Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Féinmhuinín a fhorbairt To develop self-confidence
" (b) Féinmhuinín a fhorbairt sna páistí leis an nGaeilge a úsáid amuigh sa saol.
fhéinmhuinín self-confidence
" An bhfuil an córas oideachais tar éis faillí a dhéanamh iontu siúd a fhágtar gan an fhéinmhuinín dul le slí bheatha eile nó a bpostanna féin a chruthú nuair a theipeann ar mhonarcha in earnáil thraidisiúnta? Bhí comhrá agam le ceathrar feirmeoirí óga tamall ó shin faoi thodhchaí na feirmeoireachta.
féinmhuiníne self-confidence
" Is léir ón chuidiú a fuair muid ó na Breatnaigh i gceantar Frongoch go bhfuil níos mó féinmhuiníne ag muintir na tíre sin anois agus, gan amhras, beidh níos mó comhoibrithe idir na hÉireannaigh agus na Breatnaigh as seo amach.
féinmhuinín self-confidence
" Is obair forbartha pobail mórán den obair a spreagann féinmhuinín agus neamhspleáchas pobail Ghaeltachta.
easpa féinmhuiníne a lack of self-confidence
" I gcúrsaí sacair déanaimid ceiliúradh má fhaighimid comhscór fiú amháin agus is ionann comhscór go minic agus bua, go speisialta más i gcoinne na Sasanach a bhímid ag imirt! Tuigimid go léir cén bhrí atá leis sin ach an léiríonn sin agus torthaí leathchuibheasacha eile easpa féinmhuiníne ionainn féin? Céard a chiallaíonn Corn an Domhain dúinn ar aon nós? An comórtas spóirt é? An ócáid é chun cóisir náisiúnta a chur ar bun? An leithscéal é chun uaireanta fada a chaitheamh i dtithe tábhairne ag caitheamh siar beorach agus ag canadh amhrán amaideach, ag screadach agus ag liúireach os comhair scáileán teilifíse.
fhéinmhuinín self-confidence
" Is siombail é Páirc an Chrócaigh d'eagraíocht a bhfuil fís agus cuspóirí aige agus an fhéinmhuinín agus an fuinneamh aige dul chun cinn a dhéanamh, beag beann ar éinne.
Easpa taithí agus féinmhuiníne lack of experience and self-confidence
" Easpa taithí agus féinmhuiníne ba chúis leis sin agus, dar le Liam Mac Grifin, is é an córas is cúis leis seo.
fhéinmhuinín self-confidence
" Bhí daoine ag tabhairt chun cuimhne an fhéinmhuinín thraidisiúnta (thabharfadh daoine áirithe sotal nó díomas air) atá ag roinnt le muintir Chorcaí uaireanta, móide an traidisiún láidir iomána agus an 28 Craobh Uile-Éireann ina seilbh, agus de réir a chéile bhíothas á rá go raibh seans, b'fhéidir, ag na Corcaígh.
an tseaneaspa féinmhuiníne the old lack of self-confidence
" Dar leis gur gá go mbeadh "an tseaneaspa féinmhuiníne (i measc lucht na drámaíochta Gaeilge) ar lár faoi dheireadh.
fhéinmhuinín self-confidence
" Ní le teann mórtais ná díomais ná anuabhair a mhaíonn sé seo, ach leis an umhlaíocht sin a eascraíonn ón fhéinmhuinín agus ón chinnteacht dhobhogtha go mbíonn an ceart aige i gcónaí.
féinmhuinín self-confidence
" "Thug siad féinmhuinín d'áitritheoirí na nGaeltachtaí.
féinmhuinín self-confidence
" Má thógtar tú i dteaghlach alcólach, ní bhíonn féinmhuinín agat; d'fhéadfadh aon rud tarlú duit.
níos mó féinmhuiníne more self-confidence
" D’ainneoin na ndeacrachtaí a bhí le feiceáil i *Léargas*, tá níos mó féinmhuiníne i measc na nÉireannach i Learpholl na laethanta seo.
easpa féinmhuiníne lack of self-confidence
" “Aontaím leis an tuairim go mbaineann easpa féinmhuiníne le cailliúint teanga,” a deir sé, “cé nach mbeadh sin róshoiléir i linn ré an Tíogair Cheiltigh.
féinmhuiníne self-confidence
" Ach ceann de na hathruithe chun feabhais atá tarlaithe ar an áit ná go bhfuil i bhfad níos mó féinmhuiníne ag muintir Chonamara.
fhéinmhuinín self-confidence
" Is léiriú an t-athrú nóis seo, b’fhéidir, ar an fhéinmhuinín agus ar an ardmheanma atá le brath i measc aos ealaíne na hÉireann faoi láthair.
féinmhuinín self-confidence
"féinmhuinín agus féiniúlacht cothaithe ag Pléaráca sa bpobal, ag úsáid na n-ealaíon pobail mar uirlís fhorbartha pobail.
d’fhéinmhuinín your self-confidence
" “Is cuma cad é chomh láidir is atá d’fhéinmhuinín, is féidir le daoine tú a ghortú.
féinmhuinín self-confidence
" Léirigh siad tréithe fíorsheaimpíní: scil, diongbháilteacht, féinmhuinín, spiorad agus imirt foirne agus go mórmhór an cumas tábhachtach sin scóranna a aimsiú ag an am ceart sa chluiche, mar shampla sa cheathru deiridh den chluiche leathchraoibhe i gcoinne an Chláir.
an fhíor-fhéinmhuinín the true self-confidence
" Agus má tá rud amháin cinnte tiocfaidh an lá nuair a bheidh an t-airgead ídithe agus is ansin a bheidh gá le mórtas cine agus an fhíor-fhéinmhuinín a thagann dá bharr.
a chothaítear an fhéinmhuinín a theastaíonn ó stát óg le bláthú that the self-confidence is fostered which a new state needs to blossom
" Ach ainneoin a lochtanna, creidim gurb é an t-aon Taoiseach, go dtí seo ar aon nós, a léirigh gur thuig sé gur trí chaighdeán maireachtála an phobail a fheabhsú, in éineacht le mórtas cine an phobail a athmhúscailt, a chothaítear an fhéinmhuinín a theastaíonn ó stát óg le bláthú.
an fhéinmhuinín the self-confidence
" Bhí sé sna daichidí faoin am sin – céard a spreag é le dul i mbun fiontraíochta? “Fuair mé an fhéinmhuinín a bhí de dhíth le gnó a thosú go neamhspleách ó bheith ag obair le Seán.
ó thaobh a fhéinmhuiníne in terms of his self-confidence
" Ach tá sé deacair an chaint seo a shéanadh agus Irial sa seomra leat mar is léir go bhfíoraíonn sé na teoiricí ó thaobh na slí a gcuireann sé é féin i láthair, agus ó thaobh a fhéinmhuiníne agus a údaráis cainte de.
an fhéinmhuinín the self-confidence
" Nó an bhfuil? Le tamall anuas, tá an chuma ag teacht ar an scéal go bhfuil an fhéinmhuinín a bhí ag Sinn Féin caillte i gcathair ghríobháin Stormont.
féinmhuinín self-confidence
" Deir sé go dtugann Sidore grá, tacaíocht, agus féinmhuinín dó agus mar chúiteamh, go dtugann seisean grá dise díreach mar atá sí.
fhéinmhuiníne of selfconfidence
" Ní caitheamh aimsire amháin a bhí sa chluiche seo don Phaorach ach oiread ach sórt trialach; triail chumais, triail tola, triail fhéinmhuiníne.
easpa féinmhuiníne lack of self-confidence
" Tá craos orthu anois i ndiaidh iad a bheith ar easpa féinmhuiníne.
féinmhuinín úrnua new self-confidence
" Uimhir a trí – údarás agus féinmhuinín úrnua an Taoisigh is an Aire Airgidis le tamall beag anuas.
féinmhuinín self-confidence
" Tá na himreoirí ag imirt le féinmhuinín agus le scil agus tá imreoirí áirithe ag taispeáint, ag an leibhéal sinsir, an mianach a bhí le feiceáil iontu agus iad níos óige - Liam Ó Rois, Alan Mac Raib (1-50 scóráilte aige sa tsraith), Dáithí Ó Ceallacháin (4-17 scóráilte aige sa tsraith), Dáithí Ó Treasaigh, Seán Mac Gafraidh agus eile.
féinmhuinín self-confidence
" SMM: Cén tionchar is mó, an n-abrófá, a d’fhág fód dúchais d’óige i gContae Luimnigh ort? MÓS: Neamhspleáchas is dócha, agus féinmhuinín as an gcumas maireachtála, mo chonradh féin a dhéanamh.
féinmhuinín self-confidence
" Spreagtar dearcadh úr sa chomhluadar trí thréithe cosúil le féintuiscint, féinmhuinín agus le féinfhios, iad fréamhaithe sa dúchas, agus i gcás na hÉireann, sa Ghaeilge.
féinmhuinín self-confidence
" Cuireann sé béim ar na nithe bunúsacha a bhaineann le himirt an tsacair agus le bainistiú foirne: simplíocht, meas, eagrú, féinmhuinín, obair dhian, uaisleacht.
féinmhuiníne self-confidence
" Maraon le gluaiseachtaí féinmhuiníne timpeall an domhain ag an am (cearta sibhialta i Meiriceá agus i dTuaisceart Éireann, cearta teanga do na Māori sa Nua-Shéalainn), thosaigh na Briotáinigh ag cur spéise ina saíocht agus ina dteanga arís.
féinmhuinín self-confidence
"féinmhuinín faighte acu ina dteanga, measaim.
féinmhuinín selfconfidence
" Tá treoir agus féinmhuinín tugtha aige d’iománaithe na príomhchathrach agus luach a shaothair agus saothar a chomhghleacaithe agus daoine a tháinig roimhe le feiceáil anois.
féinmhuinín múscailte selfconfidence awakened
" Ach ar ball agus níos mó féinmhuinín múscailte agam, bhí mé ag déanamh bearna do na beithígh agus ag ligean dóibh éalú díreach mar spraoi! Nathracha Nimhe ======== Tá an áit te, fliuch agus uaine tá féar ard ann.
ag cur as do d’fhéinmhuinín damaging your self-confidence
" Is rud an-diúltach é seo, ag tomhas méid an dochair a dhéanann tú agus ag cur as do d’fhéinmhuinín, tar éis duit an-iarracht a chur isteach i scarúint do bhruscair nó taisteal ar an gcóras taistil poiblí.
an taithí agus an fhéinmhuinín experience and self-confidence
" Is í rogha na coitiantachta don bhonn óir agus cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbuafaidh sí (ach oiread le hiomaitheoir ar bith eile), is féidir a rá go bhfuil na tréithe sin atá riachtanach chun an bua a fháil aici – an scil, an croí, an diongbháilteacht, an cur chuige, an teacht aniar, an taithí agus an fhéinmhuinín.
easpa féinmhuiníne lack of self-confidence
" B’fhéidir go raibh easpa féinmhuiníne taobh thiar den lagthaispeántas.
ar a bhféinmhuinín on their confidence
" Agus í ag caint ar an ábhar, dúirt Frances Fitzgerald, An tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, “is féidir le maistíneacht tionchar uafásach agus creimeach a imirt ar ár gcuid páistí agus ar dhaoine óga, ar a bhféinmhuinín, a bhféinmheas, a sláinte intinne.
féinmhuinín confidence
" Ar nós Uí Ifearnáin, thug Mac Géibheannaigh misneach agus féinmhuinín d’fhoireann a bhí in ísle brí go mór ó thaobh na peile de, agus taobh istigh d’achar gearr bhí Corn Mhic Uidhir ina seilbh acu.
fhéinmhuinín self-confidence
" Blas ar an nGontacht ======== Cá bhfuair an fear seo an fhéinmhuinín agus an íogaireacht mhórálta shainiúil seo? Cé go raibh an-chosúlachtaí idir Lincoln féin agus na daoine neamhoilte a phlódaigh prós tuaithe William Carleton in Éirinn roimis Chogadh na gCarad, d’éirigh leis an bhfear ait ó Springfield Illinois ceol ar leith a bhaint as an mBéarla le linn a shaoil.
gar don fhéinmhuinín close to self-confidence
" Cad é an rud a dhéanfadh lucht cúise agus lucht creidimh teanga de Bhéarlóirí na tíre, óir níl ár ndóthain gníomhairí, ar nós Mhic Sheáin, ag dréim, ag samhlú agus ag cromadh chun oibre? Tá an ghné sin i bhfolach áit éicint sna Béarlóirí gar don fhéinmhuinín, don mheasúlacht, do cheapadh ár gcinniúna féin.
chun féinmhuinín a thabhairt do to give self-confidence to
" An bealach is fearr chun féinmhuinín a thabhairt do mhuintir na háite, dar le Enderson agus Tiago, ná an misneach agus an spiorad pobail sin a thaispeáint don saol mór.
an fhéinmhuinín eitneach ársa sin that ancient ethnic self-confidence
" Cuireann sé béim ar théamaí uilíocha le linn na hinsinte: crógacht na nGiúdach mar mhionlach stairiúil, tábhacht na bhfocal ina saol ó fhoilsiú an Tórah go dtí Díospóireacht Barcelona i 1263 idir Giúdaigh agus Críostaithe na Spáinne, agus an fhéinmhuinín eitneach ársa sin a léiríodh go glinn glé i leabhair nua-aimseartha Theodor Herzl.
meanma agus féinmhuinín an phobail the communities spirit and self-confidence
" Oidhreacht na Bliana ========= Toradh suntasach eile ar an bhliain eisceachtúil seo is ea go bhfuil meanma agus féinmhuinín an phobail i ndiaidh fás go mór.
a raibh aigne agus féinmhuinín láidir inti who had a vibrancy and as strong self-confidence
" Bean í a raibh aigne agus féinmhuinín láidir inti agus scríobh sí an-scéal faoi darb ainm ‘My Cousin Jimmy’ agus d’fhoilsigh sí é.