Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fhéiniúlacht identity
" Is é is cuspóir don fhoras clár taighde a thionscnamh ar fhéiniúlacht: Cad is brí léi? Cad é mar a chruthaíonn daoine a scéal féin? etc.
a bhféiniúlachta their identity
" "Tá athdheimhniú de dhíth ar na hAontachtaithe i dtaobh a bhféiniúlachta mar Bhriotanaigh," a dúirt sé.
a bhféiniúlacht a dhearbhú to re-assert their identity
" Ach éiríonn leis na grúpaí seo a dteanga, a mblas cainte agus a dtraidisiúin - a dtéann a bhformhór i gcoinne ghnáthluachanna na sochaí Meiriceánaí - a choimeád agus a bhféiniúlacht a dhearbhú, in ainneoin *suburbia*, glúin i ndiaidh glúine.
féiniúlacht identity
" Measann muidne nach féidir tús a chur le caomhnú phobal Gaeilge na Gaeltachta go dtí: Go dtiocfaidh polaiteoirí agus lucht Rialtais ar an tuiscint gur fiú an Ghaeltacht a shábháil mar go gcuireann sí le féinmhuinín agus le féiniúlacht na tíre, agus gur gá di a bheith ann chun a chinntiú gur tír neamhspleách shainiúil a bheas in Éirinn i measc thíortha eile na hEorpa.
féiniúlachta identity
" Tá foirgneamh úr acu, tá siad ag cruthú caitheamh aimsire agus eagna chinn i measc daoine óga na háite, agus ag tabhairt féiniúlachta do bhunadh an cheantair.
chun a féiniúlacht a chur in iúl to express its identity
" Tuigtear chomh maith go bhfuil dlúthbhaint idir teanga agus cultúr; tugann an teanga guth mothúchánach do shochaí chun a féiniúlacht a chur in iúl.
díobháil féiniúlachta lack of identity
" "Is é easpa muiníne agus díobháil féiniúlachta is ciontaí leis an ailtireacht chranda," a dúirt sé.
fhéiniúlacht identity
" Ní cleas cliste de chuid stiúrthóir margaíochta é an bhéim a chur ar Éireannachas Celtic chun Éireannaigh ar fud an domhain a mhealladh le tuilleadh earraí de chuid an chlub a cheannach - bhí an fhéiniúlacht Éireannach i gcónaí ansin, ar an bpáirc agus taobh amuigh di.
fhéiniúlacht chultúrtha cultural identity
" Agus an tionscal sin tite i léig, thuig comhairleoirí na cathrach ar bhealach aibí, nach minic a thuigeann daoine a bhíonn i gcumhacht, go dtagann forbairt eacnamaíoch go minic sna sála ar fhorbairt agus ar fhéiniúlacht chultúrtha.
géarchéim féiniúlachta identity crisis
" Tá "géarchéim féiniúlachta" againn i gCeanada - cé hé muid féin, agus cén rud faoi leith atá againn le tabhairt don chomhphobal domhanda? Faoi dheireadh (i gceann 500 bliain, b'fhéidir) beidh orainn a admháil gurb é inphrionta na mbundúchasach Ceanadach an t-aon rud amháin sainiúil atá againn nach bhfuil le fáil in aon áit eile ar domhan - sin í " an fhéiniúlacht" agus an "rud áirithe sin" atáimid ag lorg.
féiniúlacht ár sinsear féin the identity of our own ancestors
" Ach ní bheimid in ann glacadh leis an dearcadh seo go dtí go dtuigfimid féiniúlacht ár sinsear féin - daoine a labhair an Ghaeilge agus a chuir a ndearcadh domhanda féin in iúl tríd an teanga.
féiniúlacht identity
" Déanann Chevalier iarracht féiniúlacht an chailín sa phictiúr *Girl with a Pearl Earring* a nochtadh ina scéal agus cruthaíonn sí carachtar darb ainm Griet, bean óg ó chúlra bocht a thagann chuig teach Vermeer mar chailín aimsire.
féiniúlacht identity
" Tá spiorad agus féiniúlacht ar leith ag baint leis an pháirc ó ceannaíodh i 1913 í, agus tá baol ann go gcaillfear cuid den fhéiniúlacht sin má cheanglaítear í i meon an phobail le cluichí neamhdhúchasacha eile.
fhéiniúlacht identity
" "Duine ar bith a dhearbhaíonn a chreideamh Caitliceach lena bheola agus a thugann tacaíocht go poiblí ag an am chéanna do reachtaíocht nó d'iarrthóirí a théann i gcoinne dlí Dé, tá an duine sin ag déanamh ceap magaidh don chreideamh sin agus dá fhéiniúlacht Chaitliceach," a scríobh an tEaspag Michael J.
a bhféiniúlacht a chur in iúl to express their identity
" Caithfear éirí as an mbréagchráifeacht i leith na teanga agus glacadh leis go bhfuil Gaeltachtaí áirithe faighte an-lag ach, ag an am céanna, go bhfuil spéis nua ag pobal na tíre sa teanga mar go dteastaíonn uathu a bhféiniúlacht a chur in iúl.
féiniúlacht identity
" Bhí cibé féiniúlacht a bhí agat ag brath ar an bhfear lena raibh tú pósta nó ar an bhfear a bhí mar athair agat.
fhéiniúlacht identity
" Bheadh bás na Gaeilge chomh tubaisteach sin d'fhéiniúlacht phobal na hÉireann agus a bheadh imeacht in éag ainmhí nó planda dá thimpeallacht nádúrtha.
féiniúlacht identity
" Bhí spéis ar leith aige fosta san Athbheochan Cheilteach a bhí ag tarlú ina thír dhúchais, gluaiseacht a bhí ag iarraidh sainmhíniú a thabhairt ar cheisteanna ag baint le féiniúlacht agus náisiúnachas na tíre ag an am.
fhéiniúlacht identity
" Bheadh bás na Gaeilge chomh tubaisteach sin d'fhéiniúlacht phobal na hÉireann agus a bheadh imeacht in éag ainmhí nó planda dá thimpeallacht nádúrtha.
bhféiniúlacht identity
" Mar sin, cad é an tuairim atá aige faoin bhféiniúlacht Éireannach sa lá atá inniu ann? Nuair a dhein sé *The Irish Condition*, bhí sé an-tógtha le smaointe Joe Lee i leith an naisc idir teanga, féiniúlacht agus rathúnas geilleagrach.
fhéiniúlacht náisiúnta national identity
" Cad é deir sé sin fá fhéiniúlacht náisiúnta? An gciallaíonn sé seo go bhfuil an chaint uilig fá Éirinn bheith aontaithe gan tábhacht maidir le cultúr na ndaoine nó *popular culture *mar a thugtar air? An athródh sé pioc dá mbeadh Éire aontaithe ann? Ní athródh.
féiniúlacht identity
" Tá féinmhuinín agus féiniúlacht cothaithe ag Pléaráca sa bpobal, ag úsáid na n-ealaíon pobail mar uirlís fhorbartha pobail.
féiniúlacht identity
" Go leanfaí le dul chun cinn geilleagrach na tíre ar fad go cothrom ar fud an oileáin agus go mbeadh an Ghaeilge mar chuid lárnach den bhféiniúlacht nua – go mbeadh tír rachmasach, chothrom, chróga, chruthaitheach, nua-aimseartha agus Ghaelach i gceist.
féiniúlacht identity
" Cé go bhfuil sé ag cur síos ar an nGaeilge agus ar an bhféiniúlacht anseo in Éirinn, an dátheangachas agus na téamaí sin ar fad, chomh maith leis sin tá sé ag cur síos ar dhaoine óga ag fás aníos.
féiniúlacht identity
" Go leanfaí le dul chun cinn geilleagrach na tíre ar fad go cothrom ar fud an oileáin agus go mbeadh an Ghaeilge mar chuid lárnach den bhféiniúlacht nua – go mbeadh tír rachmasach, chothrom, chróga, chruthaitheach, nua-aimseartha agus Ghaelach i gceist.
fhéiniúlacht identity
" Is cuid lárnach é d’fhéinmheas agus d’fhéiniúlacht líon suntasach Polannach laistigh agus lasmuigh den tír.
fhéiniúlacht identity
" Is cuid lárnach é d’fhéinmheas agus d’fhéiniúlacht líon suntasach Polannach laistigh agus lasmuigh den tír.
féiniúlachta identity
" “Ó thaobh na staire de, déanann daoine anailís ar cheist Thuaisceart Éireann mar choimhlint talaimh, chreidimh, chultúir agus féiniúlachta.
mar chuid dár bhféiniúlacht chultúrtha náisiúnta as part of our national cultural identity
" Agus mé ag fás aníos bhí ardmheas ag an teaghlach ar an Ghaeilge - tugadh ómós di mar mhodh cumarsáide agus mar chuid dár bhféiniúlacht chultúrtha náisiúnta.
trí fhéiniúlacht ar leith Éireannach a chothú through fostering a separate Irish identity
" Thuigeadar, trí fhéiniúlacht ar leith Éireannach a chothú, go músclófaí mórtas cine.
féiniúlacht identity
" Samhlaíodh cineál áirithe Sasanachais le saothar The Smiths ó thus, féiniúlacht a shíolraigh ó shaoldearcadh lucht oibre thuaisceart na tíre sin.
féiniúlacht pholaitiúil Bhriotanach nach bhfuil Sasanach a British political identity that is not English
" Is é an Preispitéireachas – a bunaíodh in Albain – an creideamh Protastúnach is mó sna Sé Chontae agus ofrálann Albain féiniúlacht pholaitiúil Bhriotanach nach bhfuil Sasanach, rud a mheallfadh aontachtaithe a mhothaíonn deighilt idir iad agus Westminster, dar le Mac Póilín.
féiniúlacht identity
" Go follasach, tá baint idir teanga agus féiniúlacht agus nuair atá an fhéiniúlacht féin ina cnámh spairne idir dhá ghrúpa, beidh an teanga ina ábhar conspóide ach níor mharaigh teanga aon duine riamh.
féiniúlacht identity
" “Tá mé chun an lár seo a chruthú, agus an foscadh seo a dhéanamh chomh láidir go mbeidh féiniúlacht Nua-Shealánach in ann maireachtáil istigh ann.
féiniúlacht identity
" Sa chéad dul síos, cé leis í? Cé atá i dteideal athrú a dhéanamh? Cén fáth? Cén íomhá den tír atá á cur chun cinn ag bratach? Agus i gcás na Nua-Shéalainne, cén bhaint atá acu anois leis an mBreatain? Is dócha gur maith an rud é féiniúlacht a cheistiú, agus mar a dúirt duine sa lucht éisteachta ansin, ba cheart do chuile shaoránach an rud a phlé, ní hamháin an Ríchomhairle.
féiniúlacht a cheistiú, to question identity,
" Sa chéad dul síos, cé leis í? Cé atá i dteideal athrú a dhéanamh? Cén fáth? Cén íomhá den tír atá á cur chun cinn ag bratach? Agus i gcás na Nua-Shéalainne, cén bhaint atá acu anois leis an mBreatain? Is dócha gur maith an rud é féiniúlacht a cheistiú, agus mar a dúirt duine sa lucht éisteachta ansin, ba cheart do chuile shaoránach an rud a phlé, ní hamháin an Ríchomhairle.
géarchéim féiniúlachta identity crisis
" An ea go gcaithfear fanacht go dtí go dtarlóidh eachtra mhór pholaitiúil nó géarchéim féiniúlachta chun gur féidir an bhratach seo a athrú? Dúirt bean amháin nár cheart dóibh fiú smaoineamh faoi go dtí bás na Banríona Éilís, mar shampla.
lena bhféiniúlacht. with their identity.
" Ba chóir cead a thabhairt do sheirbhísigh phoiblí a rogha siombaile a chaitheamh má bhaineann an tsiombail sin lena bhféiniúlacht.
an fhéiniúlacht identity
" Ach tá an fhéiniúlacht chomh diongbháilte sin i muintir an tuaiscirt – as siocair iad a bheith in iomaíocht lena chéile ar feadh na gcéadta bliain – go mbeidh sé cúpla glúin eile sula gcuirfear deireadh leis an seicteachas ar fad, más indéanta ar chor ar bith é.
a bhféiniúlacht. their identity.
" “Bhí mé ag iarraidh seift shimplí a úsáid a léireodh gurbh as áit choimhthíoch iad na lads seo agus go raibh rud acu a dtiocfadh leo greim a choinneáil air - is é sin, a bhféiniúlacht.
féiniúlacht Shasanach an English identity
" Ceann de chomhthorthaí dheabhlóid na hAlban, na Breataine Bige agus Thuaisceart Éireann ná go bhfuil féiniúlacht Shasanach ag teacht chun tosaigh go mór anois.
ó thaobh fhéiniúlacht na nGael as regards the identity of the Gaels
" Tá an scéal seo an-tábhachtach mar fhreagra ar an cheist, "*What ish my nation*?" agus tá tábhacht ag baint leis ó thaobh fhéiniúlacht na nGael in Learpholl fosta, go háirithe i mbliana agus muid ag ceiliúradh stádas na cathrach mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.
an fhéiniúlacht Éireannach Irish identity
" Déantar plé sna haistí ar réimse leathan ábhar – na meáin chumarsáide Ghaeilge; an fhéiniúlacht Éireannach agus an Ghaeilge; litríocht na Gaeilge; an Ghaeltacht agus logainmneacha, ina measc.
as a bhféiniúlacht. of their identity.
" Theastaigh ó na daoine a bhí páirteach inti a rá os ard go poiblí go bhfuil siad bródúil as a gclaonadh gnéasach agus as a bhféiniúlacht.
imní mar gheall ar an bhféiniúlacht Éireannach. worry about Irish identity
" " Ní raibh aon bhrú i gceist, mar sin!In eagrán *Beo!* na míosa seo, tá anailís déanta ag Ciarán Mac Aonghusa ar na fáthanna ar vótáil muintir na hÉireann i gcoinne an Chonartha agus luann sé rud ar leith ba cheart a bheith curtha ar liosta an Taoisigh: imní mar gheall ar an bhféiniúlacht Éireannach.
ár bhféiniúlacht Éireannach a chosaint to protect our Irish identity
" Léiríonn an suirbhé thuasluaite, a rinneadh i ndiaidh an reifrinn, gurb é an dara cúis is coitianta a bhí acu siúd a vótáil *Níl* ná go raibh siad ag iarraidh ár bhféiniúlacht Éireannach a chosaint.
iontach furasta d'fhéiniúlacht a chosaint really easy to defend your identity
" Nó an bhfuil? Agus tú éisteacht leis na cláracha cainte ar an raidió agus ar an teilifís, cuireann tú ceist ort féin an bhfuil muid sásta bheith san abar seo? Tá sé iontach furasta d'fhéiniúlacht a chosaint ó thuaidh – nár fhoghlaim tú fúithi ó ghlúin do mháthar? – ach tá sé i bhfad níos deacra ceisteanna casta ar chúrsaí sláinte nó iompair nó oideachais a réiteach.
bhféiniúlacht identity
" Cuid dá bhféiniúlacht is ea an fhoireann ón Premier League lena dtacaíonn siad.
fhéiniúlacht identity
" Dhéanfainn iarracht pobail fholláine a bhunú sna háiteanna sin, pobail a mbeadh féinthuiscint, féinmheas, an fhéiniúlacht féin á gcothú.
féiniúlacht identity
" Ós rud é go raibh toirmeasc idirphósta ar feadh na gcéadta le formhór na bpobal eile, bhí féiniúlacht chultúrtha láidir acu.
fhéiniúlacht identity
" Rud amháin nár goideadh ó Afra-Pharaguaigh Chambacuá go fóill ná an fhéiniúlacht chultúrtha láidir atá acu.
féiniúlacht identity
" Dar le Minority Rights Group go mba cheart go socródh tíortha glactha eatarthu féin go ligfí formhór na dteifeach Mandaean isteach san aon tír amháin d’fhonn cultúr is féiniúlacht an mhionlaigh bhig eitnigh a chaomhnú.
bhféiniúlacht identity
" Cé nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar phríomhtheanga phobail in gach cuid den Ghaeltacht oifigiúil faoi mar atá léirithe sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2007, fós féin is ócáid an-speisialta Gaeltachta é Comórtas Peile na Gaeltachta a thugann deis do na daoine, idir lucht peile agus lucht leanúna agus siamsaíochta, as na limistéir éagsúla Ghaeltachta teacht le chéile agus ceiliúradh a dhéanamh ar a sainiúlacht, ar a spiorad agus ar a bhféiniúlacht féin mar chine is mar phobal.
Féiniúlachta identity
" An Mórtas Féiniúlachta agus Múineadh na dTeangacha ==== Beidh dhá sprioc ag croílár an chur chuige nua seo: mórtas as féiniúlacht chultúir a threisiú i measc an mhuintir dhúchais agus múineadh na dteangacha bundúchais sna scoileanna a spreagadh.
Ár bhFéiniúlacht Bhriotanach our British identity
" Ár bhFéiniúlacht Bhriotanach ============= Níl mórán eile ar na bacáin, a léitheoirí dílse, seachas go mbeidh Poblacht na hÉireann ag dul isteach sa Ríocht Aontaithe arís.
bhféiniúlacht identity
" Fáisceadh é as an chuid is fearr a bhí fágtha de sheanpháirtí Fhianna Fáil, páirtí a chuaigh ar bhóthar an aimhleasa, a chaill a threo traidisiúnta agus a luachanna seanbhunaidh agus a chur ár bhflaitheas agus ár bhféiniúlacht i mbaol a gcaillte.
fhéiniúlacht identity
" **MDH: An raibh tuairim agat ar choinceap na dteangacha ag an aois sin?** CL: Bhí, cinnte! Is é an dátheangachas cuid mhór dem’ fhéiniúlacht.
féiniúlacht shoiléir clear identity
" Chun go bhféadfaí athrú agus rath a chur ar staid na hiomána sa phríomhchathair, d’áitigh an mheitheal go raibh na ráitis bhunúsacha seo a leanas lárnach don treoirphlean nó ‘blueprint’: - Theastaigh féiniúlacht shoiléir a chruthú don iomáint i mB.
fhéiniúlacht identity
" Na rudaí a léiríonn an fhéiniúlacht Phrotastúnach, baineann siad le tubaistí, beag agus mór.
a bhféiniúlacht their identity
"a bhféiniúlacht láidir féin ag gach réigiún san Iodáil agus tá a gcultúr féin ag na hAbruzzese.
faoin ár bhféiniúlacht mar náisiún a fhorbairt about developing our identity as a nation
" Tugann an folús sin deis dúinn smaointe nua faoin ár bhféiniúlacht mar náisiún a fhorbairt.
féiniúlacht sho-aitheanta leanúnach same approachable identity
" Nach é sin a deirtear? Ach cé a mhúnlaíonn an tuairimíocht choiteann? Nach mbeadh díospóireacht phoiblí níos fearr againn dá mbeadh ainmneacha na “n-imreoirí” ar eolas ag cách? Nach mbeadh cur agus cúiteamh i bhfad níos macánta agus níos cuimsithí againn dá bharr? Dá mbeadh gach éinne “sofheicthe” nach ndéanfadh sé cúrsaí i bhfad níos sibhialta ná mar atá i láthair na huaire? An fearr leis an bhformhór againn a bheith ag ag plé le “fíordhaoine” agus le féiniúlacht sho-aitheanta leanúnach nó an é go bhfuil an mheatacht go forleathan inár measc i gcónaí? Chomh Sean leis na Cnoic ============== Ní rud nua é an cur i gcéill agus an chleasaíocht seo i dtaobh cúrsaí ionannais agus ainmneacha ar ndóigh.
féiniúlachta identity
" Cé go leagann imreoirí áirithe tábhacht ar chúrsaí féiniúlachta (ábhar den Cheilteachas uileghabhálach úd an athuair!) is í an tsuim sa spórt féin, de bharr chothú leanúnach na ndílseoirí, is mó a chuir an cumann ar a bhonnaibh, agus is í a choimeádann fuinneamh ann freisin.
féiniúlachta identity
" Téann na téacsanna i ngleic leis an mbunábhar teoiriciúil agus leis an taobh feidhmiúil sa réimse: an éagsúlacht, na pobail urlabhra, an antraipeolaíocht teanga, an t-ilteangachas, malartú teanga, códmheascadh agus criólú, coincheapa na pleanála teanga, caighdeán agus caighdeánú, stádas reachtúil na Gaeilge sa tír, an Ghaeilge sa chóras oideachais, sainiú na Gaeltachta, ceist na féiniúlachta agus an dearcadh náisiúnta, na meáin agus na heagrais teanga.
thuiscint na féiniúlachta understanding of identity
" Is cinnte go mbeidh tionchar aige ar an gcur is cúiteamh ar shainmhíniú, ar mhúnlú, agus ar thuiscint na féiniúlachta sna tíortha seo.
féiniúlacht gach duine identity of someone
" Is intuigthe gur cuid fíorlárnach den duine teanga, an chuid a bhainfeadh le croí, le misneach agus le féiniúlacht gach duine a bhfuil caint nó teanga chomharthaíochta aige.
dá fhéiniúlacht beo taobh le taobh two identities live side by side
" Feiceann aontachtaithe é seo mar chogadh chultúir ach níl fáth ar bith nach mbeadh an dá fhéiniúlacht beo taobh le taobh ach ní fheicim Acht Gaeilge ag teacht am ar bith sa ghearrthéarma! Go dtí go dtosóidh na páirtithe polaitíochta uilig ag obair ar bhonn trasphobail, ní athróidh a dhath.
ar ábhar a fhéiniúlachta féin concerning his own identity
" Scríobh Risteard Ó Glaisne, nach maireann, alt iontach spéisiúil blianta fada ó shin ar ábhar a fhéiniúlachta féin.
Is gné iontach sainiúil í féiniúlacht an duine a person’s identity is a very distinct matter
" Is gné iontach sainiúil í féiniúlacht an duine agus imríonn eachtraí beaga pearsanta teaghlaigh, scoile agus gaolta go léir a dtionchair ar fhéiniúlacht an duine.
maidir le dílseacht agus féiniúlacht in regard to loyalty and identity
" ’Sé fírinne an scéil nach é an chríchdheighilt fisiciúil idir na sé chontae i dTuaisceart Éireann agus an 26 contae an fhadhb mhór atá le réiteach ach an deighilt sa phobal ó thuaidh maidir le dílseacht agus féiniúlacht.
isteach ina fhéiniúlacht into his identity
" Lig sé tÉireannachas isteach ina fhéiniúlacht, cé go bhfaca sé é féin mar aontachtach, mar Phrotastúnach, mar Bhriotanach, agus sin an rud a mheall i dtreo na Gaeilge é.
thabhairt orthu féin mar fhéiniúlacht to describe themselves in regard to identity
" Sin ráite, rinne cumadóirí finscéal bunaidh an Stáit ó thuaidh jab chomh maith sin is go bhfuil daoine anois ann atá sásta *Northern Irish* a thabhairt orthu féin mar fhéiniúlacht.
nach raibh baint aige le féiniúlacht which didn’t pertain to identity
" Ach don chéad uair riamh gan aon áibhéil - chuala mé aontachtach ó cheann de na páirtithe móra ag caint go mothúchánach ar cheist nach raibh baint aige le féiniúlacht nó le seasamh na fóide ar son an aontais.
chun ár gcuid féiniúlacht a chosaint to defend our identity
" com/watch?v=IgyaCD-GQ80> Tobsmaointeoireacht Chultúrtha ============ Cuirim suim sa mhéid atá le rá aige faoi na ‘smaointí traidisiúnta Gaeltachta’ seo agus tagann an soiscéal de réir Bhreandáin amach: “Teastaíonn feachtas margaíochta mór millteach sa nGaeltacht féin chun ár gcuid féiniúlacht a chosaint agus a chur chun cinn.
gur ábhar bróid an fhéiniúlacht that identity is something to be proud of
" Tá seo déanta ag lucht na mBascach mar shampla, áit go bhfuil sé soiléir do na daoine óga gur rud iontach atá ann a bheith éagsúil agus gur ábhar bróid an fhéiniúlacht agus go neartaíonn sé thú mar dhuine” a deir sé go paiseanta.
mothú féiniúlachta is muintearais a feeling of identity and community
" Spreagann an CLG mothú féiniúlachta is muintearais ní hamháin i gcóngar ach i gcéin chomh maith, rudaí atá thar a bheith tábhachtach go háirithe do dhaoine na linne seo atá in ísle brí de bharr iliomad fadhbanna le dífhostaíocht, cúrsaí óil, féinmharú, uaigneas agus eisimirce.
féiniúlachta identity
" Is tábhachtaí cearta polaitíochta/féiniúlachta ná cearta geilleagair, .
Cuid Lárnach dár bhFéiniúlacht a central part of our identity
" Dream ar bith nach bhfáilteodh roimh mhonatóireacht neamhspléach ar a gcuid oibre, níor cheart aon airgead poiblí a thabhairt dóibh! ‘Cuid Lárnach dár bhFéiniúlacht’ =============== Ag labhairt dhó os comhair Fochoiste Oireachtais ar an 23 Eanáir, faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, dúshlán an státchórais faoin bhfaillí atá déanta, maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta is na Gaeilge ina rogha teanga.
mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht as a central part of our identity
" Ag deireadh a chur i láthair, dúirt sé go raibh rogha againn ‘féachaint siar ar an Ghaeilge mar theanga a chaill muid nó féachaint chun tosaigh agus í mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht agus dár bhflaitheas’.
féiniúlacht identity
" Is léir chomh maith go dtuigeann sciar maith de phobal na Gaeltachta go gcaithfear seasamh a thógáil nó go bhfuil oidhreacht teanga agus féiniúlacht na gceantar Gaeltachta i mbaol a scriosta.
féiniúlacht identity
" Is minic a théann sé dian ar dhaoine idirdhealú idir muintir na Nua-Shéalainne agus muintir na hAstráile, ach tá bunadh na Nua-Shéalainne an-bhródúil go deo as a gcultúr agus féiniúlacht féin, mar a mhíníonn Ruth Nic Giolla Iasachta.
ar fhéiniúlacht an phobail aeraigh the identity of the gay community
" Bíonn féile ar siúl gach bliain in Sydney le ceiliúradh a dhéanamh ar fhéiniúlacht an phobail aeraigh abhus.
féiniúlacht identity
" Ní bhaineann ciorruithe le féiniúlacht, is cosúil.
fhéiniúlacht na heasurraime an identity of disrespect
" Braitheann Bearnaí Ó Doibhlin go bhfuil cuid mhaith de mhuintir na hAstráile á saobhadh féin le híomhá de fhéiniúlacht na heasurraime, íomhá nach dtagann le fírinne an scéil.
sheanchas dhá fhéiniúlachta the lore of two identities
" Bhí Robert McMillen ag caitheamh súile ar sheanchas dhá fhéiniúlachta.
gnéithe de scéal na féiniúlachta a chíoradh teasing out aspects of identity
" Molann Ken Ó Donnchú gnéithe de scéal na féiniúlachta a chíoradh amach anseo.
Tchítear do Robert McMillen gur tanaí agus gur trédhearcach go leor de cheapadóireacht na féiniúlachta, Robert McMillen feels that a lot of composed identity is transparent and shallow
" Tchítear do Robert McMillen gur tanaí agus gur trédhearcach go leor de cheapadóireacht na féiniúlachta, ar neamhcead don taobh den teorainn a mbeidh tú.