.
é féin a chosaint to defend himself
" Bhíothas tar éis de Róiste a chaitheamh amach as an arm gan deis a thabhairt dó é féin a chosaint ná achainí a dhéanamh.
Tagaim féin leis an tuairim seo I agree with this opinion
le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin to gain Sinn Féin a bad name
" Tá an tuairim ann leis go raibh Saor Éire á úsáid ag airí áirithe le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin nó le spíodóireacht a dhéanamh ar an bpáirtí sin.
á lua leis féin being mentioned to himself
" Deir de Róiste gur cuimhin leis an t-ainm á lua leis féin go minic freisin.
ag geallúint dom féin promising myself
" Príosún, purgadóir, ifreann - chuaigh na smaointe ar fad trí m'aigne agus mé i mo luí ansin ag geallúint dom féin gurb é seo an uair dheireanach a rachainn i ngleic lena leithéid de phurgadóir.
faoi dhraíocht ag báireoirí iontacha a linne féin under the spell of the great hurlers of his time
" An té a cheap nó a chum an ráiteas a théann leis na fógraí, measaim gur dóigh go raibh sé (nó sí) ina ghasúr i láthair i bPáirc an Chrócaigh nó i Staid Semple, Páirc Uí Chaoimh nó Páirc na nGael agus é nó í faoi dhraíocht ag báireoirí iontacha a linne féin.
chuir sé soc air féin he grimaced
" Chuir sé an fíon thart sa ghloine, sháith sé a ghaosán ann agus chomh luath is a d'ól sé siar bolgam de, chuir sé soc air féin.
nó go mbeidh siad féin thíos leis or that they themselves will suffer
" Léiríonn na cásanna seo ar fad gur gá do chomlachtaí súil a choimeád ar an méid atá ar bun ag a gcuid oibrithe - nó go mbeidh siad féin thíos leis.
malairt treo a thabhairt ort féin go in the opposite direction
" ** Tá tú sáinnithe sa trácht i gcónaí, ach anois tá tú ag iarraidh an carr a chasadh agus malairt treo a thabhairt ort féin.
teacht chucu féin to recover
" Dá dtiocfadh leis doilíos a thaispeáint, nó a bheith buartha fúthu, chuideodh sé sin le muintir na háite teacht chucu féin.
in ann aire a thabhairt dó féin able to look after himself
" Coimhlint ghéar agus chrua a bhíodh ann ach ní ghortaítí éinne mar bhí gach duine in ann aire a thabhairt dó féin.
eatarthu féin between themselves
" Bhí sé an-sásta ansin mar bhí imreoirí an-mhaithe iománaíochta as contaetha éagsúla ann agus bhíodh an-chluichí eatarthu féin (ní raibh cead acu, mar chuid de pholasaí na mBráithre, páirt a ghlacadh i gcomórtas idir coláistí.
Fear ann féin a man apart
" Fear ann féin ab ea an Bráthair Beausang agus duine uasal a raibh a amscála féin aige.
ár rian féin our own mark
" Ansin, tá amhrán darb ainm "Blessing" a fuaireamar ó amhránaí Meiriceánach, Jonell Mosser, atá lonnaithe i gceantar Nashville; canann sise é mar roc-amhrán ach tá muidne tar éis ár rian féin a fhágáil air.
Padraig Keady a ghlaoch orm féin to call myself Padraig Keady
" Bheadh sé an- an-éasca agamsa Padraig Keady a ghlaoch orm féin ach shocraigh mé gan sin a dhéanamh.
a gcuid briongloidí féin a bhaint amach to achieve their own dreams
" "Cuireadh na mná seo isteach sna hinstitiúidí mar nár glacadh leo agus nár tugadh saoirse dóibh a gcuid briongloidí féin a bhaint amach.
a saol féin a chruthú to create their own life
" " An dearcadh atá ag Paul ná go gcaithfidh daoine a saol féin a chruthú.
iompródh sé é féin let it behave
" Más "craoltóir poiblí" é, iompródh sé é féin mar chraoltóir poiblí.
hábhar na gcláracha féin the content of the programmes themselves
" Anois an t-am le brú a chur ar na polaiteoirí iachall a chur ar RTÉ rud éigin fónta a dhéanamh, ní hamháin maidir le fógraíocht, ach maidir le hábhar na gcláracha féin.
iad féin a chruthú to prove themselves
" An fhoireann atá ann anois tá sí an-óg agus is gá seans a thabhairt dóibh iad féin a chruthú.
lena leithéidí féin with the likes of himself
" Baineann an dream a bhíonn ar chainéil mhóra teilifíse na Breataine, mar shampla, cáil mhór amach, i gcomparáid lena leithéidí féin.
gur toghadh Bush féin ar éigean that Bush himself was barely elected
" Cén difear más amhlaidh gur toghadh Bush féin ar éigean sa bhliain 2000.
Thiocfadh liom féin a mhacasamhail sin a dhéanamh I could do the same myself
" Thiocfadh liom féin a mhacasamhail sin a dhéanamh, a deir daoine eile.
an lug tite ar an lag cheana féin courage already lost
" Cé a chreidfeadh é, gan ach roinnt seachtainí imithe thart ó glacadh le Conradh Nice agus an lug tite ar an lag cheana féin.
arb í mo thír féin í, ar ndóigh which is my own country, of course
" Agus mé ag foghlaim na Gaeilge, tá súil agam go bhfuil mé ábalta rud beag measa a thaispeáint ar chultúr agus mhuintir na hÉireann, arb í mo thír féin í, ar ndóigh.
Admhaíonn sé féin he admits himself
" Admhaíonn sé féin nach raibh siad ró-iontach mar cheoltóirí ag an am.
atá istigh leis féin who is happy within himself
" " In ainneoin gur beag airgead atá á shaothrú aige, tá Colm breá sásta leis an saol atá á chaitheamh aige, agus is léir gur duine é atá istigh leis féin.
go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá that we'd fall out with our friends in America
" Níor mhaith le héinne in Éirinn go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá ach, má thosaíonn cogadh, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh a leithéid tarlú.
é féin a chur in iúl go héifeachtach go luath express himself effectively soon
" Chun é sin a dhéanamh, áfach, ní mór dó é féin a chur in iúl go héifeachtach go luath, taobh istigh agus taobh amuigh den Dáil.
lena shuíomh gréasáin féin with his own web page
" D'fhéadfadh sé tosú lena shuíomh gréasáin féin.
Rinne sí ceirtlín di féin She curled herself into a ball
" Rinne sí ceirtlín di féin lena cosaint ar an rud a bhí ag teacht.