Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
féirín present
" Is é sin go dtagann féirín beag deas chugat isteach tríd an mbosca litreach.
féirín a useless/worthless thing
" Nach agat atá an féirín, a Áine.
féiríní presents
" Ach le breis agus bliain anuas tá eitleáin ag tabhairt cuairte ar an tír seo gach mí agus ag iompar féiríní a mbeadh an tír níos fearr as gan iad.
féirín iontach Nollag a great Christmas present
" Leabhar álainn clóbhuailte, arna fhoilsiú ag Cannongate (féirín iontach Nollag do chara a síleann tú cuid mhór de), an dara toradh, agus an comhoibriú leanúnach idir ealaíontóirí sa dá thír a d'eascair as an tionscadal an tríú toradh agus, i ndeireadh na dála, b'fhéidir, an toradh is luachmhaire agus is buaine.
féirín gan choinníoll present with no conditions
" Ach murab ionann agus an t-airgead ar fad a caitheadh ar an tseirbhís sláinte le blianta anuas, ní féirín gan choinníoll a bhí ann mar go raibh athrú cleachtais ceangailte leis.
féiríní presents
" Tá roinnt dá chuid féiríní ceannaithe aige cheana féin.
féiríní gifts, valuable things
" Bhí féiríní eile le nochtadh ag an mbéile: fíorarán baile: “Sheboygan Hard Rolls” a cheannaigh Emil go speisialta ó bhácús Gearmánach i Sheboygan.
féiríní presents
" “Sin mar a bhíonn tús achan bhliana,” a dúirt sé go smúitiúil, agus é ag amharc ar phictiúr Bhertie Uí Hernia sa *Sindo*, é faoi mhuincí fada bláthanna cumhra na hInde, maithe agus móruaisle na háite ag bronnadh féiríní air, mná áille na tíre sin ag umhlú dó, laochadhradh ag lonrú ina súile lasta, agus cuma ar Rí na hÉireann gurbh fhearr go mór leis bheith ina sheasamh ag beár Pagan’s Pub i nDroim Conrach.
féiríní a bhronnadh to bestow presents
" Bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh na hairí Stáit ag sáraíocht ar a chéile ag iarraidh féiríní a bhronnadh ar a gcuid dáilcheantar.
Féiríní presents
" Duaiseanna ======= Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais beirt de na leabhair seo: **Ciara Chainteach** **Bronntanais agus Féiríní Eile** **Cad a tharla don Eolaí Óg?** **Cé Chomh Mór is atá an Ghealach** 'Ciara Chainteach': ========= Cailín deas, gealgáireach í Ciara agus is maith le gach duine í.
fhéiríní a bhronnadh orthu presenting them with little presents
" Ar ndóigh, bíonn buntáiste nach beag ag seanfhondúirí an tSeanaid sa mhéid is go gcoinníonn siad greim éadmhar ar a ngréasán vótála fadbhunaithe trí fhéiríní a bhronnadh orthu ag aimsir na Nollag mar shampla.
líon na bhféiríní airgid the number of scholarships
" Miotas eile nár mhiste a bhréagnú ná líon na bhféiríní airgid a bhronntar ar chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.