Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
de dheasca féinmharaithe due to suicide
" Tá páiste as gach triúr ina chónaí faoi bhochtaineacht; déantar eigniú ar thriúr páistí gach seachtain; is páistí 26% den dream a éignítear; maraítear nó gortaítear níos mó ná 1,800 páiste gach bliain i dtaismí bóthair; caitear £143 per capita ar sheirbhísí do pháistí Thuaisceart Éireann, £217 a chaitear i Sasana; tá cineál éigin meabharghalair ar 20% de dhaoine óga; caitheann idir 50% agus 70% de pháistí an lucht taistil seal san otharlann am éigin ina n-óige; bíonn 20% de dhaoine óga gan dídean am éigin ina saol; tá rátaí báis de dheasca féinmharaithe níos airde anois ná básanna de dheasca taismí bóthair i measc an aosa óig.
féinmharú suicide
" Ag breathnú siar, an dóigh le Bríd Rodgers gur féinmharú a bhí ann don SDLP cuidiú le Sinn Féin a theacht isteach sa phróiseas? "Ní féinmharú a bhí ann ach thuig muid uilig go raibh deacrachtaí ag dul a bheith ann cuidiú le páirtí a raibh sé mar sprioc acu deireadh a chur linn," ar sí, "ach ar son na síochána a rinne muid é.
féinmharú suicide
" Fuair 96 duine bás ar an lá sin i mí Aibreáin agus gortaíodh 766 go fisiceach, ach tá na mílte eile ann a ndearna an tubaiste dochar dóibh go síceolaíoch, agus tá an féinmharú, alcólachas agus colscaradh mar thorthaí eile de chuid na tragóide.
féinmharú suicide
" Galar croí, ailse, mí-úsáid alcóil agus drugaí, féinmharú - tá drochstaitisticí i gceist i gcás na nÉireannach i ngach catagóir.
iarracht féinmharaithe suicide attempt
" Má tá cabhair shíciatrach de dhíth ort, gheobhaidh tú go gasta í má tá síceois nó iarracht féinmharaithe i gceist.
fheiniméan na mbuamaí féinmharaithe the phenomenon of suicide bombings
" “Níl aon réiteach simplí ar fheiniméan na mbuamaí féinmharaithe,” a dúirt sé.
ard timpistí bóthair agus féinmharaithe a high rate of road accidents and suicides
" Tá baint aige le cuid mhór tinnis agus galar agus le ráta ard timpistí bóthair agus féinmharaithe in Éirinn.
a tharraingeodh aird ar an leibhéal ard féinmharaithe, who would draw attention to the high level of suicide,
" Níl seanadóir ann d’iarchéimithe na n-institiúidí teicneolaíochta; níl seanadóir ann do na hÉireannaigh thar sáile; níl seanadóir ag an Lucht Taistil; níl seanadóir ag na hinimircigh; agus níl seanadóir ann dóibh siúd atá in ísle brí, duine a tharraingeodh aird ar an leibhéal ard féinmharaithe, mar shampla.
gur cúis féinmharaithe nó féindhíobhála í. that it gives rise to suicide or self-harm.
" Deir saineolaithe go dtarlaíonn sé go minic go mbíonn buairt aigne nó an galar dubhach ar íospartaigh a fhulaingíonn an cineál seo bulaíochta agus, i gcásanna áirithe, gur cúis féinmharaithe nó féindhíobhála í.
ó thaobh féinmharaithe i measc an aosa óig. as regards suicide amongst the young.
" (Paragraf 12) I measc thíortha an Aontais Eorpaigh, tá an cúigiú ráta is airde ag an tír seo ó thaobh féinmharaithe i measc an aosa óig.
féinmharaithe suicide
" Dúirt an RUC gurbh é an cás féinmharaithe ba mheasa dá bhfaca siad riamh.
d'fhéinmharú suicide
" Níl ionad ar domhan níos minice d'fhéinmharú ná an droichead seo, mo léan.
féinmharú suicide
" Bíonn féimheacht, caillteanas an tí, foréigean teaghlaigh, meabhairghalar, féinmharú agus go fiú dúnmharú i measc na bhfadhbanna sóisialta a eascraíonn as daoine a bheith ag cailleadh an iomarca sna hinnill.
féinmharaithe of suicide
" Is léir dóibhsean go bhfuil fadhbanna dúlagair is féinmharaithe ag dul i méid i gcónaí sa tír anois agus áirítear go mbaineann glaoch amháin as gach deich nglaoch orthu le deacrachtaí airgeadais.
féinmharaithe of suicide
" Tá ardrátaí féinmharaithe againn cheana féin agus is iad na daoine is soghonta a bheas thíos léi.
smaointe féinmharaithe suicidal thoughts
" Anuas air sin, tá fás ag teacht faoi líon na bhfeirimeoirí atá ag fulaingt ón ngalar dubhach agus ó smaointe féinmharaithe.
fadhb thromchúiseach an fhéinmharaithe the serious problem of suicide
" Tá go leor díospóireachtaí inniu in Éirinn faoi conas ár gcuid seirbhísí meabhairshláinte a fheabhsú, go háirithe agus fadhb thromchúiseach an fhéinmharaithe ag goilliúint ar fhir óga na tíre ach go háirithe.
géilleadh a bhí sa mhír i leith baol féinmharaithe na máthar the article on the mother’s danger of suicide was capitulation
" Thiocfadh fosta go mbeadh an reachtaíocht ar ghinmhilleadh buan go leor i gcuimhne roinnt de chúlbhinseoirí coimeádacha Fhine Gael a mheas gur géilleadh a bhí sa mhír i leith baol féinmharaithe na máthar do chlár oibre Pháirtí an Lucht Oibre.
baol ón bhféinmharú san áireamh the danger of suicide included
" Leis an éagóir sin a chealú, shocraigh an Chúirt Uachtarach go raibh ceart ag bean ginmhilleadh a bheith aici sa stát seo sa gcás go mbeadh a beatha féin i mbaol de bharr a bheith ag iompar, baol ón bhféinmharú san áireamh! B’ait an breithiúnas é, nuair a léann tú an fhoclaíocht in Airteagal 40.
féinmharú, uaigneas agus eisimirce suicide, loneliness and emigration
" Spreagann an CLG mothú féiniúlachta is muintearais ní hamháin i gcóngar ach i gcéin chomh maith, rudaí atá thar a bheith tábhachtach go háirithe do dhaoine na linne seo atá in ísle brí de bharr iliomad fadhbanna le dífhostaíocht, cúrsaí óil, féinmharú, uaigneas agus eisimirce.
ráta chomh hard sin féinmharaithe such a high rate of suicide
" Níltear ag cur go leor cabhrach ar fáil dóibh siúd a bhfuil fadhbanna móra pearsanta acu agus seo ceann de na cúiseanna a bhfuil ráta chomh hard sin féinmharaithe againn.